Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0256

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/256 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2026 maidir le tuairisciú sonraí lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 7c(2), Airteagal 8(1a), Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún

C/2026/85

IO L, 2026/256, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/256/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/256/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/256

9.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/256 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Eanáir 2026

maidir le tuairisciú sonraí lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 7c(2), Airteagal 8(1a), Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (1), agus go háirithe Airteagal 7c(2), Airteagal 8(1a), Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir le sonraí a thuairisciú do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘an Ghníomhaireacht’), leagtar amach mionsonraí na dtáirgí mórdhíola fuinnimh intuairiscithe agus na sonraí bunúsacha, bunaítear bealaí iomchuí le haghaidh tuairisciú sonraí agus leagtar amach uainiú agus rialtacht na dtuarascálacha sonraí.

(2)

Ar bhonn éabhlóid na margaí fuinnimh agus na géarchéime fuinnimh, rinneadh athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 i mí na Bealtaine 2024, lenar leathnaíodh raon feidhme na dtáirgí mórdhíola fuinnimh agus lenar tugadh isteach go héifeachtach roinnt cineálacha breise idirbheart atá le tuairisciú don Ghníomhaireacht chun formhaoirseacht éifeachtach na Gníomhaireachta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a áirithiú agus chun iad a fheabhsú agus a neartú a thuilleadh. Ní mór na hathruithe sin a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014.

(3)

Ar bhonn thaithí fhairsing na Gníomhaireachta ar chur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014, tá gá le hathruithe breise chun sláine agus trédhearcacht na margaí mórdhíola fuinnimh a neartú trí fheabhas a chur ar an gcreat tuairiscithe agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú tríd an tuairisciú laistigh den chreat sin a shimpliú.

(4)

De bharr líon na n-athruithe is gá, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil.

(5)

Chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na margaí mórdhíola fuinnimh ní mór faireachán rialta a dhéanamh ar shonraí idirbheart, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, chomh maith le sonraí maidir le socraíocht éagothroime, acmhainneacht agus úsáid saoráidí le haghaidh táirgeadh, stóráil, tomhailt nó tarchur leictreachais, gáis nádúrtha, lena n-áirítear Gás Nádúrtha Leachtaithe (‘GNL’), agus hidrigine.

(6)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, ceanglaítear ar an nGníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh san Aontas. Chun go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann an cúram atá uirthi a chomhlíonadh, ba cheart tacair iomlána faisnéise ábhartha a chur ar fáil di go tráthúil.

(7)

Ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh mionsonraí idirbheart maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh a bhaineann le soláthar, iompar nó stóráil leictreachais agus mionsonraí idirbheart maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh a bhaineann le soláthar agus iompar gáis nádúrtha, lena n-áirítear GNL, a thuairisciú don Ghníomhaireacht ar bhonn leanúnach.

(8)

Ós rud é go bhfeidhmíonn stóráil ar bhealach éagsúil i margaí gáis nádúrtha i gcomparáid le margaí leictreachais, ba cheart forálacha ar leithligh a leagan amach le haghaidh táirgí mórdhíola fuinnimh i ndáil le stóráil gáis nádúrtha, lena n-áirítear GNL, agus ba cheart déileáil le haon táirge mórdhíola fuinnimh a bhaineann le stóráil leictreachais ar an mbealach céanna le táirgí mórdhíola fuinnimh a bhaineann le soláthar leictreachais. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha uile maidir le hidirbhearta soláthair leictreachais a bheith i bhfeidhm maidir le stóráil leictreachais freisin.

(9)

Chun na hoibleagáidí tuairiscithe ar rannpháirtithe sa mhargadh a choinneáil chomh híseal agus is féidir, ba cheart sonraí áirithe faoi idirbhearta táirgí mórdhíola fuinnimh a thuairisciú don Ghníomhaireacht ar bhonn tréimhsiúil. Go sonrach, ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí tuairiscithe tréimhsiúla den sórt sin maidir le hidirbhearta a bhaineann le stóráil gáis nádúrtha, lena n-áirítear GNL, maidir le hidirbhearta a bhaineann le soláthar nó stóráil leictreachais nó le soláthar gáis nádúrtha, lena n-áirítear GNL, maidir le haonad tomhaltais aonair ina bhfuil cumas teicniúil 600 GWh/bliain nó níos mó a thomhailt agus a thugtar i gcrích thar an gcuntar, maidir le hidirbhearta a bhaineann le sásraí acmhainneachta chomh maith le hidirbhearta le haghaidh seirbhísí cothromúcháin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart mionsonraí idirbheart táirgí mórdhíola fuinnimh i ndáil le hidrigin a bheith faoi réir oibleagáidí tuairiscithe tréimhsiúla freisin. Chun cineál luathchéime an mhargaidh hidrigine a chur san áireamh, ba cheart dáta cur i bhfeidhm níos déanaí a bheith ag na hoibleagáidí tuairiscithe le haghaidh hidrigine agus ba cheart iad a bheith faoi réir díolúintí d’aonaid táirgthe atá teoranta go geografach agus d’aonaid táirgthe bheaga agus chomh maith le soláthar d’aonaid tomhaltais aonair áirithe le tomhaltas íseal.

(10)

Chun na hoibleagáidí tuairiscithe ar rannpháirtithe sa mhargadh a choinneáil chomh híseal agus is féidir, idirbhearta thar an gcuntar a dhéantar idir comhaltaí éagsúla den ghrúpa céanna cuideachtaí, a bhaineann le díol aschur saoráidí beaga táirgthe fuinnimh, nó a bhaineann le gréasáin píblínte réamhtheachtacha, orduithe a chuirtear i seirbhísí guthoibrithe bróicéirí agus nach bhfuil le feiceáil ar scáileáin leictreonacha, sásraí margadhbhunaithe le haghaidh athsheoladh agus aon mhionsonraí maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh atá nasctha le stóráil gáis nádúrtha, lena n-áirítear GNL, nach gcumhdaítear leis an gcreat tuairiscithe leanúnach nó tréimhsiúil, idirbhearta le haghaidh seirbhísí cothromúcháin gáis nach gcumhdaítear cheana leis an gcreat tuairiscithe leanúnach agus mionsonraí na leithdháiltí acmhainneachta príomhúla i gcás nár cuireadh isteach aon tairiscint agus nár leithdháileadh aon acmhainneacht mar thoradh ar an bpróiseas leithdháilte, níor cheart iad a thuairisciú don Ghníomhaireacht ach amháin arna iarraidh sin go réasúnaithe di. Is lú an seans, i bprionsabal, go mbeidh tionchar ag idirbhearta den sórt sin le haghaidh táirgí mórdhíola fuinnimh ar phraghsanna mórdhíola fuinnimh nó, per se, go mbeidh drochúsáid mhargaidh i margaí mórdhíola fuinnimh mar thoradh orthu.

(11)

Ní mór d’ionaid mhargaidh eagraithe, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, rochtain a thabhairt don Ghníomhaireacht, gan mhoill, ar an leabhar orduithe ionas go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann faireachán a dhéanamh ar thrádáil ar na margaí mórdhíola fuinnimh. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart iarrataí den sórt sin a bheith réasúnaithe i gcónaí, mar shampla trí amhras go bhféadfadh iompar áirithe a bheith ina shárú ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus go bhfeidhmeofaí é i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

(12)

Mar chuid den fhaisnéis atá le tuairisciú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, tá rannpháirtithe sa mhargadh chun faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht faoina neamhchosaintí, arna mionsonrú de réir táirge, lena n-áirítear na hidirbhearta a tharlaíonn thar an gcuntar. Cé nár cheart don Ghníomhaireacht faisnéis faoi neamhchosaintí rannpháirtithe sa mhargadh a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar a straitéisí fálaithe, ba cheart anailís a dhéanamh uirthi in éineacht leis na sonraí eile a fhaigheann an Ghníomhaireacht faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 chun cásanna féideartha drochúsáide margaidh a bhrath nó chun amhras faoi dhrochúsáid den sórt sin a dhíbhe. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis atá le tuairisciú suíomhanna rannpháirtithe sa mhargadh a eascraíonn as táirgí mórdhíola fuinnimh a thrádáil agus, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht agus chun neamhchosaintí a shuí, faisnéis faoina méideanna réamh-mheasta táirgthe leictreachais nó gáis nádúrtha – lena n-áirítear GNL – agus faisnéis faoina méideanna réamh-mheasta ídithe cumhachta nó gáis nádúrtha – lena n-áirítear GNL – bunaithe ar chonarthaí arna dtabhairt i gcrích lena gcustaiméirí. Ba cheart faisnéis a chur isteach maidir le suíomhanna in idirbhearta seachadta fhisicigh nó socraíochta airgid thirim laistigh de 18 mí, le haghaidh gach míosa ar feadh na 18 mí tar éis an lae dheireanaigh i ngach tréimhse thuairisciúcháin. I bhfianaise chineál réamhbhreathnaitheach na hoibleagáide sin, níor cheart gá a bheith le tuairisciú ar shonraí spotmhargaidh ó na creataí ama lá roimh ré agus ionlae. Níor cheart na suíomhanna a áirítear sa tuairisciú a ríomh ach uair amháin an lá deireanach sa tréimhse thuairisciúcháin. I bhfianaise phrionsabal na comhréireachta agus chun an t-ualach riaracháin ar rannpháirtithe sa mhargadh a theorannú, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas tuairiscithe maidir leis na rannpháirtithe sin sa mhargadh nach gcomhlíonann tairseach áirithe maidir le méideanna ábhartha fuinnimh chun táirgí mórdhíola fuinnimh a thrádáil. Maidir le hOibreoirí Córais Tarchurtha, Oibreoirí Córais Dáileacháin, Oibreoirí Córais Stórála, agus Oibreoirí Córais GNL a cheannaíonn gás nádúrtha nó leictreachas chun críoch riachtanais theicneolaíocha nó oibríochtúla an chórais a oibríonn siad, agus chun na gcríoch sin amháin, níor cheart dóibh faisnéis faoina neamhchosaintí a thuairisciú ach amháin arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht.

(13)

Déanfar aon taifead ar idirbhearta sa mhargadh mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, a thuairisciú don Ghníomhaireacht trí Shásraí Tuairiscithe Cláraithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil aon sonraí arna dtuairisciú ag ionad margaidh eagraithe, i.e. le haghaidh idirbhearta arna dtabhairt i gcrích ar an margadh ábhartha, chomh maith le haon sonraí arna dtuairisciú ag rannpháirtithe sa mhargadh, i.e. le haghaidh idirbhearta arna dtabhairt i gcrích thar an gcuntar, le tuairisciú don Ghníomhaireacht trí shásraí tuairiscithe cláraithe. Chun éifeachtacht an phróisis tuairiscithe a áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht liosta cothrom le dáta d’ionaid mhargaidh eagraithe a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun.

(14)

Le hAirteagal 8(4), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, ina leagtar amach na heintitis atá le faisnéis a sholáthar maidir le hidirbhearta sa mhargadh mórdhíola fuinnimh, déantar idirdhealú idir ionaid mhargaidh eagraithe agus córais meaitseála trádála. Le córas meaitseála trádála, éascaítear idirbhearta a dhéanamh trí chead a thabhairt orduithe a mheaitseáil chun táirgí mórdhíola fuinnimh a thrádáil. Éascaíonn roinnt córais meaitseála trádála meaitseáil orduithe a chuirtear thar ionaid mhargaidh eagraithe éagsúla, lena n-áirítear iad sin freisin a dhéantar trí na horduithe arna nginiúint ag córais, mar a thugtar orthu. Mar shampla, is córas meaitseála trádála í an Chúpláil Aonair Ionlae a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún (3) lena nasctar dhá ionad margaidh eagraithe nó níos mó. Cé nach measfar gur ionaid mhargaidh eagraithe iad córais meaitseála trádála lena nasctar dhá ionad margaidh eagraithe nó níos mó, gineann siad faisnéis ar cheart do ionaid mhargaidh eagraithe í a thuairisciú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus atá ina ceanglas chun críoch faireachais margaidh éifeachtaigh. Mar shampla, i gcás Cúpláil Aonair Ionlae, le halgartam córais meaitseála trádála, déantar leithdháileadh trasteorann acmhainneachta a bharrfheabhsú trí chomhiomlánú a dhéanamh ar na horduithe uile arna gcur isteach ag rannpháirtithe sa mhargadh trí Oibreoirí Ainmnithe Aonair sa Mhargadh Leictreachais (‘OAMLanna’), a mheastar gur ionaid mhargaidh eagraithe iad faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, agus na teorainneacha arna bhforchur leis an acmhainneacht trasteorann atá ar fáil á gcur san áireamh an tráth céanna. Tríd an algartam sin, éascaíonn an córas ‘Cúpláil Aonair Ionlae’ meaitseáil orduithe ar fud OAMLanna iomadúla. Ní i gcónaí a bhíonn an fhaisnéis bhreise a ghintear i gcomhthéacs an phróisis meaitseála sin ag na hionaid mhargaidh eagraithe aonair. Dá bhrí sin, sa chás sonrach ina nascann córas meaitseála trádála dhá ionad margaidh eagraithe nó níos mó, chun go mbeidh na hionaid mhargaidh eagraithe in ann a n-oibleagáidí tuairiscithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a chomhlíonadh, ba cheart d’oibreoir an chórais meaitseála trádála an fhaisnéis bhreise sin a ghintear ar leibhéal an chórais meaitseála trádála a thuairisciú don Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin do na hionaid mhargaidh eagraithe agus thar a gceann, nó do na hionaid mhargaidh eagraithe ábhartha ar choinníoll go gcuireann oibreoir an chórais meaitseála trádála an fhaisnéis a iarradh ar fáil dóibh. Níor cheart, áfach, go rachadh an fhaisnéis a iarrtar ar leibhéal na gcóras meaitseála trádála thar an bhfaisnéis faoi idirbhearta mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. A luaithe a iarrfar í, ba cheart an fhaisnéis a thuairisciú don Ghníomhaireacht ar bhonn leanúnach.

(15)

Tagraíonn tuairisciú dúbailte don tacar céanna sonraí maidir le hidirbheart áirithe a bheith á thuairisciú faoi chreataí reachtacha éagsúla. Chun tuairisciú dúbailte a sheachaint, ba cheart don Ghníomhaireacht sonraí a bhailiú faoi dhíorthaigh idirbheart a bhaineann le leictreachas, hidrigin nó gás nádúrtha a sholáthar, a iompar nó a stóráil, ar idirbhearta iad a tuairiscíodh i gcomhréir le rialacháin airgeadais an Aontais is infheidhme maidir le stórtha trádála nó le rialtóirí airgeadais ó na foinsí sin. Dá ainneoin sin, ba cheart ionaid mhargaidh eagraithe nó córais meaitseála trádála, a thuairiscigh mionsonraí na ndíorthach sin faoi rialacha airgeadais, faoi réir a gcomhaontaithe, a bheith in ann an fhaisnéis chéanna a thuairisciú don Ghníomhaireacht freisin.

(16)

Chun tuairisciú éifeachtúil agus faireachán spriocdhírithe a dhéanamh, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir conarthaí caighdeánacha agus neamhchaighdeánacha atá faoi réir gníomhaíocht trádála rannpháirtithe sa mhargadh. Ós rud é go bhfeidhmíonn praghsanna idirbheart a bhaineann le conarthaí caighdeánacha mar phraghsanna tagartha freisin chun conarthaí neamhchaighdeánacha a thrádáil, ba cheart don Ghníomhaireacht faisnéis a fháil maidir le hidirbhearta a thagraíonn do chonarthaí caighdeánacha ar bhonn leanúnach agus tráth nach déanaí ná 2 lá oibre tar éis an trádáil a thabhairt i gcrích nó an t-ordú a chur isteach nó tar éis don teagmhais saolré ábhartha tarlú, de réir mar a bheidh. Ba cheart mionsonraí na n-idirbheart a thagraíonn do chonarthaí neamhchaighdeánacha a thuairisciú tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an trádáil a thabhairt i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh, de réir mar a bheidh. Ba cheart sonraí margaidh GNL a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta chomh gar don fhíor-am agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de.

(17)

Tuairisceoidh rannpháirtithe sa mhargadh don Ghníomhaireacht agus do na húdaráis rialála náisiúnta freisin, arna iarraidh sin dóibh, ar bhonn rialta, sonraí i ndáil le hinfhaighteacht agus úsáid bonneagair táirgthe agus iompair fuinnimh lena n-áirítear GNL, saoráidí stórála chomh maith le sonraí maidir le sonraíocht éagothroime. D’fhonn an t-ualach tuairiscithe ar rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú agus an úsáid is fearr a bhaint as na foinsí sonraí atá ann cheana, ba cheart, nuair is féidir, Oibreoirí Córais Tarchurtha, an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (‘ENTSO-E’), an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (‘ENTSO-G’), oibreoirí córais GNL agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha a bheith rannpháirteach sa tuairisciú. Ba cheart Oibreoirí Córais Dáileacháin agus Páirtithe atá Freagrach as Cothromú a bheith i gceist leis an tuairisciú freisin, i gcás inarb ábhartha. Athraíonn rialtacht an tuairiscithe ag brath ar thábhacht agus infhaighteacht na sonraí. Ós rud é go mbailítear an fhaisnéis sin go príomha ó fhoinsí atá ann cheana, chun tuairisciú tráthúil a áirithiú agus an t-ualach ar na páirtithe tuairiscithe á theorannú an tráth céanna, ba cheart uainiú an tuairiscithe na hamlínte a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 543/2013 ón gCoimisiún (4) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a léiriú, agus faisnéis á tuairisciú a luaithe a bheidh sí ar fáil ar na hardáin Trédhearcachta ábhartha uile-Aontais nó laistigh de 2 lá tar éis an fhaisnéis a bheith ar fáil do na hoibreoirí ábhartha a luaitear thuas. I gcás ceanglais tuairiscithe, ba cheart oibleagáid na Gníomhaireachta a urramú gan faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil go poiblí agus gan ach faisnéis a fhoilsiú nó a chur ar fáil ar faisnéis í nach dócha go gcruthóidh sí aon saobhadh iomaíochta ar na margaí mórdhíola fuinnimh.

(18)

Tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint shoiléir ag na páirtithe tuairiscithe ar mhionsonraí na faisnéise is gá dóibh a thuairisciú. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht ábhar na faisnéise intuairiscithe a mhíniú i lámhleabhar d’úsáideoirí. Ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú freisin go dtuairisceofar an fhaisnéis i bhformáidí leictreonacha, ar a bhfuil rochtain éasca ag na páirtithe tuairiscithe.

(19)

Chun aistriú leanúnach agus sábháilte tacar iomlán sonraí a áirithiú, ba cheart do gach páirtí tuairiscithe a bheith freagrach as an bhfaisnéis atá faoina rialú, lena n-áirítear foinsí sonraí a fhíordheimhniú, sonraí a sheiceáil ar mhaithe le cruinneas agus iomláine agus leanúnachas gnó a áirithiú. Ba cheart nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm ag rannpháirtithe sa mhargadh agus ag ionaid mhargaidh eagraithe chun iomláine, cruinneas agus tráthúlacht na sonraí a chuirtear isteach trí shásraí tuairiscithe cláraithe a áirithiú.

(20)

Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith in ann faisnéis bhreise agus soiléirithe breise a iarraidh ar rannpháirtithe sa mhargadh agus ar pháirtithe tuairiscithe maidir leis na sonraí is gá a thuairisciú, ionas gur féidir leis an nGníomhaireacht a cúraimí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a chomhlíonadh. I ndáil leis sin, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith in ann rochtain a iarraidh ar na hidirbhearta déthaobhacha bunaidh arna dtabhairt i gcrích ag na rannpháirtithe sa mhargadh chun a fhíorú ar tuairiscíodh sonraí i gceart agus chun measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha bhreise nár áiríodh sa chéad tuairisciú sonraí.

(21)

Chun am a thabhairt do na páirtithe tuairiscithe ullmhú do na hoibleagáidí tuairiscithe nua a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart cur i bhfeidhm forálacha áirithe a chur siar. Féadfaidh tionchar a bheith ag cineál agus foinse na sonraí intuairiscithe ar na hacmhainní agus ar an am atá de dhíth ar na páirtithe tuairiscithe agus cur isteach na sonraí á ullmhú acu. Dá bhrí sin, agus chun a áirithiú gur féidir tuairisciú éifeachtúil a dhéanamh a luaithe is féidir, ba cheart an dáta cur i bhfeidhm a bhunú le haghaidh gach oibleagáide nua ar leithligh, ar bhonn na nósanna imeachta foluiteacha nach mór do na páirtithe tuairiscithe freastal orthu. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do thuairisciú ar neamhchosaint, agus tuairisciú sonraí margaidh GNL ina dhiaidh sin, agus ina dhiaidh sin ar deireadh na hoibleagáidí tuairiscithe nua atá fágtha, e.g. sonraí maidir le socraíocht éagothroime, idirbhearta a thuairiscítear go tréimhsiúil, tuairisciú ag córais meaitseála trádála agus tuairisciú ag Ardáin Faisnéise ón Taobh Istigh. Cuidíonn cur i bhfeidhm céimnithe an tuairiscithe sonraí leis an nGníomhaireacht freisin a hacmhainní a leithdháileadh ar bhealach níos fearr chun ullmhú chun an fhaisnéis a fháil. Idir an dá linn, chun leanúnachas gnó a áirithiú, ba cheart leanúint de thuairisciú sonraí bunaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 go dtí go dtiocfaidh na forálacha nua ábhartha i bhfeidhm.

(22)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(23)

Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann an Ghníomhaireacht faoin Rialachán seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Ba cheart don Ghníomhaireacht aon sonraí pearsanta a bhailítear faoin Rialachán seo a choinneáil de réir na dtréimhsí coinneála a shonraítear i mbeartas coinneála na Gníomhaireachta agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

(24)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1227/2011,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le soláthar sonraí don Ghníomhaireacht. Leagtar amach ann na mionsonraí maidir le sonraí margaidh GNL intuairiscithe, faisnéis a bhaineann le trádáil táirgí mórdhíola fuinnimh agus sonraí bunúsacha. Bunaítear leis freisin bealaí iomchuí chun sonraí a thuairisciú agus leagtar amach uainiú agus rialtacht na dtuarascálacha sonraí.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘sonraí bunúsacha’ faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí i ndáil le táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur leictreachais nó gáis nádúrtha, nó faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí GNL, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte saoráidí den sórt sin;

(2)

ciallaíonn ‘conradh caighdeánach’ conradh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh a ligtear isteach chun a thrádála in ionad margaidh eagraithe;

(3)

ciallaíonn ‘conradh neamhchaighdeánach’ conradh a bhaineann le haon táirge mórdhíola fuinnimh nach ligtear isteach chun a thrádála in ionad margaidh eagraithe;

(4)

ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(5)

ciallaíonn ‘idirbheart inghrúpa’ idirbheart a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh a dhéantar le contrapháirtí atá ina chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go n-áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán;

(6)

ciallaíonn ‘thar an gcuntar’ aon idirbheart a dhéantar lasmuigh d’ionad margaidh eagraithe;

(7)

ciallaíonn ‘ainmniúchán’:

(a)

i gcás leictreachais, fógra maidir le húsáid acmhainneachta traslimistéir ag sealbhóir ceart fisiceach tarchurtha agus ag a chontrapháirtí a thabhairt do na hOibreoirí Córais Tarchurtha ábhartha;

(b)

i gcás gás nádúrtha, an tuairisciú roimh ré a dhéanann úsáideoir an ghréasáin chuig an Oibreoir Córais Tarchurtha maidir leis an sreabhadh iarbhír ar mian le húsáideoir an ghréasáin a instealladh isteach sa chóras nó a bhaint uaidh;

(8)

ciallaíonn ‘fuinneamh cothromúcháin’ fuinneamh a úsáideann oibreoirí córais tarchurtha chun cothromú a dhéanamh;

(9)

ciallaíonn ‘acmhainneacht don chothromú’ toirt acmhainneachta ar chomhaontaigh soláthraí seirbhísí cothromúcháin a choinneáil ar bun agus ar chomhaontaigh an soláthraí seirbhísí cothromúcháin tairiscintí le haghaidh toirt chomhfhreagrach fuinnimh cothromúcháin a sheoladh chuig an oibreoir córais tarchurtha ar feadh ré an chonartha;

(10)

ciallaíonn ‘seirbhís cothromúcháin’:

(a)

i gcás leictreachais, seirbhís a sholáthraítear d’Oibreoir Córais Tarchurtha arb é atá inti acmhainneacht don chothromú nó fuinneamh cothromúcháin, nó acmhainneacht don chothromú agus fuinneamh cothromúcháin araon, a sholáthar,

(b)

i gcás gás nádúrtha, seirbhís a sholáthraítear d’Oibreoir Córais Tarchurtha chun déileáil le luaineachtaí gearrthéarmacha san éileamh ar ghás nádúrtha nó i soláthar gáis nádúrtha;

(11)

ciallaíonn ‘aonad tomhaltais’ acmhainn a fhaigheann leictreachas, gás nádúrtha nó hidrigin dá húsáid féin;

(12)

ciallaíonn ‘aonad táirgthe’ saoráid le haghaidh giniúint leictreachais atá comhdhéanta d’aonad giniúna amháin nó de chomhiomlánú d’aonaid ghiniúna;

(13)

beidh an bhrí chéanna le ‘páirtithe atá freagrach as cothromú’ agus atá leis in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

(14)

ciallaíonn ‘idirbheart’ aon trádáil agus ordú chun trádáil a dhéanamh, meaitseáilte nó gan chomhoiriúnú, nó conradh déthaobhach agus a fhorghníomhú a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear aon teagmhas saolré de chuid na trádála sin, ordú chun trádáil a dhéanamh nó conradh déthaobhach;

(15)

ciallaíonn ‘teagmhas saolré’ aon mhodhnú, cealú, ceartú, foirceannadh luath nó, i gcás inarb infheidhme, forghníomhú aon trádála, ordú chun trádáil a dhéanamh, meaitseáilte nó gan chomhoiriúnú, nó conradh déthaobhach a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh;

(16)

ciallaíonn ‘córas meaitseála trádála’ córas lena n-éascaítear meaitseáil orduithe chun trádáil a dhéanamh i dtáirgí mórdhíola fuinnimh agus i gcás ina dtugtar an t-idirbheart i gcrích lasmuigh den chóras meaitseála trádála;

(17)

ciallaíonn ‘saoráid stórála’:

(a)

i gcás leictreachais, saoráid stórála fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (60), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(b)

i gcás gás nádúrtha, saoráid stórála gáis nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (31), de Threoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(18)

ciallaíonn ‘córas iontrála-scoir’ córas iontrála-scoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (57), de Threoir (AE) 2024/1788;

(19)

ciallaíonn ‘sásra acmhainneachta’ sásra acmhainneachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (22), de Rialachán (AE) 2019/943;

(20)

ciallaíonn ‘hidrigin in-athnuaite’ hidrigin a cháilíonn mar bhithghás mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus hidrigin a cháilíonn mar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36), den Treoir sin;

(21)

ciallaíonn ‘hidrigin ísealcharbóin’ hidrigin ísealcharbóin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2024/1788;

(22)

ciallaíonn ‘athsheoladh’ athsheoladh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (26), de Rialachán (AE) 2019/943;

(23)

ciallaíonn ‘conarthaí difríochta’ conarthaí difríochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (76), de Rialachán (AE) 2019/943.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ TUAIRISCITHE MAIDIR LE hIDIRBHEARTA

Airteagal 3

Idirbhearta atá le tuairisciú ar bhonn leanúnach

Déanfar na hidirbhearta seo a leanas a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh a thuairisciú don Ghníomhaireacht ar bhonn leanúnach i gcomhréir leis na tráthchláir a bhunaítear in Airteagal 10:

(a)

maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh i ndáil le leictreachas a sholáthar nó a stóráil nó gás nádúrtha a sholáthar lena sheachadadh san Aontas nó i ndáil le leictreachas a sholáthar nó a stóráil a bhféadfadh seachadadh san Aontas a bheith mar thoradh air de bharr cúpláil aonair lá roimh ré agus cúpláil aonair ionlae:

(i)

aon idirbheart a bhaineann le soláthar nó stóráil leictreachais nó le soláthar gáis nádúrtha, a dhéantar nó a thrádáiltear i ngach tráthchlár, gan beann ar cá ndéantar iad a shocrú nó a thrádáil agus conas nó cathain, agus gan beann ar cé acu a dhéantar iad a cheantáil nó a thrádáil go leanúnach;

(ii)

aon idirbheart a bhaineann le roghanna, todhchaíochtaí, réamhchonarthaí, babhtálacha agus aon díorthach eile a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha lena n-áirítear conarthaí difríochta, gan beann ar an áit ná ar an gcaoi a dtrádáiltear iad;

(b)

maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh i ndáil le leictreachas nó gás nádúrtha a iompar san Aontas:

(i)

idirbhearta a bhaineann le gás nádúrtha a iompar idir córais iontrála-scoir san Aontas agus idir córais iontrála-scoir san Aontas agus córais tarchurtha lasmuigh den Aontas, nó idirbhearta a bhaineann le leictreachas a iompar mar thoradh ar leithdháileadh acmhainne príomha ag an Oibreoir Córais Tarchurtha nó thar a cheann, lena n-áirítear cearta acmhainne fisiceacha nó airgeadais;

(ii)

idirbhearta a bhaineann le gás nádúrtha a iompar idir córais iontrála-scoir san Aontas agus idir córais iontrála-scoir san Aontas agus córais tarchurtha lasmuigh den Aontas, nó idirbhearta a bhaineann le leictreachas a iompar idir rannpháirtithe sa mhargadh ar mhargaí tánaisteacha, lena sonraítear cearta, roghanna nó oibleagáidí maidir le hacmhainn fhisiceach nó airgeadais, lena n-áirítear acmhainneacht den sórt sin a athdhíol agus a aistriú;

(iii)

idirbhearta a bhaineann le roghanna, todhchaíochtaí, réamhchonarthaí, babhtálacha agus aon díorthach eile a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a iompar, lena n-áirítear conarthaí difríochta, gan beann ar an áit ná ar an gcaoi a dtrádáiltear iad.

Airteagal 4

Idirbhearta atá le tuairisciú ar bhonn tréimhsiúil

1.   Déanfar na hidirbhearta a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 2 go 8 a thuairisciú don Ghníomhaireacht ar bhonn tréimhsiúil.

2.   Maidir le hidirbhearta a bhaineann le leictreachas a sholáthar nó a stóráil nó gás nádúrtha a sholáthar d’aonad tomhaltais aonair ina bhfuil cumas teicniúil 600 GWh/bliain nó níos mó a thomhailt, mura dtugtar i gcrích iad in ionad margaidh eagraithe, tuairisceofar na hidirbhearta sin gach 6 mhí agus tráth nach déanaí ná an lá deireanach den 1ú mí den seimeastar ina dhiaidh sin. Gheobhaidh an soláthróir deimhniú óna chustaiméirí deiridh maidir le cumas teicniúil an aonaid tomhaltais atá i gceist 600 GWh/bliain nó níos mó a thomhailt.

3.   Idirbhearta a bhaineann le sásraí acmhainneachta arb é an toradh atá orthu an oibleagáid conradh a thairiscint chun leictreachas a sholáthar lena ngabhann seachadadh san Aontas, tuairisceofar na hidirbhearta sin ar bhonn bliantúil agus tráth nach déanaí ná an lá deireanach den 1ú mí den bhliain dár gcionn.

4.   Déanfar idirbhearta a bhaineann le seirbhísí cothromúcháin i ndáil le margaí leictreachais, gan beann ar a ngníomhachtú, a thuairisciú ar bhonn míosúil, agus tráth nach déanaí ná an lá deireanach den 2ú mí ón mí ina ndearnadh na hidirbhearta. Áireofar sna hidirbhearta tuairiscithe faisnéis ina gcuirtear in iúl ar glacadh leis an tairiscint agus, i gcás inarb infheidhme, tráth an ghníomhachtaithe. Déanfar an méid fuinnimh cothromúcháin ghníomhachtaithe a thuairisciú ar bhealach comhiomlánaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ar ghráinneacht 15 nóiméad.

5.   Idirbhearta a bhaineann le stóráil gáis nádúrtha san Aontas a thugtar i gcrích ar feadh tréimhse 12 mhí nó níos faide, mar thoradh ar leithdháileadh acmhainne príomha ag an Oibreoir Córais Stórála nó thar a cheann, lena sonraítear cearta nó oibleagáidí maidir le hacmhainn fhisiceach nó airgeadais, déanfar iad a thuairisciú ar bhonn míosúil, agus tráth nach déanaí ná an lá deireanach den mhí tar éis na míosa ina ndearnadh na hidirbhearta.

6.   Idirbhearta a bhaineann le stóráil gáis nádúrtha san Aontas a thugtar i gcrích ar feadh tréimhse 12 mhí nó níos faide, mar thoradh ar leithdháileadh acmhainne tánaistí lena sonraítear cearta nó oibleagáidí maidir le hacmhainn fhisiceach nó airgeadais, déanfar iad a thuairisciú ar bhonn míosúil, agus tráth nach déanaí ná an lá deireanach den mhí tar éis na míosa ina ndearnadh na hidirbhearta.

7.   Déanfar idirbhearta a bhaineann le roghanna, todhchaíochtaí, réamhchonarthaí, babhtálacha agus aon díorthach eile a bhaineann le stóráil gáis nádúrtha san Aontas a thuairisciú ar bhonn míosúil, agus tráth nach déanaí ná an lá deireanach den mhí tar éis na míosa ina ndearnadh na hidirbhearta.

8.   Tuairisceofar na hidirbhearta seo a leanas don Ghníomhaireacht uair sa bhliain agus tráth nach déanaí ná an lá deireanach den 1ú mí an bhliain ina dhiaidh sin, gan beann ar an áit ná ar an gcaoi ar tugadh i gcrích iad:

(a)

idirbhearta a bhaineann le soláthar hidrigine i gcás ina ndéantar an seachadadh san Aontas;

(b)

idirbhearta a bhaineann le hidrigin a iompar san Aontas agus idir gréasáin tarchurtha san Aontas agus gréasáin tarchurtha lasmuigh den Aontas;

(c)

idirbhearta a bhaineann le stóráil hidrigine san Aontas;

(d)

aon idirbheart a bhaineann le roghanna, todhchaíochtaí, réamhchonarthaí, babhtálacha agus aon díorthach eile a bhaineann le hidirbhearta, lena n-áirítear conarthaí difríochta a bhaineann le soláthar, iompar agus stóráil hidrigine san Aontas;

(e)

idirbhearta le haghaidh seirbhísí cothromúcháin sa hidrigin, lena n-áirítear acmhainneacht don chothromú agus margaí fuinnimh cothromúcháin.

9.   Beidh na hidirbhearta seo a leanas díolmhaithe ó na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach i mír 8:

(a)

idirbhearta a bhaineann le seachadadh fisiceach hidrigine arna táirgeadh ag saoráid táirgthe hidrigine aonair ina bhfuil acmhainneacht táirgeachta atá cothrom le 50 MW nó níos lú ná sin;

(b)

idirbhearta a bhaineann le soláthar nó iompar hidrigine i ngréasáin hidrigine atá teoranta go geografach de réir bhrí Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1788;

(c)

idirbhearta chun hidrigin a sholáthar d’aonad tomhaltais aonair ina bhfuil cumas teicniúil níos lú ná 600 GWh/bliain a thomhailt.

10.   Ní cheanglófar ar rannpháirtithe sa mhargadh nach ndéanann ach idirbhearta dá dtagraítear i mír 9, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo clárú leis an údarás rialála náisiúnta de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

11.   Coinneoidh rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil idirbhearta dá dtagraítear i míreanna 2 go 8 tugtha i gcrích acu taifead de shonraí na n-idirbheart sin, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis na hidirbhearta a thabhairt i gcrích. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis na hidirbhearta dá dtagraítear i mír 9.

Airteagal 5

Idirbhearta atá le tuairisciú arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht

1.   Ní bheidh na hidirbhearta seo a leanas a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh i ndáil le leictreachas nó gás nádúrtha intuairiscithe ach amháin ar iarraidh réasúnaithe ón nGníomhaireacht, agus ar bhonn ad hoc:

(a)

idirbhearta inghrúpa, ach amháin má thugtar i gcrích iad ar ionaid mhargaidh eagraithe;

(b)

idirbhearta maidir le seachadadh fisiceach leictreachais arna tháirgeadh ag aonad táirgthe aonair ina bhfuil acmhainneacht atá cothrom le 10 MW nó níos lú nó ag aonaid táirgthe ina bhfuil acmhainneacht chomhcheangailte atá cothrom le 10 MW nó níos lú ná sin, murach go dtugtar i gcrích iad ar ionaid mhargaidh eagraithe;

(c)

idirbhearta a bhaineann le seachadadh fisiceach gáis nádúrtha arna tháirgeadh ag saoráid táirgthe gáis nádúrtha aonair ina bhfuil acmhainneacht táirgeachta atá cothrom le 20 MW nó níos lú nó ag aonaid táirgthe ina bhfuil acmhainneacht chomhcheangailte atá cothrom le 20 MW nó níos lú ná sin, mura dtugtar i gcrích iad ar ionaid mhargaidh eagraithe;

(d)

idirbhearta a bhaineann le gréasáin píblínte réamhtheachtacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(16) de Threoir (AE) 2024/1788, ach amháin má thugtar i gcrích iad in ionaid mhargaidh eagraithe;

(e)

idirbhearta a bhaineann le stóráil gáis nádúrtha agus nach gcumhdaítear le hAirteagal 4 den Rialachán seo;

(f)

idirbhearta a bhaineann le bearta um athsheoladh margadhbhunaithe arna dtabhairt i gcrích idir Oibreoirí Córais Tarchurtha agus rannpháirtithe sa mhargadh, mura bhforáiltear dóibh cheana faoi Airteagail 3 nó 4 den Rialachán seo;

(g)

orduithe a dhéantar i seirbhísí guthoibrithe bróicéirí agus nach dtaispeántar ar scáileáin leictreonacha;

(h)

idirbhearta le haghaidh seirbhísí cothromúcháin gáis nár tuairiscíodh cheana faoi Airteagal 3;

(i)

mionsonraí na leithdháiltí acmhainneachta príomha i gcás nár cuireadh aon tairiscint isteach agus nár leithdháileadh aon acmhainneacht mar thoradh ar an bpróiseas leithdháilte.

2.   Ní cheanglófar ar rannpháirtithe sa mhargadh nach ndéanann ach idirbhearta dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), (c) nó (d) den Airteagal seo clárú leis an údarás rialála náisiúnta de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

3.   Rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil idirbhearta dá dtagraítear i mír 1 tugtha i gcrích acu, coinneoidh siad taifead de shonraí na n-idirbheart sin ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis na hidirbhearta a thabhairt i gcrích.

4.   Má eisíonn an Ghníomhaireacht iarraidh ad hoc de bhun mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh sí údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an rannpháirtí sa mhargadh cláraithe ar an eolas de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

Airteagal 6

Tuairisciú ar neamhchosaint

1.   Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh suíomhanna a eascraíonn as trádáil táirgí mórdhíola fuinnimh a thuairisciú don Ghníomhaireacht uair sa ráithe (an ‘tréimhse thagartha’), agus tráth nach déanaí ná an lá deireanach den mhí tar éis lá deireanach na tréimhse tagartha. Déanfar an chéad tuairisciú i mí Dheireadh Fómhair 2027.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 beidh suíomhanna rannpháirtithe sa mhargadh i dtáirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann seachadadh fisiceach nó socraíocht airgid laistigh de 18 mí tar éis lá deireanach na tréimhse tagartha, gan beann ar an áit ná ar an gcaoi a ndéantar an ghníomhaíocht sin, lena n-áirítear idirbhearta inghrúpa.

3.   Déanfar an fhaisnéis a liostaítear i mír 2:

(a)

a thuairisciú ar leithligh i gcás leictreachais agus gás nádúrtha, lena n-áirítear GNL;

(b)

a thuairisciú in aghaidh an phointe seachadta nó an chreasa seachadta mar atá sainithe ag an nGníomhaireacht;

(c)

a thuairisciú in aghaidh chineál an táirge;

(d)

a dhifreáil idir suíomhanna inghrúpa agus neamh-inghrúpa; agus

(e)

a chomhiomlánú de réir na míosa, le haghaidh gach ceann de na 18 mí tar éis an lae dheireanaigh den tréimhse thagartha, arna ríomh ar an lá deireanach den tréimhse thagartha.

4.   Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a leagtar amach i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

toirt mhíosúil réamh-mheasta táirgthe leictreachais nó gáis nádúrtha in aghaidh an phointe seachadta nó an chreasa seachadta agus le haghaidh na tréimhse tuairisciúcháin arna sainiú ag an nGníomhaireacht; agus

(b)

toirt mhíosúil réamh-mheasta tomhaltais leictreachais nó gáis nádúrtha, in aghaidh an phointe seachadta nó an chreasa seachadta agus le haghaidh na tréimhse tuairisciúcháin arna sainiú ag an nGníomhaireacht, bunaithe ar chonarthaí an rannpháirtí sa mhargadh arna dtabhairt i gcrích lena chustaiméirí.

5.   Rannpháirtithe sa mhargadh ag a bhfuil suíomhanna dá dtagraítear i mír 2 faoi bhun 600 GWh ar bhonn bliantúil, arna measúnú ar leithligh le haghaidh leictreachais agus gás nádúrtha, ní cheanglófar orthu an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach.Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh a mheasúnú an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag an tairseach sin le haghaidh méideanna fuinnimh ina gcás féin ar bhonn bliantúil ag deireadh gach bliana féilire.

Déanfar an tairseach 600 GWh a mheasúnú mar shuim dearbhluachanna míosúla a eascraíonn as mír 2.

6.   Maidir le hOibreoirí Córais Tarchurtha, Oibreoirí Córais Dáileacháin, Oibreoirí Córais Stórála, agus Oibreoirí Córais GNL a cheannaíonn gás nádúrtha nó leictreachas chun críocha riachtanais theicneolaíocha nó oibríochtúla an chórais a oibríonn siad, agus chun na gcríoch sin amháin, ní dhéanfaidh siad an fhaisnéis a leagtar amach san Airteagal seo a thuairisciú ach amháin arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht.

7.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh ar rannpháirtithe sa mhargadh faisnéis agus soiléirithe a sholáthar i ndáil leis an bhfaisnéis arna tuairisciú de bhun an Airteagail seo.

8.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin bunaithe ar an bhfaisnéis arna tuairisciú de bhun an Airteagail seo. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, sa tuarascáil, i bhfianaise fhorbairtí an mhargaidh fuinnimh, measúnú a sholáthar an leanann an creat is infheidhme maidir le tuairisciú ar neamhchosaint agus caighdeáin tuairiscithe de bheith oiriúnach chun sláine agus trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú.

Airteagal 7

Mionsonraí na n-idirbheart intuairiscithe

1.   Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a bheidh le tuairisciú de bhun Airteagal 3:

(a)

i ndáil le hidirbhearta a thagraíonn do chonarthaí caighdeánacha maidir le leictreachas a sholáthar nó a stóráil nó maidir le gás nádúrtha a sholáthar, na mionsonraí a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn;

(b)

i ndáil le hidirbhearta a thagraíonn do chonarthaí neamhchaighdeánacha maidir le leictreachas a sholáthar nó a stóráil nó maidir le gás nádúrtha a sholáthar, na mionsonraí a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn;

(c)

i ndáil le hidirbhearta a thagraíonn do chonarthaí caighdeánacha agus neamhchaighdeánacha maidir le leictreachas a iompar, na mionsonraí a leagtar amach i dTábla 3 den Iarscríbhinn;

(d)

i ndáil le hidirbhearta a thagraíonn do chonarthaí caighdeánacha agus neamhchaighdeánacha maidir le gás nádúrtha a iompar, na mionsonraí a leagtar amach i dTábla 4 den Iarscríbhinn;

(e)

i ndáil le hidirbhearta a thagraíonn do chonarthaí caighdeánacha maidir le leictreachas nó gás nádúrtha a sholáthar agus a iompar i gcomhréir le hAirteagal 9, na mionsonraí a leagtar amach i dTábla 5 den Iarscríbhinn, i gcás inarb infheidhme.

Déanfar mionsonraí idirbheart a tugadh i gcrích faoi chuimsiú conarthaí neamhchaighdeánacha, lena n-áirítear a bhforghníomhú, ina sonrófar ar a laghad toirt agus praghas glan amháin, a thuairisciú trí úsáid a bhaint as Tábla 1 den Iarscríbhinn.

2.   Áireofar san fhaisnéis atá le tuairisciú de bhun Airteagail 7c agus 7d de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 na sonraí a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn.

3.   Áireofar an méid seo a leanas i mionsonraí na n-idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 4(8):

(a)

cód clárúcháin na Gníomhaireachta maidir leis na rannpháirtithe sa mhargadh a dhéanann an t-idirbheart;

(b)

stampa ama an idirbhirt;

(c)

faisnéis maidir leis an bpróifíl seachadta, i gcás inarb infheidhme;

(d)

an cineál hidrigine, amhail hidrigin in-athnuaite nó hidrigin ísealcharbóin, i gcás inarb infheidhme;

(e)

praghas agus cainníocht;

(f)

an pointe seachadta nó an crios seachadta;

(g)

faisnéis faoin gconradh arna thrádáil.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht mionsonraí teicniúla na faisnéise intuairiscithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo agus in Airteagail 4, 5 agus 6 a leagan amach i lámhleabhar d’úsáideoirí agus, tar éis di dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus leis an gCoimisiún, cuirfidh sí ar fáil don phobal í ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le páirtithe ábhartha agus leis an gCoimisiún maidir le nuashonruithe ábhartha ar an lámhleabhar d’úsáideoirí. Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh faisnéis intuairiscithe faoi bhráid na Gníomhaireachta i gcomhréir leis an lámhleabhar d’úsáideoirí.

Airteagal 8

Bealaí tuairiscithe le haghaidh idirbheart

1.   Tuairisceoidh ionaid mhargaidh eagraithe don Ghníomhaireacht sonraí a bhaineann leis na leabhair orduithe, lena n-áirítear orduithe meaitseáilte agus orduithe gan chomhoiriúnú, trádálacha agus teagmhais saolré a tharlaíonn ar an ionad margaidh eagraithe, i ndáil leis na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5.

Maidir le hAirteagal 3, pointe (a), tosóidh ionaid mhargaidh eagraithe, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, ar mhionsonraí na n-orduithe arna nginiúint ag an gcóras a thuairisciú don Ghníomhaireacht.

Maidir le hAirteagal 3, pointe (b)(i), déanfaidh an t-ionad margaidh eagraithe ar leith na mionsonraí maidir le leithdháiltí acmhainne príomhúla i gcás nár leithdháileadh aon acmhainneacht mar thoradh ar an bpróiseas leithdháilte a thuairisciú don Ghníomhaireacht freisin.

Maidir le hAirteagal 3, pointe (b)(ii), tuairisceoidh ionaid mhargaidh eagraithe don Ghníomhaireacht idirbhearta a dhéantar nó a chláraítear ar a n-ardán mar thoradh ar an leithdháileadh tánaisteach, gan beann ar an áit ina ndéantar an leithdháileadh.

Tuairisceoidh ionaid mhargaidh eagraithe na sonraí dá dtagraítear sa mhír seo don Ghníomhaireacht thar ceann na rannpháirtithe sa mhargadh uile atá gníomhach ar a n-ardán, agus ar an gcaoi sin comhlíonfaidh siad oibleagáidí tuairiscithe na rannpháirtithe sin sa mhargadh de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. Ní dhéanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh na sonraí sin a thuairisciú don Ghníomhaireacht.

2.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht na cúiseanna is bonn le haon iarraidh ar rochtain ar an leabhar orduithe arna cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(1a), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. Feidhmeofar an iarraidh ar bhealach comhréireach agus áiritheofar léi rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaightear. Cinnfidh an Ghníomhaireacht ar bhonn cás ar chás an sprioc-am faoina ndéanfar rochtain ar an leabhar orduithe a sholáthar di. Beidh an sprioc-am sin comhréireach le cineál na hiarrata.

3.   Arna iarraidh sin do rannpháirtí sa mhargadh, cuirfidh an t-ionad margaidh eagraithe sonraí tuairiscithe ábhartha an rannpháirtí sin sa mhargadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na sonraí tuairiscithe sin i gcomhréir le rialacha bailíochtaithe na Gníomhaireachta, ar fáil don rannpháirtí sa mhargadh ar bhonn leanúnach.

Coinneoidh ionaid mhargaidh eagraithe taifead de na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an lae a rinneadh an t-idirbheart.

4.   Tuairisceoidh rannpháirtithe sa mhargadh don Ghníomhaireacht mionsonraí na n-idirbheart dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a tharla lasmuigh d’ionad margaidh eagraithe.

Tuairisceoidh rannpháirtithe sa mhargadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 don Ghníomhaireacht.

5.   Ionas go gcomhlíonfaidh na hionaid mhargaidh eagraithe a n-oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh faisnéis don ionad margaidh eagraithe ina ndéantar an trádáil, ar faisnéis í nach bhfuil ar fáil cheana féin don ionad margaidh eagraithe.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo ar fáil don ionad margaidh eagraithe tráth nach déanaí ná tráth an tuairiscithe mar a leagtar amach in Airteagal 10 agus tuairisceoidh an t-ionad margaidh eagraithe don Ghníomhaireacht í, mar chuid d’oibleagáid tuairiscithe an ionaid margaidh eagraithe a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

6.   Maidir le faisnéis i ndáil le táirgí mórdhíola fuinnimh arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) nó le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), soláthrófar don Ghníomhaireacht í, de réir mar is iomchuí, trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(a)

stórtha trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b)

sásraí tuairiscithe formheasta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;

(c)

na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014,

(d)

an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

7.   I gcás ina mbeidh mionsonraí idirbheart tuairiscithe ag daoine i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, measfar go bhfuil a n-oibleagáidí maidir le tuairisciú na mionsonraí sin faoi Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 comhlíonta.

8.   I gcás ina dtuairiscíonn sásra tuairiscithe cláraithe thar ceann contrapháirtí amháin nó thar ceann an dá chontrapháirtí, nó i gcás ina dtuairiscíonn contrapháirtí amháin mionsonraí idirbheart a tugadh i gcrích lasmuigh d’ionad margaidh eagraithe freisin thar ceann an chontrapháirtí eile, beidh sa tuarascáil sonraí ábhartha an chontrapháirtí i ndáil le gach ceann de na contrapháirtithe agus tacar iomlán na mionsonraí a thuairisceofaí dá mba rud é go ndearna gach contrapháirtí na hidirbhearta a thuairisciú ar leithligh.

9.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh GNL, agus ar pháirtithe tuairiscithe faisnéis bhreise agus soiléirithe breise a sholáthar, a bhféadfadh rochtain ar na conarthaí bunaidh a bheith san áireamh leo, i ndáil leis na sonraí atá le tuairisciú de bhun an Rialacháin seo.

10.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht liosta d’ionaid mhargaidh eagraithe a tharraingt suas agus a fhoilsiú ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht an liosta sin cothrom le dáta go tráthúil.

11.   Tabharfaidh ionaid mhargaidh eagraithe fógra don Ghníomhaireacht ionas go n-áireofar iad ar an liosta agus cuirfidh siad isteach sonraí tagartha sainaitheanta sula ndéanfar an chéad tuairisciú faoi Airteagal 8(1) den Rialachán seo. Cuirfidh ionaid mhargaidh eagraithe nuashonruithe ar a bhfaisnéis isteach, go tráthúil, nuair a tharlaíonn athrú. Ní thabharfaidh ionaid mhargaidh eagraithe atá san áireamh cheana féin i liosta na n-ionad margaidh eagraithe a bhunaítear faoi Airteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 fógra nua don Ghníomhaireacht.

12.   Má theipeann ar ionad margaidh eagraithe fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht de bhun mhír 11, féadfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis is gá a iarraidh ar an ionad margaidh eagraithe sin agus cuirfidh sí an t-ionad margaidh eagraithe ar an liosta.

13.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh ar ionaid mhargaidh eagraithe tuilleadh sonraí agus soiléirithe a sholáthar i ndáil leis an bhfaisnéis arna cur isteach de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 9

Idirbhearta a fhorghníomhaítear trí chórais meaitseála trádála

1.   I gcás ina ndéanfar idirbhearta trí chórais meaitseála trádála lena nasctar dhá ionad margaidh eagraithe nó níos mó, déanfaidh na hionaid mhargaidh eagraithe ábhartha faisnéis faoi na hidirbhearta sin atá le tuairisciú don Ghníomhaireacht de bhun an Rialacháin seo a thuairisciú, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 8(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.   Mura bhfuil an fhaisnéis atá le tuairisciú ag na hionaid mhargaidh eagraithe dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do na hionaid mhargaidh eagraithe ábhartha, ach í a bheith ar fáil don chóras meaitseála trádála, déanfaidh oibreoir an chórais meaitseála trádála sin, arna iarraidh sin do na hionaid mhargaidh eagraithe, ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis nach bhfuil ar fáil do na hionaid mhargaidh eagraithe sin a thuairisciú don Ghníomhaireacht, thar ceann ionaid mhargaidh eagraithe; nó

(b)

an fhaisnéis nach bhfuil ar fáil dóibh a sholáthar do na hionaid mhargaidh eagraithe ábhartha, ionas gur féidir leis na hionaid mhargaidh eagraithe an fhaisnéis sin a thuairisciú don Ghníomhaireacht.

3.   Leagtar amach i dTábla 5 den Iarscríbhinn an fhaisnéis atá le tuairisciú don Ghníomhaireacht i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 10

Uainiú chun idirbhearta a thuairisciú

1.   Déanfar mionsonraí na n-idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a), a bhaineann le conarthaí caighdeánacha a thuairisciú a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 2 lá oibre tar éis an trádáil a thabhairt i gcrích nó an t-ordú a chur isteach nó tar éis don teagmhais saolré tarlú.

2.   I gcás margaí ceantála nach ndéantar orduithe infheicthe go poiblí iontu, ní thuairisceofar ach trádálacha a tugadh i gcrích agus orduithe críochnaitheacha a bhreithnítear sa cheant faoi Airteagal 3, pointe (a). Déanfar na trádálacha agus na horduithe sin a thuairisciú tráth nach déanaí ná 2 lá oibre tar éis an cheant.

3.   Déanfar mionsonraí na n-idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a), a bhaineann le conarthaí agus idirbhearta neamhchaighdeánacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír, a thuairisciú tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an trádáil a thabhairt i gcrích, nó tar éis don teagmhais saolré tarlú.

4.   Déanfar mionsonraí na n-idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (b), a bhaineann le conarthaí caighdeánacha a thuairisciú a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 2 lá oibre tar éis do thorthaí an leithdháilte a bheith ar fáil nó tar éis don teagmhas saolré tarlú.

5.   Déanfar mionsonraí na n-idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (b), a bhaineann le conarthaí neamhchaighdeánacha a thuairisciú a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an trádáil a tabhairt i gcrích nó tar éis don teagmhais saolré tarlú.

6.   Cuirfear sonraí margaidh GNL faoi bhráid na Gníomhaireachta chomh gar d’fhíor-am agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de nuair a thiocfar ar chomhaontú críochnaitheach maidir leis an idirbheart idir na contrapháirtithe, nó nuair a dhéanfar na tairiscintí ceannaigh nó na tairiscintí díola.

CAIBIDIL III

SONRAÍ BUNÚSACHA A THUAIRISCIÚ

Airteagal 11

Rialacha maidir le sonraí bunúsacha faoi leictreachas a thuairisciú

1.   Déanfaidh ENTSO-E, thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh, faisnéis a thuairisciú don Ghníomhaireacht maidir le hacmhainneacht agus úsáid na saoráidí le haghaidh táirgeadh, tomhaltas agus tarchur leictreachais, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte agus neamhphleanáilte na saoráidí sin, dá dtagraítear in Airteagail 6 go 17 de Rialachán (AE) Uimh. 543/2013. Tuairisceofar an fhaisnéis tríd an ardán lárnach um thrédhearcacht faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin.

2.   Cuirfidh ENTSO-E an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don Ghníomhaireacht a luaithe a bheidh sí ar fáil ar an ardán lárnach um thrédhearcacht faisnéise.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 543/2013 ar fáil don Ghníomhaireacht i bhfoirm dhíchomhiomlánaithe, lena n-áirítear ainm agus suíomh an aonaid tomhaltais dá dtagraítear, tráth nach déanaí ná an lá oibre dár gcionn.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 543/2013 ar fáil don Ghníomhaireacht tráth nach déanaí ná an lá oibre dár gcionn.

3.   Déanfaidh Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais ainmniúcháin chríochnaitheacha idir criosanna tairisceana ina sonrófar céannacht na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an chainníocht atá sceidealta a thuairisciú don Ghníomhaireacht agus, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil tráth nach déanaí ná 2 lá oibre dár gcionn.

4.   Tuairisceoidh Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais don Ghníomhaireacht agus, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 sonraí maidir le socraíocht éagothroime, lena léirítear míchothromaíochtaí, suíomhanna deiridh, méideanna leithdháilte agus, i gcás inarb infheidhme, coigeartuithe éagothroime. Soláthrófar an fhaisnéis sin in aghaidh an pháirtí atá freagrach as cothromú agus in aghaidh na tréimhse socraíochta éagothroime, ar bhonn míosúil, agus tráth nach déanaí ná an lá deireanach den 3ú mí tar éis na míosa ina ndearnadh an socraíocht éagothroime.

Mura bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil don Oibreoir Córais Tarchurtha ábhartha, ach í a bheith ar fáil do thríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 52 de Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún (14), soláthróidh an tríú páirtí sin an fhaisnéis ábhartha don Oibreoir Córais Tarchurtha ionas go dtuairisceoidh an tOibreoir Córais Tarchurtha don Ghníomhaireacht í.

5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis bhreise agus soiléirithe breise a iarraidh ar Oibreoirí Córais Tarchurtha, Oibreoirí Córais Stórála, Oibreoirí Córais Dáileacháin nó sásraí tuairiscithe cláraithe a thuairiscíonn thar a gceann i ndáil leis na sonraí atá le tuairisciú de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 12

Rialacha maidir le sonraí bunúsacha faoi ghás nádúrtha a thuairisciú

1.   Déanfaidh ENTSO-G, thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh, faisnéis a thuairisciú don Ghníomhaireacht maidir le hacmhainneacht agus úsáid na saoráidí chun gás nádúrtha a tharchur, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte agus neamhphleanáilte na saoráidí sin dá dtagraítear i bpointe 3.3(1) agus i bpointe 3.3(5) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2024/1789. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil tríd an ardán lárnach uile-Aontais dá dtagraítear i bpointe 3.1.1(1)(h) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

Cuirfidh ENTSO-G an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil don Ghníomhaireacht a luaithe a bheidh sí ar fáil ar an ardán lárnach uile-Aontais.

2.   Tuairisceoidh Oibreoirí Córais Tarchurtha gáis don Ghníomhaireacht agus do na húdaráis rialála náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ainmniúcháin lá roimh ré agus athainmniúcháin chríochnaitheacha na n-acmhainní conarthacha lena sonrófar céannacht na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus na cainníochtaí arna leithdháileadh. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil tráth nach déanaí ná 2 lá oibre dár gcionn.

Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil le haghaidh na bpointí seo a leanas den chóras tarchurtha:

(a)

na pointí idirnaisc uile;

(b)

pointí iontrála saoráidí táirgthe lena n-áirítear píblínte réamhtheachtacha;

(c)

pointí fágála atá nasctha le custaiméir aonair;

(d)

pointí iontrála agus fágála na láithreacha stórála;

(e)

saoráidí GNL;

(f)

moil fhisiceacha agus fhíorúla.

3.   Tuairisceoidh Oibreoirí Córais GNL mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(34) de Threoir (AE) 2024/1788 an fhaisnéis seo a leanas don Ghníomhaireacht agus, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis rialála náisiúnta i gcás gach saoráide GNL:

(a)

acmhainn theicniúil na saoráide GNL ar bhonn laethúil;

(b)

acmhainn chonarthach agus infhaighte na saoráide GNL nó, i gcás ina n-oibríonn saoráidí ina ngrúpaí, i gcás gach grúpa saoráidí GNL, ar bhonn laethúil;

(c)

astú agus fardal na saoráide GNL ar bhonn laethúil.

4.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar fáil tráth nach déanaí ná an 2 lá oibre dár gcionn.

5.   Tuairisceoidh Oibreoirí Córais GNL an fhaisnéis seo a leanas don Ghníomhaireacht freisin agus, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis rialála náisiúnta i gcás gach saoráide GNL:

(a)

i ndáil le lastaí a dhíluchtú agus a athluchtú:

(i)

an dáta díluchtaithe nó athluchtaithe;

(ii)

na méideanna arna ndíluchtú nó arna n-athluchtú in aghaidh na loinge;

(iii)

ainm an chustaiméara deiridh;

(iv)

ainm agus méid na loinge a bheidh ag úsáid na saoráide;

(b)

an díluchtú nó athluchtú atá beartaithe ag na saoráidí GNL ar bhonn laethúil don 1ú mí eile ina sonrófar an rannpháirtí sa mhargadh agus ainm an chustaiméara deiridh (murab ionann é agus an rannpháirtí sa mhargadh).

6.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5, pointe (a), ar fáil tráth nach déanaí ná 2 lá oibre tar éis an díluchtaithe nó an athluchtaithe.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5 den Airteagal seo ar fáil roimh an mí lena mbaineann sí.

7.   Tuairisceoidh Oibreoirí Córais Stórála mar a shainmhínítear in Airteagal 2(32) de Threoir (AE) 2024/1788 don Ghníomhaireacht agus, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis rialála náisiúnta maidir le gach saoráid stórála nó, i gcás ina n-oibrítear saoráidí ina ngrúpaí, maidir le gach grúpa saoráidí stórála tar éis faisnéis a fháil trí bhíthin comhardáin:

(a)

acmhainneacht theicniúil, chonarthach agus infhaighte na saoráide stórála;

(b)

an méid gáis nádúrtha sa stoc ag deireadh an lae gáis nádúrtha, insreafaí (instealltaí) agus eis-sreafaí (aistarraingtí) do gach lá gáis nádúrtha.

8.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 ar fáil tráth nach déanaí ná an 2 lá oibre dár gcionn.

9.   Tuairisceoidh Oibreoirí Córais Stórála don Ghníomhaireacht agus, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis rialála náisiúnta an méid gáis nádúrtha atá stóráilte ag an rannpháirtí sa mhargadh ag deireadh an lae gáis nádúrtha. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil tráth nach déanaí ná an 2 lá oibre dár gcionn.

10.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis bhreise agus soiléirithe breise a iarraidh ar Oibreoirí Córais Tarchurtha, Oibreoirí Córais GNL, Oibreoirí Córais Stórála, Oibreoirí Córais Dáileacháin nó sásraí tuairiscithe cláraithe a thuairiscíonn thar a gceann i ndáil leis na sonraí atá le tuairisciú de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 13

Nósanna imeachta tuairiscithe

1.   Déanfar an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagail 3, 4, 5 agus 6, Airteagal 7(2) agus Airteagail 9, 11, agus 12 a thuairisciú don Ghníomhaireacht trí shásraí tuairiscithe cláraithe.

2.   Tuairisceoidh ardáin faisnéise ón taobh istigh, thar ceann na rannpháirtithe sa mhargadh, an fhaisnéis a nochtar ar a n-ardáin don Ghníomhaireacht i bhformáid leictreonach. Áireofar san fhaisnéis a thuairisceofar na mionsonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/255 ón gCoimisiún (15).

3.   Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 á tuairisciú aige, déanfaidh an sásra tuairiscithe cláraithe nó an t-ardán faisnéise ón taobh istigh atá ag tuairisciú thar a cheann an rannpháirtí sa mhargadh a shainaithint trí úsáid a bhaint as an gcód clárúcháin ACER a fuair an rannpháirtí sa mhargadh nó as cód uathúil an rannpháirtí sa mhargadh a sholáthair an rannpháirtí sa mhargadh agus é ag clárú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, nósanna imeachta, caighdeáin agus formáidí leictreonacha a bhunú bunaithe ar chaighdeáin sheanbhunaithe tionscail chun an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thuairisciú. Tuairisceoidh rannpháirtithe sa mhargadh na sonraí ábhartha de réir na bhformáidí sin. Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha maidir le nuashonruithe ábhartha ar na nósanna imeachta, ar na caighdeáin agus ar na formáidí leictreonacha.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Ceanglais theicniúla agus eagraíochtúla agus an fhreagracht as sonraí a thuairisciú

1.   Beidh freagracht ar dhaoine a gceanglaítear orthu sonraí a thuairisciú faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 as iomláine agus cruinneas sonraí agus as iad a chur isteach go tráthúil chuig an nGníomhaireacht.

Ní bheidh daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír freagrach as teipeanna ar iomláine ná cruinneas na sonraí ná ar a gcur isteach tráthúil atá inchurtha i leith tríú páirtí. Sna cásanna sin, beidh an tríú páirtí sin freagrach as na teipeanna sin, gan difear a dhéanamh d’Airteagail 4 ná 18 de Rialachán (AE) Uimh. 543/2013.

2.   Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag na daoine dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, chun iomláine, cruinneas agus tráthúlacht na sonraí a chuireann siad isteach trí shásraí tuairiscithe cláraithe a fhíorú.

3.   Rannpháirtithe sa mhargadh a gceanglaítear orthu faisnéis ón taobh istigh a nochtadh agus a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, beidh siad freagrach as iomláine, cruinneas agus nochtadh tráthúil na faisnéise ar an ardán faisnéise ón taobh istigh.

Ní bheidh rannpháirtithe sa mhargadh freagrach as teipeanna ar iomláine ná cruinneas sonraí ná ar a gcur isteach tráthúil atá inchurtha i leith an ardáin faisnéise ón taobh istigh. Sna cásanna sin, beidh an t-ardán faisnéise ón taobh istigh freagrach as na teipeanna sin mar a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/255.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar iomláine, cruinneas agus cur isteach tráthúil na sonraí arna dtuairisciú de bhun an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

Airteagal 15

Athbhreithniú ag an nGníomhaireacht

Faoin 1 Samhain 2030 cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina measúnófar, i bhfianaise na bhforbairtí sna margaí mórdhíola fuinnimh agus sa trádáil hidrigine san Aontas, cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na rialacha tuairiscithe sonraí is infheidhme a leagtar amach sa Rialachán seo, agus go háirithe na rialacha tuairiscithe sonraí maidir le hidrigin, fós oiriúnach dá bhfeidhm nó an meastar go bhfuil gá le haon leasú.

Airteagal 16

Aisghairm agus foráil idirthréimhseach

1.   Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún le héifeacht ón 29 Aibreán 2026.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

2.   De mhaolú ar mhír 1, leanfaidh Airteagal 3 agus Airteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin d’fheidhm a bheith aige go dtí an 29 Deireadh Fómhair 2027.

Idirbhearta a thuairiscítear ar bhonn Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014, ní bheidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo. Comhlíonfaidh nuashonruithe ar idirbhearta den sórt sin a dhéanfar tar éis an dáta cur i bhfeidhm ceanglais an Rialacháin seo.

De mhaolú ar mhír 1, leanfaidh Airteagal 9(5), Airteagal 9(9) agus Airteagal 10(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 d’fheidhm a bheith acu go dtí an 29 Aibreán 2028.

3.   Idirbhearta arna dtabhairt i gcrích roimh an dáta a thiocfaidh an oibleagáid tuairiscithe in Airteagal 4 chun fheidhme, atá gan íoc ar an dáta sin agus nár tuairiscíodh cheana don Ghníomhaireacht, tuairisceofar iad don Ghníomhaireacht laistigh de 90 lá tar éis don oibleagáid tuairiscithe teacht chun bheith infheidhme.

Ní áireofar sna sonraí atá le tuairisciú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír ach mionsonraí is féidir a bhaint as taifid reatha rannpháirtithe sa mhargadh. Áireofar iontu ar a laghad na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 82(2) de Threoir (AE) 2024/1788 agus in Airteagal 64(2) de Threoir (AE) 2019/944.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 6 ón 1 Eanáir 2027.

Tráth nach déanaí ná an 29 Deireadh Fómhair 2026, soláthróidh an Ghníomhaireacht treoraíocht agus formáidí leictreonacha maidir le hAirteagal 6.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 7(2) agus Airteagal 10(6) ón 29 Deireadh Fómhair 2027.

Beidh feidhm ag Airteagal 3, Airteagal 4(2) agus Airteagal 8(5) den Rialachán seo ón 29 Deireadh Fómhair 2027 agus ag an Iarscríbhinn a ghabhann leis.

Tráth nach déanaí ná an 29 Deireadh Fómhair 2026 soláthróidh an Ghníomhaireacht treoraíocht agus formáidí leictreonacha maidir le hAirteagal 3, Airteagal 4(2), Airteagal 8(5), Airteagal 7(2) agus Airteagal 10(6).

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 4(1), 4(3), 4(4), 4(5), 4(6) agus 4(7), Airteagal 9, Airteagal 11(4), Airteagal 12(5) agus 12(9) agus Airteagal 13(2) ón 29 Aibreán 2028.

Tráth nach déanaí ná an 29 Aibreán 2027, soláthróidh an Ghníomhaireacht treoraíocht agus formáidí leictreonacha maidir le hAirteagal 4(1), 4(3), 4(4), 4(5), 4(6) agus 4(7), Airteagal 9, Airteagal 11(4) agus Airteagal 12(5) agus 12(9).

Beidh feidhm ag Airteagal 4(8) ón 1 Iúil 2028.

Tráth nach déanaí ná an 29 Deireadh Fómhair 2027, soláthróidh an Ghníomhaireacht treoraíocht agus formáidí leictreonacha maidir le hAirteagal 4(8).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 326, 8.12.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1227/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le sonraí a thuairisciú i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 363, 18.12.2014, lch. 121, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/1348/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1222/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 543/2013 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2013 maidir le sonraí a thíolacadh agus a fhoilsiú i dtaca leis na margaí leictreachais agus lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 163, 15.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/543/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigine, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938 agus (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L, 2024/1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(7)  Treoir 2013/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/943/oj).

(9)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj).

(10)  Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj).

(11)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/oj).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/648/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais (IO L 312, 28.11.2017, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2195/oj).

(15)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/255 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraí is gá maidir le húdarú agus maoirseacht ardán faisnéise ón taobh istigh agus sásraí tuairiscithe cláraithe ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L, 2026/255, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/255/oj).


IARSCRÍBHINN

Tábla 1

Mionsonraí intuairiscithe maidir le conarthaí caighdeánacha chun leictreachas a sholáthar nó a stóráil agus chun gás nádúrtha a sholáthar agus mionsonraí maidir le sonraí margaidh GNL

(Foirm thuairiscithe chaighdeánach)

Uimh. an réimse

Aitheantóir an réimse

Tuairisc

Páirtithe sa chonradh

1

Aitheantas an rannpháirtí sa mhargadh

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil an t-idirbheart á láithriú nó á thabhairt i gcrích aige, nó an t-ionad margaidh eagraithe i gcás orduithe arna nginiúint ag córas.

2

An cineál cóid a úsáidtear i réimse 1

Léirítear sa réimse an cineál cóid uathúil a úsáidtear i réimse 1.

3

Gníomhaíocht soláthair leachtachta

Sainaithnítear sa réimse cé acu a cuireadh nó nár cuireadh an t-ordú faoi bhráid an ionaid trádála mar chuid de straitéis cruthaithe margaidh.

4

Aitheantas an trádálaí

Sainaithnítear sa réimse ainm úsáideora logála isteach nó cuntas trádála an trádálaí a úsáideadh chun an t-idirbheart a láithriú nó a thabhairt i gcrích, mar a shonraítear i gcóras teicniúil an ionaid margaidh eagraithe nó mar a shainaithníonn an rannpháirtí sa mhargadh.

5

Aitheantas algartaim

Léirítear sa réimse cód aitheantais an algartaim a úsáideadh chun an t-idirbheart a dhéanamh nó a thabhairt i gcrích.

6

Aitheantas an rannpháirtí eile sa mhargadh (an contrapháirtí)

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí eile sa mhargadh arb é contrapháirtí an idirbhirt é.

7

An cineál cóid a úsáidtear i réimse 6

Léirítear sa réimse an cineál cóid uathúil a úsáidtear i réimse 6.

8

Aitheantas an eintitis tuairiscithe

Trína chód clárúcháin ACER, sainaithnítear sa réimse gurb é an Sásra Tuairiscithe Cláraithe eintiteas tuairiscithe an idirbhirt.

9

Aitheantas na rannpháirtithe sa mhargadh atá ag gníomhú ar chuntas tríú páirtí

Sainaithnítear sa réimse seo na rannpháirtithe sa mhargadh a ghníomhaíonn go díreach nó trí fhotharmligean thar ceann tríú páirtí (thar a cheann féin nó thar ceann páirtí eile), e.g. daoine a bhfuil baint acu le socruithe maidir le rochtain leictreonach dhíreach.

10

Aitheantas an tairbhí

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse tairbhí an idirbhirt i gcás nach ionann an tairbhí agus an rannpháirtí sa mhargadh a shainaithnítear i réimse 1 nó i réimse 9.

11

An cineál cóid a úsáidtear i réimse 9 agus i réimse 10

Léirítear sa réimse na cineáil cód uathúil a úsáidtear i réimsí 9 agus 10.

12

Acmhainneacht trádála an rannpháirtí sa mhargadh nó an chontrapháirtí i réimse 1

Léirítear sa réimse cé acu mar phríomhaí nó mar ghníomhaire a shocraigh nó a thug an rannpháirtí sa mhargadh nó an contrapháirtí i réimse 1 an t-idirbheart i gcrích.

13

Táscaire ceannaigh / díola

Léirítear sa réimse cé acu ceannach nó díol a bhí san idirbheart (nó i gcásanna áirithe an dá rud).

14

Tionscnóir / Fóbartach / Muinchille

Léirítear sa réimse cé acu ordú tionscantach nó ordú ionsaitheach é an t-ordú chun trádáil a dhéanamh nuair a dhéantar an trádáil ar ardán bróicéirí leictreonacha nó ar ardán bróicéirí glórchuidithe.

Sonraí an ordaithe

15

Aitheantas an ordaithe

Sainaithnítear an t-ordú sa réimse trí úsáid a bhaint as aitheantóir cóid uathúil ar feadh a shaolré mar a sholáthraíonn an t-ionad margaidh eagraithe nó an córas meaitseála trádála é.

16

An cineál ordaithe

Léirítear sa réimse an cineál ordaithe mar a shainítear leis an bhfeidhmiúlacht a thairgeann an t-ionad margaidh eagraithe nó an córas meaitseála trádála.

17

Coinníoll an ordaithe

Léirítear sa réimse coinníoll speisialta chun an t-ordú a fhorghníomhú.

18

Stádas an ordaithe

Léirítear sa réimse stádas an ordaithe sa leabhar orduithe, mar shampla má tá an t-ordú gníomhach nó díghníomhachtaithe.

19

Íosmhéid chun freastal ar ordú

Léirítear sa réimse cainníocht/toirt aon fhorghníomhaithe íosta shainithe.

20

Teorainn an phraghais

Léirítear sa réimse an teorainn phraghais leis an ordú dul isteach sa leabhar orduithe nó tarraingt siar as, le haghaidh ordú truicir nó stadordú cuir i gcás.

21

Méid neamhnochta

Léirítear sa réimse an toirt nach nochtar don mhargadh le haghaidh an ordaithe.

22

Fad an ordaithe

Léirítear sa réimse fad an ordaithe arb é an t-am é darb ann don ordú laistigh den chóras go dtí go ndéanfar é a tharraingt siar nó a chealú, ach amháin má fhorghníomhaítear é.

Sonraí an chonartha

23

Aitheantas an chonartha

Sainaithnítear sa réimse an conradh dá dtagraíonn an t-idirbheart trí úsáid a bhaint as an aitheantóir cóid uathúil arna sholáthar ag an ionad margaidh eagraithe nó ag contrapháirtithe.

24

Ainm an chonartha

Léirítear sa réimse ainm an chonartha dá dtagraíonn an t-idirbheart mar a shainaithin an t-ionad margaidh eagraithe é.

25

An cineál conartha

Léirítear sa réimse an cineál conartha dá dtagraíonn an t-idirbheart.

26

Tráchtearra fuinnimh

Léirítear sa réimse an tráchtearra fuinnimh atá faoi réir an chonartha dá dtagraíonn an t-idirbheart.

27

Innéacs socraithe nó praghas tagartha

Léirítear sa réimse an t-innéacs socraithe lena socraítear praghas an chonartha nó an praghas tagartha le haghaidh díorthach. Táthar ag súil go leanfaidh an t-innéacs socraithe an gnás ainmniúcháin arna shonrú ag an nGníomhaireacht.

28

Cineálacha innéacsanna socraithe

Léirítear sa réimse an cineál innéacs socraithe, amhail spotinnéacs, innéacs réamhchonartha, innéacs babhtála, innéacs raoin difríochta, etc.

29

Foinsí na n-innéacsanna socraithe

Léirítear sa réimse foinse an fhoilseacháin le haghaidh gach innéacs. I gcás bascaed innéacsanna nach bhfuil aon aitheantóir uathúil ann dó, sonrófar an bascaed nó an t-innéacs.

30

Eatramh socraithe innéacs

Léirítear sa réimse an t-eatramh socraithe lena gcinntear an dáta socraithe is luaithe agus is déanaí de chuid an innéacs socraithe.

31

Minicíocht an tsocraithe

Léirítear sa réimse minicíocht an teagmhais socraithe, amhail teagmhas laethúil, seachtainiúil, míosúil, séasúrach, bliantúil nó eile.

32

Modh socraíochta

Léirítear sa réimse cé acu a shocraítear an conradh go fisiceach nó in airgead tirim, agus cé acu a bhí nó nach raibh rogha ag na páirtithe maidir leis an modh socraíochta.

33

Aitheantas an Ionaid Margaidh Eagraithe/Thar an gCuntar

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse an t-ionad margaidh eagraithe a úsáideann an rannpháirtí sa mhargadh chun an t-idirbheart a láithriú nó a thabhairt i gcrích. I gcás sonraí margaidh GNL, féadfar a shainaithint sa réimse freisin an t-ardán inar cuireadh an tairiscint ceannaigh nó an tairiscint díola isteach nó inar cláraíodh í, nó inar tugadh an t-idirbheart i gcrích.

34

Cineál ionaid trádála

Léirítear sa réimse an cineál ionaid trádála arna oibriú ag an ionad margaidh eagraithe ina ndearnadh an t-idirbheart a láithriú nó inar tugadh i gcrích é.

35

Uaireanta trádála conartha

Léirítear sa réimse uaireanta trádála an chonartha.

36

Dáta agus am na trádála deireanaí

Léirítear sa réimse dáta agus am na trádála deireanaí le haghaidh an chonartha.

Sonraí na n-idirbheart

37

Stampa ama an idirbhirt

Léirítear sa réimse an dáta agus an t-am a tharla an teagmhas idirbhirt tuairiscithe, lena n-áirítear cur isteach an ordaithe, forghníomhú trádála agus modhnú, cealú nó foirceannadh an teagmhais.

38

Aitheantas uathúil an idirbhirt

Sainaithnítear sa réimse an t-idirbheart le haitheantóir uathúil arna shannadh ag an ionad margaidh eagraithe nó ag an gcóras meaitseála trádála, nó ag an dá rannpháirtí sa mhargadh i gcás idirbhearta déthaobhacha chun an dá thaobh d’idirbheart a mheaitseáil.

39

Aitheantas an idirbhirt nasctha

Sainaithnítear sa réimse an t-idirbheart nasctha trí úsáid a bhaint as aitheantóir uathúil a bhaineann leis an bhforghníomhú, nó nuair a bhaineann dhá idirbheart nó níos mó lena chéile, amhail nuair a fheidhmítear an rogha, nó nuair a rannchuidíonn idirbhearta iolracha leis an straitéis trádála chéanna.

40

Aitheantas an ordaithe nasctha

Sainaithnítear sa réimse an t-ordú nasctha trí úsáid a bhaint as aitheantóir uathúil a bhaineann leis an bhforghníomhú nó atá nasctha leis an ordú tuairiscithe.

41

Trádáil ó bhéal

Léirítear sa réimse cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an t-idirbheart a thrádáil ó bhéal.

42

Teagmhas iarthrádála

Sainaithnítear sa réimse an dtagraíonn an t-idirbheart tuairiscithe do theagmhas iarthrádála a tharlaíonn tar éis an t-idirbheart a thabhairt i gcrích, amhail tarscaoileadh, glacadh, etc.

43

An cineál idirbhirt

Sainaithnítear sa réimse aon fhaisnéis shonrach maidir leis an gcineál idirbhirt, mar shampla más trádáil imréitithe atá ann.

44

Aitheantas na tairisceana

Sainaithnítear sa réimse an t-aonad tairisceana i gcás tairiscint aonadbhunaithe nó an phunann i gcás tairiscint phunannbhunaithe, trí aitheantóir uathúil a úsáid.

45

Praghas

Léirítear sa réimse an praghas in aghaidh an aonaid. I gcás sonraí margaidh GNL, léireofar sa réimse luach measta i gcás ina socraítear an praghas de réir foirmle phraghais.

46

Foirmle phraghais

Léirítear sa réimse an fhoirmle phraghais. Sonrófar sa réimse comhpháirteanna na foirmle, amhail iolraitheoir, tairseach chainníochta, innéacs, táirge, tréimhse an táirge, tréimhse thosaigh agus dheiridh an ríomha, lascaine.

47

Praghas ina EUR/MWh

Léirítear sa réimse an praghas i réimse 45 arna shloinneadh ina EUR/MWh. Tá an réimse infheidhme maidir le sonraí margaidh GNL agus sonrófar ann an ráta malairte don airgeadra agus an ráta comhshó don chomhshó aonaid.

48

Luach an innéacs

Léirítear sa réimse luach an innéacs socraithe.

49

Airgeadra agus aonad praghais

Léirítear sa réimse an t-airgeadra agus an t-aonad ina sloinntear an praghas.

50

Méid barúlach

Léirítear sa réimse luach airgeadais an idirbhirt.

51

Méid barúlach ina EUR

Léirítear sa réimse an méid barúlach i réimse 50 arna shloinneadh ina EUR. Tá an réimse infheidhme maidir le sonraí margaidh GNL agus sonrófar ann an ráta malairte don chomhshó airgeadra.

52

Airgeadra barúlach

Léirítear sa réimse airgeadra an mhéid bharúlaigh i réimse 50.

53

Cainníocht/Méid

Léirítear sa réimse an líon iomlán aonad a áirítear san idirbheart tríd an líon aonad atá ar fáil agus atá infheicthe lena dtrádáil a shonrú, agus an líon aonaid chomhoiriúnaithe.

54

Cainníocht iomlán bharúlach an chonartha

Léirítear sa réimse an líon iomlán aonad den táirge mórdhíola fuinnimh, agus an líon aonad atá ar fáil agus infheicthe lena dtrádáil á sonrú, agus an líon aonaid chomhoiriúnaithe. I gcás sonraí margaidh GNL, léireofar sa réimse luach measta i gcás ina sonraítear cainníocht an chonartha le luach íosta agus uasta i réimse 76.

55

Cainníocht bharúlach iomlán an chonartha ina MWh

Léirítear sa réimse cainníocht bharúlach iomlán an chonartha i réimse 54 arna tiontú go MWh. Tá an réimse infheidhme maidir le sonraí margaidh GNL agus sonrófar ann an ráta comhshó don chomhshó aonaid.

56

Aonad cainníochta le haghaidh réimsí 53 agus 54

Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais a úsáidtear le haghaidh réimsí 53 agus 54.

57

Dáta foirceanta

Léirítear sa réimse dáta foirceanta an idirbhirt, murab ionann é agus dáta deiridh an tseachadta.

Sonraí maidir leis an margadh GNL agus sonraí trádála

58

Cineál sonraí margaidh GNL

Léirítear sa réimse na sonraí margaidh GNL tuairiscithe mar idirbheart, tairiscint cheannaigh nó tairiscint díola.

59

Clár seachadta bliantúil

Léirítear sa réimse má bhaineann an seachadadh le clár seachadta bliantúil réamhaontaithe.

60

Babhtáil lasta

Léirítear sa réimse más cuid de chomhaontú babhtála lasta é an t-idirbheart.

61

Cineál imeachta

Léirítear sa réimse má shonraítear an t-idirbheart mar idirbheart laistigh den umar, mar idirbheart athluchtaithe nó mar idirbheart díluchtaithe.

62

Saoráid luchtaithe

Léirítear sa réimse cineál agus aitheantas na saoráide inar luchtaíodh an GNL ar an soitheach, i gcomhréir leis na caighdeáin tionscail is infheidhme atá ann faoi láthair.

63

Aitheantóir an tsoithigh

Léirítear sa réimse aitheantas an tsoithigh i gcomhréir leis na caighdeáin tionscail is infheidhme atá ann faoi láthair.

64

Téarmaí seachadta

Léirítear sa réimse téarmaí an tseachadta mar a shonraítear le haghaidh na n-idirbheart.

65

Foirmle phraghais an chonartha punainne

Léirítear sa réimse foirmle phraghais an chonartha a bhaineann leis na sonraí margaidh GNL.

66

Socrú speisialta

Léirítear sa réimse aon fhaisnéis bhreise maidir le gnéithe na sonraí margaidh GNL a tuairiscíodh.

67

Faisnéis an tuairisceora

Léirítear sa réimse sonraí teagmhála gnó an rannpháirtí sa mhargadh a thuairiscíonn na sonraí margaidh GNL don sásra tuairiscithe cláraithe ábhartha, lena n-áirítear ainm agus ríomhphost.

68

Sonraí teagmhála gnó

Léirítear sa réimse sonraí teagmhála gnó an teagmhálaí inniúil, lena n-áirítear ainm, ríomhphost gnó agus uimhir theileafóin, rud a thugann soiléiriú don Ghníomhaireacht maidir leis na sonraí margaidh GNL a cuireadh isteach arna iarraidh sin.

Sonraí na roghanna

69

Stíl na rogha

Léirítear sa réimse cibé acu an féidir nó nach féidir an rogha a fheidhmiú ar dháta socraithe, agus ar an dáta sin amháin, (an stíl Eorpach agus Áiseach), ar shraith dátaí réamhshonraithe (stíl Bheirmiúda) nó tráth ar bith i rith shaol an chonartha (stíl Mheiriceá) nó ag brath ar choinníollacha eile.

70

An cineál rogha

Sainaithnítear sa réimse cibé acu an rogha ar cheannach, rogha ar dhíol nó cineál eile fós í an rogha.

71

Dáta nó tréimhse feidhmithe na rogha

Léirítear sa réimse an dáta nó an tréimhse ina bhfeidhmítear an rogha.

72

Minicíocht feidhmithe na rogha

Léirítear sa réimse minicíocht na roghnaíochta toirte.

73

Praghas ceangail na rogha

Léirítear sa réimse praghas ceangail na rogha.

74

Íoschainníocht/Uaschainníocht

Léirítear sa réimse an líon iomlán íosta agus/nó uasta aonad a áirítear san idirbheart.

75

Íoschainníocht/Uaschainníocht bharúlach iomlán an chonartha

Léirítear sa réimse an líon iomlán íosta agus/nó uasta aonad den táirge mórdhíola fuinnimh.

76

Íoschainníocht/uaschainníocht bharúlach iomlán an chonartha ina MWh

Léirítear sa réimse íoschainníocht agus/nó uaschainníocht bharúlach iomlán an chonartha i réimse 75 arna tiontú go MWh. Tá an réimse infheidhme maidir le sonraí margaidh GNL agus sonrófar ann an ráta comhshó don chomhshó aonaid.

77

Aonad cainníochta le haghaidh réimsí 75 agus 76

Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais a úsáidtear le haghaidh réimsí 75 agus 76.

Próifíl an tseachadta

78

Pointe nó crios an tseachadta

Léirítear sa réimse cóid EIC le haghaidh na bpointí seachadta nó na limistéar margaidh, arna gcomhlánú le cód aitheantais (amhail cód EAN) an phointe nasctha áitiúil ar leith i gcás inarb infheidhme.

79

Dáta tosaithe an tseachadta

Léirítear dáta tosaithe an tseachadta sa réimse seo.

80

Dáta críochnaithe an tseachadta

Léirítear sa réimse dáta críochnaithe an tseachadta.

81

Fad ama

Léirítear sa réimse fad na tréimhse seachadta.

82

An líon tréimhsí

Léirítear sa réimse an líon aonad ama nuair a sheachadtar an chainníocht (mar a dhíorthaítear ón bpróifíl seachadta), agus líon in aghaidh na huaire á chur i bhfeidhm.

83

Cineál ualaigh

Léirítear sa réimse an cineál próifíle seachadta.

84

Eatraimh sheachadta an ualaigh

Léirítear sa réimse an t-eatramh ama le haghaidh gach bloic nó crutha.

85

Acmhainneacht seachadta

Léirítear sa réimse an líon aonad a áirítear san idirbheart, in aghaidh an eatraimh ama seachadta.

86

Aonad cainníochta a úsáidtear i réimse 85

Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais a úsáidtear i réimse 85.

87

Cainníocht an eatraimh praghais/ama

Léirítear sa réimse an praghas in aghaidh na cainníochta in aghaidh an eatraimh ama seachadta.

Faisnéis a bhaineann leis an saolré

88

An cineál gníomhaíochta

Nuair a thagraítear sa tuarascáil do na nithe seo a leanas:

idirbheart a tuairiscíodh den chéad uair, sainaithneofar é mar ghníomhaíocht ‘nua’;

modhnú ar shonraí idirbhirt a tuairiscíodh roimhe seo, sainaithneofar é mar ‘mhodhnú’;

cealú idirbhirt a cuireadh isteach go mícheart, sainaithneofar é mar ‘earráid’;

foirceannadh luath maidir le hidirbheart gan íoc, sainaithneofar é mar ‘chealú’.


Tábla 2

Sonraí intuairiscithe maidir le conarthaí neamhchaighdeánacha chun leictreachas a sholáthar nó a stóráil nó chun gás nádúrtha a sholáthar

(Foirm thuairiscithe neamhchaighdeánach)

Uimh. an réimse

Aitheantóir an réimse

Tuairisc

Páirtithe sa chonradh

1

Aitheantas an rannpháirtí sa mhargadh atá ina chontrapháirtí sa chonradh

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí sa mhargadh ar contrapháirtí sa chonradh déthaobhach é.

2

An cineál cóid a úsáidtear i réimse 1

Léirítear sa réimse an cineál cóid uathúil a úsáidtear i réimse 1.

3

Aitheantas an rannpháirtí eile sa mhargadh arb é an contrapháirtí eile sa chonradh é

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí eile sa mhargadh arb é an contrapháirtí eile sa chonradh déthaobhach é.

4

An cineál cóid a úsáidtear i réimse 3

Léirítear sa réimse an cineál cóid uathúil a úsáidtear i réimse 3.

5

Aitheantas an eintitis tuairiscithe

Trína chód clárúcháin ACER, sainaithnítear sa réimse gurb é an sásra tuairiscithe cláraithe eintiteas tuairiscithe an chonartha dhéthaobhaigh.

6

Aitheantas an tairbhí

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse tairbhí an chonartha dhéthaobhaigh, murab ionann an tairbhí agus an rannpháirtí sa mhargadh a shainaithnítear i réimse 1.

7

An cineál cóid a úsáidtear i réimse 6

Léirítear sa réimse an cineál cóid uathúil a úsáidtear i réimse 6.

8

Acmhainneacht trádála an rannpháirtí sa mhargadh i réimse 1

Léirítear sa réimse cé acu a thug nó nár thug an rannpháirtí sa mhargadh i réimse 1 an conradh déthaobhach i gcrích mar phríomhaí nó mar ghníomhaire.

9

Táscaire an cheannaigh/an díola

Léirítear sa réimse cé acu a thug nó nár thug an rannpháirtí sa mhargadh a shainaithnítear i réimse 1 an conradh déthaobhach i gcrích ar thaobh an cheannaigh nó ar thaobh an díola (nó i gcásanna áirithe ar an dá thaobh).

Sonraí an chonartha

10

Aitheantas an chonartha

Sainaithnítear sa réimse an conradh déthaobhach trí úsáid a bhaint as aitheantóir cóid uathúil arna shannadh ag na contrapháirtithe sa chonradh.

11

Dáta an chonartha

Léirítear sa réimse an dáta a rinneadh an conradh déthaobhach a thabhairt i gcrích, a mhodhnú nó a chur ar ceal, mar a chomhaontaigh na contrapháirtithe.

12

An cineál conartha

Léirítear cineál an chonartha sa réimse seo.

13

Tráchtearra fuinnimh

Léirítear sa réimse an tráchtearra fuinnimh atá faoi réir an chonartha dhéthaobhaigh.

14

Aitheantas an idirbhirt nasctha

Sainaithnítear sa réimse an t-idirbheart nasctha trí úsáid a bhaint as aitheantóir uathúil a bhaineann leis an gconradh déthaobhach tuairiscithe.

15

Cineál sócmhainne giniúna

Léirítear sa réimse an tsócmhainn fholuiteach/na sócmhainní foluiteacha lena soláthraítear an fuinneamh, i gcás inarb infheidhme.

16

Sásraí foluiteacha

Léirítear sa réimse an sásra a rannchuidíonn le tabhairt i gcrích an chonartha dhéthaobhaigh, amhail scéim fóirdheontais, scaoileadh ráthaíochtaí tionscnaimh.

17

An Cineál Comhaontaithe Ceannaigh Cumhachta (CCC)

Léirítear sa réimse cé acu a thagraíonn nó nach dtagraíonn an conradh déthaobhach do bhonnualach, pá mar a tháirgtear, pá mar a thuartar, próifíl sheasta in aghaidh na huaire, CCC dinimiciúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (77), de Rialachán (AE) 2019/943, nó eile.

18

Téarmaí seachadta

Léirítear sa réimse téarmaí an tseachadta mar a shonraítear sa chonradh déthaobhach.

19

Praghas nó foirmle phraghais

Léirítear sa réimse an praghas seasta nó an fhoirmle phraghais a úsáidtear sa chonradh déthaobhach. Áireofar sa réimse tagairtí do na hinnéacsanna uile a áirítear san fhoirmle.

20

Méid barúlach

Léirítear sa réimse méid barúlach an chonartha dhéthaobhaigh. Má tá an ríomh faoi réir athróg, soláthrófar meastachán.

21

Airgeadra barúlach

Léirítear sa réimse airgeadra an mhéid bharúlaigh i réimse 20.

22

Méid conraithe bliantúil

Léirítear sa réimse an toirt chonraithe bhliantúil mar arna comhaontú ag na contrapháirtithe sa chonradh déthaobhach.

23

Cainníocht iomlán bharúlach an chonartha

Léirítear sa réimse an líon iomlán aonad sa táirge mórdhíola fuinnimh. Má tá an ríomh faoi réir athróg, soláthrófar meastachán.

24

Acmhainneacht na roghnaíochta toirte

Léirítear sa réimse an líon aonad a áirítear sa chonradh déthaobhach in aghaidh an eatraimh ama seachadta, má tá sé ar fáil.

25

Aonad cainníochta barúlach

Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais a úsáidtear i réimsí 22, 23 agus 24.

26

Roghnaíocht toirte

Léirítear sa réimse an t-aicmiú toirte.

27

Minicíocht na roghnaíochta toirte

Léirítear sa réimse minicíocht na roghnaíochta toirte, amhail minicíocht laethúil, sheachtainiúil, mhíosúil, shéasúrach, bhliantúil nó eile.

28

Eatraimh maidir le roghnaíocht toirte

Léirítear sa réimse an t-eatramh ama le haghaidh gach roghnaíochta toirte.

Sonraí an innéacs socraithe

29

Cineál an innéacs praghsanna

Léirítear sa réimse an praghas a aicmítear mar fhoirmle phraghais sheasta innéacs shimplí (ionstraim fholuiteach aonair) nó foirmle phraghais chasta (ionstraim fholuiteach iolrach).

30

Innéacs socraithe

Léirítear sa réimse liosta na n-innéacsanna lena gcinntear an praghas sa chonradh déthaobhach. I gcás gach innéacs sonrófar an t-ainm. I gcás bascaed innéacsanna nach bhfuil aon aitheantóir uathúil ann dó, sonrófar an bascaed nó an t-innéacs.

31

Cineálacha innéacsanna socraithe

Léirítear sa réimse an cineál innéacs socraithe amhail spotinnéacs, innéacs réamhchonartha, innéacs babhtála, innéacs raoin difríochta nó eile.

32

Foinsí na n-innéacsanna socraithe

Léirítear sa réimse foinse an fhoilseacháin le haghaidh gach innéacs. I gcás bascaed innéacsanna nach bhfuil aon aitheantóir uathúil ann dó, sonrófar an bascaed nó an t-innéacs.

33

An chéad dáta socraithe

Léirítear sa réimse seo an chéad dáta socraithe a chinntear de réir an dáta is luaithe as measc na socruithe uile.

34

An dáta socraithe deiridh

Léirítear sa réimse an dáta socraithe deiridh a chinntear de réir an dáta is déanaí as measc na socruithe uile.

35

Minicíocht an tsocraithe

Léirítear sa réimse minicíocht an tsocraithe, amhail minicíocht laethúil, sheachtainiúil, mhíosúil, shéasúrach, bhliantúil nó eile.

36

Modh socraíochta

Léirítear sa réimse cé acu a shocraítear an conradh déthaobhach go fisiceach nó in airgead tirim, agus cé acu a bhí nó nach raibh rogha ag na páirtithe maidir leis an modh socraíochta.

Sonraí na roghanna

37

Stíl na rogha

Léirítear sa réimse cibé acu an féidir nó nach féidir an rogha a fheidhmiú ar dháta socraithe, agus ar an dáta sin amháin, (an stíl Eorpach agus Áiseach), ar shraith dátaí réamhshonraithe (stíl Bheirmiúda) nó tráth ar bith i rith shaol an chonartha dhéthaobhaigh (stíl Mheiriceá) nó ag brath ar choinníollacha eile.

38

An cineál rogha

Sainaithnítear sa réimse cibé acu an rogha ar cheannach, rogha ar dhíol nó cineál eile fós í an rogha.

39

Dáta feidhmithe tosaigh na rogha

Léirítear sa réimse an chéad dáta feidhmithe a chinntear de réir an dáta is luaithe as measc na bhfeidhmithe uile.

40

Dáta feidhmithe deiridh na rogha

Léirítear sa réimse an dáta feidhmithe deiridh arna chinneadh de réir an dáta is déanaí as measc na bhfeidhmithe uile.

41

Minicíocht feidhmithe na rogha

Léirítear sa réimse minicíocht na roghnaíochta toirte, amhail minicíocht laethúil, sheachtainiúil, mhíosúil, shéasúrach, bhliantúil nó eile.

42

Innéacs ceangail na rogha

Léirítear sa réimse ainm gach innéacs ceangail de chuid na rogha. I gcás bascaed innéacsanna nach bhfuil aon aitheantóir uathúil ann dó, sonrófar an bascaed nó an t-innéacs.

43

Cineál innéacs ceangail na rogha

Léirítear sa réimse cineál innéacs ceangail na rogha, amhail spotinnéacs, innéacs réamhchonartha, innéacs babhtála, innéacs raoin difríochta nó eile.

44

Foinse innéacs ceangail na rogha

Léirítear sa réimse foinse an fhoilseacháin le haghaidh gach innéacs. I gcás bascaed innéacsanna nach bhfuil aon aitheantóir uathúil ann dó, sonrófar an bascaed nó an t-innéacs.

45

Praghas ceangail na rogha

Léirítear sa réimse praghas ceangail na rogha.

Próifíl an tseachadta

46

Pointe nó crios an tseachadta

Léirítear sa réimse cóid EIC le haghaidh na bpointí seachadta nó na réimsí margaidh.

47

Dáta tosaithe an tseachadta

Léirítear sa réimse dáta agus am tosaithe an tseachadta. I gcás conarthaí a sheachadtar go fisiceach, is é sin dáta tosaithe an tseachadta a luaitear sa chonradh déthaobhach.

48

Dáta críochnaithe an tseachadta

Léirítear sa réimse dáta agus am críochnaithe an tseachadta. I gcás conarthaí a sheachadtar go fisiceach, is é sin dáta críochnaithe an tseachadta maidir leis an gconradh déthaobhach i gceist.

49

An líon tréimhsí

Léirítear sa réimse an líon aonad ama ina seachadtar an chainníocht (mar a dhíorthaítear ón bpróifíl seachadta), agus líon in aghaidh na huaire á chur i bhfeidhm, más infheidhme.

50

Cineál ualaigh

Léirítear sa réimse an cineál próifíle seachadta.

Faisnéis a bhaineann leis an saolré

51

An cineál gníomhaíochta

Nuair a thagraítear sa tuarascáil do na nithe seo a leanas:

conradh déthaobhach a tuairiscíodh den chéad uair, sainaithneofar é mar ghníomhaíocht ‘nua’;

modhnú ar shonraí conartha déthaobhaigh a tuairiscíodh roimhe seo, sainaithneofar é mar ‘mhodhnú’;

cealú conartha déthaobhaigh a cuireadh isteach go mícheart, sainaithneofar é mar ‘earráid’;

foirceannadh luath maidir le conradh déthaobhach gan íoc, sainaithneofar é mar ‘chealú’.


Tábla 3

Mionsonraí intuairiscithe maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh i ndáil le hiompar leictreachais

Uimh. an réimse

Aitheantóir an réimse

Tuairisc

Sonraí coiteanna le haghaidh thorthaí iomlána an leithdháilte phríomha agus an athdhíola sa mhargadh tánaisteach agus cearta aistrithe agus doiciméad tairisceana

1

Aitheantas an doiciméid

Léirítear sa réimse an doiciméad le cód aitheantais uathúil a bhfuil sonraí na hamshraithe á soláthar ina leith.

2

Leagan de dhoiciméad

Léirítear sa réimse seo an leagan den doiciméad atá á sheoladh. Is féidir doiciméad a sheoladh roinnt uaireanta, agus gach tarchur a shainaithint le huimhir leagain éagsúil dar tosach 1 agus a mhéadaíonn uaidh sin go seicheamhach.

3

Cineál doiciméid

Léirítear sa réimse cineál códaithe an doiciméid atá á sheoladh.

4

Aitheantas an tseoltóra

Trína chód clárúcháin ACER, sainaithnítear sa réimse gurb é an sásra tuairiscithe cláraithe seoltóir an doiciméid.

5

Ról an tseoltóra

Léirítear sa réimse an ról atá ag an seoltóir.

6

Aitheantas OCT

Sainaithnítear an OCT sa réimse le cód aitheantais uathúil a bhfuil an sásra tuairiscithe cláraithe ag tuairisciú thar a cheann.

7

Aitheantas an rannpháirtí sa mhargadh (leithdháileadh tánaisteach)

Trí chód aitheantais uathúil, sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil an sásra tuairiscithe cláraithe ag tuairisciú na leithdháiltí tánaisteacha thar a cheann.

8

Aitheantas an fhaighteora

Sainaithnítear sa réimse an páirtí atá ag fáil an doiciméid.

9

Ról an fhaighteora

Léirítear sa réimse an ról atá ag an bhfaighteoir.

10

Dáta agus am cruthaithe

Léirítear sa réimse an dáta agus an t-am a cruthaíodh an doiciméad.

11

Eatramh na tairisceana/eatramh ama is infheidhme

Léirítear sa réimse dáta agus am tosaigh agus deiridh na tréimhse a chumhdaíonn an doiciméad.

12

Fearann

Léirítear sa réimse an fearann a chumhdaítear sa doiciméad.

13

Stádas an doiciméid

Léirítear sa réimse stádas an doiciméid.

Amshraitheanna an leithdháilte acmhainneachta (don leithdháileadh príomha)

14

Aitheantas na hamshraithe

Léirítear sa réimse aitheantas uathúil na hamshraithe.

15

Aitheantas an doiciméid tairisceana

Sainaithnítear sa réimse aitheantas an doiciméid ina bhfuil na tagairtí do na tairiscintí nó don athdhíol.

16

Leagan de dhoiciméad tairisceana

Léirítear sa réimse an leagan den doiciméad tairisceana nó athdhíola a seoladh.

17

Aitheantas na tairisceana

Léirítear sa réimse aitheantas na hamshraithe a úsáideadh sa tairiscint bhunaidh nó san athdhíol bunaidh, más infheidhme, mar a shann an tairgeoir nuair a rinne siad a dtairiscint bhunaidh nó a n-athdhíol bunaidh.

18

Páirtí na tairisceana

Sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí sa mhargadh a chuireann an tairiscint isteach le haghaidh na hacmhainneachta nó na hacmhainneachta athdhíola (Cód EIC X).

19

Aitheantas an cheant

Léirítear sa réimse an t-aitheantas lena nasctar an leithdháileadh le sraith sonraíochtaí a chruthaigh oibreoir an cheant.

20

Aitheantas an ionaid margaidh eagraithe

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse an t-ionad margaidh eagraithe inar tairgeadh an acmhainneacht.

21

Cineál gnó

Léirítear sa réimse cineál na hamshraithe.

22

Limistéar isteach

Léirítear sa réimse an limistéar ina bhfuil an fuinneamh le seachadadh (Cód EIC Y).

23

Limistéar amach

Léirítear sa réimse an limistéar as a dtagann an fuinneamh (Cód EIC Y).

24

An cineál conartha

Léirítear sa réimse an cineál conartha lena sainítear na coinníollacha faoinar leithdháileadh agus/nó faoinar tairgeadh an acmhainneacht, amhail conarthaí laethúla, seachtainiúla, míosúla, bliantúla, fadtéarmacha nó eile.

25

Aitheantas an chonartha

Léirítear sa réimse aitheantas conartha an áisc amshraithe trí úsáid a bhaint as cód uathúil arna shannadh ag an ionad margaidh eagraithe agus a úsáidtear le haghaidh na dtagairtí uile don leithdháileadh.

26

Aonad tomhais na gcainníochtaí

Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais ina sloinntear an chainníocht san amshraith.

27

Airgeadra (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an t-airgeadra ina sloinntear an méid airgeadaíochta.

28

Aonad tomhais an phraghais (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais ina sloinntear an praghas san amshraith.

29

Cineál cuair (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an cineál cuair atá á sholáthar le haghaidh na hamshraithe atá i gceist, amhail bloc de mhéideanna éagsúla nó bloc, pointe nó eile de mhéid sheasta.

30

Catagóir an aicmithe (más infheidhme)

Léirítear sa réimse catagóir an táirge mar a shainítear leis na rialacha margaidh.

Sonraí maidir leis an tsonraíocht cheant

31

Tráthchlár

Léirítear sa réimse am dúnta gheata an cheant.

32

An acmhainneacht atá ar tairiscint

Léirítear sa réimse an acmhainneacht a thairgtear sa cheant (ina MW).

33

Acmhainn tarchurtha atá ar fáil

Léirítear sa réimse an acmhainn tarchurtha atá ar fáil sa cheant (ina MW).

34

Acmhainn fillte

Léirítear sa réimse an acmhainn fillte sa cheant (ina MW).

Amshraitheanna an cheant gan tairiscint (don leithdháileadh príomha)

35

Aitheantas

Léirítear sa réimse aitheantas an áisc amshraithe.

36

Aitheantas an cheant

Sainaithnítear leis an réimse an ceant nach bhfuarthas aon tairiscint ina chomhair.

37

Catagóir an aicmithe (más infheidhme)

Léirítear sa réimse catagóir an táirge mar a shainítear leis na rialacha margaidh.

Amshraitheanna na gceart tánaisteach (le haghaidh cearta tánaisteacha)

38

Aitheantas na hamshraithe

Sainaithnítear sa réimse an ásc amshraithe le cód aitheantais uathúil arna shannadh ag an seoltóir le haghaidh gach amshraithe sa doiciméad.

39

Cineál gnó

Léirítear sa réimse cineál na hamshraithe, amhail cearta acmhainneachta, fógra faoi aistriú acmhainneachta nó eile.

40

Limistéar isteach

Léirítear sa réimse an limistéar ina bhfuil an fuinneamh le seachadadh (cód EIC Y).

41

Limistéar amach

Léirítear sa réimse an limistéar as a dtagann an fuinneamh (cód EIC Y).

42

Sealbhóir na gceart

Le cód uathúil (cód EIC X) sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí sa mhargadh ar leis na cearta tarchurtha atá i gceist, nó a bhfuil sé de cheart aige iad a úsáid.

43

Páirtí is aistrí (más infheidhme)

Le cód uathúil (cód EIC X) sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil na cearta á n-aistriú chuige nó leis an trádáil idirnaisc fhreagrach arna hainmniú ag an aistreoir (mar a ainmnítear i dtréith shealbhóir na gceart) chun na cearta a úsáid.

44

Aitheantas an chonartha

Léirítear sa réimse aitheantas conartha an áisc amshraithe mar a shannann an leithdháileoir acmhainneachta tarchurtha í, amhail OCT nó oibreoir ceantála, nó an t-ionad margaidh eagraithe.

45

An cineál conartha

Léirítear sa réimse an cineál conartha lena sainítear na coinníollacha faoinar leithdháileadh agus faoinar láimhseáladh na cearta, amhail ceant laethúil, ceant seachtainiúil, ceant míosúil, ceant bliantúil nó eile.

46

Aitheantas maidir le conradh roimhe seo (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an t-aitheantas de chuid conradh roimhe seo a úsáideadh chun na cearta aistrithe a shainaithint.

47

Aonad tomhais na gcainníochtaí

Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais ina sloinntear an chainníocht san amshraith.

48

Aitheantas an cheant (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an t-aitheantas lena nasctar na cearta acmhainneachta le tacar sonraíochtaí arna chruthú ag leithdháileoir acmhainneachta tarchurtha, amhail an OCT nó an t-oibreoir ceantála nó an t-ionad margaidh eagraithe.

49

Airgeadra (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an t-airgeadra ina sloinntear an méid airgeadaíochta.

50

Aonad tomhais an phraghais (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais ina sloinntear an praghas san amshraith.

51

Cineál cuair (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an cineál cuair atá á sholáthar le haghaidh na hamshraithe atá i gceist, mar shampla bloc de mhéideanna éagsúla nó bloc nó pointe de mhéid sheasta.

Tréimhse don leithdháileadh príomha agus do phróisis thánaisteacha

52

Eatramh

Léirítear sa réimse dáta agus am thús agus dheireadh na tréimhse tuairiscithe.

53

Rún

Léirítear sa réimse an rún lena sainítear an líon tréimhsí ina roinntear an t-eatramh (ISO 8601).

Eatramh don leithdháileadh príomha agus do phróisis thánaisteacha

54

Suíomh

Léirítear sa réimse suíomh coibhneasta tréimhse laistigh d’eatramh.

55

Cainníocht

Léirítear sa réimse an chainníocht a leithdháileadh sa phríomhcheant mar a sannadh don pháirtí ainmniúcháin le haghaidh cearta tánaisteacha.

56

Méid an phraghais (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an praghas arna shloinneadh le haghaidh gach aonaid cainníochta arna leithdháileadh tríd an leithdháileadh príomha. Sloinntear an praghas le haghaidh gach aonaid cainníochta arna athdhíol nó arna aistriú ar an margadh tánaisteach.

57

Cainníocht na tairisceana (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an chainníocht a bhí sa bhundoiciméad tairisceana.

58

Méid phraghas na tairisceana (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an bunphraghas arna shloinneadh sa tairiscint bhunaidh nó san athdhíol bunaidh le haghaidh gach aonaid cainníochta a iarradh.

An chúis leis an leithdháileadh príomha agus leis na próisis thánaisteacha

59

Cód na cúise (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an cód lena dtugtar stádas an leithdháilte nó na gceart.

60

Téacs na cúise (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an míniú téacsúil ar chód na cúise.

Ceanntásc an doiciméid tairisceana agus réimsí an doiciméid tairisceana d’ionaid mhargaidh eagraithe (is infheidhme maidir le trádáil thánaisteach)

61

An páirtí lena mbaineann

Le cód uathúil (cód EIC) sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil an tairiscint á cur isteach ina leith.

62

Ról an pháirtí lena mbaineann

Léirítear sa réimse ról an pháirtí is ábhar.

63

Inroinnte

Léirítear sa réimse cé acu is féidir nó nach féidir glacadh le gach eilimint den tairiscint go páirteach.

64

Aitheantas na dtairiscintí nasctha (más infheidhme)

Léirítear sa réimse an t-aitheantas uathúil a bhaineann leis na tairiscintí nasctha uile.

65

Blocthairiscint

Léirítear sa réimse gur blocthairiscint atá i luachanna na tréimhse agus nach féidir iad a athrú.


Tábla 4

Mionsonraí intuairiscithe maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh i ndáil le gás nádúrtha a iompar

Uimh. an réimse

Aitheantóir an réimse

Tuairisc

Sonraí coiteanna le haghaidh phróisis an leithdháilte phríomha agus thánaistigh

1

Aitheantas an tseoltóra

Trína chód clárúcháin ACER, sainaithnítear sa réimse gurb é an sásra tuairiscithe cláraithe eintiteas tuairiscithe an doiciméid.

2

Aitheantas an ionaid margaidh eagraithe

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse an t-ionad margaidh eagraithe inar tairgeadh an acmhainneacht.

3

Aitheantas an phróisis

Sainaithnítear sa réimse an ceant nó próiseas eile arna shainiú ag an eintiteas leithdháilte acmhainneachta.

4

Cineál gáis

Léirítear sa réimse seo an cineál gáis.

5

Aitheantas an idirbhirt iompair

Léirítear sa réimse an uimhir aitheantas uathúil le haghaidh an leithdháilte acmhainneachta arna sannadh ag an leithdháileoir acmhainneachta tarchurtha, e.g. OCT, oibreoir ceantála nó an t-ionad margaidh eagraithe.

6

Dáta agus am cruthaithe

Léirítear sa réimse dáta agus am cruthaithe an idirbhirt.

7

Dáta agus am oscailte an cheant

Léirítear sa réimse an dáta agus an t-am a osclaítear ceant le haghaidh tairisceana.

8

Dáta agus am críochnaithe an cheant

Léirítear sa réimse an dáta agus an t-am a dhúntar ceant.

9

An cineál táirge

Léirítear sa réimse an cineál táirge, mar shampla táirge laethúil, seachtainiúil nó eile.

10

An cineál idirbhirt iompair

Sainaithnítear sa réimse nádúr an idirbhirt iompair atá le tuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin tionscail is infheidhme faoi láthair mar atá sonraithe i gcód an ghréasáin gáis maidir le hidir-inoibritheacht agus malartú sonraí.

11

Sásra leithdháilte

Léirítear sa réimse an sásra a chuireann an leithdháileoir acmhainneachta tarchurtha i bhfeidhm maidir le leithdháileadh acmhainneachta e.g. OCT, oibreoir ceantála nó an t-ionad margaidh eagraithe.

12

Tairiscint acmhainne breise

Léirítear sa réimse séasúr oscailte, ceantanna incriminteacha nó próisis eile chun an t-éileamh ar mhéadú ar infhaighteacht acmhainneachta a chinneadh.

13

Dáta agus am tosaithe

Léirítear sa réimse dáta agus am thús am rite an idirbhirt iompair.

14

Dáta agus am críochnaithe

Léirítear sa réimse dáta agus am dheireadh am rite an idirbhirt iompair.

15

An acmhainneacht atá ar tairiscint

Léirítear sa réimse cainníocht na hacmhainneachta atá ar fáil sa cheant arna sloinneadh de réir an aonaid tomhais.

16

Catagóir na hacmhainneachta

Léirítear sa réimse an chatagóir acmhainneachta is infheidhme.

17

Aitheantas an cheant nasctha le haghaidh ceantanna iomaíocha

Sainaithnítear sa réimse ceant/ceantanna eile a bhfuil an ceant atá á thuairisciú in iomaíocht leo.

Sonraí maidir le tuairisciú saolré

18

An cineál gníomhaíochta

Léirítear sa réimse cód stádais na tuarascála a bheidh le tuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin tionscail is infheidhme faoi láthair mar atá sonraithe i gcód an ghréasáin gáis maidir le hidir-inoibritheacht agus malartú sonraí.

Sonraí maidir le tuairisciú cainníochta agus praghsanna

19

Cainníocht

Léirítear sa réimse an líon iomlán aonad arna leithdháileadh leis an idirbheart iompair mar a shloinntear san aonad tomhais.

20

Aonad tomhais

Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais a úsáideadh le haghaidh na méideanna uile a tuairiscíodh.

21

Airgeadra

Léirítear sa réimse an t-airgeadra ina sloinntear na méideanna airgeadaíochta uile a thuairiscítear.

22

An praghas iomlán

Léirítear sa réimse an praghas forchoimeádta tráth an cheant móide préimh an cheant nó taraif rialáilte i gcás sásra leithdháilte eile seachas ceant. Sonrófar an praghas mar an praghas iomlán in aghaidh an aonaid agus luach iomlán an chonartha.

23

Praghas forchoimeádta seasta nó comhlúthach

Léirítear sa réimse an cineál praghais forchoimeádta.

24

An praghas forchoimeádta

Léirítear sa réimse praghas forchoimeádta an cheant.

25

Praghas préimhe

Léirítear sa réimse praghas préimhe an cheant.

Sonraí chun an suíomh agus an rannpháirtí sa mhargadh a shainaithint

26

Aitheantas phointe an líonra

Sainaithnítear sa réimse an pointe líonra laistigh de chóras líonra i gcomhréir le cód EIC.

27

Cuachadh

Léirítear sa réimse sonraíocht an chuachta.

28

Treo

Léirítear sa réimse an tsonraíocht treo.

29

Aitheantas OCT 1

Sainaithnítear sa réimse an OCT a ndearnadh an tuairisciú sonraí ina leith.

30

Aitheantas OCT 2

Sainaithnítear an frith-OCT sa réimse.

31

Aitheantas an rannpháirtí sa mhargadh

Sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí sa mhargadh dá sanntar an acmhainneacht le haghaidh leithdháileadh príomha. Maidir le leithdháileadh tánaisteach, ba cheart a shainaithint sa réimse an t-aistreoir nó an t-aistrí a ndéantar an tuairisciú sonraí thar a cheann.

32

Grúpa cothromúcháin nó cód punainne

Léirítear sa réimse an grúpa cothromúcháin (nó grúpaí cothromúcháin i gcás táirgí cuachta) lena mbaineann an lastóir nó an cód punainne arna úsáid ag an lastóir murab infheidhme grúpa cothromúcháin.

Sonraí is infheidhme i gcás leithdháiltí tánaisteacha amháin

33

An nós imeachta is infheidhme

Léirítear sa réimse an nós imeachta is infheidhme.

34

Uasmhéid na tairisceana

Léirítear sa réimse an t-uasmhéid a bheadh an t-aistrí toilteanach a thairiscint, arna shloinneadh san airgeadra in aghaidh an aonaid tomhais.

35

Íosmhéid na tairisceana

Léirítear sa réimse an t-íosmhéid a bheadh an t-aistreoir toilteanach a thairiscint, arna shloinneadh san airgeadra in aghaidh an aonaid tomhais.

36

Uaschainníocht

Léirítear sa réimse an uaschainníocht a bheadh an t-aistrí/an t-aistreoir toilteanach a fháil/a dhíol agus an togra trádála á chruthú.

37

Íoschainníocht

Léirítear sa réimse an íoschainníocht a bheadh an t-aistrí/an t-aistreoir toilteanach a fháil/a dhíol agus an togra trádála á chruthú.

38

An praghas a íoctar le OCT (praghas foluiteach)

Léirítear sa réimse an praghas a íoctar le OCT nuair a bhíonn sannadh ann, arna shloinneadh san airgeadra in aghaidh an aonaid tomhais nach mór dó a bheith ina kWh/h.

39

An praghas a íocann an t-aistrí leis an aistreoir

Léirítear sa réimse an praghas a íocann an t-aistrí leis an aistreoir, arna shloinneadh san airgeadra agus de réir aonad tomhais nach mór a bheith ina kWh/h.

40

Aitheantas an aistreora

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí sa mhargadh a thugann suas an acmhainneacht.

41

Aitheantas an aistrí

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse an rannpháirtí sa mhargadh a fhaigheann an acmhainneacht.

Réimsí sonraí nach infheidhme ach amháin maidir le horduithe a dhéantar le linn ceantanna do leithdháiltí príomha

42

Aitheantas na tairisceana

Léirítear sa réimse aitheantóir uimhriúil na tairisceana arna shannadh ag an ionad margaidh eagraithe.

43

Uimhir bhabhta an cheant

Léirítear sa réimse slánuimhir a dtagann méadú incrimintiúil uirthi gach uair nach mbíonn toradh ar cheant agus go ndéantar babhta eile a reáchtáil athuair le paraiméadair éagsúla - ag tosú ag 1. Fágtar folamh é i gcás ceantanna gan babhtaí ceangailteacha, e.g. ceantanna lá roimh ré.

44

Praghas na tairisceana

Léirítear sa réimse an praghas tairisceana le haghaidh gach aonaid acmhainneachta gan an praghas forchoimeádta a áireamh, arna shloinneadh san airgeadra agus san aonad tomhais.

45

Cainníocht na tairisceana

Léirítear sa réimse an chainníocht a bhfuil tairiscint á déanamh ina leith, arna sloinneadh san aonad tomhais.


Tábla 5

Mionsonraí intuairiscithe maidir le conarthaí caighdeánacha chun leictreachas a sholáthar nó a iompar nó a stóráil nó chun gás nádúrtha a sholáthar i gcás ina ndéantar na hidirbhearta trí chórais meaitseála trádála lena nasctar dhá ionad margaidh eagraithe nó níos mó

Uimh. an réimse

Aitheantóir an réimse

Tuairisc

Páirtithe tuairiscithe

1

Aitheantas an eintitis tuairiscithe

Trína chód clárúcháin ACER, léirítear sa réimse gurb é an sásra tuairiscithe cláraithe eintiteas tuairiscithe an idirbhirt.

2

Aitheantas an chórais meaitseála trádála

Le cód uathúil sainaithnítear sa réimse an córas meaitseála trádála lena ngintear na sonraí tuairiscithe.

Sonraí maidir le hord agus acmhainn iompair

3

Táscaire an cheannaigh/an díola

Sainaithnítear sa réimse cé acu ceannach nó díol a bhí san idirbheart.

4

Aitheantas an ordaithe

Sainaithnítear an t-ordú sa réimse trí úsáid a bhaint as aitheantóir cóid uathúil ar feadh a shaolré mar a sholáthraítear leis an gcóras meaitseála trádála.

5

Aitheantas an ordaithe nasctha

Sainaithnítear sa réimse an t-ordú nasctha a bhaineann leis an ordú tuairiscithe a shainaithnítear i réimse 4 trí aitheantóir cóid uathúil a úsáid.

6

Aitheantas an chonartha

Sainaithnítear an conradh sa réimse trí úsáid a bhaint as aitheantóir cóid uathúil arna sholáthar ag an gcóras meaitseála trádála.

7

Pointe nó crios an tseachadta

Léirítear sa réimse cóid EIC le haghaidh na bpointí seachadta nó na gcriosanna seachadta ina bhfuil an t-ordú le feiceáil nó lena mbaineann an acmhainneacht, i gcás inarb infheidhme.

8

Praghas

Léirítear sa réimse an praghas infheicthe in aghaidh an aonaid.

9

Airgeadra an phraghais

Léirítear sa réimse an t-airgeadra agus an t-aonad ina sloinntear an praghas.

10

Cainníocht

Léirítear sa réimse an chainníocht infheicthe agus, i gcás inarb infheidhme, an acmhainneacht atá ar fáil sa phointe (sna pointí) seachadta sonraithe nó sa chrios (sna criosanna) sonraithe.

11

Aonad cainníochta le haghaidh réimse 10

Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais a úsáidtear le haghaidh réimse 10.

Mionsonraí an idirbhirt nó an imeachta

12

Stampa ama an idirbhirt

Léirítear sa réimse an dáta agus an t-am a cuireadh an t-ordú isteach, nó aon teagmhas saolré ina dhiaidh sin, nó athrú ar an acmhainn iompair atá ar fáil mar a fhoráiltear leis an gcóras meaitseála trádála.

13

Eatramh

Léirítear sa réimse an t-eatramh ama lena mbaineann an seachadadh nó an acmhainn atá ar fáil.

14

An cineál gníomhaíochta

Sainaithnítear sa réimse stádas an idirbhirt thuairiscithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/256/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top