This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0382
Council Regulation (EU) 2026/382 of 11 February 2026 amending Regulation (EC) No 1186/2009 as regards the elimination of the threshold-based customs duty relief
Rialachán (AE) 2026/382 ón gComhairle an 11 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a mhéid a bhaineann leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chustaim a dhíchur
Rialachán (AE) 2026/382 ón gComhairle an 11 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a mhéid a bhaineann leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chustaim a dhíchur
ST/17000/2025/INIT
IO L, 2026/382, 18.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/382/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/382 |
18.2.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/382 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Feabhra 2026
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a mhéid a bhaineann leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chustaim a dhíchur
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Déantar foráil i gCaibidil V de Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle (1) maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin ar earraí a sheoltar go díreach ó thríú tír chuig coinsíní san Aontas i gcoinsíneachtaí nach mó ná EUR 150 an luach intreach iomlán atá orthu (‘an faoiseamh bunaithe ar thairseach’). |
|
(2) |
Go dtí an 1 Iúil 2021, bhí an CBL ar allmhairí díolmhaithe freisin maidir le hearraí a allmhairiú nár mhó a luach ná EUR 22. Mar gheall ar an méadú ar mhéid na n-allmhairí ar luach íseal tar éis fhás pléascach na ríomhthráchtála agus na n-éascuithe a bhaineann léi, ba dhúshlán do na húdaráis custaim comhlíonadh ceanglas fioscach agus neamhfhioscach a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, le Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle (2) cuireadh deireadh leis an díolúine ó CBL ar allmhairí le haghaidh na n-earraí íseal-luacha sin chun ioncam cánach na mBallstát a chosaint, chun cothrom iomaíochta a chruthú do na gnólachtaí lena mbaineann agus chun an t-ualach ar na gnólachtaí sin a íoslaghdú. An tráth céanna, coinníodh an faoiseamh ó dhleacht chustaim le haghaidh earraí faoi bhun EUR 150. Mar sin féin, tá sé cruthaithe go bhfágtar leis sin an doras ar oscailt le haghaidh mhí-úsáid chórasach na tairsí sin trí choinsíneachtaí a thearcluacháil agus a scoilteadh go saorga. |
|
(3) |
I dtimpeallacht chustaim dhigitithe ina bhfuil sonraí leictreonacha ar fáil le haghaidh na n-earraí allmhairithe uile gan beann ar a luach, níl údar a thuilleadh le faoiseamh ó dhleacht chustaim a choimeád ar faoiseamh é a tugadh isteach chun an t-ualach riaracháin díréireach ar údaráis chustaim, ar ghnólachtaí ná ar dhaoine príobháideacha a chosc. An tráth céanna, i bhfianaise mhéideanna suntasacha na n-allmhairí íseal-luacha, tá sé riachtanach anois leasanna airgeadais an Aontais agus a Bhallstát a chosaint ar bhealach níos éifeachtúla. |
|
(4) |
Is gá, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an bhfaoiseamh tairseachbhunaithe agus Caibidil V de Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a scriosadh. |
|
(5) |
I bhfianaise na ndúshlán atá léirithe ag an líon mór beartán beag a thagann isteach san Aontas, do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí Eorpacha araon, tá sé tábhachtach leanúint ar aghaidh le deireadh tapa a chur leis an bhfaoiseamh tairseachbhunaithe. Mar sin féin, go dtí go nglacfar Cód Custaim nua an Aontais, a bhfuiltear ag súil leis go mbunófar leis bonneagar TF láraithe nua de chuid an Aontais atá ríthábhachtach chun an fiach custaim a ríomh agus fógra a thabhairt ina leith go héifeachtach, ba cheart beart idirthréimhseach de chineál sealadach a thabhairt isteach maidir leis na méideanna uile dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 chun cur chun feidhme nithiúil dhíothú an fhaoisimh sin a éascú. |
|
(6) |
Faoin mbeart idirthréimhseach sin, ní mór na huirlisí digiteacha atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a úsáid chun bainistiú a dhéanamh ar na héifeachtaí praiticiúla a eascraíonn as deireadh a chur leis an bhfaoiseamh tairseachbhunaithe. I bhfianaise theorainneacha teicniúla na n-uirlisí sin i ndáil leis an méadú ollmhór ar oibríochtaí a bheidh ar údaráis chustaim a bhainistiú mar thoradh air sin, ba cheart feidhm a bheith ag cóireáil taraife shealadach shimplithe bunaithe ar mhéid dleachta custaim sonrach aonair in aghaidh an earra, gan tionscnamh na n-earraí a mheas agus lena gcumhdaítear earraí i gcoinsíneachtaí nach mó a luach intreach ná EUR 150 san iomlán, maidir le gach oibreoir eacnamaíoch a chláraigh leis an scéim speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 4 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (3) (Scéim Ionad Ilfhreastail Allmhairiúcháin, ‘scéim IOSS’) agus a bhaineann úsáid as an scéim sin, agus maidir le hearraí i gcoinsíneacht poist mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (24) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (4). Os a choinne sin, ba cheart go leanfadh an Chomhtharaif Chustaim, dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (5), d’fheidhm a bheith aici maidir le gach oibreoir eile nach bhfuil cláraithe don scéim IOSS. |
|
(7) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an mbeart idirthréimhseach freisin ós rud é nach bhfuil an t-aicmiú taraife le haghaidh na n-earraí lena mbaineann sa dearbhú custaim ach ar leibhéal fho-cheannteidil an Chórais Chomhchuibhithe agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé sonrach go leor chun an dleacht chustaim bheacht a chinneadh bunaithe ar an aicmiú taraife iomlán faoin Ainmníocht Chomhcheangailte a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87. |
|
(8) |
I bhfianaise líon mór na mbeartán beag a thagann isteach san Aontas lena mbíonn ar na riaracháin chustaim deileáil, i bhfianaise na céime gairide cur chun feidhme agus i bhfianaise an ghá atá leis na huirlisí TF náisiúnta a úsáid chun an chóireáil taraife shealadach shimplithe a bhunú, is gá an dúshlán atá roimh na Ballstáit a aithint agus cur chun feidhme praiticiúil dhíothú an fhaoisimh tairseachbhunaithe á áirithiú acu. Má tharlaíonn sé nach féidir na hacmhainní dílse traidisiúnta atá bunaithe ar chur i bhfeidhm na cóireála taraife sealadaí simplithe a aisghabháil, is gá na himthosca dúshlánacha sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar cibé acu ba cheart nó nár cheart an Ballstát ábhartha a scaoileadh ón oibleagáid na méideanna a chomhfhreagraíonn do na dleachtanna bunaithe de bhun Airteagal 13(2), pointe (b), de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle (6) a chur ar fáil don Choimisiún. |
|
(9) |
Ba cheart dhá chlásal measúnaithe agus athbhreithnithe a áireamh sa Rialachán seo; ceann amháin chun a mheas an bhfuil atreorú sreafaí trádála ann, go háirithe ón scéim IOSS agus isteach i scéim neamh-IOSS, chun a sheachaint go n-íocfadh gníomhaithe an dleacht shealadach ar ráta comhréidh. Chun an measúnú sin a dhéanamh, tá sé tábhachtach go n-úsáidfidh an Coimisiún na sonraí atá ar fáil dó. Ba cheart gurb é cuspóir an mheasúnaithe agus an athbhreithnithe eile faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le bonneagar TF láraithe nua an Aontais a fhorbairt, rud a mheastar a bheith ríthábhachtach chun an fiach custaim in idirbhearta ríomhthráchtála a ríomh agus fógra a thabhairt ina leith go héifeachtach. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh d’fhonn a chinneadh an gá síneadh a chur leis an mbeart idirthréimhseach a bhunaítear leis an Rialachán seo. |
|
(10) |
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a chomhlíonadh, go háirithe feidhmiú rianúil an aontais custaim agus an mhargaidh aonair. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Scriostar Caibidil V de Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009.
Airteagal 2
Ón 1 Iúil 2026 go dtí an 1 Iúil 2028, beidh feidhm ag dleacht chustaim EUR 3 in aghaidh an earra i gcoinsíneacht nach mó a luach intreach ná EUR 150 san iomlán in ionad an fhaoisimh arna dhíothú de bhun Airteagal 1 den Rialachán seo, sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
tá allmhairiú na n-earraí díolmhaithe ó CBL i gcomhréir le hAirteagal 143(1), pointe (ca), de Threoir 2006/112/CE; nó |
|
(b) |
tá na hearraí i gcoinsíneacht poist mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (24), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446. |
Airteagal 3
1. Faoin 1 Deireadh Fómhair 2026 agus gach mí ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an dtarlaíonn atreorú sreafaí trádála. Má chinneann an Coimisiún gur tharla atreorú sreafaí trádála, tíolacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, togra le haghaidh an bhirt idirthréimhsigh a leagtar síos in Airteagal 2 chun na hearraí uile i gcoinsíneacht nach mó a luach intreach ná EUR 150 san iomlán a chumhdach.
2. Faoin 1 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an mbeidh bonneagar láraithe TF de chuid an Aontais chun dleachtanna allmhairiúcháin a thobhach ar choinsíneachtaí ciandíolacháin ag feidhmiú go réalaíoch faoin 1 Iúil 2028. Má chinneann an Coimisiún nach mbeidh sé ag feidhmiú faoin dáta sin, tíolacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, togra chun síneadh a chur leis an mbeart idirthréimhseach a leagtar síos in Airteagal 2.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Feabhra 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail um fhaoisimh ó dhleacht chustaim (IO L 324, 10.12.2009, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1186/oj).
(2) Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe cánach breisluacha i ndáil le soláthairtí seirbhísí agus ciandíol earraí (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/2455/oj).
(3) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).
(5) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).
(6) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, bunaithe ar CBL agus bunaithe ar OIN, a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/609/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/382/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)