This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0148
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/148 of 21 January 2026 amending Implementing Regulation (EU) 2022/1173 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2021/2116 of the European Parliament and of the Council with regard to the integrated administration and control system in the common agricultural policy
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/148 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/148 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta
C/2026/283
IO L, 2026/148, 22.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/148/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/148 |
22.1.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/148 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Eanáir 2026
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 75 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2021/2116 go gceanglóidh na Ballstáit go gcuirfear iarratas isteach trí bhíthin an iarratais gheospásúil a mhéid a bhaineann leis an gcabhair le haghaidh idirghabhálacha limistéarbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(2) agus arna cur chun feidhme faoina bPleananna Straitéiseacha CBT. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2025/2649 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), cuireadh isteach Airteagal 70a nua de Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann leis an measúnú cáilíochta ar an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, ar an gcóras iarratais gheospásúil agus ar an gcóras faireacháin limistéir. Cumasctar na trí mheasúnú cáilíochta in aon mheasúnú cáilíochta amháin. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 1(a) agus Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 ón gCoimisiún (3) a leasú chun an cumasc sin de na measúnuithe cáilíochta a léiriú. |
|
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 8(3)(f) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 go mbeidh san iarratas geospásúil, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí le haghaidh dáileachtaí faoi idirghabhálacha le haghaidh úsáid inbhuanaithe agus úsáid laghdaithe lotnaidicídí faoi Airteagail 31 agus 70 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus go bhféadfaidh na Ballstáit a chinneadh an fhaisnéis sin a úsáid i ndáil leis an gceanglas taifead a choinneáil ar tháirgí cosanta plandaí a leagtar síos in Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(4) |
Ar bhonn na taithí a fuarthas sna chéad bhlianta de chur chun feidhme an iarratais gheospásúil atá ann faoi láthair, measann na Ballstáit agus feirmeoirí gur ualach breise é an ceanglas sin, ós rud é go bhfuil oibleagáid orthu cheana taifid a choinneáil ar úsáid táirgí cosanta plandaí de bhun Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, chun críoch simplithe, ba cheart an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 8(3)(f) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 a scriosadh. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta agus ón gCoiste um an gComhbheartas Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 Tuarascáil measúnaithe cáilíochta 1. Cuirfidh na Ballstáit an measúnú cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 70a de Rialachán (AE) 2021/2116 ar fáil don Choimisiún i bhfoirm tuarascáil a chuirfear isteach trí chórais leictreonacha faisnéise lena bhféadfar faisnéis, doiciméid agus sonraí tacaíochta a mhalartú. 2. Cuirfear faisnéis ar fáil sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an obair fholuiteach faoi chuimsiú an mheasúnaithe cáilíochta, go háirithe i leith thorthaí na gcuairteanna in situ agus/nó na hanailíse ar íomhánna lena soláthraítear faisnéis iontaofa dhochloíte i ndáil leis an staid iarbhír ar an láthair, agus cainníochtófar na heasnaimh a braitheadh sa mheasúnú cáilíochta. Cuirfear torthaí an mheasúnaithe cáilíochta dá dtagraítear i mír 1 le chéile chun an earráid sa líon heicteár nó i sciar na limistéar a tuairiscíodh sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a chainníochtú. 3. I gcás ina nochtann torthaí an mheasúnaithe cáilíochta easnaimh i gcomhréir leis an measúnú cáilíochta dá dtagraítear i mír 1, léireoidh na Ballstáit go soiléir na gníomhaíochtaí ceartaitheacha lena dtugtar aghaidh ar na heasnaimh sin sa tuarascáil measúnaithe cáilíochta. Má mheasann an Coimisiún nach leor an dul chun cinn i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha a moladh an bhliain roimhe sin, féadfaidh sé iarraidh ar an mBallstát plean gníomhaíochta a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2116. 4. I gcás easnaimh atréimhseacha arna nochtadh sa mheasúnú cáilíochta dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh an Coimisiún plean gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 má nochtar na heasnaimh chéanna gan aon fheabhas a bheith tagtha orthu sa 2ú bliain as a chéile agus má mheastar iad a bheith tromchúiseach i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (d), den Rialachán sin. 5. Liostófar sa tuarascáil measúnaithe cáilíochta a chuirfear isteach le haghaidh na mblianta 2024 agus 2026 na coinníollacha incháilitheachta uile maidir le gach idirghabháil atá faoi réir an chórais faireacháin limistéir ina mbeidh faisnéis maidir leis na foinsí sonraí a úsáideadh le haghaidh na hanailíse.’ |
|
(3) |
In Airteagal 8(3), scriostar pointe (f). |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).
(2) Rialachán (AE) 2025/2649 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann leis an gcóras coinníollachta, cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochta dírí, cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe agus tuarascálacha forbartha tuaithe agus tuarascálacha feidhmíochta bliantúla agus Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí a chur ar fionraí agus imréiteach feidhmíochta bliantúil agus rialuithe agus pionóis (IO L, 2025/2649, 31.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2649/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta (IO L 183, 8.7.2022, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1173/oj).
(4) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/148/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)