This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0255
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/255 of 30 January 2026 supplementing Regulation (EU) No 1227/2011 of the European Parliament and of the Council as regards the necessary details for the authorisation and supervision of inside information platforms and registered reporting mechanisms by the European Union Agency for the Cooperation of Energy Regulators
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/255 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraí is gá chun go ndéanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh údarú agus maoirseacht ar ardáin faisnéise cos istigh agus sásraí tuairiscithe cláraithe
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/255 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraí is gá chun go ndéanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh údarú agus maoirseacht ar ardáin faisnéise cos istigh agus sásraí tuairiscithe cláraithe
C/2026/476
IO L, 2026/255, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/255/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/255 |
9.4.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/255 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Eanáir 2026
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraí is gá chun go ndéanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh údarú agus maoirseacht ar ardáin faisnéise cos istigh agus sásraí tuairiscithe cláraithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (1), agus go háirithe Airteagal 4a(8), pointí (a) go (g), agus Airteagal 9a(6), pointí (a) go (f) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 go ndéanfaidh rannpháirtithe margaidh faisnéis a nochtadh agus tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur isteach trí ardáin faisnéise cos istigh (‘IIPanna’) agus na sonraí a thuairisciú trí shásraí tuairiscithe cláraithe (‘RRManna’). Tá an Coimisiún le rialacha a leagan amach a thiocfaidh in ionad an nós imeachta clárúcháin atá ann faoi láthair le haghaidh IIPanna agus RRManna arna bhunú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘an Ghníomhaireacht’). |
|
(2) |
Ós rud é go bhfuil feidhm ag a lán oibleagáidí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 maidir le IIPanna agus RRManna araon, is iomchuí na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar an Rialachán sin a leagan síos in aon ghníomh amháin. Áiritheofar leis sin comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil agus seachnófar athrá an tráth céanna. |
|
(3) |
Chun na modhanna a shonrú trína gcomhlíonfaidh IIPanna an oibleagáid an fhaisnéis chos istigh a phoibliú agus tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, agus trína dtuairisceoidh RRManna taifid sonraí don Ghníomhaireacht, rud ar gá, de bhun Airteagal 4a(1) agus Airteagal 9a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, iad a bheidh údaraithe ag an nGníomhaireacht ina leith, is gá rialacha a leagan amach maidir leis an bpróiseas údarúcháin lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar don Ghníomhaireacht mar chuid d’iarratas ar údarú mar IIPanna nó mar RRManna. |
|
(4) |
Ba cheart feidhm a bheith ag sainmhínithe soiléire cuimsitheacha maidir le IIPanna agus RRManna araon. I bhfianaise na ndifríochtaí idir raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh IIPanna agus RRManna, áfach, is gá sainmhínithe éagsúla ar an téarma ‘cliant’ a chur i bhfeidhm maidir le gach cineál eintitis tuairiscithe. Leis sin, cuirfear ar a gcumas do IIPanna agus RRManna a n-oibleagáidí sonracha i leith a gcliant ar leith a thuiscint agus a chomhlíonadh ar bhealach nach mbeidh débhrí i gceist leis. |
|
(5) |
Chun é a chur ar a cumas don Ghníomhaireacht a mheas an gcomhlíonann na hiarratasóirí ar údarú mar IIPanna nó RRManna na ceanglais údarúcháin, ba cheart dóibh an fhaisnéis is gá a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta chun iad a shainaithint agus chun a mbunaíocht laistigh den Aontas, inter alia, a chruthú. Ba cheart dóibh doiciméid a chur isteach freisin lena gcruthaítear go bhfuil na ceanglais eagraíochtúla is gá i bhfeidhm acu chun seirbhísí IIP nó seirbhísí RRM a sholáthar. Chun a léiriú go gcomhlíontar Airteagal 4a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, lena bhforáiltear go mbeidh beartais agus socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag IIPanna chun an fhaisnéis chos istigh a nochtadh chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, ba cheart do IIPanna faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht faoin tréimhse ama a theastaíonn ón IIP chun an fhaisnéis a fuarthas óna gcliaint IIP, arna bailíochtú go rathúil ag a gcóras bailíochtaithe sonraí, a nochtadh ar a n-ardán. Chun a áirithiú go bhfaighidh an Ghníomhaireacht taifid sonraí agus tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh atá cruinn, iomlán agus tráthúil agus a chomhlíonann caighdeáin rialála, mar chuid den phróiseas údarúcháin, ba cheart d’iarratasóirí dul faoi chéim thástála chun a léiriú go bhfuil ar a gcumas na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus a shonraítear a thuilleadh sa Rialachán seo a chomhlíonadh. |
|
(6) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar IIPanna agus RRManna a bhí cláraithe cheana ag an nGníomhaireacht, níor cheart a cheangal ar na IIPanna agus na RRManna sin doiciméid atá ar fáil cheana don Ghníomhaireacht a chur isteach arís. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha sonracha maidir leo a bheith sa phróiseas údarúcháin. Ba cheart na IIPanna agus na RRManna sin a bheith incháilithe do phróiseas údarúcháin simplithe, a mhéid a dheimhníonn an Ghníomhaireacht do na IIPanna agus na RRManna ábhartha go bhfuil an fhaisnéis uile is gá le haghaidh údaraithe faighte aici cheana, le linn an phróisis clárúcháin. Ba cheart don Ghníomhaireacht, áfach, an ceart a choinneáil chun a iarraidh go gcuirfí isteach an athuair doiciméadacht a soláthraíodh cheana le linn an phróisis clárúcháin, más gá sin chun comhoiriúnacht lena córais TF a áirithiú, go háirithe i gcásanna ina bhfuil gá le nuashonruithe teicniúla. |
|
(7) |
Chun próiseas údarúcháin tráthúil, éifeachtúil a áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht cinneadh a ghlacadh maidir le húdarú mar IIP nó RRM laistigh de 3 mhí ón uair a fuarthas iarratas iomlán. Roimh thús na tréimhse measúnaithe 3 mhí, ba cheart measúnú tosaigh a bheith déanta ag an nGníomhaireacht maidir le hiomláine an iarratais. Má mheasann an Ghníomhaireacht go bhfuil níos mó ama de dhíth uirthi chun cinneadh údarúcháin a ghlacadh, ba cheart don Ghníomhaireacht, sula rachaidh an tréimhse 3 mhí in éag, an t-iarratasóir a chur ar an eolas faoin am breise a theastaíonn uaithi chun an cinneadh a ghlacadh. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, mura nglacfar aon chinneadh laistigh den tréimhse ama bhreise, ba cheart a mheas gur ghlac an Ghníomhaireacht cinneadh dearfach. |
|
(8) |
Chun a áirithiú go bhfuil fíor-rún ag na hiarratasóirí a chuireann iarratais ar údarú isteach seirbhísí IIP agus seirbhísí RRM a chur ar fáil, chomh maith le moilleanna agus ualach riaracháin gan ghá ar an nGníomhaireacht a sheachaint, ba cheart a mheas go bhfuil a n-iarratas tarraingthe siar ag iarratasóirí a bheidh neamhghníomhach ar feadh níos mó ná 3 mhí, ach amháin má chuireann siad in iúl don Ghníomhaireacht gur mian leo fós go n-údarófaí iad. |
|
(9) |
Ionas gur féidir le hiarratasóirí agus le IIPanna agus RRManna atá údaraithe forfheidhmiú a dhéanamh ar a gcearta a bhaineann le cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht faoin Rialachán seo, ba cheart aon cheann de chinntí na Gníomhaireachta dá dtagraítear sa Rialachán seo, lena n-áirítear cinntí lena ndiúltaítear d’iarratas ar údarú, a bheith faoi réir na leigheasanna dlí atá ar fáil de bhun Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(10) |
Chun cruinneas agus iomláine na faisnéise a nochtann IIPanna agus na dtuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chuireann IIPanna faoi bhráid na Gníomhaireachta a áirithiú, chomh maith le cruinneas agus iomláine na dtaifead sonraí arna dtuairisciú ag RRManna don Ghníomhaireacht, ba cheart don Ghníomhaireacht treoraíocht a sholáthar, inter alia, maidir leis na prionsabail agus na próisis bhailíochtaithe a leagtar amach sa Rialachán seo trí shonraíochtaí teicniúla a sholáthar maidir le sonraí a fhíorú. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an treoraíocht sin a áirithiú go bhfaighidh an Ghníomhaireacht sonraí ardcháilíochta, rud a fhágfaidh go bhféadfar faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an margadh. Is príomhcheanglas é comhlíonadh na bprionsabal agus na bpróiseas bailíochtaithe sonraí chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a thuairiscítear don Ghníomhaireacht fóinteach, comhleanúnach agus réidh le próiseáil, rud a chuirfidh ar a cumas don Ghníomhaireacht a ról faireacháin a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtúil. |
|
(11) |
Ba cheart córais fhónta slándála faisnéise a bheith i bhfeidhm ag IIPanna agus RRManna lena n-áirithítear soláthar slán seirbhísí nochta agus tuairiscithe, lena gcoisctear sáruithe sonraí agus teagmhais slándála, agus lena ráthaítear leanúnachas seirbhísí trí shaoráidí cúltaca. Chun slándáil agus athléimneacht córas gréasán agus faisnéise a áirithiú, ba cheart do IIPanna agus RRManna bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach a chur chun feidhme chun rioscaí a bhainistiú agus chun an tionchar a bhíonn ag teagmhais ar fhaighteoirí a gcuid seirbhísí a chosc nó a íoslaghdú. Ba cheart na bearta sin a bheith úrscothach agus, i gcás inarb infheidhme, ba cheart caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh leo. |
|
(12) |
Chun a áirithiú go ndéanfar ceanglais an Rialacháin seo a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh go héifeachtach le linn na tréimhse ar fad ina soláthraíonn IIPanna agus RRManna a gcuid seirbhísí, ba cheart IIPanna agus RRManna a bheith faoi réir maoirseacht thráthrialta ag an nGníomhaireacht. Chun na críche sin, ba cheart an ceart a bheith ag an nGníomhaireacht soiléirithe agus faisnéis a iarraidh ar eintitis údaraithe i gcás neamhchomhlíonadh féideartha. |
|
(13) |
Ní mór do RRManna tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 9a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. Chun a áirithiú go mbeidh an t-ualach riaracháin agus tuairiscithe is lú is féidir ar RRManna, ba cheart ábhar na tuarascála sin a theorannú don mhéid íosta is gá, agus a áirithiú an tráth céanna go mbeidh faisnéis úsáideach inti don Ghníomhaireacht agus a cumhachtaí maoirseachta á gcur i bhfeidhm aici. |
|
(14) |
Ba cheart é a bheith indéanta údaruithe IIPanna agus RRManna a tharraingt siar ar thionscnamh na Gníomhaireachta, bunaithe ar na forais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, nó arna iarraidh sin don IIP féin nó don RRM féin. Má iarrann an IIP nó an RRM go ndéanfar a údarú a tharraingt siar, ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta brostaithe. Chun a áirithiú go dtarraingeofar údarú siar go tapa agus go héifeachtúil, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm freisin i gcásanna ina léireoidh an IIP nó an RRM lena mbaineann, tar éis don Ghníomhaireacht an nós imeachta um tharraingt siar a thionscnamh, go bhfuil sé toilteanach go ndéanfaí a údarú a tharraingt siar. |
|
(15) |
Chun próiseas cinnteoireachta atá cothrom neamhchlaonta a áirithiú, ba cheart cinneadh na Gníomhaireachta maidir le húdarú a dheonú nó a tharraingt siar a bheith bunaithe ar scrúdú críochnúil ar na fíorais ábhartha agus ba cheart é a bheith dea-réasúnaithe. Níor cheart cinneadh na Gníomhaireachta údarú a tharraingt siar a bheith bunaithe ach ar thorthaí a raibh an deis ag an IIP nó an RRM a thuairimí a chur in iúl ina leith. |
|
(16) |
Chun é a chur ar a gcumas do IIPanna agus RRManna na gníomhaíochtaí uile is gá a dhéanamh chun na ceanglais a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha lena mionsonraítear an próiseas údaruithe, na ceanglais eagraíochtúla, an mhaoirseacht agus an tuairisciú agus na próisis aistarraingthe agus ionadaithe a chur siar. |
|
(17) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(18) |
Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann IIPanna agus RRManna faoin Rialachán seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann an Ghníomhaireacht faoin Rialachán seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Nuair a dhéantar IIP nó RRM a tharraingt siar, ba cheart don Ghníomhaireacht na sonraí pearsanta a bailíodh roimhe sin a choinneáil ar feadh 10 mbliana, mar a léirítear i mbeartas coinneála na Gníomhaireachta agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo mionsonraí na faisnéise atá le soláthar don Ghníomhaireacht chun an t-údarú a fháil le seirbhísí IIP nó seirbhísí RRM a sholáthar, agus na ceanglais eagraíochtúla maidir le húdarú a dhéanamh ar IIPanna agus RRManna. Bunaítear leis freisin na nósanna imeachta um maoirseacht a dhéanamh ar IIPanna agus RRManna, chun a n-údaruithe a tharraingt siar agus chun iad a ionadú go hordúil i gcás tarraingt siar den sórt sin.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
1. |
ciallaíonn ‘iarratas’ iarratas ar údarú ón nGníomhaireacht le seirbhísí IIP nó seirbhísí RRM a sholáthar de bhun Airteagal 4a(1) agus Airteagal 9a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011; |
|
2. |
ciallaíonn ‘iarratasóir’ duine dlítheanach a bhfuil iarratas á chur isteach aige; |
|
3. |
ciallaíonn ‘cliant IIP’ rannpháirtithe margaidh agus údaráis atá inniúil i leith na pleanála éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 3(4), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, ar thar a gceann a fhoilsíonn IIP faisnéis agus a chuireann sé tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh faoi bhráid na Gníomhaireachta; |
|
4. |
ciallaíonn ‘cliant RRM’ eintiteas atá faoi réir oibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 7c agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, ar thar a cheann a chuireann an RRM taifid sonraí faoi bhráid na Gníomhaireachta, nó eintiteas a liostaítear, chun leabhair orduithe a thuairisciú de bhun Airteagal 8(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, in Airteagal 8(4), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011; |
|
5. |
ciallaíonn ‘taifead sonraí’ aon idirbheart, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, agus sonraí bunúsacha atá le tuairisciú don Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 7c agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/256 ón gCoimisiún (5); |
|
6. |
ciallaíonn ‘tuarascáil maidir le faisnéis chos istigh’ an tuarascáil lena n-áirítear an fhaisnéis arna nochtadh agus arna tuairisciú don Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 4a de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/256; |
|
7. |
ciallaíonn ‘lá oibre’ aon lá seachas an Satharn, an Domhnach nó lá saoire poiblí de réir bhrí Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (6). |
CAIBIDIL II
PRÓISEAS ÚDARÚCHÁIN LE HAGHAIDH IIPanna AGUS RRManna
ROINN I
Inneachar an iarratais
Airteagal 3
Sainaithint an iarratasóra agus a stádas dlíthiúil agus rochtain ar chórais malartaithe sonraí na Gníomhaireachta
1. Sainaithneofar san iarratas an t-iarratasóir agus na gníomhaíochtaí a bheartaíonn sé a dhéanamh agus a cheanglaíonn air a bheith údaraithe mar IIP nó RRM.
2. Beidh an doiciméadacht agus an fhaisnéis seo a leanas san iarratas:
|
(a) |
ainm dlíthiúil agus seoladh an iarratasóra; |
|
(b) |
cruthúnas ar bhunaíocht an iarratasóra san Aontas; |
|
(c) |
foirm eintitis dhlítheanaigh, agus í líonta isteach, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear sliocht as an gclár ábhartha tráchtála nó cúirte san Aontas, nó foirmeacha eile fianaise deimhnithe maidir le háit an chorpraithe, raon feidhme na gníomhaíochta gnó agus uimhir aitheantais cánach breisluacha (CBL) an iarratasóra san Aontas, a bheidh bailí ar dháta an iarratais; |
|
(d) |
ainm agus sonraí teagmhála gnó na ndaoine atá freagrach as comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus as comhlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, agus aon bhall foirne eile a bhfuil baint aige le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas thuasluaite ag an iarratasóir; |
|
(e) |
ainm agus sonraí teagmhála gnó na ndaoine atá freagrach as cumarsáid a dhéanamh leis an nGníomhaireacht agus le cliaint IIP agus RRM, lena n-áirítear cumarsáid mar thoradh ar chumarsáid leantach ón nGníomhaireacht chuig an IIP nó an RRM. |
3. Sa bhreis ar an doiciméadacht agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, léireoidh iarratasóirí ar údarú mar IIP ina n-iarratas an dáta a bheartaítear tosú ar oibriú a n-ardáin.
4. I dteannta na doiciméadachta agus na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, léireoidh iarratasóirí ar údarú mar RRM ina n-iarratas an dáta a bheartaítear tosú ar thuairisciú taifead sonraí.
5. Is é ionadaí dlíthiúil an iarratasóra, a bheidh cumhachtaithe go cuí, a shíneoidh an t-iarratas. Cuirfear faoi bhráid na Gníomhaireachta fianaise lena gcruthaítear cumhachtú den sórt sin, amhail cumhacht aturnae, lena n-áirítear ainm agus sloinne agus sonraí teagmhála gnó an ionadaí dhlíthiúil atá cumhachtaithe go cuí, mar a leanas:
|
(a) |
ainm, |
|
(b) |
sloinne, |
|
(c) |
uimhir ghutháin ghnó, |
|
(d) |
seoladh ríomhphoist gnó, |
|
(e) |
cineál an chaidrimh dhlíthiúil leis an IIP nó an RRM. |
6. Tabharfaidh iarratasóirí comhaontú neamhnochta i gcrích leis an nGníomhaireacht chun rochtain a fháil ar chórais malartaithe sonraí na Gníomhaireachta.
Airteagal 4
Doiciméid tacaíochta
1. Áireofar san iarratas doiciméid tacaíochta ina dtugtar tuairisc ar chomhlíonadh na gceanglas eagraíochtúil ginearálta le haghaidh IIPanna agus RRManna a leagtar amach in Airteagail 11 go 18 agus na beartais agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm ag an iarratasóir chun ionadú ordúil a áirithiú de bhun Airteagal 38.
I dteannta na ndoiciméad dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áireoidh iarratasóirí ar údarú mar IIP doiciméid tacaíochta ina dtugtar tuairisc ar chomhlíonadh na gceanglas i leith IIP a leagtar amach in Airteagail 19 go 25 agus áireoidh iarratasóirí ar údarú mar RRM doiciméid tacaíochta ina dtugtar tuairisc ar chomhlíonadh na gceanglas i leith RRM a leagtar amach in Airteagail 26 go 29.
2. Beidh an méid seo a leanas san iarratas:
|
(a) |
faisnéis faoi bheartais, pleananna teagmhasacha agus socruithe an IIP nó an RRM chun a áirithiú go gcomhlíonfar an t-uainiú i leith nochtadh faisnéise agus i leith tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus taifid sonraí a thuairisciú don Ghníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 11, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta ghaolmhara; |
|
(b) |
faisnéis faoi chóras bailíochtaithe sonraí an IIP nó an RRM chun seiceáil a dhéanamh ar chruinneas agus iomláine tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh nó taifead sonraí, lena n-áirítear comhlíonadh prionsabal agus próiseas bailíochtaithe sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 12, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta ghaolmhara; |
|
(c) |
faisnéis faoi shocruithe an IIP nó an RRM atá ceaptha chun comhlíonadh na gceanglas slándála a ráthú i gcomhréir le hAirteagal 13, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta ghaolmhara; |
|
(d) |
cairt eagraíochtúil an IIP nó an RRM, a bhaineann leis na feidhmeanna agus na struchtúir atá ábhartha do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011; |
|
(e) |
clár oibríochtaí an IIP nó an RRM, a bhaineann leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011; |
|
(f) |
faisnéis faoi shocruithe riaracháin an IIP nó an RRM chun coinbhleachtaí leasa agus idirdhealú dá dtagraítear in Airteagal 16 a chosc, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta ghaolmhara; |
|
(g) |
faisnéis faoi acmhainní an IIP nó an RRM agus na saoráidí cúltaca arna gcur chun feidhme chun a seirbhísí sonracha a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 17, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta ghaolmhara; |
|
(h) |
faisnéis maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán teicniúil, lena n-áirítear aon nuashonrú orthu, chun feidhmiú slán éifeachtúil an phróisis bailithe sonraí agus an tuairiscithe ina dhiaidh sin chuig an nGníomhaireacht a áirithiú, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta ghaolmhara. |
3. Maidir le cairt eagraíochtúil an IIP nó an RRM dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), beidh an méid seo a leanas amhlaidh:
|
(a) |
léireofar an struchtúr grúpa agus na naisc úinéireachta idir an máthairghnóthas agus a fhochuideachtaí nó aon eintiteas nó brainse comhlachaithe eile, agus léireofar a ngníomhaíochtaí sonracha; |
|
(b) |
cuirfear in iúl ainm dlíthiúil agus seoladh na ngnóthas a léirítear sa chairt eagrúcháin; |
|
(c) |
sainaithneofar na daoine atá freagrach as taifid sonraí a thuairisciú nó as oibriú an ardáin chun faisnéis a nochtadh agus as tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, agus soláthrófar tuairiscí ar a gcúraimí agus ar a sonraí teagmhála gnó. |
4. I gclár na n-oibríochtaí dá dtagraítear i mír 2, pointe (e), tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an gcreat oibríochtúil agus na sásraí rialaithe inmheánaigh chun comhlíonadh an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a áirithiú.
Léireofar sa tuairisc ar an gcreat oibríochtúil samhail ghnó an iarratasóra, lena n-áirítear na seirbhísí agus na táirgí a chuirtear ar fáil ar cinn iad a bhaineann leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, agus cuirfear in iúl inti aon socrú seachfhoinsithe ábhartha, agus sa chás sin sonrófar conas a áirithítear leis na socruithe seachfhoinsithe sin go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.
Léireofar sa tuairisc ar na sásraí rialaithe inmheánaigh na sásraí chun rialachas éifeachtach agus bainistíocht riosca éifeachtach a áirithiú, agus na nósanna imeachta agus na córais chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, lena n-áirítear sainaithint rioscaí féideartha agus straitéisí maolaithe comhfhreagracha.
5. Féadfaidh iarratasóirí a léiriú go gcomhlíonann siad aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 trí dheimhniú bailí sraithe caighdeán ISO/IEC 27000 maidir le córais bainistíochta slándála faisnéise nó deimhnithe coibhéiseacha a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht soiléirithe breise a iarraidh ar na hiarratasóirí maidir leis an deimhniú arna sholáthar, aon fhaisnéis atá in easnamh a iarraidh chun comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 a léiriú, agus a iarraidh go dtabharfar an deimhniú sin cothrom le dáta tar éis a dháta éaga.
6. I gcás iarratasóirí ar údarú mar IIP, soláthróidh siad faisnéis don Ghníomhaireacht faoin tréimhse ama a theastaíonn ó na IIPanna chun an fhaisnéis a fuarthas óna gcliaint IIP, arna bailíochtú go rathúil ag a gcórais bailíochtaithe sonraí, a nochtadh ar a n-ardán. I gcás iarratasóirí ar údarú mar IIP, soláthróidh siad faisnéis don Ghníomhaireacht faoin gcaoi a leagann siad síos na táillí atá le híoc ag a gcliaint IIP i gcomhréir le hAirteagal 25.
7. I gcás iarratasóirí ar údarú mar RRM, soláthróidh siad doiciméid tacaíochta maidir leis na córais faisnéise atá i bhfeidhm acu chun aistrithe sonraí ó chórais nó ardáin eile a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 15. I gcás iarratasóirí ar údarú mar RRM, cuirfidh siad in iúl ainm na gcóras nó an ardáin sin, agus ainm aon saoráide úsáideora lena ngintear sonraí atá intuairiscithe don réiteach teicniúil arna chur chun feidhme ag an iarratasóir, mar aon le faisnéis maidir le haon chlaochlú sonraí a tharla sa phróiseas sin.
Airteagal 5
Céim na tástála
1. Léireoidh iarratasóirí go bhfuil ar a gcumas tuarascálacha ar fhaisnéis chos istigh a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus taifid sonraí a thuairisciú di. Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar a gcumas tuairiscithe trí chéim thástála atá le déanamh le linn an nós imeachta um iarratas.
2. Chun críche na tástála, soláthróidh iarratasóirí an méid seo a leanas don Ghníomhaireacht:
|
(a) |
i gcás iarratasóirí ar údarú mar IIP, mionsonraí maidir leis na cineálacha tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh atá le foilsiú ar an ardán agus le cur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus, i gcás iarratasóirí ar údarú mar RRM, mionsonraí maidir leis na cineálacha taifead sonraí atá le tuairisciú don Ghníomhaireacht; |
|
(b) |
samplaí sonraí sa chéim thástála i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/256 agus úsáid á baint as na formáidí leictreonacha caighdeánacha i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus na prionsabail a leagtar amach sna lámhleabhair ghaolmhara arna nglacadh ag an nGníomhaireacht á gcur i bhfeidhm. |
Airteagal 6
Athruithe ábhartha le linn an phróisis iarratais
1. Nuair a thionscnaíonn iarratasóirí nó a gcliaint IIP nó a gcliaint RRM aon athrú ábhartha le linn an phróisis iarratais, tabharfaidh na hiarratasóirí fógra don Ghníomhaireacht faoi na hathruithe sin tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis don athrú ábhartha tarlú. Tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an athrú san fhógra agus beidh na doiciméid tacaíochta ábhartha ag gabháil leis, de bhun Airteagal 4, a mhéid a leasaíodh na doiciméid sin.
2. Má thugtar an fógra de bhun mhír 1 tar éis don Ghníomhaireacht an fógra dá dtagraítear in Airteagal 10(2) a eisiúint, féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh arís ar iomláine an iarratais.
3. Measfar go bhfuil athrú ábhartha má bhaineann sé le haon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
an bealach a ndéantar tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur isteach agus taifid sonraí a thuairisciú; |
|
(b) |
an fhaisnéis atá sna doiciméid tacaíochta atá le soláthar de bhun Airteagal 4; |
|
(c) |
na cineálacha sonraí a nochtar ar ardáin IIP nó a thuairiscíonn IIPanna agus RRManna don Ghníomhaireacht; |
|
(d) |
na formáidí leictreonacha caighdeánacha ábhartha ina dtuairiscítear na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c). |
Airteagal 7
Iarraidh ar fhaisnéis bhreise le linn an phróisis údarúcháin
Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, soláthróidh iarratasóirí faisnéis bhreise le linn an scrúdaithe ar a n-iarratas, i gcás inar gá an fhaisnéis sin chun go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar iomláine a n-iarratais agus chun a mheas an gcomhlíonann na hiarratasóirí na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.
Airteagal 8
Próiseas iarratais le haghaidh IIPanna agus RRManna atá cláraithe cheana
1. I gcás IIPanna agus RRManna atá cláraithe cheana ag an nGníomhaireacht, déanfaidh siad iarratas ar údarú ón nGníomhaireacht de bhun Airteagal 10 roimh an 29 Aibreán 2028, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagail 3 go 7.
2. Ina n-iarratas, déanfaidh IIPanna agus RRManna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar don Ghníomhaireacht an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7, ach amháin má soláthraíodh an fhaisnéis sin cheana faoi chuimsiú an phróisis clárúcháin.
3. Cuirfidh an Ghníomhaireacht na IIPanna agus na RRManna dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas má tá gá le faisnéis bhreise chun measúnú a dhéanamh ar iomláine an iarratais agus lena mheas an gcomhlíonann na hiarratasóirí na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.
Airteagal 9
Treoraíocht ón nGníomhaireacht
Tráth nach déanaí ná an 29 Samhain 2026, agus tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, soláthróidh an Ghníomhaireacht treoraíocht maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
an próiseas teicniúil don chéim thástála dá dtagraítear in Airteagal 5(1); |
|
(b) |
an próiseas iarratais le haghaidh IIPanna agus RRManna atá cláraithe cheana dá dtagraítear in Airteagal 8(1); |
|
(c) |
na prionsabail agus na próisis bailíochtaithe sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (2) trí shonraíochtaí teicniúla a sholáthar maidir le fíorú sonraí; |
|
(d) |
na bearta slándála dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (d); |
|
(e) |
formáid na tuarascála ar aga neamhfhónaimh neamhphleanáilte nó cur isteach dá dtagraítear in Airteagal 18(3); |
|
(f) |
an próiseas marcála a leagtar amach in Airteagal 24(4), más infheidhme; |
|
(g) |
na sásraí chun sainaithint a dhéanamh ar iomláine, easnaimh agus earráidí follasacha i dtuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh agus i dtaifid sonraí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) i gcás IIPanna agus in Airteagal 27(1) i gcás RRManna; |
|
(h) |
formáid na tuarascála bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 33(1). |
ROINN II
Údarú a dheonú
Airteagal 10
Cinneadh maidir leis an údarú agus coimircí gaolmhara
1. Measfar an t-iarratas a bheith iomlán nuair a gheobhaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis uile is gá, mar a leagtar síos in Airteagail 3 go 7.
2. Nuair a mheasfaidh an Ghníomhaireacht go bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh sí fógra don iarratasóir gan moill mhíchuí.
3. Nuair a mheasfar go bhfuil an t-iarratas iomlán, déanfaidh an Ghníomhaireacht a mheas an gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 11 go 29 den Rialachán seo agus in Airteagal 4a(3) go (5)agus Airteagal 9a(1) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. Má chomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais sin, deonófar an t-údarú agus, ina mhalairt de chás, diúltófar don iarratas. Glacfar an cinneadh an t-iarratas a dheonú nó a dhiúltú laistigh de 3 mhí ón dáta a gheofar an fógra dá dtagraítear i mír 2.
4. Má mheasann an Ghníomhaireacht go bhfuil níos mó ama de dhíth uirthi chun cinneadh údarúcháin a ghlacadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht an t-iarratasóir ar an eolas, sula rachaidh an tréimhse 3 mhí dá dtagraítear i mír 3 in éag, faoin tréimhse bhreise a theastaíonn uaithi chun an cinneadh a ghlacadh. Ní rachaidh an tréimhse bhreise sin thar 2 mhí ó dhul in éag na tréimhse 3 mhí. Mura nglacfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh laistigh den tréimhse ama bhreise sin, measfar gur dheonaigh sí an t-údarú.
5. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra faoin gcinneadh sin do na páirtithe seo a leanas laistigh de 5 lá oibre ó ghlacadh an chinnidh maidir le húdarú nó diúltú:
|
(a) |
an IIP nó an RRM a rinne an t-iarratas; |
|
(b) |
údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an IIP nó an RRM bunaithe. |
6. I gcás ina mainneoidh iarratasóir an fhaisnéis is gá a chur in iúl nó a sholáthar ar feadh níos mó ná 3 mhí tar éis an t-iarratas a chur isteach nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis iarraidh ar shoiléiriú a fháil ón nGníomhaireacht, féadfaidh an Ghníomhaireacht a mheas gur tarraingíodh siar an t-iarratas. Coicís ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse 3 mhí, tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don iarratasóir go bhfuil stádas neamhghníomhach aige agus meabhróidh sí dó na hiarmhairtí a eascraíonn as sin.
7. Beidh aon chinneadh ón nGníomhaireacht i gcomhthéacs próiseas údarúcháin faoi réir coimircí nós imeachta, lena n-áirítear na leigheasanna dlí atá ar fáil de bhun Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942.
CAIBIDIL III
CEANGLAIS EAGRAÍOCHTÚLA
ROINN I
Ceanglais eagraíochtúla ghinearálta
Airteagal 11
Oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh go tráthúil
Cuirfidh IIPanna agus RRManna beartais, pleananna teagmhasacha agus socruithe chun feidhme lena áirithiú go gcomhlíonfar go tráthúil na ceanglais i dtaobh tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur isteach, a leagtar amach in Airteagal 4a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, agus na ceanglais maidir le taifid sonraí a thuairisciú, a leagtar amach in Airteagail 7, 10, 13 agus 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/256.
Airteagal 12
Córais bailíochtaithe sonraí
1. Beidh córais bailíochtaithe sonraí i bhfeidhm ag IIPanna chun na prionsabail a leagtar amach in Airteagail 22, 23 agus 24 a chomhlíonadh agus chun na próisis a leagtar amach iontu a leanúint.
2. Beidh córais bailíochtaithe sonraí i bhfeidhm ag RRManna chun na prionsabail a leagtar amach in Airteagail 26, 27 agus 29 a chomhlíonadh agus chun na próisis a leagtar amach iontu a leanúint.
3. Ní chuirfidh IIPanna ná RRManna faoi bhráid na Gníomhaireachta ach tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh agus taifid sonraí a ndearnadh measúnú rathúil orthu lena gcórais bailíochtaithe sonraí i gcomhréir le míreanna 1 agus 2.
Airteagal 13
Ceanglais slándála
1. Déanfaidh IIPanna agus RRManna beartais, nósanna imeachta agus socruithe le haghaidh slándáil fhisiceach agus leictreonach a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar cinn iad atá bunaithe ar an dea-chleachtas agus atá comhsheasmhach le caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta. Ceapfar na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe sin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
córais TF na IIPanna agus na RRManna a chosaint ar mhí-úsáid nó ar rochtain neamhúdaraithe; |
|
(b) |
íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le teagmhais a chuireann córais faisnéise i mbaol, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 6(6) de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7); |
|
(c) |
cosc a chur ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda a shreabhann ó chliaint IIP agus ó chliaint RRM chuig an IIP nó an RRM agus ón IIP nó an RRM chuig an nGníomhaireacht; |
|
(d) |
rúndacht, sláine, infhaighteacht, barántúlacht, cuntasacht agus iontaofacht na faisnéise a phróiseáiltear i gcórais an IIP agus an RRM a áirithiú agus, i gcás IIPanna, sceitheadh na faisnéise próiseáilte sula bhfoilseofar í a chosc; |
|
(e) |
neamhshéanadh a áirithiú trí ríomhshínithe nó trí dheimhnithe leictreonacha, nó trí aon sásra eile lena soláthraítear leibhéal coibhéiseach neamhshéanta. |
2. Leagfaidh IIPanna agus RRManna síos na ceanglais maidir le ceadanna rochtana ar shonraí chomh maith le cuspóir agus raon feidhme na rochtana ar shonraí, agus aon srian ar úsáid na sonraí. Bunóidh siad agus coinneoidh siad ar bun sásraí slándála chun na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint agus a bhainistiú go pras, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
timpeallacht shlán chun sonraí ó chliaint IIP agus ó chliaint RRM a bhailiú agus a bhainistiú agus chun tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus taifid sonraí a thuairisciú don Ghníomhaireacht; |
|
(b) |
comhéadain feidhmchláir arna sonrú ag an nGníomhaireacht; |
|
(c) |
nasc líonra cosanta leithscartha leis an nGníomhaireacht mar a shonróidh an Ghníomhaireacht. |
3. Féadfaidh iarratasóirí a léiriú go gcomhlíonann siad na ceanglais slándála fhisiceacha agus leictreonacha dá dtagraítear i mír 1 trí dheimhniú bailí sraithe caighdeán ISO/IEC 27000 maidir le córais bainistíochta slándála faisnéise, nó deimhnithe coibhéiseacha, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht tuilleadh soiléirithe a iarraidh ar na hiarratasóirí maidir leis an deimhniú arna sholáthar agus féadfaidh sí a iarraidh go dtabharfar an deimhniú sin cothrom le dáta tar éis a dháta éaga.
Airteagal 14
Teagmhais slándála
1. Déanfaidh IIPanna agus RRManna na gníomhaíochtaí a liostaítear i mír 2 i gcás ina dtarlóidh aon cheann de na teagmhais seo a leanas:
|
(a) |
mí-úsáid a bheith á baint as córais TF an IIP nó an RRM, nó rochtain neamhúdaraithe orthu; |
|
(b) |
teagmhais a chuireann córais faisnéise i mbaol, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 6(6) de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(c) |
nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda a thagann ó chliaint IIP agus ó chliaint RRM chuig an IIP nó an RRM agus ón IIP nó an RRM chuig an nGníomhaireacht; |
|
(d) |
sárú ar rúndacht, sláine, infhaighteacht, barántúlacht, cuntasacht agus iontaofacht na faisnéise a phróiseáiltear i gcórais na IIPanna agus na RRManna agus, i gcás IIPanna, sceitheadh na faisnéise próiseáilte sula bhfoilsítear í; |
|
(e) |
aon teagmhas a dhéanfadh dochar do neamhshéanadh na sonraí nó a mbeadh tionchar aige air sin. |
2. Déanfaidh IIPanna agus RRManna an méid seo a leanas:
|
(a) |
fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht faoin teagmhas laistigh de 24 uair an chloig ón uair a thiocfaidh siad ar an eolas faoi; |
|
(b) |
fógra a thabhairt d’aon chliaint IIP agus aon chliaint RRM, más infheidhme, a raibh tionchar ag an teagmhas orthu nó a bhféadfadh sé go raibh tionchar ag an teagmhas orthu laistigh de 48 n-uair an chloig ón uair a thiocfaidh siad ar an eolas faoi; |
|
(c) |
measúnú tosaigh ar an teagmhas a sholáthar don Ghníomhaireacht laistigh de 72 uair an chloig ón uair a thiocfaidh siad ar an eolas faoi; |
|
(d) |
tuarascáil mhionsonraithe ar an teagmhas a sholáthar don Ghníomhaireacht laistigh de 1 mhí amháin ón uair a thiocfaidh siad ar an eolas faoi, ina leagfar amach cineál an teagmhais, na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt air, agus na tionscnaimh a cuireadh chun feidhme ionas nach dtarlóidh teagmhais dá leithéid armach anseo. |
Airteagal 15
Aistrithe sonraí
Beidh córais faisnéise i bhfeidhm ag IIPanna agus RRManna le haghaidh aistrithe éifeachtacha sonraí ó chórais nó ardáin eile, lena n-áiritheofar próiseas éifeachtúil bailithe sonraí agus tuairisciú ina dhiaidh sin don Ghníomhaireacht.
Airteagal 16
Coinbhleacht leasa
1. Coinneoidh IIPanna agus RRManna socruithe riaracháin éifeachtacha ar bun, arna gceapadh lena chosc go dtarlóidh coinbhleachtaí leasa lena gcliaint IIP agus lena gcliaint RRM. Áireofar sna socruithe sin beartais agus nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa atá ann cheana agus cinn fhéideartha a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh agus déanfar an méid seo a leanas leo:
|
(a) |
a áirithiú go mbeidh na cliaint ábhartha IIP agus na cliaint ábhartha RRM ar an eolas faoi na beartais agus na nósanna imeachta sin; |
|
(b) |
deighilt dualgas agus feidhmeanna gnó laistigh den IIP nó RRM a áirithiú, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
|
(c) |
aon choinbhleacht leasa atá ann cheana agus aon cheann féideartha a mhapáil agus a liostú i bhfardal, ina mbeidh tuairisc agus sainaithint orthu, bearta coisc agus bainistíochta, agus nochtadh. |
2. Beidh beartais i bhfeidhm ag IIPanna agus RRManna chun a áirithiú gur ar bhealach neamh-idirdhealaitheach a láimhseálfar na sonraí a thuairiscítear.
Airteagal 17
Leanúnachas gnó agus saoráidí cúltaca
1. Áiritheoidh IIPanna agus RRManna go mbeidh dóthain foirne, bonneagair, caipitil agus acmhainní airgeadais acu chun an leanúnachas agus an rialtacht a rathú i bhfeidhmiú a seirbhísí ar leith, chomh maith le cosaint leordhóthanach an IIP nó an RRM ar rioscaí oibríochtúla, rioscaí dlíthiúla agus rioscaí gnó.
2. An tráth a chláraítear cliaint nua IIP, cuirfidh IIPanna treoracha ar fáil do na cliaint maidir le húsáid saoráidí cúltaca agus eiseoidh siad meabhrúcháin thréimhsiúla ina dhiaidh sin dóibh a fhad a sholáthrófar na seirbhísí IIP.
3. Beidh rialuithe agus nósanna imeachta láidre maidir le riosca oibriúcháin i bhfeidhm ag IIPanna agus RRManna chun a áirithiú go mbeidh acmhainní agus saoráidí cúltaca leordhóthanacha ar fáil. Déanfar rialuithe agus nósanna imeachta den sórt sin a dhoiciméadú i mbeartas riosca oibriúcháin nó i gcreat riosca oibriúcháin lena n-áirithítear go n-íoslaghdófar cur isteach ar na seirbhísí a sholáthraítear. Áireofar an méid seo a leanas sa bheartas nó sa chreat sin:
|
(a) |
córas rialaithe leaganacha chun aon athrú a dhéantar ar bhogearraí na IIPanna agus na RRManna a rianú agus a chartlannú; |
|
(b) |
beartas dearbhaithe cáilíochta lena n-áiritheofar go rianófar na hathruithe uile ar ailtireacht crua-earraí agus bogearraí na IIPanna agus na RRManna; |
|
(c) |
córais faireacháin agus foláirimh uathoibrithe chun an fháil atá ar chomhpháirteanna agus seirbhísí uile an chórais a rianú, lena soláthraítear fógraí láithreacha do na cliaint IIP agus do na cliaint RRM maidir le haon chur isteach ar sheirbhís; |
|
(d) |
iomarcaíocht i gcás comhpháirteanna crua-earraí agus bonneagar líonra, rud a fhágann gur féidir teipaistriú chuig córais chúltaca, lena n-áirítear:
|
|
(e) |
athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh, uair sa bhliain ar a laghad, ina ndéanfar meastóireacht ar bhonneagair theicniúla na IIPanna agus na RRManna agus ar a mbeartais agus a nósanna imeachta gaolmhara, lena n-áirítear socruithe leanúnachais gnó agus, i gcás IIPanna, socruithe slándála faisnéise; |
|
(f) |
bearta cuimsitheacha chun sonraí a chur i gcúltaca lena n-áirithítear nach dtarlóidh aon chaillteanas sonraí, lena n-áirítear coinneáil sonraí a tuairiscíodh don Ghníomhaireacht le 5 bliana anuas tar éis fhoirceannadh an teagmhais chomhfhreagraigh i gcás IIPanna, agus ar feadh 5 bliana i gcás RRManna; |
|
(g) |
socruithe éifeachtacha leanúnachais gnó lena dtugtar aghaidh ar theagmhais neamhphleanáilte, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
4. Féadfaidh iarratasóirí a léiriú go gcomhlíonann siad aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 trí dheimhniú bailí sraithe caighdeán ISO/IEC 27000 maidir le córais bainistíochta slándála faisnéise, nó deimhnithe coibhéiseacha, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht soiléirithe breise a iarraidh ar na hiarratasóirí maidir leis an deimhniú arna sholáthar, aon fhaisnéis atá in easnamh a iarraidh chun comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i mír 3 a léiriú agus a iarraidh go dtabharfar an deimhniú sin cothrom le dáta tar éis a dháta éaga.
5. Áiritheoidh IIPanna agus RRManna go leigheasfar aon easnamh a shainaithneofar le linn an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3, pointe (e).
6. Cuirfidh IIPanna ar fáil don phobal an fhaisnéis uile a bhaineann leis na modhanna malartacha nochta is féidir lena gcliaint IIP a úsáid i gcás ina mbeidh aga neamhfhónaimh ag an ardán. Nuair a d’fhéadfadh sé go dtarlódh cur isteach mar gheall ar chothabháil phleanáilte, déanfar í a phleanáil le haghaidh tréimhsí ama ina bhfuil an leibhéal íosta gníomhaíochta beartaithe.
7. I gcás seirbhísí IIP a bhaineann le faisnéis a nochtadh agus a fhoilsiú agus tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur isteach, beidh siad ar fáil 99,5 % den am ar a laghad. Tá feidhm aige sin freisin i gcás ina ndéanfar seirbhísí IIP nó codanna díobh a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seachtracha.
8. I gcás inar thug IIP fógra dá chliaint IIP faoi chothabháil phleanáilte nó aga neamhfhónaimh neamhphleanáilte nó cur isteach eile i gcomhréir le hAirteagal 18, nó i gcás ina dtabharfaidh na cliaint IIP iad féin faoi deara nach bhfuil an IIP ná a shaoráidí cúltaca i bhfeidhm, rud a bheadh ina eisceacht, féadfaidh na cliaint IIP a chinneadh cé acu an nochtfaidh siad ar a suíomh gréasáin an fhaisnéis a bheadh nochta acu ar an IIP, nó an mbraithfidh siad ar IIP eile i gcomhair nochtadh pras, go dtí go n-athbhunófar an IIP nó a shaoráidí cúltaca.
9. Foilseoidh IIPanna ar a n-ardán an fhaisnéis arna nochtadh ag a gcliaint IIP i gcomhréir le mír 8 a luaithe is féidir go teicniúil tar éis athbhunú na seirbhísí.
Airteagal 18
Cothabháil phleanáilte nó aga neamhfhónaimh neamhphleanáilte nó cur isteach eile
1. Bunóidh IIPanna próisis chun fógra a thabhairt, ar a suíomh gréasáin, dá gcliaint IIP faoi aon ghníomhaíochtaí cothabhála atá beartaithe a mbeidh tionchar acu ar an bhfáil atá ar sheirbhísí IIP a bhaineann le faisnéis a nochtadh agus tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur isteach. Tabharfar an fógra 5 lá oibre ar a laghad roimh thús na tréimhse cothabhála. Cuirfear in iúl ann an tréimhse sceidealaithe ina gcuirfear isteach ar an tseirbhís agus áireofar ann treoracha maidir le conas leas a bhaint as an modh malartach chun faisnéis chos istigh a nochtadh nó chun tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur isteach.
Bunóidh IIPanna próisis freisin chun fógra a thabhairt, ar a suíomh gréasáin, dá gcliaint IIP faoi aon aga neamhfhónaimh neamhphleanáilte nó aon chur isteach eile a rachaidh i bhfeidhm ar an bhfáil atá ar sheirbhísí IIP a bhaineann le nochtadh faisnéise agus cur isteach tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh. Tabharfar fógra do gach cliant IIP go leithleach, a luaithe is féidir tar éis don chur isteach tarlú, agus tabharfar treoracha dó maidir le conas leas a bhaint as an modh malartach chun faisnéis a nochtadh.
2. Bunóidh RRManna próisis chun fógra a thabhairt dá gcliaint RRM faoi aon ghníomhaíocht chothabhála atá beartaithe ar chomhéadan nó ar chóras tuairiscithe an RRM. Tabharfar an fógra 5 lá oibre ar a laghad roimh thús na tréimhse cothabhála. Cuirfear in iúl ann an tréimhse sceidealaithe ina gcuirfear isteach ar an tseirbhís.
Bunóidh RRManna próisis freisin chun fógra a thabhairt dá gcliaint RRM faoi aon aga neamhfhónaimh neamhphleanáilte nó aon chur isteach eile. Tabharfar an fógra a luaithe is féidir tar éis don chur isteach tarlú trí na bealaí dá dtagraítear in Airteagal 17, lena n-áirítear fógra a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin ina soláthrófar an t-am a mheastar a chuirfear an tseirbhís rialta ar fáil arís.
I gcás ina mbainfidh RRM agus a chliaint leis an eintiteas dlítheanach céanna, ní cheanglófar ar an RRM na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh.
3. Tabharfaidh IIPanna agus RRManna fógra don Ghníomhaireacht faoi aon aga neamhfhónaimh neamhphleanáilte nó aon chur isteach eile a dhéanann difear dá gcumas na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 11 go 29 a chomhlíonadh, laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoin gcur isteach. Tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin tar éis dóibh a theacht ar an eolas faoin gcur isteach, cuirfidh IIPanna agus RRManna tuarascáil faoi bhráid na Gníomhaireachta ina sonrófar na cúiseanna a bhí leis an gcur isteach agus na gníomhaíochtaí a rinneadh ionas nach dtarlóidh sé arís.
4. Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis bhreise nó soiléirithe breise a iarraidh i ndáil le mar a chomhlíonann na IIPanna agus na RRManna na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.
ROINN II
Ceanglais i gcás IIPanna
Airteagal 19
Oibriú an ardáin
1. Beidh socruithe i bhfeidhm ag IIPanna chun feidhmiú cuí an ardáin a áirithiú agus chun a áirithiú go nochtar faisnéis chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil.
2. Ní fhoilseoidh IIPanna an fhaisnéis chéanna faoi dhó.
3. Cuirfear faisnéis ar an ardán IIP ar fáil i mBéarla ar a laghad.
4. Leis an ardán IIP, beifear in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
scagadh faisnéise nochta, lena n-áirítear faisnéis stairiúil, de réir catagóirí sonraí ábhartha; |
|
(b) |
faisnéis scagtha a íoslódáil i bhformáid atá i gcomhréir le struchtúr agus gnás ainmniúcháin caighdeánach, i gcomhréir le hIarscríbhinn II; |
|
(c) |
faisnéis scagtha a íoslódáil agus aon úsáid bhreise a bhaint as an bhfaisnéis íoslódáilte chun críoch dhlisteanach, saor in aisce. |
5. Má sholáthraíonn an t-ardán modhanna éagsúla chun an fhaisnéis nochta a rochtain, lena n-áirítear comhéadan feidhmchláir (API), is mar a chéile a bheidh inneachar na faisnéise a chuirfear ar fáil trí gach modh den sórt sin.
6. Coinneoidh IIPanna an fhaisnéis nochta uile de chineál stairiúil, lena n-áirítear aon fhaisnéis leasaithe nó aon fhaisnéis arna tabhairt cothrom le dáta agus cuirfidh siad ar fáil don phobal í ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis thabhairt i gcrích na dteagmhas nochta ábhartha lena mbaineann an fhaisnéis.
7. Coinneoidh IIPanna taifead inrochtana ar bun ar nochtaí roimh ré a bhaineann leis an teagmhas céanna agus soláthróidh siad feidhmiúlacht atá soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir chun nascadh le nochtaí roimhe sin.
Airteagal 20
Tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a chur isteach
Beidh nós imeachta agus modhanna teicniúla i bhfeidhm ag IIPanna chun an fhaisnéis uile a nochtar ar a n-ardán agus a bailíochtaíodh go rathúil trína gcórais bailíochtaithe sonraí, lena n-áirítear aon mhodhnú ina dhiaidh sin, a thuairisciú don Ghníomhaireacht, i bhformáid chaighdeánach leictreonach arna bunú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hIarscríbhinn II, tráth nach déanaí ná 1 lá amháin tar éis an nochta nó an mhodhnaithe.
Airteagal 21
Cóir chomhionann maidir le seirbhísí a sholáthar
Beidh nós imeachta agus modhanna teicniúla i bhfeidhm ag IIPanna chun rochtain neamh-idirdhealaitheach ar a gcuid seirbhísí a sholáthar do rannpháirtithe margaidh agus d’údaráis atá inniúil i leith pleanáil éigeandála, ar cinn iad atá chun foilsiú a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 3(4), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.
Airteagal 22
Measúnú ar thuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh sula gcuirfear faoi bhráid na Gníomhaireachta iad
Leis an gcóras bailíochtaithe sonraí IIP dá dtagraítear in Airteagal 12, déanfar an méid seo a leanas:
|
(a) |
a bhrath an bhfuil an fhaisnéis atá le nochtadh foilsithe cheana ag an IIP céanna; |
|
(b) |
a bhrath an bhfuil an fhaisnéis uile is gá mar a shonraítear in Iarscríbhinn II, agus sna lámhleabhair ghaolmhara arna nglacadh ag an nGníomhaireacht, sa tuarascáil maidir le faisnéis chos istigh; |
|
(c) |
aon éilliú sonraí a bhrath ar ceann é a d’fhéadfadh sé gurbh é an IIP faoi deara é agus an tuarascáil maidir le faisnéis chos istigh á próiseáil; |
|
(d) |
fíordheimhniú fhoinse na faisnéise a chumasú agus an méid seo a leanas a fhíorú:
|
Airteagal 23
Tuarascálacha neamhbhailí maidir le faisnéis chos istigh a bhrath agus a cheartú sula gcuirfear faoi bhráid na Gníomhaireachta iad
1. I gcás ina mbraithfidh nó ina sainaithneoidh córais bailíochtaithe sonraí aon neamhréir idir sonraí nó aon sonraí atá in easnamh (‘sonraí neamhbhailí’), sula nochtfar an fhaisnéis ar an ardán IIP nó sula gcuirfear tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh faoi bhráid na Gníomhaireachta, soláthróidh IIPanna faisnéis mhionsonraithe dá gcliaint IIP maidir leis na torthaí bailíochtaithe agus iarrfaidh siad ar na cliaint an fhaisnéis a chur faoi bhráid an IIP arís leis na ceartúcháin is gá nó leis na sonraí atá in easnamh. Agus an fhaisnéis sin á fáil aige ó na cliaint, cuirfidh an IIP na tuarascálacha sin faoi bhráid na Gníomhaireachta a luaithe is féidir go teicniúil.
2. Coinneoidh IIPanna clár de shonraí neamhbhailí arna gcur isteach ag a gcliaint IIP ar sonraí iad nár ceartaíodh ina dhiaidh sin. Coimeádfar na sonraí neamhbhailí ar feadh 18 mí ón dáta a chuirfear isteach iad. Féadfaidh an Ghníomhaireacht an clár a rochtain agus féadfaidh sí fógra a thabhairt do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha faoi chásanna inar chuir cliaint IIP sonraí neamhbhailí isteach, chomh maith le céannacht na gcliant sin.
Airteagal 24
Fáil tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh arna gcur isteach ag IIPanna
1. Agus tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh á bhfáil aici, eiseoidh an Ghníomhaireacht admhálacha chuig na IIPanna. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san áireamh sna hadmhálacha sin:
|
(a) |
aitheantóir na tuarascála maidir le faisnéis chos istigh a cuireadh isteach; |
|
(b) |
a léiriú ar éirigh leis an nGníomhaireacht an tuarascáil maidir le faisnéis chos istigh a fháil. |
I gcás nár éirigh leis an nGníomhaireacht an fhaisnéis a bhailiú go rathúil mar gheall ar earráid, sonrófar san admháil freisin an fhaisnéis a ndearna an earráid difear di agus, más féidir, cúis na hearráide.
2. I gcás ina mbeidh an earráid dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, inchurtha i leith an IIP, cuirfidh an IIP an tuarascáil cheartaithe maidir le faisnéis chos istigh isteach arís laistigh de 5 lá oibre. Féadfaidh an Ghníomhaireacht síneadh a chur leis an amlíne sin arna iarraidh sin don IIP, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
3. Má tá an earráid inchurtha i leith na gcliant IIP, soláthróidh an IIP treoraíocht do na cliaint sin maidir le conas an tuarascáil maidir le faisnéis chos istigh a cheartú agus cuirfidh sé an tuarascáil cheartaithe maidir le faisnéis chos istigh faoi bhráid na Gníomhaireachta ina dhiaidh sin, laistigh de 10 lá oibre. Féadfaidh an Ghníomhaireacht síneadh a chur leis an amlíne sin arna iarraidh sin don IIP, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Cuirfidh IIPanna chun feidhme córais rabhaidh uathoibrithe a bheidh in ann na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
fógra a thabhairt do na cliaint IIP go bhfuair an Ghníomhaireacht an tuarascáil; |
|
(b) |
cóip de thuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh an chliaint IIP a chur ar fáil don chliant IIP mar a cuireadh faoi bhráid na Gníomhaireachta iad. |
4. De mhaolú ar Airteagal 12(3), chun nochtadh tráthúil agus éifeachtúil faisnéise a áirithiú, féadfaidh an IIP tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta ar cinn iad a bhféadfadh gá a bheith le soiléirithe breise ón gcliant IIP ina leith, ar choinníoll go bhfuil an t-inneachar sna tuarascálacha ábhartha do roghanna trádála rannpháirtithe margaidh de réir Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an IIP an fhaisnéis sa tuarascáil a mharcáil nuair a fhoilseofar an tuarascáil agus nuair a chuirfear faoi bhráid na Gníomhaireachta í. I gcás inar gá an fhaisnéis a cheartú tar éis don Ghníomhaireacht é sin a chur in iúl, comhoibreoidh IIPanna lena gcliaint IIP chun í a cheartú. Nuair a bheidh an fhaisnéis ceartaithe, déanfaidh IIPanna í a athfhoilsiú agus a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta arís a luaithe is féidir go teicniúil.
Airteagal 25
Oibleagáid seirbhísí IIP a sholáthar ar bhonn tráchtála réasúnach
Féadfaidh IIPanna táillí a leagan síos agus a ghearradh as a gcuid seirbhísí a sholáthar ar leibhéal réasúnach a bhfuil bonn cirt tráchtála leis. Cinnfear na táillí sin ar bhealach a léireoidh na costais iarbhír arna dtabhú ag na IIPanna agus an fhaisnéis chos istigh á bailiú agus á scaipeadh acu, lena n-áirítear na costais a bhaineann le nochtadh tráthúil faisnéise a áirithiú agus réitigh chúltaca a sholáthar chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú.
ROINN III
Ceanglais i gcás RRManna
Airteagal 26
Measúnú a dhéanamh ar thaifid sonraí sula gcuirfear faoi bhráid na Gníomhaireachta iad
Leis an gcóras bailíochtaithe sonraí RRM dá dtagraítear in Airteagal 12, déanfar an méid seo a leanas:
|
(a) |
a bhrath cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá sa taifead sonraí mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/256 agus sna lámhleabhair ghaolmhara arna nglacadh ag an nGníomhaireacht; |
|
(b) |
aon éilliú sonraí a bhrath ar ceann é a d’fhéadfadh sé gurbh é an RRM faoi deara é agus an taifead sonraí á phróiseáil; |
|
(c) |
fíordheimhniú fhoinse na faisnéise a chumasú agus an méid seo a leanas a fhíorú:
|
I gcás ina mbainfidh RRM agus a chliaint leis an eintiteas dlítheanach céanna, ní gá don RRM an oibleagáid a leagtar amach i bpointe (c) a chomhlíonadh.
Airteagal 27
Taifid sonraí neamhbhailí a bhrath agus a cheartú sula gcuirfear faoi bhráid na Gníomhaireachta iad
1. I gcás ina mbraithfidh nó ina sainaithneoidh córais bailíochtaithe sonraí aon neamhréir idir sonraí nó aon sonraí atá in easnamh (‘sonraí neamhbhailí’) sula ndéanfar taifid sonraí a thuairisciú don Ghníomhaireacht, soláthróidh RRManna faisnéis mhionsonraithe dá gcliaint RRM maidir le torthaí an bhailíochtaithe agus iarrfaidh siad ar a gcliaint na taifid sonraí a chur faoi bhráid an RRM arís leis na ceartúcháin is gá nó leis na sonraí atá in easnamh. Agus an fhaisnéis sin á fáil aige ó na cliaint, cuirfidh an RRM na taifid sin faoi bhráid na Gníomhaireachta a luaithe is féidir go teicniúil.
I gcás ina mbainfidh an RRM agus a chliaint leis an eintiteas dlíthiúil céanna, cuirfidh an RRM na taifid sonraí faoi bhráid na Gníomhaireachta leis na ceartúcháin is gá nó leis na sonraí atá in easnamh a luaithe is féidir go teicniúil i gcásanna ina mbraithfidh nó ina sainaithneoidh a chóras bailíochtaithe sonraí aon sonraí neamhbhailí sula dtuairisceofar na taifid sonraí don Ghníomhaireacht.
2. Coinneoidh RRManna clár de shonraí neamhbhailí arna gcur isteach ag a gcliaint RRM ar sonraí iad nár ceartaíodh ina dhiaidh sin. Coimeádfar na sonraí neamhbhailí ar feadh 18 mí ón dáta a chuirfear isteach iad. Féadfaidh an Ghníomhaireacht an clár a rochtain agus féadfaidh sí fógra a thabhairt do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha faoi chásanna inar chuir cliaint RRM sonraí neamhbhailí isteach, chomh maith le céannacht na gcliant sin.
I gcás ina mbainfidh RRM agus a chliaint leis an eintiteas dlítheanach céanna, coinneoidh an RRM clár ar bun de shonraí neamhbhailí arna gcur isteach ag a chliaint RRM, ar cinn iad nár ceartaíodh ina dhiaidh sin. Coimeádfar na sonraí neamhbhailí ar feadh 18 mí ón dáta a chuirfear isteach iad. Féadfaidh an Ghníomhaireacht an clár a rochtain agus féadfaidh sí fógra a thabhairt do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha faoi chásanna inar chuir cliaint RRM sonraí neamhbhailí isteach, chomh maith le céannacht na gcliant sin.
Airteagal 28
Réiteach sonraí
1. Réiteoidh RRManna na taifid sonraí a fhaightear óna gcliaint RRM ar cinn iad a bhaineann le hidirbhearta seachas orduithe i dtaobh trádáil a dhéanamh sa mhargadh mórdhíola fuinnimh agus a thugtar i gcrích nó a fhorghníomhaítear ar mhargadh eagraithe. Déanfar an réiteach trína fhíorú an bhfuair siad taifead sonraí comhfhreagrach a bhaineann leis an bpáirtí eile san idirbheart, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
|
(a) |
tugadh an t-idirbheart i gcrích ag margadh eagraithe a bhfuil an RRM ag tuairisciú sonraí thar a cheann de bhun Airteagal 8(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011; |
|
(b) |
níor tugadh an t-idirbheart i gcrích mar thoradh ar chúpláil aonair ionlae, ar cheant, nó ar leithdháileadh acmhainneachta príomha; |
|
(c) |
níor aicmigh an cliant RRM an taifead sonraí mar thaifead earráideach. |
2. Sula gcuirfear an taifead sonraí faoi bhráid na Gníomhaireachta, déanfaidh RRManna, i gcás na n-idirbheart sin nár éirigh leis an réiteach ina leith de bhun mhír 1, na luachanna seo a leanas a chur in iúl don mhargadh eagraithe i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/256:
|
(a) |
‘Aitheantóir Uathúil Idirbhirt’; |
|
(b) |
‘Aitheantóir an rannpháirtí margaidh nó an chontrapháirtí’; |
|
(c) |
‘Stampa ama an idirbhirt’. |
3. Sula gcuirfear an taifead sonraí faoi bhráid na Gníomhaireachta, iarrfaidh RRManna go soláthróidh an margadh eagraithe na taifid sonraí chomhfhreagracha atá in easnamh, arna bhfáil ón bpáirtí eile san idirbheart.
Airteagal 29
Fáil taifead sonraí arna gcur isteach ag RRManna
1. Eiseoidh an Ghníomhaireacht admhálacha i leith taifid sonraí tuairiscithe do RRManna. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san áireamh sna hadmhálacha sin:
|
(a) |
aitheantóir an taifid sonraí thuairiscithe; |
|
(b) |
a léiriú ar éirigh leis an nGníomhaireacht an taifead sonraí a fháil. |
I gcás inar fhág earráid nár éirigh leis an nGníomhaireacht an taifead sonraí a bhailiú, sonrófar san admháil freisin na sonraí a ndearna an earráid difear dóibh agus, más féidir, cúis na hearráide.
2. I gcás ina mbeidh an earráid dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, inchurtha i leith an RRM, cuirfidh an RRM an taifead sonraí ceartaithe faoi bhráid na Gníomhaireachta arís laistigh de 5 lá oibre. Féadfaidh an Ghníomhaireacht síneadh a chur leis an amlíne sin arna iarraidh sin don RRM, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
3. Má tá an earráid inchurtha i leith na gcliant RRM, soláthróidh na RRManna treoraíocht dóibh maidir le conas an taifead sonraí a cheartú agus cuirfidh sé an taifead sonraí ceartaithe faoi bhráid na Gníomhaireachta ina dhiaidh sin laistigh de 10 lá oibre. Féadfaidh an Ghníomhaireacht síneadh a chur leis an amlíne sin arna iarraidh sin don RRM, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Cuirfidh RRManna chun feidhme córais rabhaidh uathoibrithe a bheidh in ann na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
fógra a thabhairt do na cliaint RRM go bhfuair an Ghníomhaireacht an taifead sonraí; |
|
(b) |
cóip de thaifid sonraí an chliaint RRM, mar a thuairiscítear don Ghníomhaireacht, a chur ar fáil don chliant RRM. |
4. Cuirfear an chóip de thaifead sonraí an chliaint RRM agus admhálacha na Gníomhaireachta a bhaineann le sonraí margaidh GNL ar fáil don chliant RRM a luaithe is féidir tar éis iad a fháil ón nGníomhaireacht.
5. Gníomhóidh RRManna mar phointí teagmhála aonair idir an Ghníomhaireacht agus a gcliaint RRM trí bhealaí cumarsáide a bhunú lena gcliaint agus áiritheoidh siad go gcuirfear na cliaint RRM ar an eolas faoi aon neamhchomhlíonadh nó aon sonraí a bheith in easnamh.
6. De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh an Ghníomhaireacht teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na cliaint RRM i gcás ina mbeidh gá le soiléirithe agus ceartúcháin maidir le sonraí margaidh GNL arna dtuairisciú.
7. I gcás RRManna nach bhfuil cliaint acu agus a thuairiscíonn taifid sonraí don Ghníomhaireacht thar a gceann féin amháin, ní cheanglófar orthu míreanna 3, 4 ná 5 a chomhlíonadh.
CAIBIDIL IV
MAOIRSEACHT
Airteagal 30
Faireachán agus measúnú ar chomhlíonadh
Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, soláthróidh IIPanna agus RRManna, laistigh den tráthchlár arna shonrú ag an nGníomhaireacht, an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh leanúnach an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. Tráthchlár réasúnach a bheidh ann chun faisnéis a chur isteach agus beidh sé comhréireach leis an iarraidh. Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a iarraidh freisin maidir leis an gcliant IIP nó an cliant RRM a bhfuil an IIP nó an RRM ag tuairisciú thar a cheann. Sa chás sin, rachaidh an IIP nó an RRM i gcomhairle leis an gcliant ábhartha IIP nó RRM a mhéid is gá chun an fhaisnéis arna hiarraidh a fháil.
Airteagal 31
Athruithe ábhartha tar éis údarú a fháil
1. Nuair a thionscnaíonn IIPanna nó RRManna nó a gcliaint IIP nó a gcliaint RRM athruithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(3), tabharfaidh na IIPanna nó na RRManna fógra don Ghníomhaireacht faoi na hathruithe sin tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an athraithe. Tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an athrú san fhógra agus beidh na doiciméid tacaíochta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4 ag gabháil leis, a mhéid a leasaíodh na doiciméid sin.
2. Tabharfaidh RRManna fógra don Ghníomhaireacht freisin faoi aon athrú ar na méideanna tuairiscithe, sula gcuirfear chun feidhme iad.
3. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht freagra ar an IIP nó an RRM laistigh de 15 lá oibre, agus cuirfidh sí ar an eolas iad faoi cé acu atá an t-athrú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 nó an bhfuil gá le haon fhaisnéis nó aon ghníomhaíocht bhreise. I gcás nach gcomhlíonfaidh an IIP nó an RRM aon cheann de na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a thuilleadh mar thoradh ar athrú ábhartha, féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 34.
Airteagal 32
Neamhchomhlíonadh a bhrath agus iarmhairtí an neamhchomhlíonta
1. Má mheasann an Ghníomhaireacht, ag gníomhú di ar a tionscnamh féin nó tar éis do thríú páirtí faisnéis a chur isteach, nár chomhlíon IIP ná RRM aon cheann de na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo nó i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, féadfaidh sí dul i dteagmháil leis na IIPanna nó na RRManna lena mbaineann agus a cheangal orthu na gníomhaíochtaí uile seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
na bearta is gá a dhéanamh chun ceanglais an Rialacháin seo nó ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a chomhlíonadh a luaithe is féidir, éifeachtaí iompair den sórt sin a mhaolú, agus bearta a chur chun feidhme ionas nach dtarlóidh a leithéid amach anseo; |
|
(b) |
mínithe a thabhairt don Ghníomhaireacht maidir lena n-iompar agus, a mhéid is ábhartha, an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas faoi na bearta a glacadh chun éifeachtaí iompair den sórt sin a mhaolú chomh maith leis na bearta a cuireadh chun feidhme ionas nach dtarlóidh a leithéid amach anseo; |
|
(c) |
i gcás na gcliant IIP agus na gcliant RRM agus aon duine a raibh tionchar ag iompar an IIP nó an RRM orthu nó a bhféadfadh sé go raibh tionchar aige orthu, iad a chur ar an eolas agus cineál an iompair sin á shonrú, agus, a mhéid is ábhartha, an cliant IIP agus an cliant RRM a chur ar an eolas faoi na bearta a rinneadh chun éifeachtaí an iompair sin a mhaolú chomh maith leis na bearta a cuireadh chun feidhme ionas nach dtarlóidh a leithéid amach anseo. |
2. I gcásanna ina bhfuil riosca ag baint le hiompar an IIP nó an RRM i dtaobh malartú agus láimhseáil shlán faisnéise nó infhaighteacht oibríochtúil chóras faisnéise na Gníomhaireachta, féadfaidh an Ghníomhaireacht bailiú sonraí ó IIPanna agus RRManna a chur ar fionraí ar bhonn sealadach. Sa chás sin, tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra i scríbhinn do na IIPanna agus na RRManna, ina míneoidh sí na cúiseanna atá leis an bhfionraí agus fad táscach na fionraí. Féadfaidh an fhionraí a bheith i bhfeidhm go dtí go ndéanfar an riosca a mhaolú go héifeachtach.
Airteagal 33
Tuairisciú bliantúil ó RRManna
1. Cumhdófar sa tuarascáil bhliantúil atá le cur faoi bhráid na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 9a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 na gníomhaíochtaí uile a dhéantar le linn bliain féilire iomlán (‘an bhliain tagartha’) agus is i bhformáid leictreonach a chuirfear faoi bhráid na Gníomhaireachta í. Is í an bhliain féilire iomlán tar éis údarú a fháil a bheidh sa 1ú bliain tagartha. Cuirfear na tuarascálacha bliantúla isteach tráth nach déanaí ná an 31 Márta an bhliain tar éis na bliana tagartha.
2. Soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas i leith na bliana tagartha sa tuarascáil bhliantúil:
|
(a) |
an líon taifead sonraí neamhbhailí nár cuireadh faoi bhráid na Gníomhaireachta, lena n-áirítear céannacht na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh; |
|
(b) |
an líon cásanna de thaifid sonraí neamhbhailí a ndearna an RRM obair leantach ina leith lena chliaint RRM sonracha chun an taifead sonraí a cheartú i gcomhréir le hAirteagal 27; |
|
(c) |
i gcás trádálacha déthaobhacha, liosta na rannpháirtithe margaidh nach cliaint RRM iad, ach ar contrapháirtithe de chuid cliaint RRM iad sna trádálacha déthaobhacha ar leith. |
3. Síneoidh ionadaí dlíthiúil de chuid an RRM an tuarascáil bhliantúil.
4. Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar RRManna a dtuarascáil bhliantúil a leasú sa chás nach n-áirítear inti na gnéithe uile a leagtar amach san Airteagal seo. Sonrófar san iarraidh sin an fhaisnéis atá in easnamh nó na soiléirithe a theastaíonn ón nGníomhaireacht bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach. Leasóidh RRM an tuarascáil bhliantúil dá réir agus cuirfidh sé isteach arís í laistigh de 30 lá oibre ón iarraidh a fháil.
CAIBIDIL V
ÚDARÚ A THARRAINGT SIAR AGUS IONADÚ ORDÚIL
ROINN I
Forálacha coiteanna maidir le tarraingt siar
Airteagal 34
Cinneadh maidir le tarraingt siar
1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a ghlacadh lena ndéanfar údarú IIP a tharraingt siar agus é a bhaint den chlár poiblí i gcás ina mbeidh an méid seo a leanas amhlaidh maidir leis an IIP:
|
(a) |
níor bhain sé úsáid as an údarú laistigh de 12 mhí ón dáta a eisíodh an t-údarú; |
|
(b) |
thréig sé an t-údarú go sainráite nó níor sholáthair sé aon seirbhís laistigh de 6 mhí ón dáta a eisíodh an t-údarú; |
|
(c) |
fuair sé an t-údarú trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile; |
|
(d) |
ní chomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais maidir le húdarú a leagtar amach in Airteagal 4a de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus sa Rialachán seo; |
|
(e) |
sháraigh sé Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 go tromchúiseach agus go córasach, gan deireadh a chur leis an sárú. |
2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a ghlacadh lena ndéantar údarú RRM a tharraingt siar agus é a bhaint den chlár poiblí i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas amhlaidh maidir leis an RRM:
|
(a) |
níor bhain sé úsáid as an údarú laistigh de 18 mhí ón dáta a eisíodh an t-údarú; |
|
(b) |
thréig sé an t-údarú go sainráite nó níor sholáthair sé aon seirbhís laistigh de 18 mí ón dáta a eisíodh an t-údarú; |
|
(c) |
fuair sé an t-údarú trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile; |
|
(d) |
ní chomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais maidir le húdarú a leagtar amach in Airteagal 9a de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus sa Rialachán seo; |
|
(e) |
sháraigh sé Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 go tromchúiseach agus go córasach. |
3. Sa chinneadh de bhun mhíreanna 1 nó 2, cuirfidh an Ghníomhaireacht in iúl an tréimhse le haghaidh ionadú ordúil de bhun Airteagal 39 den Rialachán seo, luafaidh sí na cúiseanna leis an tarraingt siar agus tabharfaidh sí breac-chuntas ar na leigheasanna dlí atá ar fáil don IIP nó don RRM i gcomhréir le hAirteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942.
Airteagal 35
Nós imeachta um tharraingt siar ar thionscnamh na Gníomhaireachta
1. Sula n-eiseofar aon chinneadh um tharraingt siar agus an réamh-mheasúnú gaolmhar, féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh ar IIPanna agus RRManna an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Ghníomhaireacht ionas gur féidir léi a mheas ar chomhlíon an IIP nó an RRM sin aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 34(1) nó (2) faoi seach. Luafaidh an Ghníomhaireacht bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sí an fhaisnéis arna hiarraidh agus cuirfidh sí in iúl an teorainn ama ar laistigh di a gcuirfidh an IIP nó an RRM an fhaisnéis a iarradh isteach.
2. Sula dtabharfaidh sé freagra ar an réamh-mheasúnú de bhun mhír 1, beidh sé de cheart ag an IIP nó an RRM, arna iarraidh sin, rochtain a fháil ar na doiciméid ar bhunaigh an Ghníomhaireacht a réamh-mheasúnú orthu, cé is moite de rúin ghnó, faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha na Gníomhaireachta.
3. Bunóidh an Ghníomhaireacht a cinneadh maidir le tarraingt siar ar réamh-mheasúnú ar cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an IIP nó an RRM lena mbaineann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 34(1) nó (2), faoi seach, mar a léirítear i mír 1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht an deis don IIP nó don RRM lena mbaineann barúil a thabhairt i scríbhinn maidir leis an réamh-mheasúnú laistigh de theorainn ama áirithe. Agus an teorainn ama sin á cinneadh, tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar phráinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair i dtrácht, agus áiritheoidh sí go mbeidh an teorainn ama comhréireach le himthosca an cháis.
4. Tar éis don IIP nó don RRM freagra a thabhairt ar an réamh-mheasúnú de bhun mhír 3 agus sula nglacfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh, eagróidh an Ghníomhaireacht éisteacht ó bhéal ar iarraidh i scríbhinn a fháil ón IIP nó ón RRM lena mbaineann. Cuirfear iarraidh den sórt sin ar éisteacht isteach tráth nach déanaí ná 20 lá oibre tar éis rochtain a dheonú ar na doiciméid mar a leagtar amach i mír 2, nó, i gcás nár fheidhmigh an IIP nó an RRM a cheart de bhun mhír 2, 1 mhí amháin ón uair a thabharfar fógra faoi réamh-mheasúnú na Gníomhaireachta don IIP nó don RRM lena mbaineann. I gcás nach ndéanfar iarraidh i scríbhinn ar éisteacht ó bhéal, féadfaidh an Ghníomhaireacht ceann a eagrú ar a tionscnamh féin.
5. Ní bhunóidh an Ghníomhaireacht a cinneadh ach ar thorthaí a raibh deis ag an IIP nó an RRM a thuairimí a chur in iúl ina leith, trí fhreagraí i scríbhinn nó, a mhéid is infheidhme, trí shoiléirithe breise i scríbhinn nó le linn na héisteachta ó bhéal.
6. I gcás ina dtabharfaidh an IIP nó an RRM lena mbaineann fógra don Ghníomhaireacht, le linn an nós imeachta de bhun an Airteagail seo, go bhfuil sé ar intinn aige a údarú a thréigean go sainráite, féadfaidh an Ghníomhaireacht a chinneadh scor den nós imeachta sin agus, ina ionad sin, an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 36 a chur i bhfeidhm.
Airteagal 36
Nós imeachta um tharraingt siar arna iarraidh sin do IIPanna agus RRManna
1. I gcás IIPanna agus RRManna a bheartaíonn a n-údarú a thréigean, tabharfaidh siad fógra don Ghníomhaireacht faoin rún sin, agus an méid seo a leanas á chur in iúl acu:
|
(a) |
an tráthchlár a bheartaítear chun a bhfeidhmeanna a aistriú agus a ionadú go hordúil, tréimhse a mhairfidh 6 mhí ar a laghad; |
|
(b) |
na cúiseanna leis an údarú a thréigean; |
|
(c) |
na céimeanna nithiúla atá beartaithe acu a dhéanamh chun an t-ionadú ordúil a chur chun feidhme. |
2. Ar fháil an fhógra dá dtagraítear i mír 1 di, féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis bhreise nó soiléirithe breise a iarraidh a bhaineann leis an bhfógra. Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos teorainn ama ar laistigh di nach mór don IIP nó don RRM freagra i scríbhinn a thabhairt. Agus an teorainn ama sin á cinneadh, tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar phráinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair i dtrácht, agus áiritheoidh sí go mbeidh an teorainn ama comhréireach le himthosca an cháis.
3. I gcás chinneadh na Gníomhaireachta maidir le tarraingt siar, lena gcuirtear in iúl an t-uainiú iomchuí don tarraingt siar arna hiarraidh ag an IIP nó an RRM, beidh sé bunaithe ar thorthaí a raibh deis ag an IIP nó an RRM a thuairimí a chur in iúl ina leith, ina fhógra tosaigh nó, a mhéid is infheidhme, ina fhreagraí i scríbhinn ar iarrataí na Gníomhaireachta ar fhaisnéis bhreise nó soiléirithe breise, agus orthu sin amháin.
Airteagal 37
Fógraí ón nGníomhaireacht tar éis ghlacadh an chinnidh maidir le tarraingt siar
1. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an IIP nó an RRM lena mbaineann ar an eolas faoi thoradh an nós imeachta um tharraingt siar dá dtagraítear in Airteagail 34, 35 agus 36. Is i bhfoirm chinnidh a bheidh an toradh sin i gcás ina dtarraingeofar siar an t-údarú. Tabharfar fógra faoi chinneadh um tharraingt siar don IIP nó don RRM lena mbaineann laistigh de 5 lá oibre tar éis a ghlactha.
2. I gcás cinneadh um tharraingt siar, bainfidh an Ghníomhaireacht an IIP nó an RRM lena mbaineann den chlár poiblí an lá oibre tar éis fógra a thabhairt faoin gcinneadh agus fógróidh sí an bhaint sin ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra do na húdaráis rialála náisiúnta uile faoin bhfógra sin. Foilseoidh an Ghníomhaireacht leagan neamhrúnda den chinneadh maidir le tarraingt siar ar a suíomh gréasáin.
ROINN II
Forálacha coiteanna maidir le hionadú ordúil i gcás údarú a tharraingt siar
Airteagal 38
An nós imeachta um ionadú ordúil
1. Tráth nach déanaí ná 2 lá oibre tar éis fógra a thabhairt faoi chinneadh um tharraingt siar, cuirfidh an IIP nó an RRM ar tarraingíodh siar a údarú (‘an IIP nó an RRM atá ag tarraingt siar’) a chliaint IIP nó a chliaint RRM ar an eolas, i scríbhinn, faoi na socruithe agus na nósanna imeachta atá le leanúint chun sonraí ábhartha a aistriú agus sreabha tuairiscithe a atreorú chuig IIP nó RRM malartach arna roghnú ag an gcliant IIP nó ag an gcliant RRM. Sa teachtaireacht chéanna fiafróidh an IIP nó an RRM atá ag tarraingt siar de na cliaint ábhartha IIP nó de na cliaint ábhartha RRM an bhfuil sé beartaithe acu, chun ionadú ordúil a áirithiú, atreorú an tsreafa sonraí chuig IIP nó RRM eile (‘an IIP nó an RRM roghnaithe’) a shocrú iad féin nó an socrú sin a fhágáil faoin IIP nó faoin RRM atá ag tarraingt siar.
2. San iarraidh dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh an IIP nó an RRM atá ag tarraingt siar na sonraí seo a leanas:
|
(a) |
ainm dlíthiúil eintiteas an IIP nó an RRM roghnaithe; |
|
(b) |
seoladh cláraithe dlíthiúil an IIP nó an RRM roghnaithe; |
|
(c) |
sonraí teagmhála an IIP nó an RRM roghnaithe. |
3. Cuirfidh an IIP nó an RRM roghnaithe tús leis na seirbhísí ábhartha don chliant ábhartha IIP nó don chliant ábhartha RRM ar a dhéanaí an lá oibre tar éis fhoirceannadh na tréimhse le haghaidh ionadú ordúil, mar a bhunaítear le cinneadh na Gníomhaireachta, ar choinníoll go mbeidh an comhaontú seirbhíse sínithe ag an gcliant IIP nó ag an gcliant RRM le haghaidh na seirbhísí ábhartha IIP nó RRM.
4. Gheobhaidh an IIP nó an RRM atá ag tarraingt siar faisnéis an IIP nó an RRM roghnaithe, i bhfoirm scríofa laistigh de 2 mhí ón bhfógra a luaitear i mír 1, ón gcliant ábhartha IIP nó ón gcliant ábhartha RRM. Má mhainníonn an cliant ábhartha IIP nó an cliant ábhartha RRM a dhéanamh amhlaidh, tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra d’údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an cliant IIP nó an cliant RRM cláraithe. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta dá dtugtar fógra measúnú ar an ngá atá le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin fhéideartha.
5. Tar éis don tréimhse le haghaidh ionadú ordúil arna leagan síos ag an nGníomhaireacht dul in éag, tabharfaidh an IIP nó an RRM atá ag tarraingt siar fógra don Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, faoin rogha a rinne gach ceann dá gcliaint IIP nó dá gcliaint RRM. Léireofar san fhógra sin freisin an dáta beacht a thug an IIP nó an RRM atá ag tarraingt siar fógra don chliant ábhartha IIP nó don chliant ábhartha RRM i gcomhréir le mír 1, chomh maith leis an dáta a fuair an IIP nó an RRM atá ag tarraingt siar faisnéis an IIP nó an RRM roghnaithe.
6. Le linn na tréimhse le haghaidh ionadú ordúil arna leagan síos ag an nGníomhaireacht, gheobhaidh an IIP nó an RRM roghnaithe an méid seo a leanas:
|
(a) |
mionsonraí na dtuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh nó na dtaifead sonraí, de réir mar is infheidhme, a tuairiscíodh don Ghníomhaireacht nó a cuireadh faoina bráid tar éis an dáta ar glacadh an cinneadh um tharraingt siar; |
|
(b) |
mionsonraí na dtuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh nó na dtaifead sonraí, de réir mar is infheidhme, arna gcur faoi bhráid na Gníomhaireachta 1 bhliain amháin roimh an dáta ar glacadh an cinneadh maidir le tarraingt siar agus aon chonradh a bhaineann le tuarascálacha maidir le faisnéis chos istigh nó taifid sonraí a chur isteach, de réir mar is infheidhme, atá fós i bhfeidhm ar an dáta a ghlac an Ghníomhaireacht an cinneadh um tharraingt siar; |
|
(c) |
aon fhaisnéis eile atá ábhartha maidir le seirbhísí an IIP nó an RRM atá ag tarraingt siar a aistriú chuig an IIP nó an RRM roghnaithe. |
Is é an IIP nó an RRM atá ag tarraingt siar a aistreoidh na mionsonraí agus an fhaisnéis a leagtar amach sa chéad fhomhír chuig an IIP nó RRM roghnaithe, ach amháin má chuir a gcliaint IIP nó a gcliaint RRM in iúl go bhfuil sé beartaithe acu atreorú na sreibhe sonraí chuig an IIP nó RRM roghnaithe a shocrú iad féin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an cliant IIP nó an cliant RRM na mionsonraí agus an fhaisnéis a leagtar amach sa chéad fhomhír a aistriú.
7. Soláthróidh an IIP nó an RRM atá ag tarraingt siar dá chliaint IIP nó dá chliaint RRM, arna iarraidh sin dóibh, aon fhaisnéis nó soiléiriú breise i ndáil leis na haistrithe dá dtagraítear i mír 1.
8. I gcás RRM atá ag tarraingt siar agus a thuairiscíonn taifid sonraí thar a cheann féin, cuirfidh sé an Ghníomhaireacht ar an eolas, i scríbhinn agus laistigh de 2 mhí ón gcinneadh um tharraingt siar a fháil, faoin RRM atá roghnaithe aige chun ionadú ordúil a áirithiú. Áireofar san fhógra an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2. Beidh feidhm ag míreanna 3, 5 agus 6 den Airteagal seo mutatis mutandis.
Airteagal 39
Uainiú an ionadaithe ordúil
1. Ina cinneadh maidir le tarraingt siar, tabharfaidh an Ghníomhaireacht údar cuí le haon imeacht ón tréimhse 6 mhí dá dtagraítear in Airteagal 4a agus Airteagal 9a de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.
2. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an IIP nó an RRM iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta ar shíneadh ama a chur leis an tréimhse le haghaidh ionadú ordúil a leagtar síos sa chinneadh um tharraingt siar. Beidh údar cuí leis an iarraidh sin agus áireofar inti mionsonraí na n-imthosca eisceachtúla a fhágann nach féidir leis an IIP nó leis an RRM an t-ionadú ordúil a dhéanamh i gcomhréir leis an tréimhse ama arna leagan amach ag an nGníomhaireacht, chomh maith le fianaise thacaíochta i leith na n-imthosca sin. Cuirfear an iarraidh faoi bhráid na Gníomhaireachta tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin roimh dheireadh na tréimhse le haghaidh ionadú ordúil mar a leagtar síos sa chinneadh um tharraingt siar, agus beidh sí faoi réir fhormheas na Gníomhaireachta.
CAIBIDIL VI
FORÁILEACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 40
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagail 3 go 8 agus 10 go 39, lena n-áirítear Iarscríbhinní I agus II, ón 29 Deireadh Fómhair 2027
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 326, 8.12.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1227/oj).
(2) Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/942/oj).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(4) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/256 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2026 maidir le sonraí a thuairisciú lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 7c(2), Airteagal 8(1a), Airteagal 8(2) and Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún (IO L, 2026/256, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/256/oj).
(6) Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1971/1182/oj).
(7) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).
IARSCRÍBHINN I
AN FHOIRM EINTITIS DHLÍTHEANAIGH
FOIRM AITHEANTAIS
COMHLACHT DLÍ PHRÍOBHÁIDIGH
|
RÁITEAS PRÍOBHÁIDEACHAIS (https://commission.europa.eu/document/download/2230f5f6-9b83-45f3-b591-3b9258559a34_en?filename=lef_baf_prviacy_notice-en.pdf) |
|
Agus an fhoirm seo á cur isteach agat, admhaíonn tú gur cuireadh ar an eolas thú faoin bpróiseáil a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach ar do shonraí pearsanta chun críoch cuntasaíochta agus conartha. |
|
Bain úsáid as CEANNLITREACHA agus LITREACHA LAIDINEACHA agus an fhoirm á líonadh isteach agat. |
|
MIONSONRAÍ NA hEAGRAÍOCHTA |
Ainmníocht náisiúnta agus an t-aistriúchán uirthi go EN nó FR más ann dó. |
|
Ainm Oifigiúil |
___________________________________________________________________________ |
||
|
Ainm Gnó/Trádála |
___________________________________________________________________________ |
||
|
Giorrúchán |
___________________________________________________________________________ |
||
|
Seoladh na Ceannoifige |
___________________________________________________________________________ |
||
|
Seoladh |
___________________________________________________________________________ |
||
|
Cód Poist |
______________ |
Cathair |
_______________________________________________ |
|
BOSCA POIST |
_____________ |
Tír |
_______________________________________________ |
|
Ríomhphost |
___________________________________________________________________________ |
||
|
AITHEANTÓIR NA hEAGRAÍOCHTA |
|
|
Foirm Dhlíthiúil |
_________________________________________________________________________________ |
||||||
|
Cineál na heagraíochta |
Le haghaidh Brabúis ☐ |
|
|
||||
|
|
Eagraíocht Neamhbhrabúis ☐ |
Eagraíocht Neamhrialtasach ☐ Is ea |
☐ Ní hea |
||||
|
|
|
Ní mór a chur in iúl an eagraíocht neamhrialtasach atá i gceist má shonraítear gur eagraíocht neamhbhrabúis atá i gceist. |
|||||
|
Príomhuimhir chlárúcháin |
_________________________________________________________________________________ |
||||||
|
|
Uimhir chlárúcháin sa chlár náisiúnta cuideachtaí. Féach an tábla ina bhfuil na hainmníochtaí comhfhreagracha de réir tíre. |
||||||
|
Uimhir chlárúcháin thánaisteach (más infheidhme) |
________________________________________________________________________ |
||||||
|
Áit an Phríomhchláraithe |
_____________________ |
Tír eisiúna |
_______________________________ |
||||
|
Dáta an Phríomhchláraithe |
________________________________________________________________________ |
||||||
|
Uimhir CBL |
_________________________________________________________________________________ |
||||||
|
BAINCÉIREACHT |
Cuir isteach sonraí an bhainc deiridh seachas sonraí an bhainc idirmheánaigh |
|
Ainm an Chuntais |
_________________________________________________________________________________ |
||
|
|
Ní thagraítear leis seo don chineál cuntais. Is iondúil gurb ionann ainm an chuntais agus ainm an tsealbhóra cuntais. D’fhéadfadh sé, áfach, gur roghnaigh an sealbhóir cuntais ainm difriúil a thabhairt ar a chuntas bainc. |
||
|
IBAN/Uimhir cuntais bainc |
_________________________________________________________________________________ |
||
|
|
Líon isteach an Cód IBAN (Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc) más ann dó sa tír ina bhfuil do bhanc bunaithe |
||
|
Ainm an Bhainc |
_________________________________________________________________________________ |
||
|
Cód BIC/SWIFT |
__________________________ |
Cód brainse |
_________________________________________ |
|
|
Níl sé seo infheidhme ach amháin maidir le SAM (cód ABA), maidir leis an Astráil/an Nua-Shéalainn (cód BSB) agus maidir le Ceanada (Cód idirthurais). Níl sé infheidhme i gcás tíortha eile. |
||
|
Nóta – Tagairt íocaíochta |
Seoladh an bhrainse bainc
|
Seoladh |
___________________________________________________________________________________ |
|||
|
Cód poist |
_______________________ |
Cathair |
_____________________________________________ |
|
|
BOSCA POIST |
_______________________ |
Tír |
_____________________________________________ |
|
|
Sonraí an tsealbhóra cuntais |
____________________________________________________________________________ |
|||
|
Ainm an tsealbhóra cuntais |
____________________________________________________________________________ |
|||
|
|
Úinéir dlíthiúil an chuntais bainc |
|||
|
|
||||
Le líonadh isteach más rud é nach ionann an seoladh a dearbhaíodh don bhanc agus seoladh na ceannoifige
|
Seoladh |
____________________________________________________________________________________ |
||
|
Cód poist |
_______________________ |
Cathair |
______________________________________________ |
|
BOSCA POIST |
_______________________ |
Tír |
______________________________________________ |
|
SÍNIÚ AGUS STAMPA AN IONADAÍ ÚDARAITHE |
SÍNIÚ AN IONADAÍ BAINC AGUS STAMPA AN BHAINC |
|
Dáta: |
|
|
Iarrtar ort an fhoirm seo a líonadh isteach agus a shíniú agus cóipeanna de dhoiciméid tacaíochta oifigiúla a chur i gceangal léi (Rún, dlí, clár nó cláir cuideachtaí, iris oifigiúil, clárúchán CBL, etc.) |
Is fearr cóip de ráiteas bainc a eisíodh LE DÉANAÍ a chur i gceangal léi. I gcás ráiteas bainc, níl gá le stampa an bhainc ná le síniú an ionadaí bainc. Tabhair do d’aire nach mór go ndeimhneofar leis an ráiteas bainc an fhaisnéis uile a liostaítear thuas faoi ‘AINM CUNTAIS’, ‘IBAN/UIMHIR CUNTAIS BAINC’ agus ‘AINM AN BHAINC’. |
|
ISO CÓD |
PRÍOMHUIMHIR CHLÁRÚCHÁIN |
ISO CÓD |
PRÍOMHUIMHIR CHLÁRÚCHÁIN |
|
AT |
Firmenbuchnummer (FN) ZentraleVereinregister (ZVR-Zahl) Ordnungsnummer |
HR |
Matični broj subjekta (MBS) Registarski broj Matični broj obrta (MBO) Registarski broj zakladnog uloška |
|
HU |
Cégjegyzékszám |
||
|
BE |
Numéro d’entreprise - Ondernemingsnummer - Unternehmensnummer |
IE |
Uimhir na cuideachta Uimhir chlárúcháin ghrúpála in Éirinn |
|
BG |
Булстат (Bulstat Code) Единен идентфикационен код (ЕИК/ПИК) (Unified Identification Code (UIC)) |
IT |
Repertorio Economico Amministrativo (REA) |
|
LT |
Kodas |
||
|
CY |
Αριθμός εγγραφής Αριθμός μητρώου |
LU |
Registre de commerce et des sociétés RCS Numéro d’immatriculation Handelsregisternummer |
|
CZ |
Identifikační číslo (IČO) |
||
|
DE |
Handelsregister Genossenschaftsregister (Nummer der Firma) Vereinsregister (Nummer des Vereins) Nummer der Partnerschaft (Partnerschaftsregister) |
LV |
Vienotais reģistrācijas numurs |
|
DK |
Det centrale virksomhedsregister (CVR-nummer) |
MT |
Registration number Register of Voluntary Organisation (Identification number) |
|
EE |
Registrikood |
NL |
Kamer van Koophandel (KvK-nummer) Dossiernummer |
|
ES |
HOJA number |
PL |
REGON |
|
FI |
Yritys- ja yhteisötunnus (Y-tunnus) Företags- och organisationsnummer (FO-nummer) Business Identity code (Business ID) |
PT |
Numero de identificaçao de pessoa colectiva (NIPC) |
|
RO |
Numar de ordine in registrul comertulu Numarul inscrierii in registrul special |
||
|
FR |
Immatriculation au registre du commerce et des sociétés (RCS) Système informatique pour le répertoire des entreprises et des établissements (SIRENE) |
SE |
Organisationsnummer |
|
GB |
Company number |
SI |
Matična številka |
|
GR |
Αριθμός Γ.Ε.ΜΗ (Γενικού Εμπορικού Μητρώου) Δικηγορικός Σύλλογος Αθηνών (Δ.Σ.Α) |
SK |
Identifikačné číslo organizácie (IČO) |
IARSCRÍBHINN II
Mionsonraí intuairiscithe maidir le faisnéis chos istigh
|
Uimhir an réimse |
Aitheantóir an réimse |
Tuairisc |
|
1 |
Aitheantóir na Teachtaireachta |
Léirítear sa réimse cód aitheantóra na tuarascála maidir le faisnéis chos istigh. |
|
2 |
Stádas teagmhais |
Léirítear sa réimse suíomh na tuarascála maidir le faisnéis chos istigh agus a hábharthacht maidir le cinntí trádála. |
|
3 |
An cineál faisnéise |
Léirítear sa réimse an cineál faisnéise cos istigh atá á nochtadh. |
|
4 |
An cineál neamh-infhaighteachta |
Léirítear sa réimse an raibh an teagmhas neamh-infhaighteachta pleanáilte nó neamhphleanáilte. |
|
5 |
An cineál tarlaithe |
Léirítear sa réimse cineál an ábhair nó na sócmhainní/aonaid a ndéanann an neamh-infhaighteacht difear dóibh. |
|
6 |
Dáta agus am an fhoilsithe |
Léirítear sa réimse an dáta agus an t-am a cuireadh an tuarascáil maidir le faisnéis chos istigh ar fáil go poiblí. |
|
7 |
Dáta agus am thús an teagmhais |
Léirítear sa réimse an dáta agus an t-am measta/iarbhír a thosaigh an teagmhas ábhartha. |
|
8 |
Dáta agus am dheireadh an teagmhais |
Léirítear sa réimse an dáta agus an t-am measta/iarbhír a chríochnaigh an teagmhas ábhartha. |
|
9 |
Aonad tomhais |
Léirítear sa réimse an t-aonad tomhais ina sloinntear an acmhainneacht. |
|
10 |
An acmhainneacht nach bhfuil ar fáil |
Léirítear sa réimse acmhainneacht na sócmhainne nó an aonaid dá ndéantar difear nach bhfuil ar fáil mar gheall ar an teagmhas a bhfuil tuairisciú á dhéanamh air. |
|
11 |
An acmhainneacht atá ar fáil |
Léirítear sa réimse an acmhainneacht atá fós ar fáil den tsócmhainn nó den aonad dá ndéantar difear. |
|
12 |
Acmhainneacht shuiteáilte (infheidhme maidir le neamh-infhaighteacht leictreachais) |
Léirítear sa réimse acmhainneacht ghiniúna, tarchurtha nó tomhaltais ainmniúil na sócmhainne nó an aonaid dá ndéantar difear. |
|
13 |
Acmhainneacht theicniúil (infheidhme maidir le neamh-infhaighteacht gáis) |
Léirítear sa réimse an ghlanacmhainneacht (sreabhadh) uasta leanúnach is féidir leis an tsócmhainn nó leis an aonad dá ndéantar difear a tháirgeadh, a tharchur, a stóráil nó a ídiú go leanúnach ar feadh tréimhse fhada oibríochta faoi ghnáthdhálaí, faoi chaighdeáin slándála ábhartha. |
|
14 |
An chúis atá leis an neamh-infhaighteacht |
Léirítear sa réimse an míniú ar an gcúis nó ar na cúiseanna atá leis an teagmhas neamh-infhaighteachta. |
|
15 |
Nótaí |
Léirítear sa réimse aon fhaisnéis eile lena n-éascaítear tuiscint iomlán ar thionchar féideartha an teagmhais ar phraghsanna mórdhíola fuinnimh. |
|
16 |
Cineál breosla |
Léirítear sa réimse aicmiú na gcineálacha táirgthe leictreachais (is infheidhme maidir le teagmhais neamh-infhaighteachta leictreachais). |
|
17 |
An crios tairisceana nó cothromúcháin lena mbaineann |
Sainaithnítear sa réimse na criosanna tairisceana nó cothromúcháin ina bhfuil an tsócmhainn nó an t-aonad dá ndéantar difear lonnaithe nó a ghlacann le sreabhadh ón tsócmhainn nó ón aonad dá ndéantar difear. |
|
18 |
An tsócmhainn nó an t-aonad dá ndéantar difear |
Sainaithnítear sa réimse ainm oifigiúil an aonaid giniúna nó táirgthe, an aonaid tomhaltais, na sócmhainne tarchuir, nó na sócmhainne eile – gás nó leictreachas. |
|
19 |
Cód EIC na sócmhainne nó an aonaid dá ndéantar difear |
Léirítear sa réimse an t-aitheantóir uathúil (cód EIC) is infheidhme i leith na sócmhainne nó an aonaid dá ndéantar difear. |
|
20 |
An rannpháirtí margaidh |
Léirítear sa réimse ainm oifigiúil an rannpháirtí margaidh nó na rannpháirtithe margaidh nó an údaráis a bhfuil oibleagáidí air maidir leis an teagmhas sonrach faoi Airteagal 4 nó Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, faoi seach. |
|
21 |
Aitheantóir an rannpháirtí margaidh |
Sainaithnítear sa réimse seo an rannpháirtí/na rannpháirtithe margaidh nó an t-údarás a luaitear i réimse 20 trí chód uathúil a úsáid. |
|
22 |
Aitheantóir an Ardáin Faisnéise Cos Istigh |
Sainaithnítear sa réimse an t-ardán faisnéise cos istigh trí chód uathúil a úsáid. |
|
23 |
Treo |
Léirítear sa réimse cé acu ag an treo iontrála nó imeachta atá an t-éaradh seirbhíse i ndáil le crios cothromúcháin sonraithe, nó cé na criosanna tairisceana a luaitear óna shreabhann an leictreachas. |
|
24 |
Tús an eatraimh |
Léirítear sa réimse an dáta agus an t-am measta/iarbhír i ndáil le tús fho-eatramh an teagmhais ábhartha. |
|
25 |
Deireadh an eatraimh |
Léirítear sa réimse an dáta agus an t-am measta/iarbhír i ndáil le deireadh fho-eatramh an teagmhais ábhartha. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/255/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)