This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0449
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/449 of 27 February 2026 amending Implementing Regulation (EU) 2015/1998 as regards certain detailed measures for the implementation of the common basic standards on aviation security
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/449 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le bearta mionsonraithe áirithe i ndáil le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/449 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le bearta mionsonraithe áirithe i ndáil le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta
C/2026/1160
IO L, 2026/449, 2.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/449/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/449 |
2.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/449 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Feabhra 2026
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le bearta mionsonraithe áirithe i ndáil le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is léir ón taithí a fuarthas le cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (2) go bhfuil gá le mionleasuithe maidir leis na bearta mionsonraithe chun bunchaighdeáin chomhchoiteanna áirithe maidir le slándáil eitlíochta a chur chun feidhme. |
|
(2) |
Ba cheart feabhas a chur ar bhearta mionsonraithe áirithe slándála eitlíochta i réimsí an rialaithe rochtana, an scrúdaithe feithiclí, na gclár slándála aerárthaí agus slándála aeriompróirí, soláthairtí ‘san eitilt’ agus soláthairtí aerfoirt, agus madraí braite pléascán, chun aghaidh a thabhairt ar thimpeallacht athraitheach na bagartha agus na rioscaí. |
|
(3) |
Thairis sin, ba cheart bearta slándála eitlíochta mionsonraithe áirithe a shoiléiriú, a chomhchuibhiú nó a shimpliú chun an tsoiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú, chun léirmhíniú comhchoiteann na bhforálacha ábhartha a chaighdeánú agus chun chur chun feidhme iomchuí na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta a áirithiú. |
|
(4) |
Ina theannta sin, ní mór sprioc-am an 1 Deireadh Fómhair 2025 a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 maidir le huasghrádú na n-algartam chun ceimiceáin a bhrath trí threalamh braite rianta pléascán a chur siar 12 mhí ar a laghad, ós rud é nach bhfuil na tástálacha leanúnacha ar algartaim den sórt sin, arna ndéanamh ag saotharlanna na mBallstát faoi Phróiseas Meastóireachta Comhchoiteann na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta, tugtha chun críche go fóill. |
|
(5) |
Maidir leis na bearta i réimse an scagtha ar sholáthairtí ‘san eitilt’ agus ar sholáthairtí aerfoirt trí bhíthin trealamh x-ghathaithe, trealamh braite rianta pléascán agus trealamh braite gaile pléascán, ós rud é go n-éilítear le cuid de na bearta sin coigeartuithe áirithe a dhéanamh ar na nósanna imeachta atá á gcur chun feidhme faoi láthair ag aerfoirt agus ag soláthróirí rialáilte, ba cheart a gcur i bhfeidhm a chur siar 6 mhí ar a laghad tar éis ghlacadh an Rialacháin seo. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, beidh feidhm ag pointí 11 agus 17 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo ón 1 Deireadh Fómhair 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 97, 9.4.2008, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/300/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1998/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe 1.2.2.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.2.2.3:
|
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.2.2.6:
|
|
(4) |
i bpointe 1.4.3.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(5) |
cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.2.1.3:
|
|
(8) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(9) |
scriostar pointí 6.8.1.6 go 6.8.1.9; |
|
(10) |
scriostar pointí 6.8.4.10, 6.8.4.11 agus 6.8.4.12; |
|
(11) |
leasaítear pointe 8.1.2.3 mar a leanas:
|
|
(12) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(13) |
i bpointe 8.1.4.4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Ní mór bailíochtú a thaifeadadh agus, i gcás nach sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, ní mór iad a dhéanamh sula n-ainmneofar iad agus ní mór iad a athdhéanamh gach 3 bliana ina dhiaidh sin.’; |
|
(14) |
i bpointe 8.1.4.5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(15) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9.0.2:
|
|
(17) |
leasaítear pointe 9.1.2.3 mar a leanas:
|
|
(18) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(19) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 9.1.3 agus 9.1.4:
|
|
(20) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(21) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Cheangaltán 9-A: ‘ CEANGALTÁN 9-A DEARBHÚ GEALLTANAS SOLÁTHRÓIR RIALÁILTE SOLÁTHAIRTÍ AERFOIRT I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus a ghníomhartha cur chun feidhme, Dearbhaím gurb amhlaidh:
Glacfaidh mé freagracht iomlán as an dearbhú seo. Ainm: Post sa chuideachta: Dáta: Síniú: (*1) Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/300/oj).’;" |
|
(22) |
cuirtear an Ceangaltán seo a leanas leis: ‘ CEANGALTÁN 9-B DEARBHÚ GEALLTANAS SOLÁTHRÓIR AITHEANTA SOLÁTHAIRTÍ AERFOIRT I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus a ghníomhartha cur chun feidhme, Dearbhaím
Glacfaidh mé freagracht iomlán as an dearbhú seo. Ionadaí dlíthiúil Ainm: Dáta: Síniú: (*2) Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/300/oj).’;" |
|
(23) |
i bpointe 11.1.1, scriostar an dara mír; |
|
(24) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.0.5.4:
|
|
(25) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.4.2.1:
|
|
(26) |
scriostar pointe 12.4.2.2; |
|
(27) |
i bpointe 12.6.2, an dara mír, cuirtear na focail ‘31 Nollaig 2026’ in ionad na bhfocal ‘1 Deireadh Fómhair 2025’; |
|
(28) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.9.1.1:
|
|
(29) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.9.1.4:
|
|
(30) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.9.1.8:
|
|
(31) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.9.2.5:
(*3) Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (IO L 178, 28.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/576/oj).’;" |
|
(32) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 12.9.3.3 go 12.9.3.6:
|
|
(33) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 12.9.3.11 agus 12.9.3.12:
|
|
(34) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 12.9.3.14 agus 12.9.3.15: ‘ Oiliúint Oibríochtúil d’Fhoirne Madra Braite Pléascán
|
|
(35) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/300/oj).’;
(*2) Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/300/oj).’;
(*3) Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (IO L 178, 28.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/576/oj).’;’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/449/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)