Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0331

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/331 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/3110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí aicmí feidhmíochta a chinneadh i ndáil leis an tsaintréith fhíor-riachtanach imoibriú le dóiteán

C/2026/774

IO L, 2026/331, 21.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/331/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 21/04/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/331/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/331

21.4.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/331 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Feabhra 2026

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/3110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí aicmí feidhmíochta a chinneadh i ndáil leis an tsaintréith fhíor-riachtanach ‘imoibriú le dóiteán’

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/3110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 5(5), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun é a chur ar a gcumas do mhonaróirí aicmí feidhmíochta táirgí atá mionsonraithe go leor a dhearbhú laistigh den chrios comhchuibhithe arna bhunú de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/3110, is gá aicmí feidhmíochta a bhunú atá ailínithe leis na forbairtí teicneolaíochta agus margaidh is déanaí.

(2)

Bunaíodh aicmí feidhmíochta i ndáil leis an tsaintréith fhíor-riachtanach ‘imoibriú le dóiteán’ le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/364 ón gCoimisiún (2) ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Mar sin féin, níl na haicmí feidhmíochta sin infheidhme faoi Rialachán (AE) 2024/3110. Dá bhrí sin, chun leanúnachas an chórais a choinneáil, mhol Sainghrúpa Acquis RTF don Choimisiún na haicmí feidhmíochta céanna a leagtar amach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/364 a bhunú.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún na haicmí feidhmíochta a chinneadh atá le húsáid chun an tsaintréith fhíor-riachtanach ‘imoibriú le dóiteán’ a dhearbhú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is iad na haicmí feidhmíochta a leagtar amach san Iarscríbhinn na haicmí feidhmíochta i ndáil leis an tsaintréith fhíor-riachtanach táirgí ‘imoibriú le dóiteán’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Feabhra 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/3110, 18.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3110/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/364 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2015 maidir le haicmiú na feidhmíochta i dtaca le frithghníomh in aghaidh dóiteáin maidir le táirgí foirgníochta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 68, 15.3.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/364/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/305/oj).


IARSCRÍBHINN

A.   SIOMBAILÍ

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na siombailí seo a leanas:

I gcás gach aicme

ΔΤ

ardú teochta

Δm

caillteanas maise

tf

fad an bhladhmtha

OLC

oll-luach calrach

LLC

leathadh lasrach cliathánach

SMOGRA

ráta fáis deataigh

I gcás gach aicme seachas aicmí a bhaineann le cáblaí leictreacha

FIGRA

ráta fáis dóiteáin

SIT

scaoileadh iomlán teasa

TID

táirgeadh iomlán deataigh

LL

leathadh lasrach

Le haghaidh aicmí a bhaineann le cáblaí leictreacha amháin

RSTsm30, kW

ráta scaoilte teasa meánaithe le meán aistritheach 30-s

RTDsm60, m2/s

ráta táirgthe deataigh meánaithe le meán aistritheach 60-s

Buaicphointe RST, kW

RSTsm30 uasta idir tús na tástála agus deireadh na tástála, ionchur eisiata ón bhfoinse adhainte

Buaicphointe RTD, m2/s

RTDsm60 uasta idir tús na tástála agus deireadh na tástála

SIT1200, MJ

scaoileadh iomlán teasa (RSTsm30) ó thús na tástála go dtí deireadh na tástála, ionchur eisiata ón bhfoinse adhainte

TID1200, m2

táirgeadh iomlán deataigh (RSTsm60) ó thús na tástála go deireadh na tástála

FIGRA, W/s

innéacs an ráta fáis dóiteáin arna shainmhíniú mar an luach is airde den líon idir SITsm30 gan ionchur na foinse adhainte agus an t-am a chur san áireamh. Luachanna tairsí RSTsm30 = 3 kW agus SIT = 0,4 MJ

LL

leathadh lasrach (fad damáiste)

H

leathadh lasrach

B.   SAINMHÍNITHE

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘ábhar’ substaint bhunúsach aonair nó meascán substaintí atá scaipthe go haonfhoirmeach;

(2)

ciallaíonn ‘táirge aonchineálach’ táirge arb éard atá ann ábhar aonair, a bhfuil dlús agus comhdhéanamh aonfhoirmeach aige ar fud an táirge;

(3)

ciallaíonn ‘táirge neamh-aonchineálach’ táirge nach gcomhlíonann ceanglais táirge aonchineálaigh agus atá comhdhéanta de chomhábhar amháin nó níos mó, bíodh siad substaintiúil agus/nó neamhshubstaintiúil;

(4)

ciallaíonn ‘comhpháirt shubstaintiúil’ ábhar ar cuid shuntasach é de tháirge neamh-aonchineálach. Meastar gur comhpháirt shubstaintiúil é ciseal ag a bhfuil mais ≥ 1,0 kg/m2 in aghaidh an aonaid achair nó tiús ≥ 1,0 mm;

(5)

ciallaíonn ‘comhpháirt neamhshubstaintiúil’ ábhar nach cuid shuntasach é de tháirge neamh-aonchineálach. Meastar gur comhpháirt neamhshubstaintiúil é ciseal ag a bhfuil mais < 1,0 kg/m2 in aghaidh an aonaid achair nó tiús < 1,0 mm; Dhá chiseal neamhshubstaintiúla nó níos mó atá cóngarach dá chéile, i gcás nach bhfuil aon chomhpháirt shubstaintiúil idir na cisil, meastar iad mar chomhpháirt neamhshubstaintiúil amháin agus aicmítear iad i gcomhréir leis na critéir maidir le ciseal ar comhpháirt neamhshubstaintiúil é;

(6)

ciallaíonn ‘comhpháirt neamhshubstaintiúil inmheánach’ comhpháirt neamhshubstaintiúil a chumhdaítear ar an dá thaobh le comhpháirt shubstaintiúil amháin ar a laghad;

(7)

ciallaíonn ‘comhpháirt neamhshubstaintiúil seachtrach’ comhpháirt neamhshubstaintiúil nach gcumhdaítear ar taobh amháin le comhpháirt shubstaintiúil.

C.   AICMÍ FEIDHMÍOCHTA MAIDIR LEIS AN TSAINTRÉITH FHÍOR-RIACHTANACH TÁIRGÍ FOIRGNÍOCHTA ‘IMOIBRIÚ LE DÓITEÁN’

Ginearálta

Tugtar tuairisc iomlán ar na sainmhínithe, na tástálacha agus na critéir feidhmíochta ábhartha nó déantar tagairt iomlán dóibh sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha, sna doiciméid um measúnú Eorpach, agus sna caighdeáin aicmithe Eorpacha maidir le himoibriú le dóiteán agus caighdeán tástála Eorpacha.

1.   Táirgí seachas urláir, táirgí inslithe theirmigh píobán líneach, agus cáblaí leictreacha

Tábla 1

Aicme

Modh/Modhanna tástála

Critéir aicmithe

Aicmiú breise

A1

Tástáil neamh-indóiteachta (1);

agus

ΔΤ ≤ 30 °C;

agus

Δm ≤ 50 %;

agus

tf = 0 (is é sin le rá, gan bladhmadh marthanach).

 

Tástáil teasa dócháin

OLC ≤ 2,0 MJkg-1  (1);

agus

OLC ≤ 2,0 MJkg-1  (2)  (3);

agus

OLC ≤ 1,4 MJm-2  (4);

agus

OLC ≤ 2,0 MJkg-1  (5).

 

A2

Tástáil neamh-indóiteachta (1);

ΔΤ ≤ 50 °C;

agus

Δm ≤ 50 %;

agus

tf ≤ 20 s.

 

Tástáil teasa dócháin;

agus

OLC ≤ 3,0 MJkg-1  (1);

agus

OLC ≤ 4,0 MJm-2  (2);

agus

OLC ≤ 4,0 MJm-2  (4);

agus

OLC ≤ 3,0 MJkg-1  (5).

 

Tástáil ítime dó aonair).

FIGRA0,2MJ ≤ 120 Ws-1;

agus

LLC < imeall an eiseamail;

agus

SIT600s ≤ 7,5 MJ.

Táirgeadh deataigh (6);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (7).

B

Tástáil ítime dó aonair;

agus

FIGRA0,2MJ ≤ 120 Ws-1;

agus

LLC < imeall an eiseamail;

agus

SIT600s ≤ 7,5 MJ.

Táirgeadh deataigh (6);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (7).

Tástáil inadhainteachta (8):

Nochtadh = 30 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 60 s.

C

Tástáil ítime dó aonair;

agus

FIGRA0,4MJ ≤ 250 Ws-1;

agus

LLC < imeall an eiseamail;

agus

SIT600s ≤ 15 MJ.

Táirgeadh deataigh (6);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (7).

Tástáil inadhainteachta (8):

Nochtadh = 30 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 60 s.

D

Tástáil ítime dó aonair;

agus

FIGRA0,4MJ ≤ 750 Ws-1;

Táirgeadh deataigh (6);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (7).

Tástáil inadhainteachta (8):

Nochtadh = 30 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 60 s.

E

Tástáil inadhainteachta (8):

Nochtadh = 15 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 20 s.

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (9)

F

Tástáil inadhainteachta (8):

Nochtadh = 15 s.

LL > 150 mm laistigh de 20 s.

 

(1)  Le haghaidh táirgí aonchineálacha agus comhpháirteanna substaintiúla de tháirgí neamh-aonchineálacha.

(2)  Le haghaidh aon chomhpháirt neamhshubstaintiúla seachtraí de tháirgí neamh-aonchineálacha.

(3)  De rogha air sin, aon chomhpháirt neamhshubstaintiúil sheachtrach ag a bhfuil OLC ≤ 2,0 MJm-2, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge na critéir seo a leanas maidir le tástáil ítime dó aonair: FIGRA ≤ 20 Ws-1; agus

LLC < imeall an eiseamail; agus

SIT600s ≤ 4,0 MJ; agus

s1; agus

d0.

(4)  Le haghaidh aon chomhpháirt neamhshubstaintiúla inmheánaí de tháirgí neamh-aonchineálacha.

(5)  Le haghaidh an táirge ina iomláine.

(6)  s1 = SMOGRA ≤ 30 m2s-2 agus TID600s ≤ 50 m2;

s2 = SMOGRA ≤ 180 m2s-2 agus TID600s ≤ 200 m2;

s3 = ní s1 ná s2.

(7)  d0 = níl aon bhraoinín/cáithnín bladhmtha i dtástáil ítime dó aonair laistigh de 600 s;

d1 = ní mhaireann aon bhraoinín/cáithnín bladhmtha níos faide ná 10 s i dtástáil ítime dó aonair laistigh de 600 s;

d2 = ní d0 nó d1.

Tá aicmiú d2 mar thoradh ar adhaint an pháipéir i dtástáil inadhainteachta.

(8)  Faoi dhálaí ionsaí lasrach dromchla agus, más iomchuí don úsáid atá beartaithe don táirge, ionsaí lasrach imill.

(9)  Gan adhaint an pháipéir = gan aicmiú breise;

Adhaint an pháipéir = aicmiú d2.

2.   Cumhdaigh urláir

Tábla 2

Aicme

Modh/Modhanna tástála

Critéir aicmithe

Aicmiú breise

A1FL

Tástáil neamh-indóiteachta (10);

agus

ΔΤ ≤ 30 °C;

agus

Δm ≤ 50 %;

agus

tf = 0 (is é sin le rá, gan bladhmadh marthanach).

 

Tástáil teasa dócháin.

OLC ≤ 2,0 MJkg-1  (10);

agus

OLC ≤ 2,0 MJkg-1  (11);

agus

OLC ≤ 1,4 MJm-2  (12);

agus

OLC ≤ 2,0 MJkg-1  (13).

 

A2FL

Tástáil neamh-indóiteachta (10);

ΔΤ ≤ 50 °C;

agus

Δm ≤ 50 %;

agus

tf ≤ 20 s.

 

Tástáil teasa dócháin;

agus

OLC ≤ 3,0 MJkg-1  (10);

agus

OLC ≤ 4,0 MJm-2  (11);

agus

OLC ≤ 4,0 MJm-2  (12);

agus

OLC ≤ 3,0 MJkg-1  (13).

 

An iompraíocht dó a chinneadh trí úsáid a bhaint as tástáil foinse teasa radanta (14).

Flosc criticiúil (15) ≥ 8,0 kWm-2.

Táirgeadh deataigh (16).

BFL

An iompraíocht dó a chinneadh trí úsáid a bhaint as tástáil foinse teasa radanta (14);

agus

Flosc criticiúil (15) ≥ 8,0 kWm-2.

Táirgeadh deataigh (16).

Tástáil inadhainteachta (17):

Nochtadh = 15 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 20 s.

CFL

An iompraíocht dó a chinneadh trí úsáid a bhaint as tástáil foinse teasa radanta (14);

agus

Flosc criticiúil (15) ≥ 4,5 kWm-2.

Táirgeadh deataigh (16).

Tástáil inadhainteachta (17):

Nochtadh = 15 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 20 s.

DFL

An iompraíocht dó a chinneadh trí úsáid a bhaint as tástáil foinse teasa radanta (14);

agus

Flosc criticiúil (15) ≥ 3,0 kWm-2.

Táirgeadh deataigh (16).

Tástáil inadhainteachta (17):

Nochtadh = 15 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 20 s.

EFL

Tástáil inadhainteachta (17):

Nochtadh = 15 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 20 s.

 

FFL

Tástáil inadhainteachta (17):

Nochtadh = 15 s.

LL > 150 mm laistigh de 20 s.

 

(10)  Le haghaidh táirgí aonchineálacha agus comhpháirteanna substaintiúla de tháirgí neamh-aonchineálacha.

(11)  Le haghaidh aon chomhpháirt neamhshubstaintiúla seachtraí de tháirgí neamh-aonchineálacha.

(12)  Le haghaidh aon chomhpháirt neamhshubstaintiúla inmheánaí de tháirgí neamh-aonchineálacha.

(13)  Le haghaidh an táirge ina iomláine.

(14)  Fad na tástála = 30 nóiméad.

(15)  Sainmhínítear flosc criticiúil mar an flosc radanta ag a múchann an lasair nó an flosc radanta tar éis tréimhse tástála 30 nóiméad, cibé acu is ísle (i.e. an flosc a chomhfhreagraíonn don mhéid is mó leata lasrach).

(16)  s1 = deatach ≤ 750 % nóim;

s2 = ní s1.

(17)  Faoi dhálaí ionsaí lasrach dromchla agus, más iomchuí don úsáid atá beartaithe don táirge, ionsaí lasrach imill.

3.   Táirgí inslithe píobáin línigh

Tábla 3

Aicme

Modh/Modhanna tástála

Critéir aicmithe

Aicmiú breise

A1L

Tástáil neamh-indóiteachta (18);

agus

ΔΤ ≤ 30 °C;

agus

Δm ≤ 50 %;

agus

tf = 0 (is é sin le rá, gan bladhmadh marthanach).

 

Tástáil teasa dócháin.

OLC ≤ 2,0 MJkg-1  (18);

agus

OLC ≤ 2,0 MJkg-1  (19);

agus

OLC ≤ 1,4 MJm-2  (20);

agus

OLC ≤ 2,0 MJkg-1  (21).

 

A2L

Tástáil neamh-indóiteachta (18);

ΔΤ ≤ 50 °C;

agus

Δm ≤ 50 %;

agus

tf ≤ 20 s.

 

Tástáil teasa dócháin;

agus

OLC ≤ 3,0 MJkg-1  (18);

agus

OLC ≤ 4,0 MJm-2  (19);

agus

OLC ≤ 4,0 MJm-2  (20);

agus

OLC ≤ 3,0 MJkg-1  (21).

 

Tástáil ítime dó aonair.

FIGRA0,2MJ ≤ 270 Ws-1;

agus

LLC < imeall an eiseamail;

agus

SIT600s ≤ 7,5 MJ.

Táirgeadh deataigh (22);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (23).

BL

Tástáil ítime dó aonair;

agus

FIGRA0,2MJ ≤ 270 Ws-1;

agus

LLC < imeall an eiseamail;

agus

SIT600s ≤ 7,5 MJ.

Táirgeadh deataigh (22);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (23).

Tástáil inadhainteachta (24):

Nochtadh = 30 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 60 s.

CL

Tástáil ítime dó aonair;

agus

FIGRA0,2MJ ≤ 460 Ws-1;

agus

LLC < imeall an eiseamail;

agus

SIT600s ≤ 15 MJ.

Táirgeadh deataigh (22);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (23).

Tástáil inadhainteachta (24):

Nochtadh = 30 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 60 s.

DL

Tástáil ítime dó aonair;

agus

FIGRA0,4MJ ≤ 2 100 Ws-1;

agus

SIT600s ≤ 100 MJ.

Táirgeadh deataigh (22);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (23).

Tástáil inadhainteachta (24):

Nochtadh = 30 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 60 s.

EL

Tástáil inadhainteachta (24):

Nochtadh = 15 s.

LL ≤ 150 mm laistigh de 20 s.

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (25).

FL

Tástáil inadhainteachta (24):

Nochtadh = 15 s.

LL > 150 mm laistigh de 20 s.

 

(18)  Le haghaidh táirgí aonchineálacha agus comhpháirteanna substaintiúla de tháirgí neamh-aonchineálacha.

(19)  Le haghaidh aon chomhpháirt neamhshubstaintiúla seachtraí de tháirgí neamh-aonchineálacha.

(20)  Le haghaidh aon chomhpháirt neamhshubstaintiúla inmheánaí de tháirgí neamh-aonchineálacha.

(21)  Le haghaidh an táirge ina iomláine.

(22)  s1 = SMOGRA ≤ 105 m2s-2 agus TID600s ≤ 250 m2;

s2 = SMOGRA ≤ 580 m2s-2 agus TID600s ≤ 1 600 m2;

s3 = ní s1 ná s2.

(23)  d0 = níl aon bhraoinín/cáithnín bladhmtha i dtástáil ítime dó aonair laistigh de 600 s;

d1 = ní mhaireann aon bhraoinín/cáithnín bladhmtha níos faide ná 10 s i dtástáil ítime dó aonair laistigh de 600 s;

d2 = ní d0 nó d1.

Tá aicmiú d2 mar thoradh ar adhaint an pháipéir i dtástáil inadhainteachta.

(24)  Faoi dhálaí ionsaí lasrach dromchla agus, más iomchuí don úsáid atá beartaithe don táirge, ionsaí lasrach imill.

(25)  Gan adhaint an pháipéir = gan aicmiú breise;

Adhaint an pháipéir = aicmiú d2.

4.   Cáblaí leictreacha

Tábla 4

Aicme

Modh/Modhanna tástála

Critéir aicmithe

Aicmiú breise

Aca

Tástáil teasa dócháin.

OLC ≤ 2,0 MJkg-1  (26).

 

B1ca

Iompraíocht dó agus táirgeadh deataigh na tástála cábla teannta (foinse lasrach 30 kW);

agus

LL ≤ 1,75 m;

agus

SIT1200s ≤ 10 MJ

agus

Buaicphointe RST ≤ 20 kW

agus

FIGRA ≤ 120 Ws-1.

Táirgeadh deataigh (27)  (28);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (29);

agus

Aigéadacht (pH agus seoltacht) (30).

Leathadh lasrach ingearach tástála cábla aonair.

H ≤ 425 mm.

B2ca

Iompraíocht dó agus táirgeadh deataigh na tástála cábla teannta (foinse lasrach 20,5 kW);

agus

LL ≤ 1,5 m;

agus

SIT1200s ≤ 15 MJ

agus

Buaicphointe RST ≤ 30 kW

agus

FIGRA ≤ 150 Ws-1.

Táirgeadh deataigh (27)  (31);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (29);

agus

Aigéadacht (pH agus seoltacht) (30).

Leathadh lasrach ingearach tástála cábla aonair.

H ≤ 425 mm.

Cca

Iompraíocht dó agus táirgeadh deataigh na tástála cábla teannta (foinse lasrach 20,5 kW);

agus

LL ≤ 2,0 m;

agus

SIT1200s ≤ 30 MJ;

agus

Buaicphointe RST ≤ 60 kW;

agus

FIGRA ≤ 300 Ws-1.

Táirgeadh deataigh (27)  (31);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (29);

agus

Aigéadacht (pH agus seoltacht) (30).

Leathadh lasrach ingearach tástála cábla aonair.

H ≤ 425 mm.

Dca

Iompraíocht dó agus táirgeadh deataigh na tástála cábla teannta (foinse lasrach 20,5 kW);

agus

SIT1200s ≤ 70 MJ;

agus

Buaicphointe RST ≤ 400 kW;

agus

FIGRA ≤ 1 300 Ws-1.

Táirgeadh deataigh (27)  (31);

agus

Braoiníní/cáithníní bladhmtha (29);

agus

Aigéadacht (pH agus seoltacht) (30).

Leathadh lasrach ingearach tástála cábla aonair.

H ≤ 425 mm.

Eca

Leathadh lasrach ingearach tástála cábla aonair.

H ≤ 425 mm.

 

Fca

Leathadh lasrach ingearach tástála cábla aonair.

H ≤ 425 mm.

 

(26)  Le haghaidh an táirge ina iomláine, gan ábhair mhiotalacha a chur san áireamh, agus le haghaidh aon comhpháirte seachtraí (is é sin le rá, truaill) den táirge.

(27)  s1 = TID1200 ≤ 50 m2 agus Buaicphointe RTD ≤ 0,25 m2/s;

s1a = s1 agus tarchur i gcomhréir le Táirgeadh deataigh tástála dó cábla ≥ 80 %;

s1b = s1 agus tarchur i gcomhréir le Táirgeadh deataigh tástála dó cábla ≥ 60 % < 80 %;

s2 = TID1200 ≤ 400 m2 agus Buaicphointe RTD ≤ 1,5 m2/s;

s3 = ní s1 ná s2.

(28)  Ní mór an aicme deataigh a dhearbhaítear le haghaidh cáblaí d’aicme B1ca a bheith de thionscnamh iompraíocht dó agus táirgeadh deataigh na tástála cábla teannta (foinse lasrach 30 kW).

(29)  d0 = gan aon bhraoinín/cáithnín bladhmtha laistigh de 1 200  s;

d1 = ní mhaireann aon bhraoinín/cáithnín bladhmtha níos faide ná 10 s laistigh de 1 200  s;

d2 = ní d0 ná d1.

(30)  Tástáil ar aigéadacht gás a tháirgtear i dtástáil dó cábla

 

a1 = seoltacht < 2,5 μS/mm agus pH > 4,3;

 

a2 = seoltacht < 10 μS/mm agus pH > 4,3;

 

a3 = ní a1 ná a2.

(31)  Ní mór an aicme deataigh a dhearbhaítear le haghaidh cáblaí d’aicmí B2ca, Cca, Dca a bheith de thionscnamh iompraíocht dó agus táirgeadh deataigh na tástála cábla teannta (foinse lasrach 20,5 kW).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/331/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top