This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0286
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/286 of 10 February 2026 authorising an exemption pursuant to Regulation (EU) 2024/573 of the European Parliament and of the Council, with regard to the use of fluorinated greenhouse gases in certain chillers used for semiconductor manufacturing
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/286 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2026 lena n-údaraítear díolúine de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le húsáid gás ceaptha teasa fluairínithe i bhfuaraitheoirí áirithe a úsáidtear le haghaidh monarú leathsheoltóirí
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/286 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2026 lena n-údaraítear díolúine de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le húsáid gás ceaptha teasa fluairínithe i bhfuaraitheoirí áirithe a úsáidtear le haghaidh monarú leathsheoltóirí
C/2026/693
IO L, 2026/286, 11.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/286/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/286 |
11.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/286 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Feabhra 2026
lena n-údaraítear díolúine de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le húsáid gás ceaptha teasa fluairínithe i bhfuaraitheoirí áirithe a úsáidtear le haghaidh monarú leathsheoltóirí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 11(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, le pointe 7(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 cuirtear toirmeasc ar fhuaraitheoirí do-aistrithe a chur ar an margadh, ar fuaraitheoirí iad ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, le haghaidh fuaraitheoirí suas go dtí toilleadh ainmniúil 12 kW agus an toilleadh sin san áireamh, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, le hIarscríbhinn IV, pointe 7(d), a ghabhann leis an Rialachán sin, cuirtear toirmeasc ar fhuaraitheoirí do-aistrithe a chur ar an margadh, ar fuaraitheoirí iad ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, le haghaidh fuaraitheoirí os cionn acmhainneacht ainmniúil 12 kW, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2024/573, an 18 Iúil 2025 chuir údaráis inniúla na Gearmáine iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar údarú díolúine (an iarraidh ar dhíolúine) lena gceadaítear dhá chineál fuaraitheora dho-aistrithe a úsáidtear chun tacú le monarú leathsheoltóirí a chur ar an margadh a mbeidh toirmeasc ar a gcur ar an margadh ón 1 Eanáir 2027, i gcomhréir le pointí 7(b) agus (d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, faoi seach. Is iad na cineálacha fuaraitheoirí lena mbaineann i) fuaraitheoirí do-aistrithe ag a bhfuil acmhainneacht fuarúcháin is lú ná 12 kW agus a bhraitheann faoi láthair ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, agus ii) fuaraitheoirí do-aistrithe ag a bhfuil acmhainneacht fuarúcháin is mó ná 12 kW agus iad ag oibriú faoi bhun - 50 °C agus a bhraitheann faoi láthair ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda. Tá na fuaraitheoirí do-aistrithe sin ina gcuid lárnach den chuid is mó de na gléasraí monaraíochta leathsheoltóirí agus tá siad fíor-riachtanach chun teocht na sliseog agus na bpáirteanna criticiúla den trealamh a rialú le linn a phróisis monaraíochta. |
|
(3) |
De réir na hiarrata ar dhíolúine, faoi láthair, níl fuaraitheoirí do-aistrithe a úsáidtear i monarú leathsheoltóirí a chomhlíonfadh Iarscríbhinn IV, pointí 7(b) agus (d), a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 ar fáil ar bhonn tráchtála. D’ainneoin infheistíocht leanúnach agus dul chun cinn maidir le forbairt réiteach malartach, lena n-áirítear roghanna malartacha CO2-bhunaithe agus roghanna eile a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda íseal acu, níl aon réiteach ar fáil faoi láthair a d’fhéadfadh tacar iomlán na gceanglas teochta, sábháilteachta agus feidhmíochta a chomhlíonadh le haghaidh na bhfeidhmeanna leathsheoltóra uile. Áitítear san iarraidh ar dhíolúine freisin, mar gheall ar na srianta casta teicniúla, rialála agus eacnamaíocha atá os comhair na hearnála, nach mbeadh sé indéanta an t-aistriú a thabhairt chun críche faoin sprioc-am a leagtar síos gan an leanúnachas oibríochtúil a chur i mbaol agus costais dhíréireacha a bheith ann. |
|
(4) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarraidh ar dhíolúine agus measann sé go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(5), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/573. Measann an Coimisiún freisin, i ngeall ar na himthosca eisceachtúla sin, gur cheart am leordhóthanach a dheonú chun suaitheadh sa mhargadh i soláthar an trealaimh fhíor-riachtanaigh sin a sheachaint. Measann an Coimisiún gur leor tréimhse 3 bliana chun an tiontú go roghanna malartacha a chur i gcrích agus costais dhíréireacha á seachaint san am céanna. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um gháis ceaptha teasa fhluairínithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. De mhaolú ar phointe 7(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, údaraítear leis seo fuaraitheoirí do-aistrithe a chur ar an margadh, ar fuaraitheoirí iad ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ag a bhfuil acmhainneacht fuarúcháin suas go dtí 12 kW agus an acmhainneacht sin san áireamh, a úsáidtear chun tacú le monarú leathsheoltóirí, ar choinníoll go ndéantar iad a lipéadú de bhun Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/573.
2. De mhaolú ar phointe 7(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, údaraítear leis seo fuaraitheoirí do-aistrithe a chur ar an margadh, ar fuaraitheoirí iad ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ag a bhfuil acmhainneacht fuarúcháin is mó ná 12 kW agus iad ag oibriú faoi bhun - 50 °C, a úsáidtear chun tacú le monarú leathsheoltóirí, ar choinníoll go ndéantar iad a lipéadú de bhun Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/573.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2029.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/286/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)