This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0264
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/264 of 27 October 2025 amending the regulatory technical standards laid down in Delegated Regulation (EU) 2018/1645 as regards the form and content of an application for recognition with the European Securities and Markets Authority and in Delegated Regulation (EU) 2018/1646 as regards the information to be provided in an application for authorisation and registration
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/264 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1645 a mhéid a bhaineann le foirm agus inneachar iarratais ar aitheantas leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1646 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar in iarratas ar údarú agus ar chlárú
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/264 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1645 a mhéid a bhaineann le foirm agus inneachar iarratais ar aitheantas leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1646 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar in iarratas ar údarú agus ar chlárú
C/2025/7091
IO L, 2026/264, 30.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/264/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/264 |
30.1.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/264 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1645 a mhéid a bhaineann le foirm agus inneachar iarratais ar aitheantas leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1646 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar in iarratas ar údarú agus ar chlárú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 32(9), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is aidhm do Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1645 ón gCoimisiún (2) a áirithiú go bhfaighidh ESMA faisnéis aonfhoirmeach agus chomhsheasmhach ó riarthóirí tagarmharcanna tríú tír a dhéanann iarratas ar aitheantas san Aontas. Le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), scriosadh an tagairt don Bhallstát tagartha ó Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/1011, agus aistríodh an inniúlacht riarthóirí tagarmharcanna tríú tír a aithint agus maoirseacht a dhéanamh orthu ó údaráis inniúla náisiúnta chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA). Chun na hathruithe sin a chur san áireamh, is gá Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1645 a leasú. |
|
(2) |
Is é is aidhm do Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1646 ón gCoimisiún (4) a áirithiú go bhfaighidh údaráis inniúla faisnéis aonfhoirmeach agus chomhsheasmhach ó riarthóirí tagarmharcanna atá lonnaithe san Aontas agus a dhéanann iarratas ar údarú nó ar chlárú. Chun a áirithiú go gcaitear le riarthóirí tagarmharcanna AE agus neamh-AE ar bhonn cothrom agus gur féidir maoirseacht a dhéanamh orthu ar an mbonn céanna, is gá Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1646 a ailíniú le haon leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1645. |
|
(3) |
Is léir ón taithí a fuarthas agus Rialacháin Tharmligthe (AE) 2018/1645 agus (AE) 2018/1646 á gcur i bhfeidhm gur gá an fhaisnéis maidir le líon fostaithe an iarratasóra a shonrú a thuilleadh. Chun tuairisciú éagsúil i measc iarratasóirí a sheachaint agus chun é a chur ar a gcumas do ESMA agus d’údaráis inniúla náisiúnta struchtúr eagraíochtúil iarratasóra a thuiscint, is gá a shonrú a thuilleadh gur cheart d’iarratasóirí an fhaisnéis faoi na fostaithe uile a thuairisciú, idir fhostaithe buana agus fhostaithe sealadacha, a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le soláthar tagarmhairc, agus gur cheart d’iarratasóirí forléargas iomlán a thabhairt ar a struchtúr, lena n-áirítear forléargas ar a ranna éagsúla. |
|
(4) |
Ceanglaítear le hAirteagal 4, mír 7 de Rialachán (AE) 2016/1011 go n-áiritheoidh riarthóirí tagarmharcanna go mbeidh na scileanna, an t-eolas agus an taithí is gá ag a bhfostaithe agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil dóibh nó faoina rialú agus a bhfuil baint dhíreach acu le tagarmharc a sholáthar le haghaidh na ndualgas a shanntar dóibh agus go mbeidh siad faoi réir bainistíocht agus maoirseacht éifeachtach. Chun a áirithiú go mbeidh na socruithe uile is gá bunaithe ag an riarthóir tagarmharcanna is iarratasóir, tráth an údaraithe nó an chlárúcháin, chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4, mír 7 de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh agus chun measúnú a dhéanamh ar inniúlachtaí, eolas agus taithí fhostaithe ábhartha an riarthóra, is iomchuí a cheangal go gcuirfear curriculum vitae isteach le haghaidh chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, na bhfostaithe atá freagrach as an bhfeidhm formhaoirseachta agus as na feidhmeanna laistigh den chreat rialaithe agus den fheidhm inmheánach. Ba cheart aird a thabhairt sa curriculum vitae ar fhaisnéis atá cothrom le dáta maidir le stair agus feidhmeanna fostaíochta na bhfostaithe ábhartha chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar chomhdhéanamh foriomlán agus ar éagsúlacht an chomhlachta bainistíochta agus ar a n-inniúlachtaí comhchoiteanna, a gcáilíochtaí gairmiúla agus a dtaithí, de réir mar is ábhartha maidir le gníomhaíochtaí an riarthóra tagarmharcanna agus maidir leis na rioscaí nach bhfuil sé faoi chosaint orthu. |
|
(5) |
Is é is cuspóir do Rialachán (AE) 2016/1011 cruinneas, stóinseacht, sláine agus neamhspleáchas na dtagarmharcanna agus an phróisis chun tagarmharcanna a chinneadh a áirithiú. Chuige sin, leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin ceanglais chun sláine agus iontaofacht na ndaoine a bhfuil baint acu le riarachán tagarmhairc a áirithiú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás inar cuid de chomhlachtaí iad na daoine sin nó ina ndéanann siad feidhmeanna a bhfuil cumhachtaí agus freagrachtaí sonracha cinnteoireachta nó formhaoirseachta agus maoirseachta acu, ar nós an chomhlachta bainistíochta agus na feidhme formhaoirseachta. Dá réir sin, chun a áirithiú go bhfuil na socruithe uile is gá bunaithe ag an riarthóir tagarmharcanna is iarratasóir, tráth an údaraithe nó an chlárúcháin, chun na ceanglais a chomhlíonadh chun sláine an chomhlachta bainistíochta agus an fheidhm formhaoirseachta a choimirciú, is gá, dá bhrí sin, féindearbhú a sholáthar do gach comhalta den chomhlacht bainistíochta agus d’fheidhm formhaoirseachta an iarratasóra chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach agus go n-oibríonn siad go hionraic, chun bainistíocht éifeachtach a ráthú agus chun muinín as ionracas agus neamhspleáchas ghníomhaíocht na dtagarmharcanna a choimirciú. |
|
(6) |
Leis an bhféindearbhú, ba cheart faisnéis a thabhairt maidir le heaspa ciontuithe in aon chion coiriúil agus aon imeachtaí de chineál araíonachta i ndáil le seirbhísí airgeadais a sholáthar, mí-iompar nó calaois nó aon chion i réimse an sciúrtha airgid nó an mhaoinithe sceimhlitheoireachta nó aon chion eile a bhainfeadh lena gcumas maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar tagarmhairc go hionraic. I ndáil leis sin, na daoine ar forchuireadh smachtbhannaí orthu go háirithe as cúbláil nó iarracht ar chúbláil faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), níor cheart iad a bheith ina gcomhaltaí den chomhlacht bainistíochta ná den fheidhm formhaoirseachta. |
|
(7) |
Chun é a chur ar a chumas do ESMA agus d’údaráis inniúla náisiúnta measúnú níos fearr a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le coinbhleachtaí leasa agus coimircí eagraíochtúla iarratasóra, ba cheart d’iarratasóirí faisnéis a sholáthar do ESMA, agus i gcás inarb ábhartha, d’údaráis inniúla náisiúnta, maidir leis an gcaoi a ndéantar soláthar tagarmharcanna a dheighilt go hoibríochtúil ó chodanna eile dá ngnó. Thairis sin, chun a mheas an gcomhlíonann iarratasóirí na ceanglais maidir le taifid a choimeád a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/1011, ba cheart d’iarratasóirí faisnéis a sholáthar do ESMA, agus i gcás inarb ábhartha, d’údaráis inniúla náisiúnta maidir le próisis ábhartha an iarratasóra chun taifid a choimeád. Ar deireadh, chun é a chur ar a chumas do ESMA agus, i gcás inarb ábhartha, d’údaráis inniúla náisiúnta, a mheas an bhfuil páirtithe leasmhara in ann fógra a thabhairt faoi ghearáin don iarratasóir lena mbaineann agus an bhfuil an t-iarratasóir in ann meastóireacht a dhéanamh ar ghearáin den sórt sin, ba cheart d’iarratasóirí faisnéis a sholáthar do ESMA, agus i gcás inarb ábhartha, d’údaráis inniúla náisiúnta, maidir leis an sásra láimhseála gearán sin. |
|
(8) |
Chun a áirithiú go mbeidh ESMA in ann gach iarratas ar aitheantas a fhaigheann sé a phróiseáil, ba cheart na hiarratais sin a dhéanamh i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil bunaithe, nó i gceann de na teangacha is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. |
|
(9) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo a chur dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. I ndáil leis sin, aon phróiseáil a dhéanann údaráis inniúla náisiúnta ar shonraí pearsanta agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus le ceanglais náisiúnta maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanfaidh ESMA agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
|
(10) |
Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla náisiúnta agus do ESMA measúnú a dhéanamh ar an iarratas tosaigh agus maoirseacht leanúnach a áirithiú, agus coimircí iomchuí á n-áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta agus do ESMA sonraí pearsanta a bhaineann le dea-cháil chomhlacht bainistíochta an riarthóra tagarmharcanna is iarratasóir agus na bhfostaithe atá freagrach as an bhfeidhm formhaoirseachta, nó comhaltaí a dhéanann an fheidhm formhaoirseachta, i gcás ina ndéanann coiste ar leithligh an fheidhm formhaoirseachta, a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis don duine sin scor dá fheidhm a chomhlíonadh. |
|
(11) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim an 11 Meitheamh 2025. |
|
(12) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin Tharmligthe (AE) 2018/1645 agus (AE) 2018/1646 a leasú dá réir sin. |
|
(13) |
Tá dlúthnasc idir na forálacha sa Rialachán seo, ós rud é go mbaineann siad leis an bhfaisnéis atá le soláthar in iarratas ar aitheantas mar riarthóir tagarmharcanna, nó in iarratas ar údarú nó ar chlárú mar riarthóir tagarmharcanna. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, ar forálacha iad ar cheart a theacht i bhfeidhm san am céanna, agus chun léargas cuimsitheach a éascú ar na critéir do pháirtithe leasmhara agus go háirithe do ESMA agus d’údaráis inniúla, is gá na forálacha sin a chur san áireamh i Rialachán Tarmligthe aonair. |
|
(14) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir ESMA faoi bhráid an Choimisiúin atá an Rialachán seo bunaithe. |
|
(15) |
Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1645
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1645 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas: ‘3. Na sonraí pearsanta a bhaineann le dea-cháil comhlachta bainistíochta riarthóra tagarmharcanna is iarratasóir agus na fostaithe atá freagrach as an bhfeidhm formhaoirseachta, nó dea-cháil comhaltaí a chomhlíonann an fheidhm formhaoirseachta, i gcás ina ndéanann coiste ar leithligh an fheidhm formhaoirseachta, coinneoidh riarthóirí tagarmharcanna iarrthacha agus ESMA iad chomh fada agus is gá chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas tosaigh agus ar an maoirseacht leanúnach, de réir mar is infheidhme agus tráth nach faide ná 5 bliana tar éis don duine sin scor dá fheidhm a chomhlíonadh.’ |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(3) |
cuirtear isteach Airteagal 2a seo a leanas: ‘Airteagal 2a Faisnéis atá le soláthar maidir le cineálacha sonracha tagarmharcanna 1. An t-iarratasóir nach soláthraíonn ach bonnrátaí úis, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
2. An t-iarratasóir nach soláthraíonn ach tagarmharcanna tráchtearraí, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1646
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1646 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear mír 5 seo a leanas leis: ‘5. Na sonraí pearsanta a bhaineann le dea-cháil comhlachta bainistíochta riarthóra tagarmharcanna is iarratasóir agus na bhfostaithe atá freagrach as an bhfeidhm formhaoirseachta, nó dea-cháil comhaltaí a chomhlíonann an fheidhm formhaoirseachta, i gcás ina ndéanann coiste ar leithligh an fheidhm formhaoirseachta, coinneoidh riarthóirí tagarmharcanna iarrthacha agus údarási inniúla iad chomh fada agus is gá chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas tosaigh agus ar an maoirseacht leanúnach, de réir mar is infheidhme agus tráth nach faide ná 5 bliana tar éis don duine sin scor dá fheidhm a chomhlíonadh.’ |
|
(2) |
cuirtear isteach Airteagal 1a seo a leanas: ‘Airteagal 1a Formáid an iarratais Déanfar an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur isteach trí mheán leictreonach mura sonraítear a mhalairt sa dlí náisiúnta is infheidhme. Na modhanna leictreonacha sin, áiritheoidh leo iomláine, sláine agus rúndacht na faisnéise le linn a tarchuir. Le gach doiciméad a chuirfear isteach, sainaithneofar go soiléir cén ceanglas sonrach den Rialachán seo dá dtagraíonn sé.’ |
|
(3) |
cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I; |
|
(4) |
Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 171, 29.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1011/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1645 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le foirm agus ábhar an iarratais ar aitheantas chuig údarás inniúil an Bhallstáit tagartha agus i ndáil leis an gcur i láthair faisnéise san fhógra don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) (IO L 274, 5.11.2018, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/1645/oj).
(3) Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2175/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1646 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil in iarratas ar údarú agus in iarratas ar chlárú (IO L 274, 5.11.2018, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/1646/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/596/oj).
(6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(7) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
IARSCRÍBHINN I
‘IARSCRÍBHINN
Faisnéis atá le soláthar san iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/1011
ROINN A
FAISNÉIS FAOIN DUINE IS SOLÁTHRAÍ AGUS FAOINA IONADAÍ DLÍTHIÚIL SAN AONTAS
1. FAISNÉIS GHINEARÁLTA
|
(a) |
ainm iomlán an iarratasóra agus a Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI), i gcás ina bhfuil sé ar fáil; |
|
(b) |
seoladh na hoifige sa tír ina bhfuil sí lonnaithe; |
|
(c) |
stádas dlíthiúil; |
|
(d) |
suíomh gréasáin, más ann dó; |
|
(e) |
i gcás ina ndéantar maoirseacht ar an iarratasóir sa tríú tír ina bhfuil sé lonnaithe, faisnéis faoina stádas údaraithe reatha, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí ar dó a údaraíodh iad, ainm agus seoladh údarás inniúil an tríú tír agus an nasc chuig clár an údaráis inniúil sin, i gcás ina bhfuil sé ar fáil; |
|
(f) |
i gcás ina mbíonn níos mó ná údarás amháin freagrach as maoirseacht, sonraí na réimsí inniúlachta faoi seach; |
|
(g) |
tuairisc ar na hoibríochtaí sin de chuid an iarratasóra san Aontas agus i dtríú tíortha atá ábhartha maidir le soláthar tagarmharcanna, mar aon le tuairisc ar an áit ina ndéantar na hoibríochtaí sin; |
|
(h) |
i gcás inar cuid de ghrúpa é an t-iarratasóir, a struchtúr grúpa, mar aon leis an gcairt úinéireachta, ina dtaispeántar na naisc idir aon mháthairghnóthas agus a fhochuideachtaí, agus na gnóthais agus na fochuideachtaí á sainaithint de réir ainm iomlán, stádas dlíthiúil agus seoladh na hoifige cláraithe agus na ceannoifige; |
|
(i) |
féindearbhú maidir le dea-cháil an iarratasóra, lena n-áirítear sonraí, i gcás inarb infheidhme, maidir le haon cheann díobh seo a leanas:
|
2. IONADAÍ DLÍTHIÚIL
I ndáil leis an ionadaí dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2016/1011, tugtar an méid seo a leanas:
|
(a) |
ainm iomlán; |
|
(b) |
teideal, i gcás duine nádúrtha, nó stádas dlíthiúil, i gcás duine dlítheanach; |
|
(c) |
i gcás duine dlítheanach, an gníomhas corpraithe, airteagail chomhlachais nó doiciméid bhunreachtúla eile; |
|
(d) |
cé acu atá nó nach bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil faoi mhaoirsiú údaráis mhaoirseachta; |
|
(e) |
seoladh; |
|
(f) |
seoladh ríomhphoist; |
|
(g) |
uimhir theileafóin; |
|
(h) |
cóip den cheapachán chun gníomhú mar ionadaí dlíthiúil, dá dtagraítear in Airteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2016/1011; |
|
(i) |
mionsonraí maidir leis an ionadaí dlíthiúil a fheidhm formhaoirseachta a fheidhmiú, is é sin feidhm a bhaineann le soláthar tagarmharcanna a fhéadfar a úsáid san Aontas; |
|
(j) |
ainm, teideal, seoladh, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin duine teagmhála laistigh den ionadaí dlíthiúil, i gcás inarb infheidhme. |
3. STRUCHTÚR AGUS RIALACHAS EAGRAÍOCHTÚIL
|
(a) |
an struchtúr eagraíochtúil inmheánach, dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 agus a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1350 ón gCoimisiún (1), i dtaca leis an mbord stiúrthóirí, coistí bainistíochta sinsearaí, feidhm formhaoirseachta agus aon chomhlacht inmheánach eile a fheidhmíonn feidhmeanna bainistíochta suntasacha agus a bhfuil baint aige le tagarmharc a sholáthar, lena n-áirítear:
|
|
(b) |
tuairisc ar na nósanna imeachta chun a áirithiú go bhfuil na hinniúlachtaí is gá ag na fostaithe agus ag aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil dóibh nó faoina rialú agus a bhfuil baint dhíreach acu le tagarmharc a sholáthar le haghaidh na ndualgas a shanntar dóibh agus go gcomhlíonann siad Airteagal 4(7), pointí (b) go (e), de Rialachán (AE) 2016/1011; |
|
(c) |
líon na bhfostaithe (sealadach agus buan) in aghaidh na feidhme a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le tagarmharc a sholáthar; |
|
(d) |
an curriculum vitae, lena n-áirítear stair fostaíochta gona ndátaí ábhartha, sainaithint na bpost a bhí ann roimhe sin agus tuairisc ar na feidhmeanna a rinneadh, le haghaidh gach ceann díobh seo a leanas:
|
|
(e) |
maidir le gach comhalta de chomhlacht bainistíochta an iarratasóra agus fostaithe atá freagrach as an bhfeidhm formhaoirseachta nó comhaltaí a chomhlíonann an fheidhm formhaoirseachta, i gcás ina ndéanann coiste ar leithligh an fheidhm formhaoirseachta, an fhaisnéis seo a leanas:
|
4. COINBHLEACHTAÍ LEASA
|
(a) |
beartais agus nósanna imeachta lena dtugtar aghaidh ar an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
i gcás tagarmhairc nó fine tagarmharcanna, liosta d’aon choinbhleacht leasa ábhartha iarbhír nó féideartha arna sainaithint, mar aon leis na bearta maolaithe faoi seach; |
|
(c) |
struchtúr an bheartais luacha saothair, lena sonraítear na critéir a úsáidtear chun luach saothair na ndaoine atá páirteach go díreach nó go hindíreach i ngníomhaíocht sholáthar na dtagarmharcanna a chinneadh. |
5. STRUCHTÚR RIALAITHE INMHEÁNAIGH, CREAT FORMHAOIRSEACHTA AGUS CUNTASACHTA
|
(a) |
beartais agus nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí soláthair tagarmhairc, nó fine tagarmharcanna, lena n-áirítear tagarmharcanna a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
tuairisc ar na nósanna imeachta inmheánacha chun sáruithe ar Rialachán (AE) 2016/1011 a dhéanann bainisteoirí, fostaithe agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí ar fáil don iarratasóir nó faoi rialú an iarratasóra a thuairisciú, dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/1011 agus a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1351 ón gCoimisiún (3). |
6. SEACHFHOINSIÚ
I gcás ina ndéantar aon ghníomhaíocht atá ina cuid den phróiseas chun tagarmharc nó fine tagarmharcanna a sholáthar a sheachfhoinsiú, tuairisc ar na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe seachfhoinsithe ábhartha, lena n-áirítear comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse, lena léirítear go gcomhlíontar Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/1011 nó Prionsabail chomhfhreagracha IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme.
7. PRIONSABAIL IOSCO A CHOMHLÍONADH
|
(a) |
i gcás ina mbeidh sé ar fáil, measúnú arna dhéanamh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách maidir le comhlíonadh na bprionsabal le haghaidh tagarmharcanna airgeadais a chomhaontaigh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) an 17 Iúil 2013 nó na Prionsabail le haghaidh Gníomhaireachtaí a Thuairiscíonn Praghas na hOla a chomhaontaigh IOSCO an 5 Deireadh Fómhair 2012, de réir mar is infheidhme; |
|
(b) |
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir faoi réir maoirseachta, deimhniú ó údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an t-iarratasóir lonnaithe, lena bhfianaítear comhlíonadh phrionsabail IOSCO dá dtagraítear i bpointe (a). |
8. FAISNÉIS EILE
Féadfaidh an t-iarratasóir aon fhaisnéis bhreise is ábhartha dá iarratas agus a mheasann sé a bheith iomchuí a sholáthar ar bhealach agus i bhfoirm a shonróidh ESMA.
ROINN B
FAISNÉIS FAOI NA TAGARMHARCANNA FAOI RAON FEIDHME
9. TUAIRISC AR NA TAGARMHARCANNA IARBHÍR NÓ IONCHASACHA NÓ AR NA FINTE TAGARMHARCANNA A FHÉADFAR A ÚSÁID SAN AONTAS
|
(a) |
liosta ina bhfuil na tagarmharcanna uile a sholáthar an t-iarratasóir atá in úsáid cheana san Aontas nó, i gcás inarb eol sin maidir le Tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide agus tagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1011, tá sé beartaithe iad a mhargú lena n-úsáid san Aontas agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, a nUimhreacha Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISINanna); |
|
(b) |
tuairisc ar an tagarmharc nó ar an bhfine tagarmharcanna arna soláthar agus atá in úsáid cheana san Aontas nó, i gcás inarb eol sin maidir le Tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide agus tagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1011, tá sé beartaithe iad a mhargú lena n-úsáid san Aontas, lena n-áirítear tuairisc ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil an tagarmharc nó an fhine tagarmharcanna beartaithe a thomhas, mar aon le léiriú ar na foinsí a úsáidtear chun na tuairiscí sin a sholáthar, agus tuairisc ar rannchuiditheoirí, más ann dóibh, don tagarmharc sin nó don fhine tagarmharcanna sin; |
|
(c) |
aon fhianaise dhoiciméadaithe go bhféadfar tagarmharc nó fine tagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (b) a mheas mar thagarmharcanna sonraí rialáilte agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé i dteideal na ndíolúintí a leagtar amach in Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2016/1011; |
|
(d) |
aon fhianaise dhoiciméadaithe go bhféadfar tagarmharc nó fine tagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (b) a mheas mar thagarmharc tráchtearraí, agus nach bhfuil sé bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí ar eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór, mar aon le haon fhianaise ar chur chun feidhme na gceanglas maidir le córas speisialta mar a leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/1011 agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin nó i bPrionsabail chomhfhreagracha IOSCO le haghaidh GTPanna; |
|
(e) |
aon fhianaise dhoiciméadaithe go bhféadfar tagarmharc nó fine tagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (b) a mheas mar bhunráta úis mar aon le haon fhianaise ar chur chun feidhme na gceanglas maidir le córas speisialta mar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1011 agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin; |
|
(f) |
aon fhianaise dhoiciméadaithe go n-úsáidtear tagarmharc nó fine tagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (b) laistigh de chríoch an Aontais; |
|
(g) |
an réasúnaíocht is bun le cur i bhfeidhm aon cheann de na díolúintí le haghaidh tagarmharcanna suntasacha a leagtar amach in Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 i leith an tagarmhairc; |
|
(h) |
faisnéis faoi bhearta chun dul i ngleic le ceartúcháin ar thagarmharc a chinneadh nó a fhoilsiú; |
|
(i) |
faisnéis faoin nós imeachta atá le déanamh ag an iarratasóir i gcás athruithe ar thagarmharc nó scor tagarmhairc, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2016/1011, nó dá dtagraítear i bPrionsabail chomhfhreagracha IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó le haghaidh PRAnna, de réir mar is infheidhme; |
|
(j) |
an ráiteas tagarmhairc le haghaidh gach tagarmhairc nó, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh gach fine tagarmharcanna, dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2016/1011 agus a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1643 ón gCoimisiún (4). |
Chun críocha phointe (f), san fhaisnéis a sholáthrófar, ar feadh eolas an iarratasóra, áireofar meastachán ar úsáid na dtagarmharcanna go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht infheistíochtaí a thomhas. Cinnfear an meastachán sin, a mhéid is féidir, ar bhonn Airteagail 1, 2 agus 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/66 (5) ón gCoimisiún maidir leis an measúnú ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
méid ainmniúil na n-ionstraimí airgeadais cé is moite de dhíorthaigh; |
|
(b) |
méid barúlach na ndíorthach; |
|
(c) |
glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a dhéanann tagairt do thagarmharcanna tríú tír, laistigh den Aontas, lena n-áirítear i gcás tagairt indíreach d’aon tagarmharc den sórt sin laistigh de theaglaim de thagarmharcanna. |
Chun críocha phointe (g), cuirfear an fhaisnéis i láthair, a mhéid is féidir, ar bhonn na formáide arna bunú le Rialachán Cur chun feidhme (AE) 2018/1106 ón gCoimisiún (6).
10. SONRAÍ IONCHUIR AGUS MODHEOLAÍOCHT
|
(a) |
i gcás gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna, tuairisc ar na beartais agus na nósanna imeachta i ndáil leis na ceanglais maidir le sonraí ionchuir a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2016/1011 agus a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1638 ón gCoimisiún (7); |
|
(b) |
i gcás gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna, i ndáil leis an modheolaíocht:
|
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1350 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais a bhaineann lena áirithiú go mbeidh socruithe rialachais riarthóra sách láidir (IO L 291, 13.8.2021, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1350/oj).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1637 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na nósanna imeachta agus na saintréithe a bhaineann leis an bhfeidhm formhaoirseachta (IO L 274, 5.11.2018, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/1637/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1351 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar saintréithe na gcóras agus na rialuithe chun aon iompar, a bhféadfaidh cúbláil ar thagarmharc nó iarracht ar chúbláil ar thagarmharc a bheith ag baint leis, a shainaithint agus a thuairisciú (IO L 291, 13.8.2021, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1351/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1643 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear a thuilleadh inneachar an ráitis tagarmhairc atá le foilsiú ag an riarthóir tagarmhairc agus na cásanna inar gá nuashonrú a dhéanamh ar an ráiteas sin (IO L 274, 5.11.2018, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/1643/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/66 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena sonraítear an chaoi a ndéanfar méid ainmniúil ionstraimí airgeadais seachas díorthaigh, méid barúlach na ndíorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a mheasúnú (IO L 12, 17.1.2018, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/66/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1106 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis na teimpléid don ráiteas comhlíontachta atá le foilsiú agus le coinneáil ar bun ag riarthóirí tagarmharcanna suntasacha agus neamhshuntasacha de bhun Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 202, 9.8.2018, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1106/oj).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1638 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear a thuilleadh conas a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir iomchuí agus infhíoraithe, agus na nósanna imeachta formhaoirseachta inmheánaí agus fíorúcháin rannchuiditheora nach mór do riarthóir tagarmhairc chriticiúil nó shuntasaigh a áirithiú go bhfuil siad i bhfeidhm i gcás ina bhfuil na sonraí ionchuir á rannchuidiú ó fheidhm oifige tosaigh (IO L 274, 5.11.2018, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/1638/oj).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1352 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais a bhaineann lena áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht lena gcinntear tagarmharc i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta (IO L 291, 13.8.2021, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1352/oj).
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN I
Faisnéis atá le soláthar in iarratas ar údarú faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/1011
1. FAISNÉIS GHINEARÁLTA
|
(a) |
ainm iomlán an iarratasóra agus a Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI), i gcás ina bhfuil sé ar fáil; |
|
(b) |
seoladh na hoifige cláraithe laistigh den Aontas; |
|
(c) |
stádas dlíthiúil; |
|
(d) |
suíomh gréasáin, más ann dó; |
|
(e) |
maidir leis an teagmhálaí, chun críche an iarratais:
|
|
(f) |
i gcás inar eintiteas faoi mhaoirseacht é an t-iarratasóir, faisnéis faoina stádas údaraithe atá ann faoi láthair, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a bhfuil sé údaraithe iad a dhéanamh agus a údarás inniúil ábhartha ina Bhallstát baile; |
|
(g) |
tuairisc ar oibríochtaí an iarratasóra san Aontas, bíodh sé faoi réir rialachán airgeadais nó ná bíodh, atá ábhartha maidir le gníomhaíocht an tsoláthair tagarmharcanna, mar aon le tuairisc ar an áit ina ndéantar na hoibríochtaí sin; |
|
(h) |
aon ghníomhas corpraithe, airteagail chomhlachais nó doiciméid bhunreachtúla eile; |
|
(i) |
i gcás inar cuid de ghrúpa é an t-iarratasóir, a struchtúr grúpa, mar aon leis an gcairt úinéireachta, ina dtaispeántar na naisc idir aon mháthairghnóthas agus fochuideachtaí, agus na gnóthais agus na fochuideachtaí á léiriú sa chairt de réir ainm iomlán, stádas dlíthiúil agus seoladh na hoifige cláraithe agus na ceannoifige; |
|
(j) |
féindearbhú maidir le dea-cháil lena n-áirítear sonraí, i gcás inarb infheidhme, maidir le haon cheann díobh seo a leanas:
|
|
(k) |
an líon tagarmharcanna a sholáthraítear. |
2. STRUCHTÚR AGUS RIALACHAS EAGRAÍOCHTÚIL
|
(a) |
an struchtúr eagraíochtúil inmheánach i ndáil leis an mbord stiúrthóirí, coistí bainistíochta sinsearaí, feidhm formhaoirseachta, agus aon chomhlacht inmheánach eile a fheidhmíonn feidhmeanna bainistíochta suntasacha a bhfuil baint aige le tagarmharc a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 agus mar a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1350 ón gCoimisiún (1), lena n-áirítear:
|
|
(b) |
tuairisc ar na nósanna imeachta chun a áirithiú go bhfuil na hinniúlachtaí is gá ag fostaithe an riarthóra agus ag aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil dóibh nó faoina rialú agus a bhfuil baint dhíreach acu le tagarmharc a sholáthar le haghaidh na ndualgas a shanntar dóibh agus go gcomhlíonann siad Airteagal 4(7), pointí (b) go (e), de Rialachán (AE) 2016/1011; |
|
(c) |
líon na bhfostaithe (sealadach agus buan) in aghaidh na feidhme a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le tagarmharc a sholáthar; |
|
(d) |
an curriculum vitae, lena n-áirítear stair fostaíochta gona ndátaí ábhartha, sainaithint na bpost a bhí ann roimhe sin agus tuairisc ar na feidhmeanna a rinneadh, le haghaidh gach ceann díobh seo a leanas:
|
|
(e) |
maidir le gach comhalta de chomhlacht bainistíochta an iarratasóra agus fostaithe atá freagrach as an bhfeidhm formhaoirseachta nó comhaltaí a chomhlíonann an fheidhm formhaoirseachta, i gcás ina ndéanann coiste ar leithligh an fheidhm formhaoirseachta, an fhaisnéis seo a leanas:
|
3. COINBHLEACHTAÍ LEASA
|
(a) |
Tuairisc ar na beartais agus na nósanna imeachta lena dtugtar aghaidh orthu seo a leanas:
|
|
(b) |
i gcás tagarmhairc nó fine tagarmharcanna, liosta d’aon choinbhleacht leasa ábhartha iarbhír nó féideartha arna sainaithint, mar aon leis na bearta maolaithe faoi seach; |
|
(c) |
struchtúr an bheartais luacha saothair, lena sonraítear na critéir a úsáidtear chun luach saothair na ndaoine atá páirteach go díreach nó go hindíreach i ngníomhaíocht sholáthar tagarmharcanna a chinneadh. |
4. STRUCHTÚR RIALAITHE INMHEÁNAIGH, CREAT FORMHAOIRSEACHTA AGUS CUNTASACHTA
|
(a) |
tuairisc ar na beartais agus nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí soláthair tagarmhairc, nó fine tagarmharcanna, lena n-áirítear tagarmharcanna a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
tuairisc ar na nósanna imeachta inmheánacha chun sáruithe ar Rialachán (AE) 2016/1011 a dhéanann bainisteoirí, fostaithe agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí ar fáil don iarratasóir nó faoi rialú an iarratasóra a thuairisciú, dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán sin, agus mar a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1351 ón gCoimisiún (3). |
5. TUAIRISC AR THAGARMHARCANNA FAOI RAON FEIDHME NÓ AR FHINTE TAGARMHARCANNA SA RAON FEIDHME ARNA SOLÁTHAR
|
(a) |
tuairisc ar thagarmharc nó ar fhine tagarmharcanna arna soláthar nó, i gcás inarb eol, i ndáil le Tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide agus tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1011, a bheartaíonn an t-iarratasóir a sholáthar agus an cineál tagarmhairc, lena n-áirítear meastachán ar úsáid na dtagarmharcanna go díreach nó go hindíreach laistigh de theaglaim de thagarmharcanna mar thagairt d’ionstraimí airgeadais nó do chonarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht infheistíochtaí a thomhas, chomh fada agus is eol don iarratasóir agus forálacha Rialachán (AE) 2016/1011 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/66 ón gCoimisiún (4) á gcur san áireamh, mar aon le léiriú ar na foinsí a úsáidtear chun cineál an tagarmhairc a chinneadh; |
|
(b) |
tuairisc ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc nó leis an bhfine tagarmharcanna, mar aon le léiriú ar na foinsí a úsáidtear chun an tuairisc sin a sholáthar; |
|
(c) |
tuairisc ar rannchuiditheoirí le tagarmharc nó fine tagarmharcanna, mar aon leis an méid seo a leanas:
|
|
(d) |
faisnéis faoi bhearta chun dul i ngleic le ceartúcháin ar thagarmharc nó ar fhine tagarmharcanna a chinneadh nó a fhoilsiú; |
|
(e) |
faisnéis faoin nós imeachta atá le tabhairt i gcrích ag an riarthóir i gcás athruithe ar thagarmharc, ar fhine tagarmharcanna nó scor tagarmhairc nó scor tagarmharcanna, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2016/1011; |
|
(f) |
liosta lena n-áirítear na tagarmharcanna uile arna soláthar ag an iarratasóir atá in úsáid cheana san Aontas agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, a nUimhreacha Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISINanna); |
|
(g) |
an ráiteas tagarmhairc le haghaidh gach tagarmhairc nó, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh gach fine tagarmharcanna, dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2016/1011 agus mar a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1643 ón gCoimisiún (5); |
|
(h) |
i gcás tagarmharcanna suntasacha, an réasúnaíocht is bun leis an riarthóir aon cheann de na díolúintí a liostaítear in Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 a chur i bhfeidhm. |
Chun críocha phointe (h), cuirfear an fhaisnéis i láthair, a mhéid is féidir, ar bhonn na formáide arna bunú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1348 ón gCoimisiún (6).
6. SONRAÍ IONCHUIR AGUS MODHEOLAÍOCHT
|
(a) |
i gcás gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna faoi raon feidhme, tuairisc ar na beartais agus na nósanna imeachta chun na ceanglais maidir le sonraí ionchuir a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh, agus a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1638 ón gCoimisiún (7); |
|
(b) |
i gcás gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna faoi raon feidhme, i ndáil leis an modheolaíocht:
|
7. SEACHFHOINSIÚ
I gcás ina ndéantar aon ghníomhaíocht atá ina cuid den phróiseas chun tagarmharc nó fine tagarmharcanna faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011 a sholáthar a sheachfhoinsiú, tuairisc ar na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe seachfhoinsithe ábhartha, lena n-áirítear comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse, lena n-áirithiú go gcomhlíontar Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/1011.
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1350 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais a bhaineann lena áirithiú go mbeidh socruithe rialachais riarthóra sách láidir (IO L 291, 13.8.2021, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1350/oj).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2018/1637 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na nósanna imeachta agus na saintréithe a bhaineann leis an bhfeidhm formhaoirseachta (IO L 274, 5.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/1637/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1351 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar saintréithe na gcóras agus na rialuithe chun aon iompar, a bhféadfaidh cúbláil ar thagarmharc nó iarracht ar chúbláil ar thagarmharc a bheith ag baint leis, a shainaithint agus a thuairisciú (IO L 291, 13.8.2021, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1351/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/66 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena sonraítear an chaoi a ndéanfar méid ainmniúil ionstraimí airgeadais seachas díorthaigh, méid barúlach na ndíorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a mheasúnú (IO L 12, 17.1.2018, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/66/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1643 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear a thuilleadh inneachar an ráitis tagarmhairc atá le foilsiú ag an riarthóir tagarmhairc agus na cásanna inar gá nuashonrú a dhéanamh ar an ráiteas sin (IO L 274, 5.11.2018, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/1643/oj).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1348 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir faoina bhféadfaidh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athruithe ar an ráiteas comhlíontachta maidir le tagarmharcanna neamhshuntasacha (IO L 291, 13.8.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1348/oj).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1638 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear a thuilleadh conas a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir iomchuí agus infhíoraithe, agus na nósanna imeachta formhaoirseachta inmheánaí agus fíorúcháin rannchuiditheora nach mór do riarthóir tagarmhairc chriticiúil nó shuntasaigh a áirithiú go bhfuil siad i bhfeidhm i gcás ina bhfuil na sonraí ionchuir á rannchuidiú ó fheidhm oifige tosaigh (IO L 274, 5.11.2018, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/1638/oj).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1352 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais a bhaineann lena áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht lena gcinntear tagarmharc i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta (IO L 291, 13.8.2021, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1352/oj).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1641 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear a thuilleadh an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag riarthóirí tagarmharcanna criticiúla nó suntasacha maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear chun an tagarmharc a chinneadh, maidir le hathbhreithniú inmheánach agus formheas na modheolaíochta agus maidir leis na nósanna imeachta chun athruithe ábhartha a dhéanamh ar an modheolaíocht (IO L 274, 5.11.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/1641/oj).
IARSCRÍBHINN III
‘IARSCRÍBHINN II
Faisnéis atá le soláthar in iarratas ar chlárú faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/1011
Ciallaíonn ‘A’ ‘Infheidhme’
Ciallaíonn ‘N/A’ ‘Neamhbhainteach’
|
Ítim in Iarscríbhinn I |
Eintitis faoi mhaoirseacht nach soláthraíonn ach tagarmharcanna neamhchriticiúla |
|||
|
||||
|
1(a) |
Ainm iomlán |
A |
||
|
1(b) |
Seoladh |
A |
||
|
1(c) |
Stádas dlíthiúil |
A |
||
|
1(d) |
Suíomh gréasáin |
A |
||
|
1(e) |
Duine teagmhála |
A |
||
|
1(f) |
Stádas údaraithe atá ann faoi láthair |
A (1) |
||
|
1(g) |
Oibríochtaí a rinneadh |
A (1) |
||
|
1(h) |
Doiciméid bhunreachtúla |
A (1) |
||
|
1(i) |
Struchtúr grúpa |
A (1) |
||
|
1(j) |
Féindearbhú dea-cháile |
A (1) |
||
|
1(k) |
Líon na dtagarmharcanna |
A |
||
|
||||
|
2(a) |
Struchtúr eagrúcháin inmheánach |
A |
||
|
2(b) |
Nósanna imeachta acmhainní daonna |
A |
||
|
2(c) |
An líon fostaithe |
A |
||
|
2(d) |
Curriculum Vitae |
A |
||
|
2(e) |
Comhaid taifid choiriúil agus féindearbhuithe dea-cháile |
A |
||
|
||||
|
3(a) |
Beartais agus nósanna imeachta |
A (2) |
||
|
3(b) |
Coinbhleachtaí leasa ábhartha |
A |
||
|
3(c) |
Struchtúr luacha saothair |
A |
||
|
||||
|
4(a) |
Beartais agus nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí soláthair tagarmhairc |
A |
||
|
4(b) |
Sáruithe a thuairisciú go hinmheánach |
A |
||
|
||||
|
5(a) |
Tuairisc |
A |
||
|
5(b) |
Bunmhargadh |
A |
||
|
5(c) |
Rannchuiditheoirí |
A |
||
|
5(d) |
Ceartúcháin |
A |
||
|
5(e) |
Scor an bhunmhargaidh agus athruithe air |
A |
||
|
5(f) |
Liosta tagarmharcanna |
A |
||
|
5(g) |
Ráiteas tagarmhairc |
A |
||
|
5(h) |
Díolúintí |
A |
||
|
||||
|
6(a) |
Beartais agus nósanna imeachta chun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh |
A |
||
|
6(b)(i) |
Cruthúnas doiciméadaithe maidir le hAirteagal 12 nó Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh |
A |
||
|
6(b)(ii) |
Cruthúnas doiciméadaithe maidir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh |
A |
||
|
||||
|
7 |
Beartais, nósanna imeachta agus socruithe seachfhoinsithe chun a léiriú go ndéantar Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh |
A |
||
|
||||
|
8 |
Faisnéis bhreise |
A |
||
(1) Mura ndéanann an t-údarás inniúil céanna maoirseacht cheana féin ar ghníomhaíochtaí eile seachas tagarmharcanna a sholáthar
(2) Féadfaidh iarratasóir a roghnú gan faisnéis a sholáthar a bhaineann le pointe 3(a)(iii) d’Iarscríbhinn I, i ndáil le tagarmharc suntasach a sholáthraíonn sé.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/264/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)