This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0274
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/274 of 5 February 2026 amending Implementing Regulation (EU) 2025/1981 imposing a definitive anti-dumping duty on imports of ceramic tableware and kitchenware originating in the People's Republic of China following an expiry review pursuant to Article 11(2) of Regulation (EU) 2016/1036 of the European Parliament and of the Council, following a partial interim review pursuant to Article 11(3) of Regulation (EU) 2016/1036
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/274 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1981 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2016/1036
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/274 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1981 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2016/1036
C/2026/624
IO L, 2026/274, 6.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/274/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/274 |
6.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/274 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Feabhra 2026
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1981 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2016/1036
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1072/2012 ón gCoimisiún (2), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’). |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle (3), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh na Síne (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, gairfear ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta dó. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1932 ón gCoimisiún (4), leasaigh an Coimisiún an raon táirge mar a shainmhínítear sna bearta bunaidh, rud a d’fhág go n-eisiafaí allmhairí muilte ceirmeacha le haghaidh tarsann agus spíosraí agus a pháirteanna meilte ceirmeacha, muilte caife ceirmeacha, líofóirí ceirmeacha sceana, líofóirí ceirmeacha, uirlisí ceirmeacha cistine atá le húsáid le haghaidh gearrtha, meilte, grátála, slisnithe, scríobtha agus scafa, agus clocha ceirmeacha píotsa cordiairít de chineál a úsáidtear chun píotsa nó arán a bhácáil tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach ar an raon táirge. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún (5), d’ath-fhorchuir an Coimisiún na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (an tSín) tar éis athbhreithniú éaga, (‘an chéad athbhreithniú éaga’). |
|
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ón gCoimisiún (6), leasaigh an Coimisiún na bearta a bhí ann cheana tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131, leathnaíodh an dleacht 36,1 % is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’ a fhorchuirtear le hAirteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 chun allmhairí a chumhdach a dhearbhaigh 33 chuideachta a bhí faoi réir dleacht níos ísle roimhe sin agus a suíodh ina leith go raibh siad ag dul timpeall uirthi trí bhíthin cleachtais chainéalaithe trí tháirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe de chuid na Síne, agus aisghaireadh a gcóid bhreise TARIC. |
|
(6) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1981 ón gCoimisiún (7), d’ath-fhorchuir an Coimisiún na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (an tSín) tar éis athbhreithniú éaga. |
|
(7) |
Is idir 13,1 % agus 18,3 % na dleachtrátaí frithdhumpála aonair atá i bhfeidhm faoi láthair. Fuair na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte uile san imscrúdú as a dtáinig na bearta bunaidh (‘an t-imscrúdú bunaidh’) dleachtráta 17,9 % agus tá na cuideachtaí eile uile faoi réir an dleachtráta iarmharaigh 36,1 %. |
1.2. Tionscnamh
|
(8) |
An 19 Nollaig 2024, thionscain an Coimisiún páirt-athbhreithniú eatramhach a bhfuil a raon feidhme teoranta do scrúdú a dhéanamh ar dhumpáil maidir le hallmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ar bhonn Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8) (‘an fógra tionscnaimh’). |
|
(9) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis iarraidh ar athbhreithniú a bhí teoranta do dhumpáil arna taisceadh an 17 Deireadh Fómhair 2024 ag Cerame Unie / An Chónaidhm Eorpach um Earraí Ceirmeacha le haghaidh an Bhoird agus Earraí Ceirmeacha Ornáideacha (FEPF) (‘Cerame Unie’ nó ‘an t-iarratasóir’). Rinneadh an iarraidh thar ceann thionscal earraí ceirmeacha an Aontais le haghaidh an bhoird agus na cistine de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise san iarraidh maidir le dumpáil agus cineál marthanach an athraithe ar imthosca chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
|
(10) |
Tar éis an nochta deiridh, d’iarr an t-allmhaireoir neamhcomhlachaithe Holst Porzellan GmbH scor den imeacht, ós rud é go raibh an t-imscrúdú bunaithe ar iarraidh dar dáta an 17 Deireadh Fómhair 2024 agus, de réir na cuideachta, ní raibh aon iarraidh leis an dáta sin ar fáil sa chomhad lena hiniúchadh ag páirtithe leasmhara. |
|
(11) |
Shoiléirigh an Coimisiún gur thagair an Fógra Tionscnaimh don iarraidh a cuireadh isteach agus a fuarthas an 16 Deireadh Fómhair 2024 agus dá bhrí sin, maidir le cleachtas an Choimisiúin agus Airteagal 5(1) den bhun-Rialachán, a mheastar a bheith taiscthe an lá dár gcionn. Cuireadh an leagan neamhrúnda den iarraidh ar fáil freisin sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara, ar tugadh 37 lá dóibh chun barúil a thabhairt ina leith (9). |
|
(12) |
Mhaígh Holst Porzellan nach bhfuil baint ag líon suntasach de mhonaróirí tacaíochta an Aontais atá liostaithe ag Cerame Unie leis an táirge lena mbaineann nó nach ndéanann allmhairí ón tSín difear dóibh. Thairis sin, d’iarr an t-allmhaireoir liosta iomlán na monaróirí a thacaigh leis an iarraidh. |
|
(13) |
Níor chuir Holst Porzellan aon fhianaise ar fáil a mhéid a bhaineann leis an maíomh sin. Chuir an t-iarratasóir an iarraidh isteach an 17 Deireadh Fómhair 2024 thar ceann thionscal earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine an Aontais. De réir Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán, tionscnófar aon imscrúdú a thionscnamh i gcás mó lú ná 25 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil a tháirgeann an tionscal de chuid an Aontais táirgeadh na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a thacaíonn go sainráite leis an ngearán. Ós rud é gur measadh gurbh é a bhí in Cerame Unie níos mó ná 37 % de tháirgeacht iomlán thionscal an Aontais, comhlíonadh an coinníoll sin agus diúltaíodh don mhaíomh dá bhrí sin. |
1.3. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe
|
(14) |
Chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). |
1.4. Páirtithe leasmhara
|
(15) |
San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta, trádálaithe, údaráis na Síne agus allmhaireoirí aitheanta, ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. |
|
(16) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. |
1.5. Sampláil
1.5.1. Táirgeoirí onnmhairiúcháin a shampláil sa tSín
|
(17) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
|
(18) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(19) |
Sholáthair 567 dtáirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Os cionn 80 % de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a bhí i gceist leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sin de chuid na Síne le chéile. |
|
(20) |
Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthair táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, chinn an Coimisiún an t-imscrúdú a theorannú do líon réasúnta táirgeoirí onnmhairiúcháin trí shampla a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán. An 21 Feabhra 2025, roghnaigh an Coimisiún sampla de dhá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin go sealadach ar bhonn an mhéid díolachán is mó leis an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (10). Chumhdaigh an dá ghrúpa shampláilte níos mó ná 10 % de chainníocht iomlán mheasta d’onnmhairí na n-earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine chuig an Aontas ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(21) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle leis gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na tíre lena mbaineann maidir le roghnú an tsampla. Fuair an Coimisiún barúlacha ón iarratasóir, agus ó cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh go sealadach. |
|
(22) |
Chuir Ceramie Unie in iúl nárbh fhéidir leo barúil a thabhairt maidir le rogha Hunan Hualian China Industry agus Hunan Hualian Ebillion China Industry (‘Hunan Hualian Group’) mar gheall ar easnaimh sa leagan oscailte. Chuir Ceramie Unie in iúl freisin míréireachtaí idir freagra ó tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin ar an bhfoirm shamplála, agus an fhoirm shamplála ina aighneacht san athbhreithniú éaga deireanach. Mhaígh Ceramie Unie go bhféadfadh sé gur fhág an chuideachta díolacháin ar lár go toilteanach ionas nach ndéanfaí sampláil orthu agus d’áitigh sé ar an gCoimisiún an staid a shoiléiriú. |
|
(23) |
Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar aighneachtaí Hunan Hualian China Industry agus Hunan Hualian Ebillion China Industry, agus d’iarr sé ar na cuideachtaí leagan oscailte a tugadh cothrom le dáta a sholáthar, leagan a cuireadh leis an gcomhad oscailte ansin (11). Maidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin a bhfuil aighneachtaí neamhréireacha líomhnaithe ina leith, rinne an Coimisiún cros-seiceáil ar an méid onnmhairí chuig an Aontas a tuairiscíodh san fhoirm shamplála leis na méideanna a cláraíodh faoi chód breise TARIC na cuideachta, agus shuigh sé, cé go raibh míréireachtaí idir an dá fhigiúr go deimhin, go mbeadh an méid ceartaithe onnmhairí chuig an Aontas fós ró-íseal chun go gcuirfí an chuideachta sna táirgeoirí onnmhairiúcháin is mó agus, dá bhrí sin, go n-áireofaí an chuideachta sa sampla. Dá bhrí sin, ní dhearna an ceartúchán difear don chinneadh gan an chuideachta a shampláil. |
|
(24) |
Chuir ceann de na grúpaí a roghnaíodh sa sampla sealadach, Fun Lin Wah Group, barúlacha isteach inar soiléiríodh gur áirigh siad díolacháin le trádálaithe neamhchomhlachaithe a d’onnmhairigh chuig an Aontas mar a ndíolacháin AE féin, agus nach bhféadfaidís comhar ó na trádálaithe neamhchomhlachaithe sin a ráthú. |
|
(25) |
An 13 Bealtaine 2025, d’eisigh an Coimisiún nóta a ghabhann leis an gcomhad inar cuireadh páirtithe leasmhara ar an eolas, tar éis barúlacha a fháil maidir leis an sampla sealadach, i gcomhréir le roinn 5.3 den fhógra tionscnaimh, gur leasaigh sé a shampla sealadach de tháirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnaíodh roimhe sin chun grúpa breise amháin faoi ainm Hunan Huazhi Group a chur san áireamh. Ní bhfuarthas aon bharúil eile ina dhiaidh sin. An 21 Bealtaine 2025, dheimhnigh an Coimisiún an sampla cinntitheach (12) de tháirgeoirí onnmhairiúcháin, ar chumhdaigh a n-onnmhairí os cionn 12 % den chainníocht thuairiscithe a d’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas Eorpach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(26) |
Tar éis an nochta, d’áitigh ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, Hunan Huazhi Group, d’ainneoin an chomhair aird a fuarthas, arbh é atá sa ghrúpa os cionn 80 % d’allmhairí uile earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nach raibh sna táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ach 12 % de na hallmhairí measta isteach san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ós rud é, dar leis, nach raibh an sampla ionadaíoch, ní féidir na conclúidí ar thángthas orthu le linn fhíorú na gcuideachtaí sampláilte a leathnú chuig an gcuid eile den tionscal. |
|
(27) |
Cháin an t-allmhaireoir Holst Porzellan roghnú an tsampla agus mheas sé nach raibh sé ionadaíoch i gcomparáid leis an líon iomlán monaróirí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird sa tSín agus leis an éagsúlacht sna corrlaigh dhumpála aonair a bhí faoi réir na ngrúpaí. Chuir allmhaireoir neamhchomhlachaithe eile, Josef Mäser GmbH, i gcoinne ionadaíochas an tsampla faoin maíomh go raibh na táirgeoirí uile lonnaithe laistigh den réigiún céanna sa tSín, gan cothromaíocht gheografach ionadaíoch a thairiscint. |
|
(28) |
Mheabhraigh an Coimisiún gur roghnaíodh an sampla i gcomhréir le forálacha an bhun-Rialacháin. I bhfianaise ilroinnt an mhargaidh, mheas an Coimisiún go mbeadh ualach míchuí ag baint le síneadh a chur leis an sampla agus nach dtiocfadh aon fheabhas suntasach as i dtéarmaí ionadaíochais. Ar mhaithe le peirspictíocht, dá n-áireofaí sa sampla an chéad táirgeoir onnmhairiúcháin eile is mó d’earraí boird ceirmeacha, mhéadófaí ionadaíochas an tsampla faoi níos lú ná 2 phointe céatadáin. Maidir le dáileadh geografach, chuir an Coimisiún in iúl do Josef Mäser GmbH go raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte lonnaithe, i ndáiríre, i dtrí réigiún riaracháin éagsúla. Ina theannta sin, an 13 Bealtaine 2025 d’eisigh an Coimisiún nóta a ghabhann leis an gcomhad inar cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi chomhdhéanamh shampla deiridh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, ní bhfuarthas aon bharúil. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
1.5.2. Allmhaireoirí a shampláil
|
(29) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar. |
|
(30) |
Níor tháinig aon allmhaireoir chun cinn. |
|
(31) |
Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh roinnt allmhaireoirí nár cuireadh ar an eolas iad faoi thionscnamh an imscrúdaithe. Ina theannta sin, cháin cuid de na hallmhaireoirí sin go raibh tionchar diúltach ag an easpa sampla d’allmhaireoirí ar thoradh an imscrúdaithe. |
|
(32) |
Leis an bhFógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe clárú mar pháirtí leasmhar agus páirt a ghlacadh sa chleachtadh samplála. Mar sin féin, mar a thuairiscítear in aithris (30), níor tháinig aon allmhaireoir chun cinn agus, dá bhrí sin, ní raibh gá le sampláil. |
1.5.3. Scrúdú aonair
|
(33) |
Tráth an tionscnaimh, léirigh 19 dtáirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín gur spéis leo a bheith faoi réir scrúdú aonair, ach níor chuir aon cheann de na 19 gcuideachta sin freagra isteach ar an gceistneoir samplála. Dá bhrí sin, measadh nár iarr aon chuideachta scrúdú aonair go foirmiúil faoi Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán. |
1.6. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
|
(34) |
Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Níor chuir Rialtas na Síne aon fhreagra ar an gceistneoir isteach. |
|
(35) |
Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na trí ghrúpa cuideachtaí sa sampla. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (13) lá an tionscnaimh. |
|
(36) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir le dumpáil. |
|
(37) |
Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
2. AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi athbhreithniú
|
(38) |
Is ionann an táirge faoi athbhreithniú seo an táirge a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1932 tar éis athbhreithniú ar an raon táirge a tionscnaíodh an 12 Aibreán 2017 (14), is é sin, earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine, seachas muilte ceirmeacha le haghaidh tarsann nó spíosraí agus a pháirteanna meilte ceirmeacha, muilte caife ceirmeacha, líofóirí ceirmeacha sceana, líofóirí ceirmeacha, uirlisí ceirmeacha cistine atá le húsáid le haghaidh gearrtha, meilte, grátála, slisnithe, scríobtha agus scafa, agus clocha píotsa ceirmeacha cordiairíte de chineál a úsáidtear chun píotsa nó arán a bhácáil (‘an táirge faoi athbhreithniú’), a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 6911 10 00 , ex 6912 00 21 , ex 6912 00 23 , ex 6912 00 25 agus ex 6912 00 29 (cóid TARIC 6911 10 00 90, 6912 00 21 11, 6912 00 21 91, 6912 00 23 10, 6912 00 25 10 agus 6912 00 29 10) agus atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge lena mbaineann’ nó ‘earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine’). |
|
(39) |
Is féidir earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine a dhéanamh as poirceallán (lena n-áirítear cnámhphoirceallán), as gnáthchriadóireacht, earraí cruachré, earraí cré nó criadóireacht mhín nó ábhair eile. Braitheann an táirge ceirmeach deiridh ar chineál agus ar chomhdhéanamh na bpríomh-amhábhar amhail cré, caoilín, iathchloch agus grianchloch. |
|
(40) |
Déantar táirgí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine a thráchtálú i raon leathan foirmeacha atá ag athrú le himeacht ama. Úsáidtear iad i raon leathan áiteanna, e.g. teaghlaigh, óstáin, bialanna nó ionaid chúraim agus tá siad beartaithe den chuid is mó teacht i dteagmháil le bia. |
|
(41) |
Tar éis an nochta, tháinig roinnt allmhaireoirí neamhchomhlachaithe chun cinn agus d’iarr siad go n-eisiafaí táirgí áirithe ó na bearta, lena n-áirítear, i measc nithe eile, earraí ceirmeacha brataithe le néalúchán, crotáin cheirmeacha brataithe le poileistear le haghaidh priontáil néalúcháin, crotáin cheirmeacha a bhfuil bratú péinte amháin nó níos mó orthu. |
|
(42) |
Mheabhraigh an Coimisiún gurb ionann an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo agus an táirge a shainítear sa rialachán lena bhforchuirtear na bearta bunaidh agus go bhfuil raon feidhme an athbhreithnithe eatramhaigh teoranta don imscrúdú ar dhumpáil, mar a luaitear i roinn 1 den Fhógra Tionscnaimh. Thairis sin, níor sholáthair na hallmhaireoirí aon fhianaise iarbhír, lena n-áirítear maidir le saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha na dtáirgí, chun údar a thabhairt lena n-eisiamh. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(43) |
Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a thagann faoi láthair faoi chóid AC 6911 10 00 , ex 6912 00 21 , ex 6912 00 23 , ex 6912 00 25 agus ex 6912 00 29 (cóid TARIC 6911 10 00 90, 6912 00 21 11, 6912 00 21 91, 6912 00 23 10, 6912 00 25 10 agus 6912 00 29 10)(‘an táirge lena mbaineann’). |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(44) |
Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, agus sna himscrúduithe roimhe seo ar an athbhreithniú éaga, deimhníodh san athbhreithniú eatramhach seo gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus ceimiceacha, agus na húsáidí bunúsacha, atá ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(45) |
Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
3. DUMPÁIL
|
(46) |
Tar éis an nochta deiridh, fuair an Coimisiún barúlacha maidir le ríomh an chorrlaigh dumpála ón iarratasóir, ó na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, ó Chomhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Táirgí Tionsclaíocha Éadroma agus Ceardaíocht Ealaíon (‘CCCLA’), agus ó roinnt allmhaireoirí. |
|
(47) |
Reáchtáladh éisteachtaí le Hunan Hualian Group, POS Germany, Sayano Deutschland GmbH, Holst Porzellan GmbH, Josef Mäser GmbH, agus Ritzenhoff & Breker GmbH. |
3.1. Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
|
(48) |
Ó tharla gur leor an fhianaise a bhí ar fáil ag tús an imscrúdaithe a thug le fios gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán maidir leis an tSín mheas an Coimisiún gurbh iomchuí tús a chur leis an imscrúdú i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tír sin, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(49) |
Dá thoradh sin, chun na sonraí is gá a bhailiú chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm amach anseo, d’iarr an Coimisiún, san fhógra tionscnaimh, ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine a tháirgeadh. Chuir 68 dtáirgeoir onnmhairiúcháin an fhaisnéis ábhartha isteach. |
|
(50) |
D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(51) |
Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(52) |
I bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, de réir na fianaise a bhí ar fáil, go bhféadfaí an Tuirc a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán. |
|
(53) |
An 6 Meitheamh 2025, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (‘an chéad nóta’) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear chun earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine a tháirgeadh. Sa bhreis air sin, ar bhonn na gcritéar a threoraíonn rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha, is é sin an Bhrasaíl, an Téalainn agus an Tuirc, agus tháinig sé ar an gconclúid, ar bhonn réamh-mheasúnú ar na sonraí atá ar fáil (a ndéantar achoimre orthu thíos in aithrisí (77) to (101)), bhí sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí. Fuair an Coimisiún barúlacha ón iarratasóir agus ó tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin. Tugtar aghaidh ar na barúlacha uile thíos. |
|
(54) |
An 18 Lúnasa 2025, dheimhnigh an Coimisiún na páirtithe leasmhara leis an dara nóta (‘an dara nóta’) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh agus an Tuirc ina tír ionadaíoch. Fuair an Coimisiún barúlacha ón iarratasóir agus ó tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin. Tugtar aghaidh ar na barúlacha uile thíos. |
3.2. An Gnáthluach
|
(55) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’. |
|
(56) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a thógáil go heisiach ar bhonn costas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’, agus ‘áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus i gcomhair brabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘chostais díola, ghinearálta agus riaracháin’). |
|
(57) |
Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.2.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(58) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfianaise sa chomhad chun a chinneadh an ann do shaobhadh mór sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, rud a fhágann nach iomchuí praghsanna agus costais intíre na tíre sin a úsáid. San anailís sin, cumhdaíodh na gnéithe fianaiseacha seo a leanas maidir leis na critéir éagsúla atá ábhartha chun a shuí gurb ann do shaobhadh suntasach. |
|
(59) |
Ar an gcéad dul síos, san fhianaise a bhí san iarraidh, áiríodh na gnéithe seo a leanas a léiríonn gur ann do shaobhadh suntasach: |
|
(60) |
San iarraidh, chuir an t-iarratasóir i dtábhacht go bhfuil saobhadh sistéamach trasearnálach sa tSín agus rinne siad anailís ar idirghabhálacha rialtais ar leibhéil éagsúla den gheilleagar, go háirithe san earnáil earraí ceirmeacha agus i margadh na n-earraí le haghaidh an bhoird agus na cistine. |
|
(61) |
Tugadh faoi deara san iarraidh freisin gurb iad fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, rialú, maoirseacht nó treoraíocht beartais údaráis na Síne a fhreastalaíonn ar mhargadh earraí ceirmeacha na Síne, lena n-áirítear margadh an táirge faoi athbhreithniú. I ndáil leis sin, chuir an t-iarratasóir in iúl cur isteach Rialtas na Síne ar an ngeilleagar trí naisc dhochta idir Páirtí Cumannach na Síne agus eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon, agus luaigh sé go mbaintear amach spriocanna beartais Rialtas na Síne trí roinnt beart, lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha náisiúnta. |
|
(62) |
Luadh go háirithe san iarraidh Plean Forbartha Tionscail Éadroim na Síne do na blianta 2016-2020 agus na Tuairimí Treoraíochta gaolmhara 2022 maidir le maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Éadroim a Chur Chun Cinn, arb é is aidhm dóibh beartais fhioscacha agus tacaíochta airgeadais don earnáil a neartú agus feabhas a chur orthu agus rialtais áitiúla a spreagadh chun na spriocanna a leagtar síos don earnáil a shaothrú freisin ar leibhéal cúige agus bardasach (15). Thug an t-iarratasóir dá aire, i bhfianaise a thábhachta laistigh de thionscail éadroma na Síne, go bhfuil an tionscal earraí ceirmeacha faoi fhormhaoirseacht bheartais agus faoi threoraíocht ó Rialtas na Síne go leanúnach chun a áirithiú go gcloífear leis na pleananna sin. Is éard atá sa Phlean Oibre d’Fhás Seasta an Tionscail Éadroim (2023-2024), lena n-áirítear an earnáil earraí ceirmeacha freisin, doiciméad beartais eile a chuir Rialtas na Síne i bhfeidhm chun feidhmiú na hearnála a threorú, trí ‘bearta níos cumhachtaí […] chun feabhas a chur ar mhóiminteam forbartha, struchtúr na heacnamaíochta a bharrfheabhsú, agus téarnamh leanúnach an gheilleagair a chur chun cinn’ a ghlacadh (16). |
|
(63) |
Tugadh faoi deara san iarraidh freisin go gcuireann láithreacht an stáit i ngnólachtaí ar a chumas dó cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais an táirge faoi athbhreithniú. D’athdhearbhaigh an t-iarratasóir conclúidí an Choimisiúin sa chéad athbhreithniú éaga, go háirithe maidir le cur isteach leanúnach na Síne trí chealla Pháirtí Cumannach na Síne a bhunú i bhfiontair atá faoi úinéireacht Stáit agus i bhfiontair phríobháideacha araon. Thagair an t-iarratasóir do láithreacht Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachtaí amhail Great Wall Group agus Guandong Sitong, agus comhaltaí Pháirtí Cumannach na Síne i bpoist bhainistíochta. Thairis sin, cuireadh i dtábhacht san iarraidh go n-áirítear amhábhair cheirmeacha i bpleananna cúige amhail i bPlean Cuimsitheach Jiangxi le haghaidh Acmhainní Mianracha (2016-2020) agus i Máistirphlean Acmhainní Mianracha Chúige Guangdong (2021-2025). |
|
(64) |
Thairis sin, chuir an t-iarratasóir i dtábhacht gurb ann do bheartais phoiblí nó do bhearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an tsaormhargaidh. Chuir sé i dtábhacht torthaí na n-imscrúduithe frithdhumpála a rinneadh roimhe seo, inar shuigh an Coimisiún go leithdháiltear acmhainní ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha, nó atá tábhachtach ó thaobh an gheilleagair de ar shlí eile, lena n-áirítear an earnáil earraí ceirmeacha, agus mheabhraigh sé go bhfuil ‘straitéis forbartha le haghaidh braisle thionsclaíoch’ á cur chun feidhme ag Rialtas na Síne chun bonneagar straitéiseach agus saoráidí speisialaithe a sholáthar. Dá bhrí sin, tháinig an t-iarratasóir ar an gconclúid go leithdháileann stát na Síne acmhainní ar earnáil earraí ceirmeacha na Síne agus, an tráth céanna, go gceanglaítear ar chuideachtaí cloí le beartais Stáit, rud a imríonn tionchar ar fhórsaí an tsaormhargaidh in earnáil den sórt sin. Rinneadh scrúdú san iarraidh freisin ar easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha nó maoine nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor laistigh den earnáil earraí ceirmeacha agus ar mhargadh an táirge faoi athbhreithniú. Thug an t-iarratasóir dá aire ról tábhachtach Rialtas na Síne in imeachtaí dócmhainneachta, lena n-áirítear go bhfuil cúirteanna na Síne faoi réir an rialtais agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le glacadh le hiarratais ó chuideachtaí liostaithe nó diúltú dóibh. Maidir le dlíthe maoine sa tSín, thug an t-iarratasóir le fios go bhfuil an talamh ar fad faoi úinéireacht an stáit, dá bhrí sin, tá a leithdháileadh ag brath go hiomlán ar Rialtas na Síne. D’athdhearbhaigh sé freisin torthaí an chéad athbhreithnithe éaga, inar shuigh an Coimisiún, d’ainneoin forálacha dlíthiúla a bheith ann maidir le leithdháileadh úsáide talún ar bhealach trédhearcach, nach n-urramaítear iad sin go tráthrialta. |
|
(65) |
Ar deireadh, cuireadh i dtábhacht san iarraidh go bhfuil saobhadh ar na costais phá sa tSín agus go sonrach san earnáil earraí ceirmeacha agus i margadh an táirge faoi athbhreithniú. Suíodh cheana féin sa chéad athbhreithniú éaga go raibh saobhadh den sórt sin ann agus níor aimsigh an t-iarratasóir aon fhianaise go bhfuil an earnáil earraí le haghaidh an bhoird agus na cistine cosanta ar shaobhadh na gcostas pá. |
|
(66) |
Ar an dara dul síos, in imscrúdú a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil earraí ceirmeacha sa tSín (17), chinn an Coimisiún go raibh saobhadh suntasach i gceist de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. San imscrúdú sin, chinn an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (18). Go sonrach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ní hamháin gurbh ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil earraí ceirmeacha de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán (19) ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán (20). Shuigh an Coimisiún thairis sin go raibh éifeachtaí saofa breise ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais chomh maith le soláthar amhábhar agus ionchuir ar an margadh. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh an chórais pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á leithdháileadh ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (21). Thairis sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (22). Ar an gcaoi chéanna, shuigh an Coimisiún gurb ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil earraí ceirmeacha de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (23), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar chaipiteal do ghníomhaithe corparáideacha sa tSín (24). |
|
(67) |
Ar an tríú dul síos, san athbhreithniú éaga is deireanaí maidir leis an táirge faoi athbhreithniú (25), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní heol don Choimisiún aon mhórathrú struchtúrach sa tSín go ginearálta agus/nó san earnáil ábhartha go háirithe, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chonclúid sin. |
|
(68) |
Ar an gceathrú dul síos, léirigh fianaise bhreise atá ar fáil sa Tuarascáil maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar na Síne (‘Tuarascáil’) (26), a d’ullmhaigh an Coimisiún de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, gurbh ann do shaobhadh suntasach freisin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(69) |
Ar an gcúigiú dul síos, níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú atá ann faoi láthair aon fhianaise ná argóint ina aghaidh sin. |
|
(70) |
I bhfianaise an mhéid thuas, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an tsaormhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.2.2. Tír ionadaíoch
|
(71) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
|
(72) |
Mar a mhínítear in aithrisí (53) agus (54), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh: an chéad nóta faoi thosca táirgeachta an 6 Meitheamh 2025 agus an dara nóta faoi na tosca táirgeachta an 19 Lúnasa 2025. Sna nótaí sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu freisin ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha. Sa dá nóta maidir le tosca táirgeachta, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
3.2.3. Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín
|
(73) |
Sa chéad nóta maidir le tosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún gur tíortha iad an Bhrasaíl, an Téalainn agus an Tuirc inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche agus atá sa tSín de réir an Bhainc Dhomhanda i.e. aicmíonn an Banc Domhanda mar thíortha ‘ard-mheánioncaim’ iad ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus gurb eol go dtáirgtear an táirge faoi imscrúdú iontu. |
|
(74) |
Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le roghnú na dtíortha a sainaithníodh sa nóta sin. |
3.2.4. Gur ann do shonraí ábhartha atá ar fáil go héasca sa tír ionadaíoch
|
(75) |
Sa chéad nóta, rinne an Coimisiún scrúdú ar allmhairí maidir leis na tosca táirgeachta is tábhachtaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach i ngach ceann de na tíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tá cion mór d’allmhairí na Téalainne i gceist le hallmhairí ón tSín, thart ar 36 % den chainníocht fhoriomlán a allmhairíodh agus bhí allmhairí ón tSín sa Bhrasaíl agus sa Tuirc diomaibhseach. |
|
(76) |
Mheas an Coimisiún nár cheart an Téalainn, mar gheall ar a cion d’allmhairí ón tSín, a mheas mar thír ionadaíoch i gcomparáid leis an mBrasaíl agus leis an Tuirc. |
|
(77) |
Agus anailís á déanamh ar allmhairí ón gcuid eile den domhan, i dtéarmaí cainníocht iarbhír allmhairiúcháin, d’allmhairigh an Tuirc 11 oiread níos mó caoilín (an príomh-amhábhar i dtéarmaí cainníochta) agus dhá oiread níos mó líocha ón gcuid eile den domhan i gcomparáid leis an mBrasaíl. I gcás ocsaíd since, d’allmhairigh an Bhrasaíl seacht n-oiread níos mó i gcomparáid leis an Tuirc. |
|
(78) |
D’allmhairigh an Bhrasaíl i gcomparáid leis an Tuirc i bhfad níos lú caoilín, an príomh-amhábhar i dtéarmaí cainníochta, agus thairis sin bhí cion níos airde d’allmhairí ón tSín aici i gcás chóid eile an Chórais Chomhchuibhithe. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach gur cheart allmhairí ón Tuirc a mheas chun luachanna na dtosca táirgeachta a shuí. |
|
(79) |
Thairis sin, sa chéad nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go suífeadh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus brabúis ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil do Kütahya Porselen Sanayi A.S. (‘Kütahya Porselen’), táirgeoir Turcach an táirge faoi imscrúdú. |
|
(80) |
Chuir Hunan Hualian Group barúlacha isteach maidir le rogha na tíre ionadaíche iomchuí, chomh maith le rogha Kütahya Porselen mar fhoinse chostas SGA agus brabúis. |
|
(81) |
Maidir le cinneadh an Choimisiúin gan an Téalainn a mheas mar thír ionadaíoch mar gheall ar a cion mór d’allmhairí ón tSín, d’áitigh Hunan Hualian Group nár leor sciar ard na n-amhábhar a allmhairíodh ón tSín isteach sa Téalainn, arbh é atá ann 36,3, chun a chruthú go bhfuil na praghsanna tagarmhairc saofa, agus chuir sé in iúl go raibh praghsanna allmhairiúcháin isteach sa Téalainn, den chuid is mó, níos airde ná na praghsanna sa Tuirc. |
|
(82) |
Thairis sin, mhaígh Hunan Hualian Group nár cheart an Tuirc a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí mar gheall ar a staid eacnamaíoch eisceachtúil agus a boilsciú ard le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. De réir na maíomh sin, bhí saobhadh ar phraghsanna tagarmhairc mar gheall ar bhoilsciú ard, agus rinne sé difear d’ionadaíocht chruinn na faisnéise airgeadais faoi Chaighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta le haghaidh geilleagair bhoilscitheacha (‘IAS 29 (28)). Ina theannta sin, d’áitigh Hunan Hualian Group go raibh saobhadh ar chostais saothair mar gheall ar mhéaduithe ar an bpá íosta sa Tuirc roimh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a d’fhág nach raibh siad ionadaíoch. |
|
(83) |
Thug an Coimisiún dá aire go raibh praghsanna allmhairiúcháin isteach sa Tuirc i gcomhréir le praghsanna na n-allmhairí isteach sa Bhrasaíl agus sa Téalainn, ag diúltú don mhaíomh nach mbeadh tagarmharcanna ionadaíoch. Chuir an Coimisiún in iúl freisin go bhfuil an coigeartú ar fhaisnéis airgeadais faoi IAS 29 ag teacht le cleachtas eacnamaíoch ginearálta, agus, de réir na bhfoinsí a sholáthair Hunan Hualian Group, ba é ab aidhm do na méaduithe ar an bpá íosta costais saothair a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal a bheadh i gcomhréir le leibhéal na forbartha eacnamaíche foriomláine sa tír. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(84) |
Mhol Hunan Hualian Group an Téalainn freisin mar an tír ionadaíoch is iomchuí, agus chuir sé foinsí faisnéise airgeadais ar fáil maidir le roinnt táirgeoirí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine sa Téalainn. |
|
(85) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar infhaighteacht agus ionadaíochas na faisnéise maidir le tionscal na Téalainne, agus shuigh sé nach raibh na foinsí faisnéise airgeadais a chuir Hunan Hualian Group in iúl, chomh maith leis na foinsí eile uile ar bhreathnaigh an Coimisiún orthu, chomh mionsonraithe agus chomh hiomlán céanna leis an bhfaisnéis a bhí ar fáil maidir le Kütahya Porselen. Bhí an fhaisnéis airgeadais a bhí ar fáil maidir le tionscal na Téalainne teoranta do roinnt bunsonraí airgeadais agus, i gcás Kütahya Porselen, áiríodh an tacar iomlán de ráitis airgeadais san fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí. Shuigh an Coimisiún go raibh an rud céanna fíor maidir leis na foinsí faisnéise faoi chostais saothair. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an Tuirc níos oiriúnaí mar thír ionadaíoch iomchuí de réir bhrí Airteagal 2 (6a)(a) den bhun-Rialachán agus dhiúltaigh sé don Téalainn dá réir. |
|
(86) |
Ar deireadh, chuir Hunan Hualian Group in aghaidh rogha an Choimisiúin ríomh chostais SGA agus brabúis a bhunú ar thaifid airgeadais nochta Kütahya Porselen ar an mbonn go léireodh ríomhanna ina n-úsáidtear taifid cuideachta aonair amháin sainiúlachtaí na cuideachta roghnaithe a bhféadfadh sé nach mbeadh feidhm acu maidir leis an margadh ina iomláine. Chuige sin, d’áitigh Hunan Hualian Group go monaraíonn an chuideachta roghnaithe réada maisiúla ardleibhéil nach n-áirítear i raon feidhme an táirge faoi imscrúdú, agus gur thabhaigh sí costais arda airgeadais, agus mhol sé, mar thoradh air sin, go raibh a costais SGA agus a corrlaigh bhrabúis thar a bheith ard. Dá bhrí sin, mheas Hunan Hualian Group go raibh sé níos réasúnta tagarmharcanna a bhunú le haghaidh chostais SGA agus brabúis ar bhonn sonraí poiblí ó rialtas na Tuirce don earnáil i gcoitinne (NACE C234). Ar deireadh, d’iarr Hunan Hualian Group go ndéanfaí costais choimisiúin a asbhaint ó chostais iomlána SGA chun cóimheas chostais SGA díreach ón monarcha a neasú ar bhealach níos fearr. |
|
(87) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh agus tháinig sé ar an gconclúid nach raibh aon fhianaise ann a thabharfadh le fios go raibh leibhéal níos airde ag baint leis na réada maisiúla arna dtráchtálú ag Kütahya Porselen – a raibh mionchuid de chatalóg na cuideachta i gceist leo - ná cuid dá dhíolacháin den táirge faoi imscrúdú. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh costais SGA agus brabús a tuairiscíodh i dtuarascálacha iniúchta Kütahya Porselen i gcomhréir le leibhéil na hearnála i gcoitinne (NACE C234) arna dtuairisciú ag rialtas na Tuirce, rud a mhol Hunan Hualian Group mar fhoinse mhalartach iomchuí d’ainneoin nach raibh sonraí ann le haghaidh 2024 agus lena gcumhdaítear i bhfad níos mó táirgí lasmuigh den sainmhíniú táirge faoi athbhreithniú ná catalóg táirgí Kütahya Porselen (29) (30). |
|
(88) |
Thairis sin, níor léirigh an chuideachta cén fáth nach raibh costais SGA agus corrlach brabúis Kütahya Porselen réasúnta ná neamhshaofa. Ar deireadh, níor shuigh an Coimisiún aon chúis nach mbeadh coimisiúin díolacháin mar chuid de SGA díreach ón monarcha, toisc nach bhfuil siad bainteach le costais iompair ná costais chustaim. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(89) |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta go bhfuil sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus Kütahya Porselen a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
|
(90) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt maidir le hoiriúnacht na tíre mar thír ionadaíoch agus maidir leis an gcuideachta mar tháirgeoirí sa tír ionadaíoch. Fuair an Coimisiún barúlacha ón iarratasóir agus ó Hunan Hualian Group. Tugtar aghaidh ar na barúlacha uile thíos. |
|
(91) |
Ina bharúlacha a ghabhann leis an dara nóta ar thosca táirgeachta, chloígh Hunan Hualian Group lena mhaímh roimhe seo maidir le rogha Kütahya Porselen mar fhoinse le haghaidh chostais SGA agus brabúis agus chuir sé in iúl gur faoin gCoimisiún atá sé bunús a thabhairt le hoiriúnacht a thagarmharcanna, agus ní faoi na páirtithe atá sé neamh-leordhóthanacht a chruthú. Dúirt Hunan Hualian Group freisin an difríocht 10 bpointe céatadáin idir corrlach SGA Kütahya Porselen agus corrlach na hearnála i gcoitinne agus d’áitigh sé freisin gur cheart na sonraí don earnáil i gcoitinne a úsáid. Ina theannta sin, cheistigh Hunan Hualian Group comhfhreagairt ainmneacha na gcuntas agus eagrúcháin idir taifid airgeadais na dtréimhsí éagsúla a scrúdaíodh agus d’iarr sé gur cheart figiúirí faoi ‘costais loingseoireachta/lasta agus phostais’ a asbhaint freisin ó ríomh chostais SGA. |
|
(92) |
D’athdhearbhaigh an Coimisiún gur mheas sé gur leor an fhianaise a leagtar amach sa dá nóta chun taifid airgeadais Kütahya Porselen atá ar fáil go héasca a choinneáil mar fhoinse iomchuí faisnéise chun costais SGA agus corrlaigh bhrabúis réasúnta agus neamhshaofa a ríomh. Go deimhin, is cruthúnas breise iad barúlacha Hunan Hualian Group maidir leis na coigeartuithe is gá chun ionadaíochas ríomh SGA a áirithiú ar iomláine agus leibhéal mionsonraithe thaifid Küthaya Porselen, agus ar an tábhacht a bhaineann le gráinneacht sonraí, nach féidir leis na sonraí don earnáil i gcoitinne a mheaitseáil. |
|
(93) |
Maidir le comhfhreagairt ainmneacha na gcuntas agus eagrúcháin thar thréimhsí, d’admhaigh an Coimisiún gur cosúil go ndearna Kütahya Porselen struchtúr a dtuairiscithe airgeadais a atheagrú ó 2024 ar aghaidh. Mar sin féin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a thuiscint conas a d’fhéadfadh sé sin dochar a dhéanamh do na cuideachtaí, ós rud é gur bhain sé úsáid as na figiúirí is coimeádaí chun cothroime a áirithiú, mar is amhlaidh i gcás costais chustaim le haghaidh 2024. Maidir leis an easpa costas lastais a taifeadadh in 2024, tuigeann an Coimisiún gur áiríodh iad sin le ‘costais loingseoireachta’ thráthrialta, rud a mhíníonn an fáth a bhfuil siad sin i bhfad níos mó ná mar a bhí i dtréimhsí roimhe seo. |
|
(94) |
Maidir le costais phostais, le linn an fhíoraithe, deimhníodh leis na cuideachtaí sampláilte gur ghnáthchleachtas sa tionscal é costais loingseoireachta agus phostais a thabhú a bhaineann le postas samplaí agus ábhar fógraíochta, ní an costas a bhaineann leis an táirge iarbhír atá faoi imscrúdú. Dá réir sin, mheas an Coimisiún gur measadh na costais sin mar chuid de chostais SGA mar is ceart. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(95) |
D’athdhearbhaigh Hunan Hualian Group a mhaíomh freisin nach raibh an Tuirc ina tír ionadaíoch oiriúnach. Mheas Hunan Hualian Group gur bhréagnaigh an Coimisiún é féin nuair a d’áitigh sé gur íoslaghdaíodh éifeacht an bhoilscithe ar na tagarmharcanna sin trí thagarmharcanna a bhunú ar phraghsanna allmhairiúcháin in airgeadraí idirnáisiúnta (sa chás seo, CNY), agus d’áitigh sé an tráth céanna nach bhfuil an gaol idir rátaí malairte agus boilsciú líneach. Ina theannta sin, chuir Hunan Hualian Group in iúl gur tháinig méadú níos mó ná 50 % ar phraghsanna tagarmhairc sna 5 bliana idir an chéad athbhreithniú éaga (a tugadh i gcrích in 2019) agus an t-imscrúdú reatha. Dar le Hunan Hualian Group, bhí an méadú sin mór agus gan údar. Ar deireadh, d’áitigh Hunan Hualian Group gur bearta polaitiúla iad na méaduithe ar an bpá íosta a tharla roimh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a bhí ríthábhachtach chun tacaíocht thoghchánach a fháil, agus go raibh tionchar díreach agus láithreach aige ar thuarastail ar fud na tíre. |
|
(96) |
Chloígh Hunan Hualian Group freisin lena mhaíomh roimhe seo gur tír ionadaíoch níos iomchuí í an Téalainn ar bhonn infhaighteacht na faisnéise airgeadais le haghaidh 2023 agus 2024 i gcás roinnt táirgeoirí, a mheasann Hunan Hualian Group a bheith níos ionadaíche ná rogha an Choimisiúin maidir le Kütahya Porselen. Ina theannta sin, d’áitigh Hunan Hualian Group gur ríomh an Coimisiún tagarmharcanna costais saothair na Téalainne in imscrúduithe roimhe seo, gur mheas an Coimisiún go raibh sé sin mionsonraithe agus iontaofa go leor. |
|
(97) |
Maidir le hoiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch, ní fhaca an Coimisiún aon chontrárthacht idir an dá argóint agus mheas sé go bhfuil sé comhleanúnach ó thaobh an gheilleagair de ós rud é go n-íoslaghdófar éifeacht an bhoilscithe ar na tagarmharcanna sin trí thagarmharcanna a bhunú ar phraghsanna allmhairiúcháin arna sloinneadh in airgeadraí idirnáisiúnta agus, ós rud é nach bhfuil an gaol idir rátaí malairte agus boilsciú líneach araon. |
|
(98) |
Thairis sin, chuir an t-iarratasóir in iúl, agus an ceart aige, ina bharúlacha a ghabhann leis an nóta go raibh an méadú ar na praghsanna tagarmhairc don Bhrasaíl idir an chéad athbhreithniú éaga agus an t-imscrúdú reatha de mhéid comhchosúil - agus i gcásanna áirithe, de mhéid níos airde ná an Tuirc. Go sonrach, tá boilsciú sa Bhrasaíl i bhfad níos ísle ná mar atá sa Tuirc (thart ar 4,5 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (31)), rud a threisíonn a thuilleadh conclúid an Choimisiúin nach é an boilsciú is cúis le hathruithe ar phraghsanna i dtagarmharcanna allmhairiúcháin. |
|
(99) |
Thairis sin, mheabhraigh an Coimisiún do Hunan Hualian Group nach féidir, de bhun chásdlí seanbhunaithe chúirteanna an Aontais, cleachtas riaracháin roimhe seo a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht rialachán lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála (32). Dá bhrí sin, ní mheastar gur argóint leordhóthanach é an cleachtas roimhe seo in imscrúduithe eile. Mar sin féin, cé nár chuir an Coimisiún in aghaidh iontaofacht na sonraí saothair agus airgeadais maidir leis an Téalainn, mheas sé go bhfuil sonraí i dtaca leis an Tuirc níos cruinne, níos iontaofa, níos mionsonraithe, agus gur cumasaíodh leo na tagarmharcanna ábhartha don táirge faoi imscrúdú a ríomh ar bhealach níos cruinne. Chuige sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún gur léir go bhfuil an fhaisnéis mhionsonraithe, earnáilsonrach atá ann cheana agus atá ar fáil go poiblí maidir le costais saothair sa Tuirc ina foinse níos iomchuí ná ríomh an tagarmhairc sin i dtaca leis an Téalainn. Ina theannta sin, mheas sé nach bhfuil aon amhras ann ach gur foinse faisnéise níos fearr í an fhaisnéis airgeadais iniúchta mhionsonraithe a d’fhéadfaí a chúngú d’fhad beacht thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ná faisnéis níos cineálaí lena gcumhdaítear tréimhse ama níos leithne lasmuigh de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.2.5. Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil
|
(100) |
Tar éis a shuí gurb í an Tuirc an t-aon tír ionadaíoch iomchuí a bhí ar fáil, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
|
(101) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, thángthas ar an gconclúid gur chomhlíon an Tuirc na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. |
|
(102) |
Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh CCCLA, Fun Lin Wah Group, Hunan Hualian Group, Hunan Huazhi Group, agus roinnt allmhaireoirí neamhchomhlachaithe na maímh a rinne Hunan Hualian Group tar éis an Chéad Nóta agus an Dara Nóta a luaitear anseo thuas. Chuir na páirtithe sin i gcoinne mhodheolaíocht an Choimisiúin chun corrlaigh dhumpála a ríomh, agus d’áitigh siad nach bhfuil a chur chuige bailí. Leag na páirtithe béim ar dhá phríomhábhar imní: ar an gcéad dul síos, an Tuirc a roghnú mar thír ionadaíoch, agus a boilsciú ard leanúnach á lua agus costais saothair á saobhadh mar thosca a bhaineann an bonn den ionadaíochas; agus ar an dara dul síos, an spleáchas ar shonraí ó Kütahya Porselen, cuideachta aonair a oibríonn faoi shamhail ghnó ar leith, faoin maíomh go gcuireann sé iontaofacht na modheolaíochta i mbaol a thuilleadh. |
|
(103) |
Thug an Coimisiún dá aire gur athdhearbhaigh na páirtithe a maíomh gur cheart neamhaird a thabhairt ar an Tuirc toisc go raibh an tír faoi réir hipearbhoilsciú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Chinn an Coimisiún, áfach, go raibh tionchar teoranta ag an hipearbhoilsciú ar bhunú na dtagarmharcanna, agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh an Tuirc fós ina tír ionadaíoch oiriúnach ar na cúiseanna seo a leanas: |
|
(104) |
Amhábhair: bhí siad sin bunaithe ar luachanna allmhairiúcháin nár cuireadh in iúl i Lira na Tuirce, rud a chosain go bunúsach iad ar dhíluacháil Lira na Tuirce. Níor mhínigh na páirtithe leasmhara a liostaítear in aithris (102) conas a bhí tionchar ag an mboilsciú líomhnaithe agus ag an díluacháil líomhnaithe ar na luachanna sin go dtí go raibh siad míchuí. Mar a thuairiscítear in aithris (83), thug an Coimisiún dá aire go raibh praghsanna allmhairiúcháin isteach sa Tuirc i gcomhréir le praghsanna na n-allmhairí isteach sa Bhrasaíl agus sa Téalainn. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh go raibh tagarmharcanna neamhionadaíoch. |
|
(105) |
Costais SGA agus brabús: Sloinntear costais SGA agus corrlaigh bhrabúis mar chéatadáin. Cé go ndéanann hipearbhoilsciú difear do dhearbhphraghsanna agus dearbhchostais díola, níl ach tionchar teoranta aige ar na céatadáin choibhneasta a úsáidtear le haghaidh na dtagarmharcanna sin. Thairis sin, níor mhínigh na páirtithe leasmhara a liostaítear in aithris (102) conas a d’fhág an boilsciú líomhnaithe agus an díluacháil go raibh costais SGA agus na rátaí brabúis a úsáideadh míchuí. |
|
(106) |
Costais leictreachais agus saothair: cé gur sloinneadh iad sin san airgeadra áitiúil, íoslaghdaíodh éifeacht an bhoilscithe trí dhíluacháil shuntasach Lira na Tuirce in aghaidh an Yuan (fachtóir díluachála de thrí idir 2021 agus an tréimhse imscrúdúcháin). Thairis sin, chuir an Coimisiún in iúl, mar is léir ón bhfoinse faisnéise le haghaidh leictreachais dá dtagraítear, gur tháinig laghdú ar phraghsanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i gcomparáid leis an tréimhse díreach roimhe sin. |
|
(107) |
A mhéid a bhaineann le rogha Kütahya Porselen – chun costais SGA agus corrlaigh bhrabúis a chinneadh, thug an Coimisiún dá aire nár cuireadh isteach aon fhianaise nua a thiocfadh salach ar chonclúidí aithrisí (87) agus (92) thuas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(108) |
Thairis sin, mhaígh Hunan Huazhi Group, cé gur choigeartaigh an Coimisiún sonraí na Tuirce agus gur sholáthair sé réasúnuithe, nár thug sé aghaidh go leordhóthanach ar bhearnaí modheolaíochta criticiúla: (1) ní raibh anailís chainníochtúil ann ar an gcaoi a raibh boilsciú foircneach ina chúis le saobhadh cuntasaíochta; (2) theip air a mhíniú conas a d’fhéadfadh a choigeartuithe gníomhú go héifeachtach in aghaidh an tsaofa shistéamaigh sin nó é a neodrú; agus (3) níor chuir sé aon fhianaise leordhóthanach ná anailís íogaireachta ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar phraiticiúlacht, ar theorainneacha, nó ar chomhlíonadh caighdeán amhail IAS 29 le haghaidh coigeartuithe cuntasaíochta i ngeilleagair ardbhoilscithe. |
|
(109) |
Mheas an Coimisiún gur leagadh amach an mhodheolaíocht go críochnúil sa Chéad nóta agus sa Dara nóta maidir leis na foinsí, a cuireadh ar fáil do na páirtithe uile sa chomhad oscailte, agus nár chuir Hunan Huazhi aon bharúil isteach ina leith. Chuir an Coimisiún in iúl, mar thoradh ar bharúil a thug Hunan Hualian, gur thug sé tuairisc mhionsonraithe ar an modheolaíocht a úsáideadh chun costais SGA agus corrlaigh bhrabúis a ríomh don tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, leagadh amach an mhodheolaíocht a lean an Coimisiún in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an dá nóta, inar léiríodh agus inar míníodh na coigeartuithe a tugadh isteach chun inchomparáideacht sonraí a áirithiú agus chun saobhadh sistéamach a íoslaghdú. |
|
(110) |
Chinn an Coimisiún nach raibh an tagairt do IAS 29 ábhartha don chás. Is amhlaidh atá toisc go dtugann IAS 29 aghaidh go sonrach ar an anailís ar shonraí airgeadais stairiúla i gcomhthéacs an hipearbhoilsciúcháin, cé go bhfuil bunú tagarmharcanna áirithe bunaithe ar shonraí a dhíorthaítear ó thréimhse ama ghearrthéarmach theoranta. Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh toisc nach bhfuil sé ag teacht le raon feidhme ná le cuspóir IAS 29. |
|
(111) |
Mhaígh CCCLA, Fun Lin Wah Group, Hunan Huazhi Group, agus roinnt allmhaireoirí neamhchomhlachaithe go bhfuil dálaí eacnamaíocha níos cobhsaí agus dinimic ionadaíoch an mhargaidh ag an Téalainn, fiú le cion ard amhábhar ón tSín, agus dá bhrí sin go mbeadh sí ina rogha mhalartach níos iomchuí agus níos inchreidte ar thagarmharcáil. Thairis sin, mhaígh Hunan Huazhi Group nár cheart allmhairí na Téalainne a dhíbhe mar allmhairí neamhionadaíocha toisc go bhfuil praghsanna allmhairiúcháin na Téalainne fós comhsheasmhach le praghsanna allmhairiúcháin na Tuirce agus na Brasaíle. Ós rud é nach ann d’aon neamhréireachtaí suntasacha praghsanna i measc na dtíortha sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt don Téalainn a thairgeann ionadaíochas coibhéiseach nó níos fearr ná an Tuirc mar thagarmharc, ós rud é nach bhfuil an saobhadh sistéamach (e.g. boilsciú ard) ann a bhaineann an bonn d’iontaofacht na Tuirce. Is é an príomhmhaíomh má dhéantar praghsanna allmhairiúcháin a ailíniú, gur mó go loighciúil oiriúnacht níos leithne na Téalainne mar thír ionadaíoch (cobhsaí go heacnamaíoch, níos lú saofa) ná lochtanna na Tuirce. Ina theannta sin, cháin allmhaireoir amháin eisiamh na Téalainne bunaithe ar an mbarúil amháin gur de thionscnamh na Síne sciar suntasach de na hamhábhair. |
|
(112) |
Mar a luaitear mar fhreagra ar aithris (81), i gcás ina ndearna Hunan Hualian Group maíomh comhchosúil maidir le cinneadh an Choimisiúin diúltú don Téalainn bunaithe ar mhéid a hallmhairí ón tSín, ghlac an Coimisiún leis an argóint sin. Mar sin féin, mar a mhínítear in aithris (85), measadh nach raibh na foinsí faisnéise maidir le costas monaraíochta agus faisnéise airgeadais chomh hoptamach céanna le foinsí na Tuirce, a raibh sonraí níos mionsonraithe acu lenar féidir anailís níos ionadaíche a dhéanamh. Tar éis aghaidh a thabhairt ar na maímh maidir le ‘saobhadh sistéamach’ na Tuirce in aithris (103), agus ós rud é nár cuireadh aon argóint nua chun cinn ina leith sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(113) |
Mhol allmhaireoir amháin gur cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar an mBanglaidéis mar thír ionadaíoch fhéideartha. Mhol allmhaireoir eile úsáid a bhaint as comhcheangal sonraí ó dhá tháirgeoir ard-mheánioncaim nó níos mó, amhail an Bhrasaíl, an Téalainn agus an Tuirc. Dar leis an allmhaireoir, d’fhágfadh an cur chuige sin go bhféadfaí saobhadh tírshonrach a chaolú agus léargas níos cothroime a fháil ar chostais neamhshaofa. |
|
(114) |
Mheabhraigh an Coimisiún do pháirtithe gur gá, de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an tír ionadaíoch a roghnú as measc na bpáirtithe sin a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá cosúil leis an leibhéal ar dá thionscnamh an táirge lena mbaineann. Chuige sin, thug an Coimisiún dá aire, bunaithe ar shonraí ón mBanc Domhanda, nár aicmíodh an Bhanglaidéis mar thír a bhfuil ollioncam náisiúnta comhchosúil aici atá inchomparáide leis an tSín. Maidir leis an moladh go ndéanfaí praghsanna tagarmhairc a chomhcheangal, mheas an Coimisiún, i bhfianaise na ndifríochtaí sa tuairisciú staidrimh ar phraghsanna tagarmhairc d’fhuinneamh agus do shaothar ó thír go tír, nach raibh sé iomchuí faisnéis ó na trí thír a chomhcheangal. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(115) |
D’áitigh go leor allmhaireoirí nach léiríonn an gnáthluach bunaithe ar na praghsanna tagarmhairc a fuarthas sa Tuirc go cruinn struchtúr eacnamaíoch tháirgeoirí na hEorpa, dálaí iarbhír an mhargaidh, ná na praghsanna atá inghlactha do chustaiméirí deiridh. |
|
(116) |
Mhínigh an Coimisiún go n-úsáidtear an gnáthluach arna ríomh ó na tagarmharcanna sin chun praghas intíre neamh-idirghafa an táirge faoi imscrúdú sa tSín a chomhfhogasú, agus dá bhrí sin nach bhfuil aon ghaol aige le dálaí an mhargaidh Eorpaigh ná le tomhaltóirí deiridh san Aontas. |
3.2.6. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí
|
(117) |
Sa chéad nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. Tar éis sin, sa dara nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair go sonrach. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé na sonraí a d’fhoilsigh Institiúid Staidrimh na Tuirce agus an tÚdarás Rialála Margaidh Fuinnimh (‘EMRA’) chun costais neamhshaofa saothair agus fuinnimh a shuí agus an fhaisnéis a d’fhoilsigh Uachtaránacht Oifig Infheistíochta Phoblacht na Tuirce le haghaidh uisce. |
|
(118) |
Sa dara nóta, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara freisin gur mar gheall ar an líon mór tosca táirgeachta a bhí ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a sholáthair faisnéis iomlán agus mar gheall ar a dhiomaibhsí atá cuid de na hamhábhair i gcostas iomlán an táirgthe, rinneadh na hítimí diomaibhseacha sin a ghrúpáil faoi ‘tomhaltáin’. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go ríomhfadh sé céatadán na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar agus go gcuirfeadh sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na tagarmharcanna neamhshaofa arna suí sa tír ionadaíoch iomchuí a n-úsáid aige. |
3.2.6.1.
|
(119) |
I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh le linn na gcuairteanna fíorúcháin, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla Tosca táirgeachta maidir le hearraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine faoi imscrúdú
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(120) |
Chuir an Coimisiún luach le haghaidh forchostais mhonaraíochta san áireamh chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. In aithris (149), mínítear go hiomchuí an mhodheolaíocht chun an méid sin a shuí. |
3.2.6.2.
|
(121) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar, mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche, a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithrisí (58) go (70) thuas nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. |
|
(122) |
I gcás roinnt de na tosca táirgeachta, bhí sciar diomaibhseach de na costais amhábhar iomlána sa tréimhse imscrúdúcháin i gceist leis na costais iarbhír arna dtabhú ag na táirgeoirí allmhairiúcháin comhoibríocha. Ós rud é nach raibh aon tionchar mór ag an luach a úsáideadh dóibh siúd ar na ríomhanna maidir leis an gcorrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin mar a mhínítear in aithris (118). |
|
(123) |
D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a mbarúlacha a thabhairt maidir leis na foinsí agus an modheolaíocht a úsáideadh chun praghas neamhshaofa thosca táirgeachta an táirge faoi imscrúdú a shuí. |
|
(124) |
Mhaígh Hunan Hualian Group go ndearna an Coimisiún anailís ar chainníochtaí allmhairí agus ar phraghsanna na dtosca táirgeachta sa Tuirc trí úsáid a bhaint as cóid an Chórais Chomhchuibhithe. De réir an táirgeora onnmhairiúcháin sin, ba cheart don Choimisiún a anailís a bhunú ar chóid chustaim 8 ndigit, lena n-áirítear sraith táirgí níos cúinge agus níos ionadaíche ná cóid an Chórais Chomhchuibhithe 6 dhigit. |
|
(125) |
Thug an Coimisiún dá aire, cé gur sholáthair táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne cóid ar leibhéal 8 ndigit, go gcomhfhreagraíonn na cóid sin do chód an Chórais Chomhchuibhithe toisc gurbh é ‘00’ an dá dhigit dheireanacha agus, dá bhrí sin, nár sholáthair siad níos mó faisnéise ná cód an Chórais Chomhchuibhithe. Thairis sin, ní féidir comparáid a dhéanamh idir an tSín agus an Tuirc ach amháin ar leibhéal chód an Chórais Chomhchuibhithe. |
|
(126) |
Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Hunan Huazhi Group go bhfuil an úsáid a bhaineann an Coimisiún as praghsanna ionadacha le haghaidh amhábhar boilscithe go mór, go minic ‘roinnt uaireanta go roinnt dosaen uair níos airde ná costais iarbhír Hunan Huazhi’. Go háirithe, ní léiríonn cré – ionchur ardtoirte ar luach íseal nach n-allmhairítear ach go hannamh thar achair fhada le haghaidh próiseála – praghas allmhairiúcháin na Tuirce a úsáideann an Coimisiún, toisc gur beag ábharthacht atá aici don ábhar a úsáidtear iarbhír sa táirgeadh. Thathantaigh an chuideachta ar an gCoimisiún a anailís ar phraghsanna a dhéanamh ar leibhéal chód CC ocht ndigit, rud a sholáthródh measúnú níos cruinne agus níos ionadaíche ar chostais ábhartha. |
|
(127) |
Mheabhraigh an Coimisiún, mar a luaitear in aithris (125), gur measadh go raibh úsáid chód CC 6 dhigit iomchuí le linn an imscrúdaithe, agus é á chur san áireamh (1) mar a luaitear in aithris (125), gur tuairiscíodh cion mór amhábhar go bunúsach ar leibhéal 6 dhigit, agus (2) mar a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCéad Nóta, gur chomhfhreagair an cód 8 ndigit le haghaidh cré sa Tuirc, i.e. 2508 40 00 , don chód CC 6 dhigit 2508 40 , toisc gurbh é ‘00’ an dá dhigit dheireanacha. Dá bhrí sin, ní bheadh ionadaíochas níos airde mar thoradh ar chomparáid a dhéanamh ar leibhéal níos airde digití. Thairis sin, mar a mhínítear i roinn 3.2.1 thuas, mheas an Coimisiún nach raibh na praghsanna agus na costais sa tSín ionadaíoch ar dhálaí an mhargaidh agus, dá bhrí sin, nach raibh siad inchomparáide leis na praghsanna sa Tuirc. Ós rud é freisin nár chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin aon fhianaise shubstainteach bhreise ar fáil chun tacú leis an maíomh, diúltaíodh dó. |
3.2.6.3.
|
(128) |
Sa chéad nóta agus sa dara nóta, chuir an Coimisiún na páirtithe uile ar an eolas go raibh sé beartaithe aige na sonraí a d’fhoilsigh Institiúid Staidrimh na Tuirce a úsáid le haghaidh na hearnála monaraíochta a bhí sonrach. Ní bhfuarthas aon bharúil laistigh den sprioc-am. |
|
(129) |
Tar éis an sprioc-ama, chuir Hunan Hualian Group barúlacha isteach inar iarradh ar an gCoimisiún an tagarmharc le haghaidh saothair a ríomh ar bhonn sonraí atá ar fáil i mbunachar sonraí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS). Chuige sin, mhaígh an chuideachta go dtugtar sonraí EIS cothrom le dáta níos minice ná sonraí oifigiúla na Tuirce. |
|
(130) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Dar leis an gCoimisiún, níl sonraí EIS ar fáil ach ar bhonn bliantúil, rud a chuireann le neasú, ach tá sonraí Institiúid Staidrimh na Tuirce ar fáil go ráithiúil, lena gcumasaítear ríomh níos beaichte a dhéanamh le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Thairis sin, cumasaítear le EIS leibhéal íseal sonraí toisc nach dtagraíonn sé ach do ‘mhonarú’ cineálach mar earnáil, ach déantar sonraí Institiúid Staidrimh na Tuirce a dhí-chomhiomlánú de réir ‘Monarú táirgí mianracha neamh-mhiotalacha’. |
|
(131) |
Maidir le costais saothair, in éagmais sonraí níos déanaí, bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí a d’fhoilsigh Institiúid Staidrimh na Tuirce, go háirithe an pá a tuairiscíodh san earnáil monaraíochta do 2022 le haghaidh ghníomhaíocht eacnamaíoch C.23 (Monarú táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile) de réir NACE Ath.2, arb iad na staitisticí is déanaí atá ar fáil iad. Coigeartaíodh na luachanna i gceart don bhoilsciú trí úsáid a bhaint as an innéacs praghsanna táirgeoirí intíre arna fhoilsiú ag Institiúid Staidrimh na Tuirce (36). |
|
(132) |
Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Hunan Huazhi Group maíomh Hunan Hualian Group go bhfuil tionscal na n-earraí boird ceirmeacha dian ar shaothar, agus nach bhfuil in amhábhair ach cuid bheag de na costais, agus chuir sé in iúl go bhfuil tagarmharc an Choimisiúin le haghaidh costas saothair (RMB 74.92/uair an chloig) roinnt uaireanta níos airde ná ráta iarbhír Hunan Huazhi Group. Mheas Hunan Huazhi Group nach bhfuil sonraí pá na Tuirce iontaofa mar gheall ar bhoilsciú ard, méaduithe pá faoi thionchar na polaitíochta, agus éagobhsaíocht airgeadra. D’áitigh an chuideachta freisin gur ó 2022 atá na sonraí a úsáidtear agus nach léiríonn siad an tréimhse athbhreithnithe, fiú tar éis coigeartú a dhéanamh don bhoilsciú. D’áitigh Hunan Huazhi Group ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as tagarmharcanna costais saothair ó thacar sonraí ‘earnáil monaraíochta’ EIS don tréimhse athbhreithnithe (mar a mhol Hunan Hualian Group), nó, de rogha air sin, aistriú go costas saothair na Téalainne mar thagarmharc, agus na sonraí pá ón Téalainn arna gcur isteach ag Hunan Hualian Group á nglacadh. Dar le Hunan Huazhi Group go n-áiritheofaí leis an gcur chuige sin measúnú níos cothroime agus níos cruinne ar chostais saothair. |
|
(133) |
Thug allmhaireoir neamhcomhlachaithe, LPP S.A., tacaíocht don mhaíomh sin freisin agus cháin sé go raibh gá le coigeartuithe forleathana boilscithe ar shonraí na Tuirce trí úsáid a bhaint as innéacsanna praghsanna táirgeoirí (‘PPI’), rud a d’fhéadfadh saobhadh costais a mhéadú. Thug allmhaireoir eile, Club House NV, dá aire go raibh méadú suntasach tagtha ar chostais saothair i gcomparáid leis an tagarmharc a suíodh le linn an athbhreithnithe éaga roimhe sin, a raibh forluí páirteach idir a thréimhse imscrúdúcháin agus tréimhse imscrúdúcháin an nós imeachta i dtrácht. |
|
(134) |
Mar a léirítear in aithris (103), mheas an Coimisiún go raibh an tagarmharc le haghaidh saothar a fuarthas ón Tuirc iontaofa go leor lena chur san áireamh chun an gnáthluach a ríomh. Maidir leis an méadú ar an tagarmharc do chostais saothair, cuireann an Coimisiún in iúl d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Dara Nóta, lena léirítear go n-eascraíonn an méadú as innéacsú an chostais saothair, mar a thuairiscigh Institiúid Náisiúnta na Tuirce um Staidreamh. Thairis sin, i gcomparáid le praghsanna intíre sa tSín, ní féidir teacht ar aon chonclúid fhiúntach, i bhfianaise an tsaofa shuntasaigh i margadh na Síne, mar a mhínítear i roinn 3.2.1. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3.2.6.4.
|
(135) |
Bhain an Coimisiún úsáid as na staitisticí maidir le praghsanna leictreachais arna bhfoilsiú ag Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh na Tuirce (37) ina phreaseisiúintí tráthrialta lena gcumhdaítear táblaí taraife atá bunaithe ar bhillí leictreachais d’úsáideoirí tionsclaíocha, lena gcumasaítear an tréimhse imscrúdúcháin a chumhdach go beacht. |
|
(136) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Hunan Hualian Group gur cheart don Choimisiún sonraí Eurostat a úsáid in ionad sonraí ó Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh na Tuirce. Dhearbhaigh an páirtí nach soláthraíonn údarás na Tuirce costais fuinnimh arna ndifreáil de réir leibhéil tomhaltais leictreachais, ach cuireann Eurostat na sonraí sin ar fáil ar bhonn 6 mhí. |
|
(137) |
Ghlac an Coimisiún leis an maíomh agus rinne sé athbhreithniú ar a ríomhanna bunaithe ar thuarascáil Eurostat ar phraghsanna leictreachais do thomhaltóirí neamhtheaghlaigh i gcás na Tuirce (38). Dá bhrí sin, socraíodh an praghas tagarmhairc le haghaidh leictreachais mar a leanas:
|
3.2.6.5.
|
(138) |
Bhain an Coimisiún úsáid as praghas an gháis d’úsáideoirí tionsclaíocha sa Tuirc a d’fhoilsigh an tÚdarás Rialála Margaidh Fuinnimh sa Tuarascáil 2023 agus 2024 uaidh maidir le hearnáil an mhargaidh gáis nádúrtha (39). Bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí maidir le praghsanna gáis tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais comhfhreagrach in TRY/Sm3 a chumhdaíonn an seimeastar deiridh de 2023 agus an chéad seimeastar de 2024. |
3.2.6.6.
|
(139) |
Ina bharúlacha a ghabhann leis an dara nóta, mhaígh an t-iarratasóir go raibh an tagarmharc a suíodh ar bhonn praghsanna gáis nádúrtha sa Tuirc bunaithe go hearráideach ar phraghas cineálach gáis nádúrtha le haghaidh úsáid thionsclaíoch, seachas ar phraghas GNL, arb é an príomh-mhodh allmhairiúcháin maidir le gás nádúrtha sa tSín é agus a úsáideadh in imscrúduithe eile. Dá bhrí sin, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún praghas GNL a úsáid, toisc go mbeadh sé níos ionadaíche ar staid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín. |
|
(140) |
Bhréagnaigh Hunan Hualian Group go bhfuil na sonraí a bhaineann le praghsanna gáis nádúrtha sa Tuirc níos mionsonraithe agus go ríomhtar iad gan costais eile a chur san áireamh, amhail an cháin tomhaltais speisialta. Ina theannta sin, mhaígh sé go mbeadh sé in aghaidh chleachtas seanbhunaithe an Choimisiúin idirdhealú a dhéanamh idir gás nádúrtha a allmhairítear ó phíblíne agus GNL, agus thairis sin, go raibh sé dodhéanta do chuideachtaí a bheith ar an eolas faoi cén fhoinse gháis a bhfuair a soláthraithe aisti. |
|
(141) |
Chuir an t-iarratasóir a mhaíomh i dtábhacht freisin gur cheart don Choimisiún an tagarmharc le haghaidh GNL a úsáid san imscrúdú, agus d’áitigh sé (1) go bhfuil sonraí oifigiúla maidir le praghsanna GNL níos mionsonraithe ná mar a bheadh i gcás praghsanna cineálacha gáis nádúrtha, agus go gcumasófaí leo an cháin tomhaltais speisialta a asbhaint, (2) go mbeadh rogha den sórt sin comhsheasmhach le cleachtas an Choimisiúin, agus (3) go raibh aon bhunús le maíomh Hunan Hualian Group nach raibh aon fhaisnéis ag táirgeoirí maidir le foinse an gháis nádúrtha a ceannaíodh trína mhaíomh féin gur cheannaigh Hunan Hualian Group, go deimhin, gás nár allmhairíodh mar GNL. |
|
(142) |
Chuir Hunan Hualian Group barúlacha breise isteach inar athdhearbhaigh sé a mhaímh roimhe seo agus thug sé dá aire nach bhfuil ach 0,96 % den ghás nádúrtha a dháiltear sa Tuirc ina GNL, agus mhaígh sé nach raibh praghsanna GNL mar a tuairiscíodh sa Tuirc ionadaíoch dá bhrí sin. Mhaígh Hunan Hualian Group freisin go raibh breithniú an iarratasóra go raibh úsáid tagarmhairc ar bhonn phraghsanna GNL níos iomchuí ná úsáid tagarmhairc ar bhonn gás nádúrtha píblíne ina fhianaise nach raibh an Tuirc ina tír ionadaíoch iomchuí. |
|
(143) |
D’áitigh an Coimisiún ar an dá pháirtí nach féidir, de bhun chásdlí GC, cleachtas riaracháin roimhe seo a úsáid chun dlíthiúlacht an léirmhínithe dhlíthiúil agus cinntí gaolmhara a cheistiú. |
|
(144) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar mhaíomh Ceramie Unie maidir le foinsiú gáis nádúrtha sa tSín agus shuigh sé go raibh allmhairí GNL i gceist le thart ar 58 % de na hallmhairí gáis nádúrtha uile isteach sa tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (40), agus go raibh treocht mhéadaitheach ann maidir lena allmhairí gáis píblíne (41). Ar an taobh eile, le linn an phróisis fíorúcháin, thug an Coimisiún faoi deara, den chuid is mó, go raibh páirtithe ar an eolas faoin modh chun a ngás nádúrtha ceannaithe a fhoinsiú, agus dá bhrí sin, go rabhthas in ann idirdhealú a dhéanamh. |
|
(145) |
Mheas an Coimisiún nár eascair an iarraidh ón iarratasóir breathnú ar phraghsanna GNL mar thagarmharc níos iomchuí as easpa oiriúnachta na sonraí a bhí ar fáil sa Tuirc, ach as measúnú níos mionsonraithe ar mhargadh na Síne. |
|
(146) |
Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún tagarmharcanna ar leith a chur i bhfeidhm maidir le gás nádúrtha agus GNL, mar a thuairiscigh na cuideachtaí sampláilte agus mar a fíoraíodh ina n-áitribh. |
|
(147) |
Bhain an Coimisiún úsáid as praghas díola GNL sa Tuirc a d’fhoilsigh an tÚdarás Rialála Margaidh Fuinnimh sa Tuarascáil thréimhsiúil uaidh maidir le Liosta Tuarascálacha Praghsanna an Mhargaidh Gáis Nádúrtha/GNL/Gáis Nádúrtha Chomhbhrúite (42). Rinne an Coimisiún na coigeartuithe iomchuí chun an tagarmharc a ríomh glan ó chánacha. |
3.2.6.7.
|
(148) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. |
|
(149) |
Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte mar sciar de chostais na monaraíochta arna dtabhú iarbhír ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa na monaraíochta. |
|
(150) |
Sa chéad nóta maidir leis na foinsí, chuir an Coimisiún na páirtithe uile ar an eolas go raibh sé beartaithe aige na sonraí airgeadais maidir le Kütahya Porselen a úsáid mar a baineadh iad as a thaifid airgeadais a bhí ar fáil go poiblí chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí le haghaidh chostais SGA agus brabúis. |
|
(151) |
Chuir páirtithe leasmhara earráidí cléireachais in iúl, a raibh corrlach athbhreithnithe SGA 36,25 % arna shloinneadh mar chéatadán de Costais na nEarraí a Díoladh mar thoradh air sin. |
|
(152) |
Tar éis na barúlacha uile a fuarthas a mheas go cúramach, roghnaigh an Coimisiún sonraí airgeadais Kütahya Porselen mar a baineadh iad as a thaifid airgeadais a bhí ar fáil go héasca le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin chun méid neamhshaofa agus réasúnach a shuí le haghaidh chostais SGA agus brabúis. |
|
(153) |
Tar éis an nochta deiridh, cháin CCCLA, Fun Lin Wah Group, Hunan Huazhi Group, Hunan Hualian Group agus roinnt allmhaireoirí ríomh na ndíolachán, na gcostas ginearálta agus riaracháin, agus na mbrabús bunaithe ar thaifid airgeadais Kütahya Porselen amháin, cuideachta aonair. Mheas na táirgeoirí go raibh na sonraí teoranta ag saintréithe na cuideachta féin agus nach féidir leo ionadaíocht a dhéanamh ar an tionscal. |
|
(154) |
D’iarr Hunan Huazhi Group ar an gCoimisiún costais SGA agus sonraí brabúis níos ionadaíche agus níos réasúnta a ionadú toisc nach léiríonn na figiúirí a tarraingíodh ó aon chuideachta amháin imthosca a bhaineann go sonrach le cuideachta agus a bhféadfadh sé nach mbeadh forlámhas acu ar fud an mhargaidh. D’áitigh sé nár sholáthair an Coimisiún aon fhianaise go mbeadh an gealltanas aonair sin ionadaíoch ar tháirgeoirí ceirmeacha dlúthshaothair na Tuirce atá dírithe ar onnmhairiú ina n-iomláine. Trí na figiúirí ardchostais, ardbhrabúis sin a ghlacadh, déantar an gnáthluach a bhoilsciú agus an corrlach dumpála a mhéadú go saorga, rud atá contrártha le bunphrionsabail na hionstraime frithdhumpála. I dtuairim Hunan Huazhi Group, dá n-aistreofaí an cinneadh deiridh go dtí an Téalainn, ba cheart úsáid a bhaint as meánchóimheasa ualaithe SG&A agus meánchorrlaigh bhrabúis a dhíorthaítear ó tháirgeoirí iomadúla de chuid na Téalainne. |
|
(155) |
Thairis sin, d’áitigh CCCLA agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin Fun Lin Wah Group agus roinnt allmhaireoirí neamhchomhlachaithe, gur tháirg Kütahya Porselen táirgí ceirmeacha maisiúla ardleibhéil den chuid is mó, nach bhfuil faoi raon feidhme an imscrúdaithe. |
|
(156) |
Thug an Coimisiún dá aire gur cuireadh úsáid shonraí airgeadais Kütahya Porselen in iúl sa Chéad Nóta agus gur measadh go raibh sé ionadaíoch do tháirgeadh an táirge lena mbaineann, mar a mhínítear in aithrisí (79) go (87). Níor chuir páirtithe leasmhara aon fhianaise choincréiteach ar fáil a léiríonn go n-eascródh luachanna nach raibh ‘neamhshaofa agus réasúnta’ de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) as na rátaí brabúis nó costais SGA a dhíorthaítear ó Kütahya Porselen. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(157) |
Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh allmhaireoir neamhchomhlachaithe amháin agus Hunan Hualian Group nach monaróir amháin é Kütahya Porselen ach go n-oibríonn sé líonra miondíola fairsing freisin. Dá réir sin, tá difríocht bhunúsach idir struchtúr chostais SGA Kütahya Porselen agus struchtúr tháirgeoirí na Síne, nach mbíonn ag gabháil do dhíolacháin mhiondíola díreach le tomhaltóirí. D’áitigh Hunan Hualian freisin gur leag an Chúirt Ghinearálta béim i mbreithiúnas Sinopec ar an ngá atá le gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin a bhunú ar an leibhéal céanna trádála chun anailís chothrom inchomparáide a áirithiú. D’iarr an t-allmhaireoir costais choimisiúin a eisiamh, chomh maith le costais chíosa agus fógraíochta nár thabhaigh onnmhaireoirí Síneacha a dhíolann le hallmhaireoirí. |
|
(158) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an maíomh agus tháinig sé ar an gconclúid go mbeadh méadú coibhéiseach ar chorrlaigh bhrabúis mar thoradh ar aon laghdú ar chostais SGA, rud nach ndéanfadh difear do ríomh an chorrlaigh dumpála. Thairis sin, ní raibh bunús leis an maíomh, mar a léiríodh leis an anailís ar ráitis airgeadais. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh, toisc gur theip air bonn bailí a sholáthar chun costais SGA a choigeartú. |
|
(159) |
Thairis sin, mhaígh na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe thuasluaite agus Hunan Hualian Group gur cheart don Choimisiún ioncam ó ghníomhaíochtaí eile a eisiamh agus caillteanais airgeadaíochta a áireamh agus luach brabúis Kütahya Porselen á ríomh. |
|
(160) |
Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an maíomh agus tháinig sé ar an gconclúid gur cheart ioncam ó ghníomhaíochtaí nach croíghníomhaíochtaí iad a eisiamh ó na ríomhanna brabúis iomlána. Áirithítear leis an eisiamh sin go léiríonn an corrlach brabúis brabúsacht an táirge faoi imscrúdú go cruinn. Tá feidhm ag an bprionsabal céanna maidir le glanchaillteanais airgeadaíochta, nach mbaineann le táirgeadh agus díol an táirge atá i gceist agus, dá bhrí sin, nach féidir a asbhaint ó bhrabús a dhíorthaítear óna dhíolacháin. Déantar caillteanais airgeadaíochta a chatagóiriú go sainráite faoi ‘Ioncam Airgeadais agus Costais’ sa ráiteas ioncaim le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ábhartha, a eascraíonn de ghnáth as coigeartuithe boilscitheacha. Cé go dtaifeadtar an cuntas sin mar chaillteanas sa ráiteas ioncaim, tá a thionchar deiridh ar an gclár comhardaithe trí choigeartuithe ar thuilleamh coimeádta. |
|
(161) |
Rud atá tábhachtach, soiléirítear le cur i láthair an ráitis ioncaim go n-eisiatar caillteanais airgeadaíochta ó ríomhanna an chorrlaigh oibriúcháin. Tá an mhéadracht sin ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht príomhoibríochtaí cuideachta maidir le brabús a ghiniúint. Eisiatar caillteanais airgeadaíochta ó bhrabús oibriúcháin toisc gur míreanna neamhoibriúcháin iad go bunúsach, a eascraíonn as fachtóirí seachtracha (e.g. luaineachtaí airgeadra, boilsciú) seachas as gníomhaíochtaí díolacháin, táirgthe nó riaracháin. Áirithítear leis an idirdhealú sin go leanfaidh an corrlach oibriúcháin de bheith ina tháscaire iontaofa ar éifeachtúlacht oibríochtúil, nach gcloistear le teagmhais airgeadais aonuaire nó imeallacha. |
|
(162) |
Thairis sin, déantar idirdhealú i ndlí cánach na Tuirce idir gnáthchostais ghnó agus coigeartuithe cuntasaíochta a cheanglaítear le IFRS/IAS. An mhír líne shonrach ‘Gnóthachan (Caillteanas) ar an Suíomh Glan Airgeadaíochta’ a aithnítear i ráitis airgeadais IFRS chun cumhacht cheannaigh chaillte a chur san áireamh, caitear léi mar ‘ghnáthspeansas agus speansas riachtanach’ de réir údaráis chánach na Tuirce agus, dá bhrí sin, eisiatar í agus an luach brabúis iomlán á shuí toisc gur féidir é a ríomh bunaithe ar ráitis airgeadais Kütahya Porselen. |
|
(163) |
Cháin Hunan Hualian Group freisin gur cosúil go ndéanann an Coimisiún beag is fiú de thionchar hipearbhoilsciú na Tuirce ar chostais na dtosca táirgeachta, agus d’áitigh sé go ndéantar tionchar den sórt sin a neodrú díreach toisc go sloinntear na tagarmharcanna in CNY. An tráth céanna, áfach, aithníonn an Coimisiún nach comhghaol líneach é an comhghaol idir rátaí malairte agus boilsciú. Cháin an táirgeoir onnmhairiúcháin nach léiríonn an cur chuige a úsáidtear le haghaidh coigeartú airgeadra an boilsciú sa Tuirc go hiomlán, ar tháinig méadú 50 % air, agus nár dhímheas Lira na Tuirce ach 18 % i gcoinne Yuan na Síne. De réir na conclúide ar thángthas uirthi thuas in aithris (103), chinn an Coimisiún nach raibh ach tionchar teoranta ag hipearbhoilsciú ar bhunú na dtagarmharcanna. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(164) |
Mhaígh allmhaireoir freisin gur cheart neamhaird a thabhairt ar an ioncam agus ar na costais uile a thaifeadtar mar ‘ghnóthachain/caillteanais malairte eachtraí’ mar chuid de thoradh airgeadais Kütahya Porselen, toisc go léiríonn siad oibríochtaí onnmhairiúcháin, thar an leibhéal díreach ón monarcha. Thairis sin, d’áitigh an t-allmhaireoir, agus an fhaisnéis airgeadais don tréimhse imscrúdúcháin á athríomh aige, go raibh comparáid neamhleanúnach déanta ag an gCoimisiún idir na figiúirí a sloinneadh i lira ainmniúil na Tuirce don chéad leath de 2023 agus na figiúirí arna gcoigeartú ó thaobh boilscithe don bhliain iomlán 2023. |
|
(165) |
Thug an Coimisiún dá aire, cé go léiríonn gnóthachain/caillteanais ar an ráta malairte idirbhearta idirnáisiúnta, nach bhfuil na hidirbhearta sin teoranta do dhíolacháin onnmhairiúcháin, agus go bhféadfadh siad freagairt, go páirteach ar a laghad, do chleachtais soláthair idirnáisiúnta. Maidir leis an teaglaim d’fhigiúirí ainmniúla agus figiúirí atá oiriúnaithe don bhoilsciú, thug an Coimisiún dá aire, gan beann ar an leibhéal ar ar tuairiscíodh figiúirí airgeadais, go ndearnadh an chomparáid eatarthu tar éis iad a choigeartú do na leibhéil bhoilscithe i mí an Mheithimh 2024, rud a d’fhág go raibh siad ar an leibhéal comparáide céanna. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go n-áirítear sa tuarascáil airgeadais do mhí an Mheithimh 2024 na luachanna coigeartaithe boilscithe do mhí an Mheithimh 2023 ‘chun comparáid a dhéanamh’, lena gcruthaítear nach amháin go bhfuil an chomparáid idir na figiúirí tar éis coigeartú don bhoilsciú fónta ó thaobh matamaitice de, ach gur cleachtas coiteann í freisin. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(166) |
Bunaithe ar an réasúnaíocht sin, choigeartaigh an Coimisiún an corrlach brabúis, á shloinneadh mar chéatadán de chostas na n-earraí a díoladh (i.e., 19,8 %). |
3.2.7. Ríomh
|
(167) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(168) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír thosca aonair táirgeachta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Fíoraíodh na rátaí tomhaltais sin le linn an fhíorúcháin. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a fuarthas sa tír ionadaíoch mar a shonraítear i roinn 3.2.6.1. |
|
(169) |
Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais SGA, an brabús agus an dímheas i bhfeidhm mar a luaitear in aithris (149). Cinneadh iad ar bhonn ráitis airgeadais Kütahya Porselen le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin mar a mhínítear in aithris (79). |
|
(170) |
Ba é 36,25 % méid chostais SGA arna shloinneadh mar chéatadán de Chostais na nEarraí a Díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. Ba é 20,42 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. |
|
(171) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.3. An praghas onnmhairiúcháin
|
(172) |
D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte chuig an Aontas, bíodh sin go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí comhlachaithe a bhí ag gníomhú mar thrádálaithe. |
|
(173) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
3.4. Comparáid
|
(174) |
Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna a chur san áireamh. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear thíos a thuilleadh, i gcás inarb iomchuí, coigeartaíodh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) difríochtaí a maíodh agus a léiríodh i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna a chur san áireamh. |
3.4.1. Coigeartuithe arna ndéanamh ar an ngnáthluach
|
(175) |
Mar a mhínítear in aithris (171), suíodh an gnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha trí úsáid a bhaint as costais táirgthe mar aon le méideanna le haghaidh chostais SGA agus brabúis, a coigeartaíodh don leibhéal trádála sin. |
3.4.2. Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin
|
(176) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe chun na nithe seo a leanas a chur san áireamh: dleacht chustaim, muirir eile ar allmhairí, costais lastais, árachais, láimhseála, luchtaithe agus choimhdeacha. |
|
(177) |
Cuireadh difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna san áireamh: costais chreidmheasa agus táillí bainc. |
3.5. Corrlaigh dhumpála
|
(178) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(179) |
Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh mar chéatadán de chostas, árachas agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
3.6. Cineál marthanach an athraithe ar imthosca sa pháirt-athbhreithniú eatramhach
|
(180) |
I gcomhréir le hAirteagal 11(3) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach an raibh an t-athrú ar imthosca maidir le dumpáil de chineál marthanach. |
|
(181) |
I bhfianaise neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne, mar a mhínítear thuas in aithris (51), bhí torthaí na roinne seo bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, is é sin an fhaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú agus an fhaisnéis a bailíodh le linn an imscrúdaithe. |
|
(182) |
San iarraidh, shainaithin an t-iarratasóir iarrachtaí a rinne údaráis áitiúla agus bhardasacha de chuid na Síne le déanaí chun ath-chomhdhlúthú mór an tionscail earraí ceirmeacha a chothú trí na straitéisí forbartha tionscail atá bunaithe ar bhraislí. Rinne an Coimisiún scrúdú ar ath-chomhdhlúthú an tionscail earraí ceirmeacha maidir le príomhchuideachtaí móra ceannródaíocha, a dtugann údaráis na Síne tacaíocht dóibh. Leis na braislí sin ar a dtugtar ‘Limistéir Ardteicneolaíochta’ nó ‘Páirceanna’ freisin, cuirtear dálaí fabhracha ar fáil do thionscail dianfhuinnimh atá dírithe ar acmhainní agus scéimeanna fiala cur chun cinn mar dhreasachtaí d’iontrálaithe féideartha (43). |
|
(183) |
Dhírigh pleananna le déanaí ar an bpróiseas táirgthe agus ar an struchtúr tionscail a bharrfheabhsú trí thionscal níos comhchruinnithe a fhorbairt, atá dírithe ar chuideachtaí suaitheanta iomaíocha atá níos mó. Tugadh an-tábhacht do phaitinní nua a chruthú agus do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn laistigh de na cuideachtaí suaitheanta sin (44). |
|
(184) |
Deimhnítear an straitéis lárnach seo i ndoiciméid phleanála iomadúla atá dírithe ar an tionscal ‘earraí ceirmeacha laethúla’ (45) arna n-eisiúint ar leibhéal cúige agus bardasach. |
|
(185) |
Is samplaí maithe iad cúigí Guandong, Fujian, agus Hunan, chomh maith le bardas Liling. |
|
(186) |
Ní hamháin go bhfuil forálacha mionsonraithe i bPlean Gníomhaíochta de chuid Chaozhou chun Braisle Tionscail Earraí Ceirmeacha ar Leibhéal Céad Billiún Yuan a Fhorbairt 2020 (Cúige Guangdong) chun tionscal earraí ceirmeacha an réigiúin a mhéadú, ach leagtar amach ann freisin cláir infheistíochta chun tacú le barainneacht scála a chruthú:
|
|
(187) |
Ar an gcaoi chéanna, tá bearta coincréiteach i bPlean 2022 de chuid Roinn Chúige Fujian chun fiontair cheannródaíocha agus príomhfhiontair a neartú agus chun costais sheasta a laghdú tríd an táirgeadh a mhéadú:
|
|
(188) |
Thairis sin, sonraítear sa phlean iarrachtaí infheistíochta na n-údarás áitiúil tacaíocht a thabhairt do phríomhfhiontair le breis agus 30 milliún Yuan idir 2023 agus 2025 (50). |
|
(189) |
I gCathair Zhuzhou (cúige Hunan), bunaíodh braisle tionscail in 2023 faoin ainm ‘Braisle Tionscail Earraí Ceirmeacha Liling’ (51) lena gcothaítear fás grúpaí móra ceirmeacha ardteicneolaíochta ad hoc (52) (53). |
|
(190) |
Dá réir sin, fuair údaráis bhardasacha chúige Hunan treoracha chun ‘méadú acmhainneachta tionsclaíche, feabhsú cáilíochta agus feabhsú éifeachtúlachta a chur chun cinn’ ar fud roinnt tionscadal, lena n-áirítear tacaíocht chun gléasraí nua a thógáil agus modhanna eile chun acmhainneacht a mhéadú, mar a leagtar amach sa chéad bhaisc agus sa dara baisc de Phríomhthionscadail le haghaidh Leathnú agus Uasghrádú Acmhainneachta san Fhiontraíocht Tionsclaíochta i gCúige Hunan’ (54). |
|
(191) |
Faoin straitéis sin, tá athchóiriú mór déanta ag údaráis na Síne mar aon leis an tacaíocht mhór stáit ar thionscal earraí ceirmeacha na Síne trí chumaisc a spreagadh agus trí mhéid agus táirgiúlacht na ngníomhaithe móra a mhéadú. |
|
(192) |
Le fíorú na gcuideachtaí sampláilte, bhíothas in ann an dinimic sin a léiriú go soiléir, mar tugadh faoi deara gur ionsúigh curaidh réigiúnacha a sainaithníodh sna pleananna agus sna straitéisí thuasluaite acmhainneacht táirgeachta roinnt cuideachtaí sa pháirc thionsclaíoch chéanna atá acu le blianta beaga anuas. |
|
(193) |
San athbhreithniú éaga roimhe seo, ina bhfuil forluí páirteach le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe eatramhaigh reatha, suíodh go raibh acmhainneacht táirgeachta 87 mbilliún píosa earraí ceirmeacha ag an tSín in 2023, agus acmhainneacht bhreise 18,7 % aici (55), rud a léiríonn méadú seasta ó rinneadh an t-athbhreithniú deireanach. |
|
(194) |
Leis an bhfianaise a fuarthas, cuirtear i dtábhacht na hiarrachtaí a rinne údaráis áitiúla agus bhardasacha de chuid na Síne chun ath-chomhdhlúthú mór an tionscail earraí ceirmeacha a chothú trí straitéisí forbartha agus tionscail atá bunaithe ar bhraislí maidir le roinnt príomhfhiontar mór. Leis na pleananna a liostaítear thuas, sainaithníodh agus formhuiníodh seaimpíní réigiúnacha ag a bhfuil ranna láidre T&F agus líonra soláthróirí seanbhunaithe agus cruthaíodh na dálaí dóibh chun a n-acmhainneacht táirgeachta a mhéadú. Faoin straitéis sin, tá athchóiriú mór déanta ag údaráis áitiúla de chuid na Síne mar aon le an tacaíocht mhór stáit ar thionscal earraí ceirmeacha na Síne trí chumaisc a spreagadh agus trí mhéid agus táirgiúlacht na ngníomhaithe móra a mhéadú’. |
|
(195) |
Thairis sin, mar is léir ó na straitéisí rialtais chomh maith leis na doiciméid phleanála a eisíodh ar leibhéal cúige agus bardasach (féach aithrisí (184) go (190), agus ón bhfaisnéis a fuarthas le linn fhíorú na gcuideachtaí sampláilte, ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh tá tionscal earraí ceirmeacha na Síne le haghaidh an bhoird agus na cistine ag claochlú trí chomhchruinniú an tionscail de réir a chéile agus trí dhíriú ar infheistíochtaí móra i mbonneagar agus i dtaighde. |
|
(196) |
Tá an comhdhlúthú sin de mhéid a chruthaíonn go bhfuil sé struchtúrach agus do-aisiompaithe, rud a léiríonn athrú buan ar chumraíocht agus ar shlabhraí soláthair an tionscail. Mar thoradh air sin, is athrú bunúsach agus marthanach é ar imthosca ar fiú corrlaigh dhumpála a athscrúdú dá mbarr. |
|
(197) |
Ina theannta sin, léiríonn staidreamh onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas, a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, praghsanna laghdaitheacha thart ar 15 % ó bhí 2019 ann. Ós rud é gur suíodh san athbhreithniú éaga a rinneadh le déanaí ar na bearta go ndearna praghsanna na Síne sladghearradh níos mó ná 38 % ar phraghsanna thionscal an Aontais, is cinnte go ndéanfadh tuilleadh laghduithe féideartha ar phraghsanna a cumasaíodh le hathstruchtúrú na hearnála, agus úsáid barainneacht scála dá bharr, dochar do thionscal an Aontais. |
|
(198) |
I bhfianaise a bhfuil thuas agus an leibhéil allmhairí i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe le linn an athbhreithnithe éaga dheireanaigh, ar allmhairí iad a rinneadh ar phraghsanna dumpáilte an-íseal, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh an ceanglas in Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán, i.e. ‘níl an beart atá ann cheana … leordhóthanach níos mó, chun gníomhú in aghaidh na dumpála’. |
|
(199) |
Tar éis an nochta, d’easaontaigh roinnt allmhaireoirí leis na torthaí maidir leis na hathruithe struchtúracha de chineál marthanach a shonraítear thuas. Mhaígh siad gur tharla an laghdú ar phraghsanna d’allmhairí na Síne mar gheall ar éifeachtúlacht níos airde, barainneacht scála agus go léiríonn praghsanna ionchuir dálaí an mhargaidh. Mhaígh roinnt allmhaireoirí eile treocht mhalartach fiú, agus d’áitigh siad gur fhan praghsanna cobhsaí nó gur tháinig méadú orthu mar gheall ar chostais táirgthe agus lóistíochta níos airde. Cháin allmhaireoirí an t-athrú ar dhleacht ar fud na tíre freisin, agus mhaígh allmhaireoir amháin go ndearnadh scrúdú cheana féin ar shaintréithe struchtúracha earnáil earraí ceirmeacha na Síne agus ar an saobhadh líomhnaithe in athbhreithnithe roimhe sin agus d’éiligh sé faisnéis bhreise. |
|
(200) |
Níor chuir an t-úsáideoir aon fhianaise bhreise ar fáil chun tacú lena mhaíomh. Diúltaíodh dóibh dá bhrí sin. |
4. BEARTA FRITHDHUMPÁLA
4.1. Foirm agus leibhéal na ndualgas
|
(201) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu sa pháirt-athbhreithniú eatramhach seo atá teoranta don dumpáil, de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart dleacht frithdhumpála arna forchur ar allmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na Síne a leasú. |
4.1.1. Infheidhmitheacht fhorchur na ndleachtrátaí aonair
|
(202) |
Le linn an imscrúdaithe, d’aimsigh an Coimisiún fianaise nach beag a chaith amhras tromchúiseach ar a indéanta atá sé dleachtrátaí aonair a fhorchur de bhun Airteagal 9(5) den bhun-Rialachán. |
|
(203) |
Ar an gcéad dul síos, léirigh an anailís ar an saobhadh suntasach, mar a chuirtear i láthair i roinn 3.2.1, dlúthmhaoirseacht údaráis na Síne ar an earnáil earraí ceirmeacha (Féach aithrisí (58) go (70)). |
|
(204) |
Ba léir ón gcleachtadh samplála go bhfuil an tionscal earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine sa tSín fite fuaite le chéile, agus cuireadh i dtábhacht in anailís bhreise naisc láidre chasta idir táirgeoirí, trádálaithe agus na húdaráis phoiblí, naisc atá struchtúrach don earnáil agus atá fréamhaithe sna slabhraí soláthair ar fud an tionscail. |
|
(205) |
Le linn na gcuairteanna fíorúcháin, tugadh faoi deara gur cheannaigh na táirgeoirí sampláilte uile earraí a thagann faoin tuairisc ar an táirge faoi imscrúdú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ó tháirgeoirí eile agus gur onnmhairigh siad chuig margadh an Aontais iad. Treisítear leis sin measúnú an Choimisiúin gur gnáthphatrún onnmhairiúcháin san earnáil é an cleachtas athdhíolachán sin. Thairis sin, tugadh faoi deara le linn an fhíoraithe go raibh na táirgeoirí sampláilte uile ag gabháil d’athdhíol táirgí arna monarú ag cuideachtaí eile lena n-onnmhairiú, agus go raibh céim idirmheánach amháin nó níos mó ag trádálaithe neamhchomhlachaithe sa slabhra soláthair ina dhiaidh sin sular tháinig na hearraí isteach san Aontas. Go deimhin, níor sholáthair na cuideachtaí uile a bhí faoi réir fíorúcháin, i gcásanna áirithe, an tsraith iomchuí dearbhuithe sínithe mar a cheanglaítear in Iarscríbhinní 2 agus 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131. |
|
(206) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Hunan Huazhi Group, cé gur cheannaigh sé táirgí ó mhonaróirí eile, nár onnmhairíodh iad go léir chuig an Aontas. Mhaígh an chuideachta nár fhíoraigh an Coimisiún tíortha cinn scríbe na gceannachán sin agus ghlac sí leis go mícheart gur le haghaidh mhargadh an Aontais a bhí siad. Thairis sin, shoiléirigh Hunan Huazhi Group gur cheannaigh a thrádálaí comhlachaithe earraí ó sholáthróirí neamh-chomhoibríocha, a bhí faoi réir an dleachtráta iarmharaigh agus a seoladh dá bhrí sin gan dearbhuithe sínithe (de réir mar is gá le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha amháin). Áiríodh ar na táirgí uile a mhonaraigh Hunan Huazhi Group féin agus a onnmhairíodh chuig an Aontas na dearbhuithe sínithe is gá, a deimhníodh le linn an fhíoraithe. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid gur ‘mhainnigh gach cuideachta dearbhuithe a sholáthar’, agus ar an gcaoi sin déantar neamhaird de na hidirdhealuithe sin agus tugtar mífhaisnéis ar na fíorais. |
|
(207) |
Tugann an Coimisiún dá aire nach mbréagnaítear atarlú an chleachtais sin, ná a chineál struchtúrach, toisc nach raibh gach athdhíolachán de tháirge críochnaithe ceaptha do mhargadh an Aontais. Maidir leis an dara maíomh de chuid Hunan Huazhi Group, aithníonn an Coimisiún nár fhíoraigh sé bailíocht na sonrasc a shínigh an trádálaí chomhlachaithe Liling Leyi Home Trading ar athdhíol táirgí críochnaithe arna monarú ag Hunan Huazhi Ceramics. |
|
(208) |
Bhí cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí frithdhumpála aonair le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear in Airteagal 1(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe coinníollach ar na dearbhuithe sínithe thuasluaite a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ós rud é go ndéantar an cleachtas ilfhoinsiúcháin ar leibhéal na dtáirgeoirí, meastar nach bhfuil aon chóras ina gcuirtear doiciméid a i láthair ag teorainn an Aontais éifeachtach go leor sa chás seo, gan beann ar aon cheanglas breise eile a d’fhéadfaí a thabhairt isteach. |
|
(209) |
Thairis sin, in 2019, thionscain an Coimisiún imscrúdú frith-imchéimniúcháin agus shuigh sé go ndearnadh dleachtrátaí aonair (níos ísle) a chainéalú i measc táirgeoirí onnmhairiúcháin. Tar éis an imscrúdaithe sin, cuireadh sraith bhreise slándála ar bun chun tairbhiú de dhleachtráta aonair. Mar sin féin, leis an bhfianaise a bailíodh le linn an imscrúdaithe, caitear amhras ar oiriúnacht agus éifeachtacht na gceanglas atá i bhfeidhm faoi láthair mar a shonraítear in aithris (205). |
|
(210) |
Fágann ilroinnt thionscal na Síne mar aon leis na hathruithe ar an struchtúr tar éis an athchomhdhlúthaithe nach mbeidh cur chuige cuideachta aonair an chórais atá ann faoi láthair inmharthana amach anseo. Léirítear é sin, ar thaobh amháin, leis an líon mór cuideachtaí de chuid na Síne a thosaigh ag onnmhairiú agus a d’iarr Stádas an Táirgeora Onnmhairiúcháin Nua go ndeonófaí dleachtráta níos tairbhiúla dóibh, agus, ar an taobh eile, leis an líon ard cuideachtaí de chuid na Síne a bhfuil dleachtráta aonair acu nár onnmhairigh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (dheonaigh níos mó ná 50 cuideachta as 400 cuideachta dleachtráta aonair), rud a thugann le fios go bhféadfadh sé nach mbeidís ag oibriú a thuilleadh. |
|
(211) |
Ar bhonn na dtorthaí agus na mbreithnithe thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil sé dodhéanta dleachtrátaí aonair a fhorchur i gcás na hearnála agus an táirge áirithe sin agus go gcuirfeadh sé éifeachtacht an bhirt i mbaol. Bheadh dleachtráta ar fud na tíre níos iomchuí sa chás i dtrácht i gcomhréir le hAirteagal 9(5), an dara mír, den bhun-Rialachán. |
|
(212) |
Tar éis an nochta, chuir Hunan Hualian Group in aghaidh na bhforas dlíthiúil le dleacht ar fud na tíre a chur i bhfeidhm. Mhaígh Hunan Hualian Group go gcumhdaítear trí chás fhéideartha le hAirteagal 9(5) den bhun-Rialachán: (1) dodhéantacht corrlaigh dumpála aonair a ríomh, agus sa chás sin tá údar le dleacht uile-chontae a chur i bhfeidhm, (2) eintiteas eacnamaíoch aonair idir táirgeoirí, nó táirgeoirí agus a soláthróirí, agus sa chás sin is féidir dleacht aonair a chur i bhfeidhm ar na cuideachtaí uile a mheastar a bheith ina n-eintiteas aonair, agus (3) eintiteas eacnamaíoch aonair idir táirgeoirí agus an stát, agus sa chás sin féadfar dleacht aonair a chur i bhfeidhm ar na táirgeoirí sin. |
|
(213) |
D’áitigh Hunan Hualian Group freisin go bhfuil cur i bhfeidhm na dleachta ar fud na tíre, de réir Airteagal 9(5) den bhun-Rialachán, teoranta do chásanna ina bhfuil sé ‘dofheidhmithe’ corrlach dumpála aonair a ríomh le haghaidh gach soláthróra, gan beann ar éifeachtúlacht (nó easpa éifeachtúlachta) a bhforfheidhmithe. Dá bhrí sin, i gcás ina gcinntear ríomh na gcorrlach dleachta aonair, ní mór ráta dleachta aonair a chur i bhfeidhm, de réir Thuarascáil Bhuanchomhlacht Achomhairc EDT in CE — Fasteners (China) (56). Ós rud é gur mhaígh Hunan Hualian Group go mbeadh sé i dteideal dleacht aonair níos ísle ná 79 %, bheadh cur i bhfeidhm dleachta ar fud na tíre idirdhealaitheach ina leith. Thairis sin, d’áitigh an chuideachta nár léirigh an Coimisiún gur cheart Hunan Hualian Group, nó aon táirgeoir onnmhairiúcháin eile, a mheas mar eintiteas aonair leis an Stát nó le soláthróirí eile. Ina dhiaidh sin, d’áitigh Hunan Hualian Group, fiú dá gcruthófaí na naisc sin, gur ceanglaíodh le dlí-eolaíocht ábhartha EDT (57), dá mbeadh onnmhaireoirí áirithe comhlachaithe agus ina soláthróir aonair, go gceanglófaí ar an gCoimisiún corrlach dumpála aonair a chinneadh don eintiteas eacnamaíoch aonair atá i gceist ar cheart é a bheith bunaithe ar mheánphraghsanna onnmhairiúcháin gach onnmhaireora aonair. D’áitigh an páirtí sin freisin, dá gcuirfí dleacht ar fud na tíre i bhfeidhm sa chás sin bunaithe ar shaobhadh suntasach a bheith ann i nDaon-Phoblacht na Síne, go mbeadh dleacht den sórt sin infheidhme i ngach cás frithdhumpála a bhaineann le Daon-Phoblacht na Síne. |
|
(214) |
Ina theannta sin, dhiúltaigh Hunan Hualian Group d’aon rannpháirtíocht i gcleachtais imchéimnithe agus chuir sé i gcoinne na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu ar bhonn eipeasóid aonair, nach léiríonn plean córasach d’aon ghnó chun dul timpeall ar na bearta atá ann cheana. Ní hionann cleachtais líomhnaithe den sórt sin agus bonn chun dleacht ar fud na tíre a chur i bhfeidhm, agus ní foras iad cleachtais imchéimnithe a fhágann go bhfuil na bearta atá ann cheana neamhéifeachtach, áfach, chun an dleacht ar fud na tíre a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 9(5) den bhun-Rialachán. |
|
(215) |
Thairis sin, agus ós rud é go raibh an t-athbhreithniú teoranta do scrúdú a dhéanamh ar dhumpáil, thug Hunan Hualian Group dá aire go raibh na corrlaigh dhíobhála a ríomhadh i gcomhthéacs an imscrúdaithe bunaidh (AD586) fós bailí agus infheidhme. Dá bhrí sin, cinneadh an Choimisiúin dleacht ar fud na tíre de 79 % de spriocanna de facto amháin a chur i bhfeidhm agus Hunan Hualian Group amháin, agus beidh sé díobhálach do Hunan Hualian Group amháin agus go heisiach, ós rud é gurb é Hunan Hualian Group an t-aon chuideachta a bhfuil corrlach díobhála níos ísle ná 79 % aici, agus dá bhrí sin, an t-aon chuideachta a thairbheodh de dhleacht aonair níos ísle ná 79 %. Dá bhrí sin, dar le Hunan Hulian, tá an togra ón gCoimisiún maidir le dleacht a fhorchur ar fud na tíre idirdhealaitheach, seachas gan fhoras. |
|
(216) |
Mheabhraigh an Coimisiún, mar a d’admhaigh Hunan Hualian Group, agus an ceart aige, i measc na dtosca ábhartha a bheartaítear in Airteagal 9(5) den bhun-Rialachán chun dleacht ar fud na tíre a chur i bhfeidhm, go bhfuil ‘rialú nó tionchar ábhartha ag an Stát ann i leith praghsála agus aschuir, nó struchtúr eacnamaíoch na tíre soláthair’. |
|
(217) |
Tugadh isteach foclaíocht reatha Airteagal 9(5) den bhun-Rialachán le Rialachán lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach (58) iad chun torthaí thuarascáil EDT i gCeanglóirí CE a chur chun feidhme. Mar a mhínítear in aithris (4) den Rialachán leasaitheach sin, tá cinneadh corrlaigh dumpála aonair agus dleachta frithdhumpála aonair do roinnt onnmhaireoirí nasctha le cásanna a bheith ann lena léirítear go bhfuil dhá onnmhaireoir nó níos mó, cé go bhfuil siad leithleach go dlíthiúil, i gcaidreamh de chineál gur cheart déileáil leo mar eintiteas aonair. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí le staideanna den sórt sin: (i) naisc chorparáideacha agus struchtúracha a bheith ann idir na honnmhaireoirí, amhail comhrialú, scairsheilbh choiteann agus comhbhainistíocht; (ii) naisc chorparáideacha agus struchtúracha a bheith ann idir an Stát agus na honnmhaireoirí, amhail comhrialú, scairsheilbh choiteann agus comhbhainistíocht; (iii) rialú nó tionchar ábhartha ag an Stát i ndáil le praghsáil agus aschur chomh maith le struchtúr eacnamaíoch na tíre soláthair mar a shonraítear in Airteagal 9(5) den bhun-Rialachán. |
|
(218) |
Ar dtús, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil formhór na n-argóintí a chuir Hunan Hualian Group chun cinn bunaithe ar an tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc a lua go roghnaitheach in EC-Fasteners, dearmad a dhéanamh de go ndearnadh í a chur chun feidhme go tapa agus go hiomlán sa bhun-Rialachán agus gur comhlíonadh go hiomlán í ó shin i leith. Níor luaigh Hunan Hualian Group gur aithin tuarascáil an Bhuanchomhlachta Achomhairc in EC-Fasteners freisin go bhféadfadh sé go mbeadh ar údarás imscrúdúcháin tosca agus fianaise dhearfach a chur san áireamh seachas iad siúd lena mbunaítear caidreamh corparáideach nó tráchtála agus measúnú á dhéanamh aige an eintiteas aonair iad an Stát agus roinnt onnmhaireoirí agus, dá bhrí sin, gurb é an Stát is cúis le hidirdhealú praghsanna. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin, mar shampla, fianaise ar rialú nó ar theagasc ón Stát, nó tionchar ábhartha ar iompar onnmhaireoirí áirithe i ndáil le praghsáil agus aschur. Thairis sin, féadfar struchtúr eacnamaíoch Chomhalta EDT a úsáid mar fhianaise os comhair údarás imscrúdúcháin chun a chinneadh an bhfuil an Stát agus roinnt onnmhaireoirí nó táirgeoirí atá faoi réir imscrúdaithe gaolmhar a ndóthain le bheith ina n-eintiteas aonair sa chaoi is gur cheart corrlach aonair a ríomh agus dleacht aonair a fhorchur orthu (59). D’fhéadfadh na critéir sin a léiriú, fiú in éagmais naisc struchtúracha fhoirmiúla idir an Stát agus onnmhaireoirí sonracha, go gcinneann an Stát praghsanna agus aschur agus go n-imríonn sé tionchar ábhartha orthu agus go bhfuil baint leordhóthanach ag onnmhaireoirí nó táirgeoirí atá faoi réir imscrúdaithe le bheith ina n-eintiteas aonair. Luadh go soiléir sa tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc freisin ‘má thugann an Stát treoir nó má imríonn sé tionchar ábhartha ar iompraíocht roinnt onnmhaireoirí i leith praghsanna agus aschuir, d’fhéadfaí a mheas go héifeachtach gur onnmhaireoir amháin iad chun críocha an Chomhaontaithe Frithdhumpála agus d’fhéadfaí corrlach agus dleacht aonair a shannadh don onnmhaireoir aonair sin’ (60). |
|
(219) |
Sa chás i dtrácht agus mar a mhínítear i roinn 3.2.1 i gcomhthéacs na hanailíse ar shaobhadh suntasach agus in aithris (194), deimhníodh san imscrúdú trí bhíthin cuid mhór fianaise go bhfuil smacht agus tionchar ábhartha ag údaráis na Síne ar an earnáil earraí ceirmeacha, chomh maith le tionchar forleathan Stáit ar struchtúr eacnamaíoch na hearnála sin. Mar a mhínítear in aithris (70), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ní hamháin go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil earraí ceirmeacha fós, (61) ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin (62). Tá an fhianaise sin uile ábhartha freisin i gcomhthéacs na hanailíse de bhun Airteagal 9(5) den bhun-Rialachán chun dleacht ar fud na tíre a fhorchur, toisc go léirítear go soiléir inti cheana féin conas a rialaíonn Rialtas na Síne an phraghsáil agus an t-aschur in earnáil na dtáirgí boird agus conas a dhéanann na beartais agus na pleananna sin uile arna gcur chun feidhme ag Rialtas na Síne difear do struchtúr eacnamaíoch na hearnála sin. Murab ionann agus an méid a dhearbhaíonn Hunan Hualian Group, bhraith an Coimisiún ar an bhfianaise sin go léir chun bunús a thabhairt lena chonclúid, dá dtagraítear freisin in aithrisí (203) go (204). |
|
(220) |
Thairis sin, ní thugann Hunan Hualian Group aitheantas agus ní thugann sé aghaidh ar na forbairtí beartais is déanaí, ar forbairtí iad lena léirítear cé chomh forleatach atá tionchar an Stáit ag na sraitheanna éagsúla den riarachán (i.e. náisiúnta agus cúigeach) san earnáil earraí ceirmeacha. Léiríonn an fhianaise i Roinn 3.6 straitéis Rialtas na Síne le déanaí inter alia chun an earnáil a chomhdhlúthú trí churaidh náisiúnta a chruthú, táirgeacht agus acmhainneachtaí a mhéadú, agus maoiniú a sholáthar chun an straitéis sin a chur chun feidhme, fíoraíodh go bhfuil tionchar láithreach aige sin ar na cuideachtaí sampláilte. |
|
(221) |
Maidir le Hunan Hualian Group go sonrach, thug an Coimisiún dá aire gur áiríodh agus gur ainmníodh go sainráite é sa liosta tairbhithe de ‘Príomhthionscadail le haghaidh Leathnú agus Uasghrádú Acmhainneachta san Fhiontraíocht Tionsclaíochta i gCúige Hunan’ a luaitear in aithris (190) thuas. Thairis sin, iarrtar ar na cuideachtaí is tairbhithe a liostaítear sa phlean seo (i.e. lena n-áirítear Hunan Hualian Group) ceanglais an ‘Fógra maidir le hEisiúint an Dara Baisc de Phríomhthionscadail le haghaidh Leathnú agus Uasghrádú Acmhainneachta Fiontair Thionsclaíoch i gCúige Hunan’ (Xiang Gongxin Investment [2023] Uimh. 429 (63)) a leanúint agus na gnóthachain éifeachtúlachta atá á saothrú ag an rialtas a chur chun feidhme láithreach. |
|
(222) |
Níor chuir Hunan Hualian Group aon fhianaise isteach a thagann salach ar na torthaí sin go léir agus ar an bhfianaise fholuiteach, agus níor léirigh sé nach ndéanann Rialtas na Síne difear dó ná nach bhfuil sé faoi réir rialú ná tionchar ábhartha den sórt sin. Dá bhrí sin, ní raibh aon chúis ann caitheamh le Hunan Hualian Group ar bhealach éagsúil le haon táirgeoir onnmhairiúcháin eile earraí boird sa tSín. Mar achoimre, is é an chonclúid a bhaintear as iomlán na fianaise a bhaineann le rialú nó tionchar ábhartha Stát na Síne i leith praghsála agus aschuir in earnáil na n-earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird, chomh maith le struchtúr eacnamaíoch agus beartais Rialtas na Síne san earnáil chéanna, gurb iomchuí dleacht ar fud na tíre a chur i bhfeidhm sa chás atá i gceist. Dá bhrí sin, diúltaíodh dá maímh. |
|
(223) |
Maidir le maímh Hunan Hualian Group nár suíodh go raibh an grúpa ag dul timpeall ar an dleachtráta ar fud na tíre agus, dá mbunófaí é ar an measúnú ar shaobhadh suntasach, go mbeadh feidhm ag cur i bhfeidhm dleachta ar fud na tíre sna himscrúduithe frithdhumpála uile a bhaineann le Daon-Phoblacht na Síne, níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Thug an Coimisiún dá aire go raibh a chinneadh an dleacht ar fud na tíre a fhorchur sa chás seo bunaithe ar na heilimintí uile a míníodh sa rialachán seo lena léirítear rialú agus tionchar ábhartha Rialtas na Síne ar an earnáil earraí ceirmeacha lena n-áirítear ar phraghsáil agus ar aschur, chomh maith le struchtúr eacnamaíoch ar leith na tíre mar thoradh ar bheartais agus ar thionchar Rialtas na Síne. Bhí an chonclúid sin bunaithe ní hamháin ar an measúnú ar shaobhadh suntasach a bheith ann i Roinn 3.2.1, ach ar roinnt eilimintí ábhartha eile mar a leagtar amach iad in aithrisí (205) agus (208) — (211), ar eilimintí iad a bhaineann go sonrach leis an táirge sonrach agus leis an earnáil shonrach atá faoi réir an imscrúdaithe seo, agus d’fhéadfadh sé nach ndéanfadh siad uile difear go sonrach do Hunan Hualian Group cé go bhfuil siad fós ábhartha don toradh ar fud na tíre. Léiríonn na heilimintí sin go bhfuil an idirghabháil shonrach sin ó Rialtas na Síne, chomh maith le sainiúlacht earnáil na n-earraí boird thar a bheith ilroinnte agus faoi réir bheartas malartach Rialtas na Síne faoi láthair chun í a chomhdhlúthú, an tsainiúlacht go ndearna táirgeoirí onnmhairiúcháin táirgí arna gceannach ag táirgeoirí eile a athonnmhairiú chuig an Aontas, an líon suntasach NEPTanna agus stair an imchéimnithe. Ar an mbonn sin, dhiúltaigh sé d’argóintí Hunan Hualian Group. |
|
(224) |
Maidir le maíomh Hunan Hualian Group bunaithe ar dhlí-eolaíocht EDT EC – Fasteners, nuair a ríomhadh corrlach dumpála aonair, gur féidir dleacht aonair amháin a chur i bhfeidhm ar sholáthróirí éagsúla ar onnmhaireoir aonair iad, ba cheart an dleacht aonair a bheith bunaithe ar mheánphraghsanna onnmhairiúcháin gach onnmhaireora aonair, níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Ar an gcéad dul síos, mheabhraigh an Coimisiún go raibh an dleacht ar fud na tíre a socraíodh san imscrúdú seo bunaithe ar an gcorrlach díobhála seachas ar an gcorrlach dumpála, mar a mhínítear i Roinn 4.1.2, ós rud é go raibh an chéad cheann níos ísle ná an corrlach dumpála. Thairis sin, mar a shonraítear i Roinn 3.5, measadh go raibh an meánchorrlach dumpála a léiríonn praghsanna onnmhairiúcháin na dtrí tháirgeoir shampláilte ionadaíoch ar an eintiteas aonair cothrom le 138.2 %, dá bhrí sin os cionn na dleachta nua is infheidhme ar fud na tíre de 79 %. Go deimhin, níor chinn an Coimisiún na corrlaigh aonair dhumpála ach shuigh sé corrlaigh idirmheánacha ar dtús le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin shampláilte a measadh a bheith ionadaíoch ar an eintiteas aonair. Ba chéim idirmheánach riachtanach í sin ar ríomh sé corrlach dumpála eintitis aonair ar a bonn ansin. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
4.1.2. Leibhéal na mbeart
|
(225) |
Ba cheart bearta frithdhumpála a fhorchur ar allmhairí táirge de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún na corrlaigh dhíobhála a suíodh san imscrúdú bunaidh i gcomparáid leis na corrlaigh dhumpála a suíodh in aithris (179) thuas. Ós rud é go bhfuil an corrlach dumpála a suíodh san imscrúdú athbhreithnithe seo níos airde ná an corrlach díobhála a suíodh san imscrúdú bunaidh, beidh leibhéal nua na mbeart bunaithe ar an gceann is ísle den dá chorrlach, agus dá bhrí sin ar leibhéal an chorrlaigh díobhála. |
|
(226) |
Chuige sin, agus i gcomhréir le dofheidhmitheacht chur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair agus toisc go raibh gach corrlach dumpála aonair os cionn an chorrlaigh dhíobhála, chinn an Coimisiún an corrlach dumpála ar fud na tíre a suíodh sa pháirt-athbhreithniú eatramhach seo a chur i gcomparáid leis an leibhéal díobhála is infheidhme maidir le meán an tsampla san imscrúdú bunaidh. |
|
(227) |
Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh CCCLA agus Fun Lin Wah Group nach bhfuil an corrlach díobhála a suíodh le linn an imscrúdaithe bunaidh ábhartha a thuilleadh don chomhthéacs reatha. De réir an dá pháirtí, ba cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an leibhéal díobhála bunaithe ar na coinníollacha atá i réim le linn na tréimhse athbhreithnithe eatramhaí chun cruinneas a áirithiú agus chun dinimic iarbhír an mhargaidh a léiriú. |
|
(228) |
Thairis sin, mhaígh CCCLA agus Fun Lin Wah Group go gcuireann an dleacht frithdhumpála nua atá beartaithe an ráta céanna i bhfeidhm maidir le gach cuideachta sa tSín, gan beann ar cé acu a chomhoibrigh nó nár chomhoibrigh siad leis an imscrúdú. D’áitigh Fung Lin Wah Group go raibh sé sin éagórach do chuideachtaí comhoibríocha Síneacha, go háirithe iad siúd a roghnaíodh le haghaidh samplála (amhail Fun Lin Wah Group), agus go bhféadfadh sé comhar amach anseo le himscrúduithe an Aontais a dhíspreagadh. D’áitigh Fun Lin Wah Group freisin go bhféadfadh an easpa difreála dochar a dhéanamh do chumas an Choimisiúin imscrúduithe éifeachtacha a dhéanamh amach anseo, agus thathantaigh sé ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh: (a) aitheantas a thabhairt don chomhar láidir ó chuideachtaí rannpháirteacha (go háirithe cuideachtaí sampláilte), (b) dleachtrátaí éagsúla a chur i bhfeidhm bunaithe ar leibhéil chomhair (rátaí níos ísle do chuideachtaí comhoibríocha), agus (c) rátaí níos fabhraí a thairiscint do chuideachtaí sampláilte mar luach saothair as a gcomhar. |
|
(229) |
Mhaígh CCCLA agus Fun Lin Wah Group go ndéanfadh méadú ar dhleachtanna frithdhumpála san Aontas dochar d’allmhaireoirí an Aontais, go gcuirfeadh sé isteach ar shlabhraí soláthair, agus go mbeadh sé ina chúis le caillteanais eacnamaíocha. Mhaígh an dá pháirtí go bhfuil tionscail na Síne agus an Aontais comhlántach le chéile, agus nach bhfuil siad in iomaíocht le chéile, ós rud é go ndíríonn táirgeoirí an Aontais ar tháirgí brandáilte ardleibhéil, agus go soláthraíonn an tSín earraí ceirmeacha costéifeachtacha ollmhargaidh. D’áitigh CCCLA agus Fun Lin Wah Group freisin go ndéanfadh dleachtanna níos airde difear ar deireadh do thomhaltóirí agus go rachadh an boilsciú in olcas, agus go raibh an deighilt oibríochtúil atá ann faoi láthair idir táirgeoirí na Síne agus allmhaireoirí an Aontais á slánú agus cáilíocht táirgí, costéifeachtúlacht agus sásamh tomhaltóirí á n-áirithiú. Tháinig na páirtithe ar an gconclúid go bhfuil na dleachtanna atá beartaithe ina mbagairt ar chobhsaíocht eacnamaíoch an Aontais, ar leas tomhaltóirí, agus ar an gcaidreamh trádála idir an tSín agus an tAontas a théann chun tairbhe don dá thaobh, rud a bhaineann an bonn de leasanna fadtéarmacha. |
|
(230) |
Tar éis an nochta, chuir líon ard allmhaireoirí neamhchomhlachaithe barúlacha isteach maidir leis an imscrúdú, i gcomhréir leis na barúlacha a chuir CCCLA agus Fun Lin Wah Group in iúl. |
|
(231) |
Mhaígh na hallmhaireoirí freisin go mbeidh costais mhéadaithe d’allmhaireoirí agus praghsanna méadaithe do thomhaltóirí agus d’earnálacha iartheachtacha mar thoradh ar an dleacht mhéadaithe, rud a fhágfaidh go mbeidh caillteanais shuntasacha airgeadais agus post agus dócmhainneachtaí ann. Cháin allmhaireoirí go ndéanfar difear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe. |
|
(232) |
Mhaígh allmhaireoirí nach féidir acmhainneacht thionsclaíoch na hEorpa a chur in ionad mhéideanna allmhairí na Síne, rud a d’fhágfadh go mbeadh suaitheadh soláthair agus ganntanais ann. Mheas roinnt allmhaireoirí go raibh an Tuirc mí-oiriúnach mar shuíomh táirgthe malartach mar gheall ar easpa cumas teicneolaíocha chun na caighdeáin Eorpacha a chomhlíonadh. Cháin allmhaireoir amháin go mbeadh an beart ina chúis le hathlonnú na táirgeachta chuig tríú tíortha eile, amhail Vítneam, an Bhanglaidéis nó an Tuirc. Cháin allmhaireoirí freisin, mar gheall ar phraghsanna miondíola atá ag dul i méid, go bhféadfadh tomhaltóirí ceannach níos dírí ón tSín trí bhealaí ceannaigh amhail Temu. Mhaígh roinnt aighneachtaí freisin go raibh tionchar ag na bearta athraithe ar an gcomhshaol, toisc go rachadh tomhaltóirí i muinín earraí boird plaisteacha. |
|
(233) |
Cháin roinnt allmhaireoirí nár léirigh an dleacht ar ráta comhréidh an éagsúlacht ar an margadh, agus imní orthu go bhféadfadh sé deireadh a chur le catagóirí iomlána táirgí agus go mbeadh easpa iomaíochta agus méaduithe ar phraghsanna ag táirgeoirí san Aontas agus i dtríú tíortha mar thoradh air. Mheas roinnt allmhaireoirí nach dócha go n-athbheodh méadú ar an dleacht frithdhumpála táirgeadh ceirmeach an Aontais, agus iad ag tagairt do dhúshláin struchtúracha agus fhadtéarmacha amhail athruithe ar nósanna tomhaltóirí, treochtaí déimeagrafacha, nó costais fuinnimh, chomhshaoil agus saothair níos airde. |
|
(234) |
D’iarr roinnt allmhaireoirí freisin go ndéanfaí socrú idirthréimhseach le haghaidh conarthaí fadtéarmacha atá ann cheana agus atá faoi réir pionós as neamhsheachadadh nó seachadadh moillithe, a bhfuil coinníollacha seachadta seasta acu, agus nach gceadaítear coigeartuithe praghais conarthacha leo. |
|
(235) |
Mhaígh Holst Porzellan gur sárú ar Airteagal 50 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a bhí san imscrúdú dúbailte ar an athbhreithniú éaga agus ar an athbhreithniú eatramhach, agus thagair sé do thorthaí díobhála an athbhreithnithe éaga. D’áitigh roinnt allmhaireoirí gur cheart tagairt a bheith déanta san athbhreithniú eatramhach do thorthaí an athbhreithnithe éaga lenar deimhníodh gur bhain díobháil do mhonaróirí an Aontais mar gheall ar chorrlach sladghearrtha 38 % agus cháin siad méadú na dleachta leis an athbhreithniú eatramhach go 79 %. |
|
(236) |
Maidir leis na maímh thuas, ba mhaith leis an gCoimisiún a mheabhrú go bhfuil an t-athbhreithniú eatramhach teoranta do raon feidhme na dumpála. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear an anailís ar dhíobháil agus ar leas an Aontais leis an imscrúdú. Thairis sin, níor chomhoibrigh aon cheann de na páirtithe leasmhara, tar éis thionscnamh an imscrúdaithe, agus níor sholáthair siad freagraí ar an gceistneoir. Ós rud é freisin nár cuireadh aon fhianaise shubstaintiúil ar fáil chun tacú leis na maímh, diúltaíodh dóibh. |
4.2. Dleachtanna dumpála cinntitheacha
|
(237) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(238) |
An dleachtráta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh é ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú é ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe. An dleacht sin ar fud na tíre is infheidhme maidir leis na cuideachtaí uile, tá sí infheidhme ansin maidir le hallmhairí uile an táirge lena mbaineann de thionscnamh na Síne. |
|
(239) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Hunan Huazhi Group agus roinnt allmhaireoirí go sáraíonn an leibhéal dleachta atá beartaithe prionsabal comhréireachta EDT. Tá cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh dleacht aonfhoirmeach 79 % a fhorchur ar na honnmhaireoirí uile ar neamhréir leis an bprionsabal sin, toisc go raibh roghanna eile ar fáil nach raibh chomh sriantach céanna agus a bhí chomh héifeachtach céanna. D’áitigh Hunan Huazhi Group go ndéanfadh an ráta dochar díréireach do thionscail iartheachtacha agus do thomhaltóirí deiridh – go háirithe iad siúd atá ag brath ar earraí ceirmeacha boird agus cistine inacmhainne – a sháraíonn an méid atá comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar an díobháil dumpála. Tá an baol ann go ndéanfaidh beart den sórt sin róchúiteamh as dumpáil agus, an tráth céanna, go ndéanfar damáiste eacnamaíoch nach bhfuil gá leis d’earnálacha agus do thomhaltóirí. Thairis sin, d’iarr Hunan Huazhi Group ar an gCoimisiún an corrlach díobhála a ríomh, dleachtanna a fhorchur ar an leibhéal is gá chun deireadh a chur le díobháil, agus ar an leibhéal sin amháin, rud a d’áiritheodh nach mbeadh dleachtanna iomarcach. Leis an gcur chuige sin, chuirfí cosc ar róchosaint tháirgeoirí an Aontais agus d’áiritheofaí bearta cothroma comhréireacha. |
|
(240) |
Mar a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh, bhí raon feidhme an athbhreithnithe eatramhaigh teoranta do scrúdú a dhéanamh ar dhumpáil agus, dá bhrí sin, is é an corrlach díobhála don imeacht seo an corrlach díobhála a bunaíodh sa rialachán lena bhforchuirtear na bearta bunaidh. Mar a mhínítear in aithris (225), suíodh an dleacht bunaithe ar an gcorrlach dumpála agus díobhála a bheith níos ísle, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
5. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
(241) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (64), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(242) |
Níor thug an Coiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 tuairim uaidh maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1981:
‘Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 6911 10 00 , ex 6912 00 21 , ex 6912 00 23 , ex 6912 00 25 agus ex 6912 00 29 (cóid TARIC 6911 10 00 90, 6912 00 21 11, 6912 00 21 91, 6912 00 23 10, 6912 00 25 10 agus 6912 00 29 10) agus atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, ar na táirgí a dtugtar tuairisc orthu i mír 1:
|
Tír thionscnaimh |
Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%) |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
79,0 |
3. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1072/2012 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 318, 15.11.2012, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1072/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L 131, 15.5.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/412/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1932 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L 273, 24.10.2017, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/1932/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 (IO L 189, 15.7.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1198/oj), arna leasú go deireanach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/571 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 agus aisíoc dleachtanna a bailíodh (IO L 132, 27.4.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/571/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 321, 12.12.2019, lch. 139, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2131/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1981 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/1981, 8.10.2025, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1981/oj).
(8) IO C, C/2024/7456, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7456/oj.
(9) Féach an Nóta a ghabhann leis an gComhad ar an leagan oscailte (Sn t25.002029).
(10) Nóta a ghabhann le comhad an 21 Feabhra 2025, doiciméad ar a bhfuil uimhir t25.002338 (ar fáil sa chomhad oscailte).
(11) Doiciméad ar a bhfuil uimhir t25.008995.
(12) Nóta a ghabhann le comhad an 21 Bealtaine 2025, doiciméad ar a bhfuil uimhir t25.005523 (ar fáil sa chomhad oscailte).
(13) https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2767.
(14) Fógra tionscnaimh maidir le páirt-athbhreithniú eatramhach ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 117, 12.4.2017, lch. 12).
(15) Comhairle Stáit na Síne - Tuairimí Treoraíochta ó Chúig Roinn maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Éadroim a Chur Chun Cinn; le fáil ag: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-06/19/content_5696665.htm (arna rochtain an 16 Deireadh Fómhair 2025).
(16) An Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise - Léirmhíniú ar an bPlean Oibre d’Fhás Seasta an Tionscail Éadroim (2023-2024); le fáil ag: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/202307/content_6895224.htm (arna rochtain an 16 Deireadh Fómhair 2025).
(17) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/493, 13.2.2024, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/493/oj.
(18) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493, aithrisí 99-137.
(19) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493, aithris 104.
(20) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493, aithris 135.
(21) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493, aithris 108.
(22) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493, aithris 127.
(23) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493, aithris 128.
(24) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493, aithris 129.
(25) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1981.
(26) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10 Aibreán 2024 (SWD(2024) 91 final).
(27) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam (https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income).
(28) Le IAS 29 – Tuairisciú Airgeadais i nGeilleagair Hipearbhoilscitheacha — soláthraítear treoraíocht do chuideachtaí atá ag feidhmiú i ngeilleagair ina bhfuil hipearbhoilsciú. Ceanglaítear leis an gcaighdeán ráitis airgeadais a athshonrú chun athruithe ar chumhacht ceannaigh ghinearálta an airgeadra áitiúil a léiriú, toisc gur féidir le sonraí stairiúla a bheith míthreorach i dtimpeallachtaí den sórt sin.
(29) Catalóg Táirgí: https://kurumsal.kutahyaporselen.com/tr/urunler.
(30) Áirítear na fochatagóirí seo a leanas i gcatagóir NACE C234:
|
— |
C-2341 ‘Monarú earraí ceirmeacha tí agus ornáideacha’, |
|
— |
C-2342 ‘Monarú daingneán ceirmeach sláintíochta’. |
(31) Ionchas Eacnamaíochta Domhanda (Aibreán 2025) - Ráta boilscithe, meánphraghsanna do thomhaltóirí.
(32) E.g. Breithiúnas an 2 Iúil 2025, PT Permata Hijau Palm Oleo agus PT Nubika Jaya v An Coimisiún Eorpach, Cás T-187/23, ECLI:EU:T:2025:663, mír 95.
(33) Sa dara Nóta ar thosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún cóid tráchtearra 251010009011 agus 251010009012 mar thagarmharcanna iomchuí le haghaidh fosfáití cailciam. Tar éis na faisnéise fíoraithe a fuarthas le linn chuairteanna fíorúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an cód 283526 níos iomchuí.
(34) Soláthraíonn an fhoinse a úsáidtear raon praghsanna tagarmhairc atá ag brath ar thomhaltas leictreachais iomlán. Féach Eurostat: Praghsanna leictreachais do thomhaltóirí neamhtheaghlaigh - sonraí leathbhliantúla. Chun mínithe níos mionsonraithe a fháil, féach aithrisí (130) go (131).
(35) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.
(36) TÜİK – Veri Portalı (tuik.gov.tr) agus TÜİK - Veri Portalı (tuik.gov.tr).
(37) https://www.epdk.gov.tr/Detay/Icerik/3-0-39/kurul-kararlari-.
(38) https://doi.org/10.2908/NRG_PC_205.
(39) EPDK | Enerji Piyasası Düzenleme Kurumu.
(40) https://www.eia.gov/todayinenergy/detail.php?id=62804.
(41) https://www.spglobal.com/commodity-insights/en/news-research/latest-news/lng/022924-china-2024-lng-imports-expected-to-rise-81-on-year-to-77-mil-mt-cnpc-etri.
(42) EMRA | Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh.
(43) Think!Desk China Research and Consulting, An Tuarascáil, Cuid II, ‘Development and Policy Guidance of the Chinese Daily-use Ceramics Industry’, 12 Eanáir 2024, lch. 10.
(44) Roinn Chúige Fujian um Thionscal agus Teicneolaíocht Faisnéise, ‘Notice from the Fujian Provincial Department of Industry and Information Technology and seven other departments on several measures to support the high-quality development of the ‘China White·Dehua Porcelain’ industry’, an 8 Samhain 2022.
(45) I staidreamh agus doiciméid oifigiúla na Síne, feictear táirgeadh earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine faoin earnáil ‘earraí ceirmeacha laethúla’ go minic, lena gcuimsítear earraí ceirmeacha intíre eile freisin.
(46) Rialtas Áitiúil Chaozhou, ‘Plean Gníomhaíochta de chuid Chaozhou chun Braisle Tionscail Earraí Ceirmeacha ar Leibhéal Céad Billiún Yuan a Fhorbairt’, an 5 Lúnasa 2020, lch. 6.
(47) Ibidem, lch. 9.
(48) Ibidem, lch. 32.
(49) Roinn Chúige Fujian um Thionscal agus Teicneolaíocht Faisnéise, ‘Notice from the Fujian Provincial Department of Industry and Information Technology and seven other departments on several measures to support the high-quality development of the ‘China White·Dehua Porcelain’ industry’, an 8 Samhain 2022, lch. 1.
(50) Ibidem, lch. 3.
(51) ST Daily, preaseisiúint, ‘ ‘World Porcelain Capital’ Fujian Dehua: Intelligent manufacturing leads the way, and the entire chain supports industry upgrading’, 22 Samhain 2022, lch. 1.
(52) Rialtas Hunan, preaseisiúint, ‘ ‘Millennium Porcelain City’ creates a 100-billion-dollar ceramics industry cluster”, an 10 Márta 2022.
(53) Rialtas Hunan, preaseisiúint, ‘Hunan Has Five New SME Industrial Clusters’, 19 Deireadh Fómhair 2023.
(54) Fógra maidir le hEisiúint ‘An Dara Baisc de Phríomhthionscadail le haghaidh Leathnú agus Uasghrádú Acmhainneachta san Fhiontraíocht Tionsclaíochta i gCúige Hunan’, Roinn Chúige Hunan um Thionscal agus Teicneolaíocht Faisnéise gxt.hunan.gov.cn, an 6 Nollaig 2023.
(55) Hangzhou Zhongjing Zhisheng Market Research – Tuarascáil 2024 maidir le margadh na n-earraí ceirmeacha laethúla sa tSín, lgh 32-36, a sholáthraítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an iarraidh ar athbhreithniú éaga oscailte.
(56) Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc EDT, EC — Fasteners (China), WT/DS397/AB/R, arna glacadh an 28 Iúil 2011, mír 339: ‘i gcás inar cinneadh corrlach dumpála aonair, eascraíonn sé ón oibleagáid atá sa chéad abairt d’Airteagal 9.2 nach mór méid iomchuí na dleachta frithdhumpála is féidir a fhorchur a bheith ina mhéid aonair freisin’.
(57) Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc EDT, EC — Fasteners (China), WT/DS397/AB/R, arna glacadh an 28 Iúil 2011, mír 383: ‘i gcás ina bhféadfaí a chinneadh gur soláthróir aonair iad onnmhaireoirí áirithe atá comhlachaithe [leis seo] ceanglaítear mar sin féin corrlach dumpála aonair a chinneadh le haghaidh an eintitis aonair, ar cheart é a bheith bunaithe ar mheánphraghsanna onnmhairiúcháin gach onnmhaireora aonair, agus ar dhleacht frithdhumpála aonair chomhfhreagrach a fhorchur’.
(58) rialachán (AE) Uimh. 765/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach comhaltaí den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 237, 3.9.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/765/oj).
(59) Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc EDT, EC — Fasteners (an tSín), WT/DS397/AB/R, mír 367.
(60) Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc EDT, EC — Fasteners (an tSín), WT/DS397/AB/R, mír 376.
(61) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493, aithris 104.
(62) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493, aithris 135.
(63) Fógra maidir le hEisiúint ‘an Dara Baisc de Phríomhthionscadail le haghaidh Leathnú agus Uasghrádú Acmhainneachta Fiontair Thionsclaíoch i gCúige Hunan’, Roinn Chúige Hunan um Thionscal agus Teicneolaíocht Faisnéise gxt.hunan.gov.cn, an 6 Nollaig 2023.
(64) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/274/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)