This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0137
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/137 of 15 January 2026 supplementing Council Regulation (EC) No 6/2002 on European Union designs with rules specifying the details of certain proceedings concerning registered designs, and repealing Commission Regulation (EC) No 2245/2002
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/137 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí AE le rialacha lena sonraítear mionsonraí imeachtaí áirithe a bhaineann le dearaí cláraithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 ón gCoimisiún
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/137 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí AE le rialacha lena sonraítear mionsonraí imeachtaí áirithe a bhaineann le dearaí cláraithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 ón gCoimisiún
C/2026/54
IO L, 2026/137, 19.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/137/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
19/03/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/137 |
19.3.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/137 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2026
lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí AE le rialacha lena sonraítear mionsonraí imeachtaí áirithe a bhaineann le dearaí cláraithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 ón gCoimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí AE (1), agus go háirithe Airteagal 47b, Airteagal 53a, Airteagal 55a, Airteagal 64a, Airteagal 65a, Airteagal 66a, Airteagal 66d, Airteagal 66f, Airteagal 66i, Airteagal 67c, Airteagal 78a agus Airteagal -106a de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, cruthaíodh córas a bhaineann go sonrach leis an Aontas chun dearaí a chosaint atá le fáil ar leibhéal an Aontais ar bhonn iarratais chuig Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘an Oifig’). |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2024/2822 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 trí na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún a ailíniú le hAirteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Chun an creat dlíthiúil nua a eascraíonn as an ailíniú sin a chomhlíonadh, tá rialacha áirithe le glacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe. Ba cheart na rialacha nua sin a chur in ionad na rialacha atá ann faoi láthair a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 ón gCoimisiún (3). Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 a aisghairm. |
|
(3) |
Tá an Oifig freagrach as trádmharc an Aontais Eorpaigh agus an dearadh AE cláraithe araon a chlárú. Dá bhrí sin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, comhsheasmhacht agus simpliú, ba cheart na rialacha atá le glacadh trí bhíthin an Rialacháin seo a ailíniú a mhéid is féidir leis na rialacha is infheidhme maidir le trádmharcanna an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún (4). |
|
(4) |
Ba cheart scrúdú agus clárú na n-iarratas ar dhearadh an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus gasta, agus úsáid á baint as nósanna imeachta atá trédhearcach, críochnúil, cóir agus cothromasach. Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, is gá na mionsonraí maidir leis an nós imeachta chun iarratas ar dhearadh an Aontais Eorpaigh a leasú a shonrú go soiléir i mionsonraí neamhábhartha, chun easnamh a leigheas nó as stuaim an iarrthóra féin. Agus na forálacha lena rialaítear leasú ar thrádmharcanna an Aontais á leanúint, ba cheart an córas sin a oiriúnú do shaintréithe na léirithe dearaidh chun an próiseas comhdaithe le haghaidh dearaí a éascú. |
|
(5) |
Ba cheart a áirithiú leis na forálacha nós imeachta lena rialaítear dearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE chláraithe gur féidir a dhearbhú go bhfuil dearadh AE cláraithe neamhbhailí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil trí bhíthin nós imeachta trédhearcach, críochnúil, cóir agus cothromasach. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, soiléireacht agus comhsheasmhacht níos fearr, is iomchuí na forálacha nós imeachta a ailíniú, a mhéid is féidir, leis na forálacha nós imeachta is infheidhme maidir le himeachtaí neamhbhailíochta trádmharcanna an Aontais. Chuige sin, is iomchuí a shonrú go soiléir an t-inneachar ba cheart a bheith mar chuid d’aon iarratas ar neamhbhailíocht agus na ceanglais shonracha maidir le hinneachar ag brath ar an bhforas neamhbhailíochta a agraítear. D’fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart a áireamh i bhforálacha an Rialacháin seo freisin na ceanglais maidir le bunús a thabhairt le cearta níos luaithe i gcásanna ina bhfuil inneachar na fianaise ábhartha inrochtana ar líne ó fhoinse atá aitheanta ag an Oifig. Is gá freisin an cleachtas atá ag an Oifig faoi láthair a dheimhniú maidir le hiarrataí ar chruthúnas úsáide nuair atá an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta bunaithe ar thrádmharc níos luaithe. |
|
(6) |
Mar fhrithbheart in aghaidh an scrúdaithe shubstaintigh theoranta ar iarratais ar dhearadh an Aontais Eorpaigh roimh chlárú agus chun neamhbhailíochtú éifeachtúil dearaí an Aontais a cláraíodh go neamhdhleathach a éascú, ba cheart nós imeachta neamhbhailíochta brostaithe a chur ar fáil le haghaidh cásanna nach gcuireann sealbhóir an dearaidh AE chláraithe in aghaidh an fhorais neamhbhailíochta nó an fhaoisimh atá á lorg. |
|
(7) |
Chun a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú éifeachtach, éifeachtúil agus iomlán ar chinntí arna ndéanamh ag an Oifig ar an gcéad dul síos trí bhíthin nós imeachta achomhairc trédhearcach, cuimsitheach, cóir agus cothromasach a oireann do chineál sonrach an dlí maoine intleachtúla, is iomchuí deimhneacht dhlíthiúil, intuarthacht agus comhsheasmhacht an chreata dhlíthiúil a threisiú trí na forálacha nós imeachta atá ann cheana maidir le trádmharcanna an Aontais i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 a chur i bhfeidhm. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 freisin a mhéid a bhaineann le heagrú éifeachtach agus éifeachtúil na mBord Achomhairc a áirithiú i réimse dhearaí an Aontais. |
|
(8) |
Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus comhsheasmhachta, agus chun oibriú rianúil, éifeachtach agus éifeachtúil chóras dearaí an Aontais a áirithiú, is iomchuí freisin na forálacha nós imeachta atá ann cheana maidir le trádmharcanna an Aontais i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir leis na mionsonraí maidir le himeachtaí ó bhéal agus na socruithe mionsonraithe maidir le fianaise a ghlacadh, forálacha áirithe a bhaineann le fógraí ón Oifig agus teachtaireachtaí chuig an Oifig, na rialacha lena rialaítear ríomh, fad agus fadú na dteorainneacha ama, na socruithe mionsonraithe chun imeachtaí a atosú tar éis cur isteach ar na himeachtaí sin, agus na mionsonraí maidir le hionadaíocht os comhair na hOifige in ábhair dearaidh. |
|
(9) |
Chun córas dearaí an Aontais a nuachóiriú, is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le fógraí ón Oifig agus cumarsáid a dhéanamh léi ar mhodhanna leictreonacha mar an t-aon mhodh fógartha agus cumarsáide. Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart cead a bheith ag an Oifig tarchur doiciméad chuig páirtithe lena mbaineann a dhéanamh trí rochtain leictreonach ar na doiciméid sin a sholáthar. Ina theannta sin, ar chúiseanna éifeachtúlachta, trédhearcachta agus soláimhsitheachta, ba cheart don Oifig na foirmeacha leictreonacha a chur ar fáil ar líne i dteangacha oifigiúla uile an Aontais le haghaidh cumarsáid in imeachtaí os comhair na hOifige. |
|
(10) |
Leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, forlíontar forálacha Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a leasaíodh le Rialachán (AE) 2024/2822 le héifeacht ón 1 Iúil 2026. Is gá, dá bhrí sin, go dtiocfaidh an Rialachán seo chun bheith infheidhme ar an dáta céanna. |
|
(11) |
D’ainneoin aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002, is gá leanúint d’fhorálacha sonracha den Rialachán sin a chur i bhfeidhm maidir le himeachtaí áirithe a tionscnaíodh roimh an dáta thuasluaite go dtí go dtabharfar na himeachtaí sin i gcrích, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An t-iarratas a leasú
1. Beidh an méid seo a leanas in iarraidh ar leasú ar léiriú an iarratais ar dhearadh an Aontais Eorpaigh i sonraí neamhábhartha de bhun Airteagal 47a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle:
|
(a) |
uimhir chomhaid an iarratais; |
|
(b) |
ainm agus seoladh an iarratasóra i gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (a), agus Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/138 ón gCoimisiún (5); |
|
(c) |
léiriú ar na gnéithe atá le leasú agus ar an dearcadh nó na dearcthaí atá le leasú nó le tarraingt siar; |
|
(d) |
léiriú ar an dearadh arna leasú, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/138. |
2. I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1, cuirfidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘an Oifig’) an t-easnamh in iúl don iarratasóir agus sonróidh sí teorainn ama chun an t-easnamh a leigheas. I gcás nach leigheasann an t-iarratasóir an t-easnamh laistigh den teorainn ama shonraithe, diúltóidh an Oifig don iarraidh ar leasú.
3. Féadfar iarraidh aonair ar leasú a dhéanamh chun leasú a dhéanamh ar na gnéithe céanna in dhá dhearadh nó níos mó ar choinníoll gur ionann an t-iarratasóir i gcás na ndearaí uile a chumhdaítear leis an iarraidh.
Airteagal 2
Iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta
1. In iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 52 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, beidh:
|
(a) |
uimhir chlárúcháin an dearaidh AE chláraithe a bhfuil an dearbhú neamhbhailíochta á lorg ina leith agus ainm a shealbhóra; |
|
(b) |
léiriú ar na forais a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ar a bhfuil an t-iarratas neamhbhailíochta bunaithe; |
|
(c) |
ráiteas réasúnaithe ina leagtar amach na fíorais, an fhianaise agus na hargóintí a thacaíonn leis na forais neamhbhailíochta a agraíodh; |
|
(d) |
an fhianaise thacaíochta dá dtagraítear i bpointe (c); |
|
(e) |
sainaithint an iarratasóra ar dhearbhú neamhbhailíochta i gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (a), agus Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/138 agus, i gcás inarb infheidhme, sainaithint an ionadaí cheaptha i gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (c), agus Airteagal 1(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/138; |
|
(f) |
léiriú maidir leis an údarú nó leis an teidlíocht an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a chomhdú de bhun Airteagal 25(2) go (6) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 agus fianaise thacaíochta. |
2. De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i mír 1, beidh an méid seo a leanas, go háirithe, in iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta:
|
(a) |
i gcás ina ndéantar an foras a leagtar síos in Airteagal 25(1), pointe (b), i gcomhar le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a agairt, léiriú agus fianaise ar nochtadh an dearaidh nó na ndearaí roimhe sin faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002; |
|
(b) |
i gcás ina ndéantar an foras a leagtar síos in Airteagal 25(1), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a agairt, cinneadh críochnaitheach ó chúirt nó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann maidir leis an teidlíocht ar dhearadh an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002; |
|
(c) |
i gcás ina ndéantar an foras a leagtar síos in Airteagal 25(1), pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a agairt, an léiriú agus na sonraíochtaí lena sainaithnítear an dearadh roimh ré, lena ngabhann, nuair nach dearadh AE cláraithe é, fianaise ar a chomhdú nó ar a chlárú, arb é atá ann cóip den deimhniú comhdaithe ábhartha, den deimhniú clárúcháin ábhartha, agus, más infheidhme, den deimhniú athnuachana ábhartha nó doiciméad coibhéiseach ón riarachán lenar comhdaíodh nó lenar cláraíodh an dearadh lena gcruthaítear gur ann don dearadh agus go bhfuil sé bailí; |
|
(d) |
i gcás ina ndéantar an foras a leagtar síos in Airteagal 25(1), pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a agairt:
|
|
(e) |
i gcás ina ndéantar an foras a leagtar síos in Airteagal 25(1), pointe (f), de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a agairt:
|
|
(f) |
i gcás ina ndéantar an foras a leagtar síos in Airteagal 25(1), pointe (g), de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a agairt, ionadaíocht agus sonraí na míre ábhartha dá dtagraítear san Airteagal sin. |
3. I gcás ina bhfuil an fhianaise dá dtagraítear i mír 2 maidir le comhdú nó clárú na gceart arna n-agairt nó na réamhdhearaí, nó maidir le hinneachar an dlí náisiúnta ábhartha, inrochtana ar líne ó fhoinse atá aitheanta ag an Oifig, féadfaidh an t-iarratasóir ar dhearbhú neamhbhailíochta an fhianaise sin a sholáthar trí thagairt a dhéanamh don fhoinse sin.
4. I gcás ina bhfuil an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 52 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 bunaithe ar níos mó ná réamhdhearadh amháin nó ar níos mó ná ceart amháin is túisce, beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le gach ceann de na dearaí nó de na cearta sin.
Airteagal 3
Teangacha a mbaintear úsáid astu in imeachtaí neamhbhailíochta
Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí neamhbhailíochta an Oifig a chur ar an eolas roimh dhul in éag tréimhse 2 mhí tar éis don sealbhóir an teachtaireacht dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo a fháil, gur comhaontaíodh teanga éagsúil imeachtaí de bhun Airteagal 98(5) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002. I gcás nár comhdaíodh an t-iarratas sa teanga sin, féadfaidh an sealbhóir a iarraidh go gcomhdóidh an t-iarratasóir aistriúchán ar an iarratas sa teanga sin. Gheobhaidh an Oifig iarraidh den sórt sin roimh dhul in éag na tréimhse 2 mhí tar éis do shealbhóir an dearaidh AE chláraithe an teachtaireacht dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo a fháil. Sonróidh an Oifig teorainn ama don iarratasóir chun aistriúchán den sórt sin a chomhdú. I gcás nach gcomhdaítear an t-aistriúchán sin nó ina gcomhdaítear é go déanach, ní athrófar teanga na n-imeachtaí.
Airteagal 4
Faisnéis do na páirtithe maidir le hiarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta
Seolfaidh an Oifig iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta agus aon doiciméad a chuirfidh an t-iarratasóir isteach, chomh maith le haon teachtaireacht a sheol an Oifig chuig ceann de na páirtithe sula bhfaighfear an cinneadh maidir le hinghlacthacht, chuig an bpáirtí eile chun a chur in iúl gur tugadh isteach iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta.
Airteagal 5
Inghlacthacht iarratais ar dhearbhú neamhbhailíochta
1. I gcás nár íocadh an táille ar iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a cheanglaítear faoi Airteagal 52(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir an táille a íoc laistigh de thréimhse a shonróidh sí. I gcás nach n-íocfar an táille riachtanach laistigh den tréimhse shonraithe, cuirfidh an Oifig in iúl don iarratasóir go meastar nár comhdaíodh an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta. I gcás ina n-íocfar an táille tar éis don tréimhse shonraithe dul in éag, aisíocfar leis an iarratasóir í.
2. I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 2, cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin agus ceanglóidh sí ar an iarratasóir na heasnaimh a tugadh faoi deara a leigheas laistigh de thréimhse 2 mhí. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh den teorainn ama, diúltóidh an Oifig don iarratas as é a bheith neamh-inghlactha.
3. I gcás ina ndearnadh an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta arna chomhdú de bhun na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán seo a chomhdú i dteanga seachas teanga na n-imeachtaí de réir Airteagal 98(4) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir aistriúchán a sholáthar sa teanga sin laistigh de 1 mhí amháin. I gcás nach gcomhdaítear an t-aistriúchán sin laistigh den teorainn ama, diúltóidh an Oifig don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta as é a bheith neamh-inghlactha. I gcás ina bhfuil an t-aistriúchán atá in easnamh teoranta d’fhianaise thacaíochta faoi Airteagal 2(1), pointe (d), agus Airteagal 2(3) agus (4) den Rialachán seo agus nach bhfuil feidhm ag aon fhoras eile maidir le neamh-inghlacthacht, tabharfaidh an Oifig neamhaird ar an bhfianaise sin toisc í a bheith neamh-inghlactha agus rachaidh sí ar aghaidh leis an scrúdú ar an iarratas.
4. Beidh feidhm ag Airteagal 15 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/138 maidir le haon doiciméad tacaíochta eile nach bhfuil riachtanach le haghaidh inghlacthacht iarratais ar dhearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo.
5. Tabharfaidh an Oifig fógra do na páirtithe faoi aon chinneadh de bhun mhír 1 go meastar nár comhdaíodh an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta agus faoi aon chinneadh an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a dhiúltú ar fhorais neamh-inghlacthachta faoi mhíreanna 2 nó 3. I gcás ina ndiúltófar d’iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta toisc é a bheith neamh-inghlactha sular seoladh an teachtaireacht dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ní dhéanfar aon chinneadh maidir le costais.
Airteagal 6
Scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta
1. I gcás ina measfar an t-iarratas a bheith inghlactha de bhun Airteagal 5, seolfaidh an Oifig teachtaireacht chuig na páirtithe ina gcuirfear in iúl dóibh go bhfuil tús curtha leis an gcuid sáraíochta de na himeachtaí neamhbhailíochta agus ina n-iarrfar ar shealbhóir an dearaidh AE chláraithe atá faoi chonspóid barúlacha a chomhdú laistigh de thréimhse shonraithe.
2. I gcás inar iarr an Oifig ar pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 53(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 barúlacha a chomhdú laistigh de thréimhse shonraithe agus nach gcuireann an páirtí sin aon bharúil isteach laistigh den tréimhse sin, dúnfaidh an Oifig an chuid sáraíochta de na himeachtaí agus bunóidh sí a rialú ar an neamhbhailíocht ar bhonn na fianaise atá os a comhair.
3. Má iarrann sealbhóir an dearaidh AE chláraithe atá faoi chonspóid cruthúnas ar fhíor-úsáid faoi Airteagal 53(3) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir ar dhearbhú neamhbhailíochta cruthúnas a sholáthar maidir le fíor-úsáid thrádmharc an Aontais nó an trádmhairc náisiúnta arna agairt mar shainchomhartha, nó cúiseanna cuí le neamhúsáid a sholáthar, laistigh de thréimhse shonraithe. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 19(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625.
4. Seolfaidh an Oifig na barúlacha uile arna gcomhdú ag na páirtithe de bhun Airteagal 53(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 chuig an bpáirtí eile lena mbaineann.
5. I gcás inar mian leis an sealbhóir an dearadh AE cláraithe atá faoi chonspóid a thabhairt suas, déanfaidh sé amhlaidh trí dhoiciméad ar leithligh agus dúnfar na himeachtaí ach amháin i gcás ina léiríonn an t-iarratasóir leas dlisteanach maidir le cinneadh a fháil ar na tuillteanais i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.
6. I gcás ina ndearbhóidh an Oifig go bhfuil éifeachtaí clárúcháin idirnáisiúnta neamhbhailí i gcríoch an Aontais, tabharfaidh sí fógra faoina cinneadh do Bhiúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (‘an Biúró Idirnáisiúnta’) nuair a bheidh an cinneadh críochnaitheach.
Airteagal 7
Scrúdú ar imeachtaí os comhair an Rannáin Neamhbhailíochta mar ábhar tosaíochta
I gcás ina bhfuil an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta bunaithe ar Airteagal 25(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, i gcomhar le hAirteagail 5 agus 6 den Rialachán sin, agus nár chuir sealbhóir an dearaidh AE chláraithe atá faoi chonspóid in aghaidh na bhforas neamhbhailíochta nó an fhaoisimh arna lorg, tabharfaidh an Oifig rialú ar an neamhbhailíocht mar ábhar tosaíochta.
Airteagal 8
Iarratais iomadúla ar dhearbhú neamhbhailíochta
1. I gcás ina gcomhdaítear roinnt iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a bhaineann leis an dearadh AE cláraithe céanna, féadfaidh an Oifig déileáil leo ag an am céanna. Féadfaidh an Oifig cinneadh a dhéanamh ina dhiaidh sin scrúdú ar leithligh a dhéanamh ar na hiarratais sin ar dhearbhú neamhbhailíochta.
2. I gcás ina léirítear le réamhscrúdú ar iarratas amháin nó níos mó go bhféadfaidh dearadh AE cláraithe a bheith neamhbhailí, féadfaidh an Oifig na himeachtaí neamhbhailíochta eile a chur ar fionraí. Cuirfidh an Oifig na hiarratasóirí eile a ndéanann fionraí difear dóibh ar an eolas faoi aon chinneadh ábhartha a rinneadh i gcomhthéacs na n-imeachtaí leanúnacha sin.
3. A luaithe agus a dhéantar cinneadh críochnaitheach lena ndearbhaítear neamhbhailíocht an dearaidh, measfar go mbeidh na hiarratais, ar cuireadh na himeachtaí ar fionraí i ndáil leo i gcomhréir le mír 2, diúscartha, agus cuirfidh an Oifig na hiarratasóirí lena mbaineann ar an eolas dá réir. Measfar aon diúscairt den sórt sin a bheith ina chás nach ndeachaigh ar aghaidh chun breithiúnais de réir bhrí Airteagal 70(4) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.
4. Aisíocfaidh an Oifig 50 % den táille ar iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta dá dtagraítear in Airteagal 52(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 arna íoc ag gach iarratasóir a meastar a iarratas a bheith diúscartha i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Airteagal 9
Rannpháirtíocht sáraitheora líomhnaithe
I gcás, de bhun Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, ina bhféachann sáraitheoir líomhnaithe le páirt a ghlacadh sna himeachtaí, beidh feidhm ag forálacha Airteagail 2, 3, 4 agus 5 den Rialachán seo maidir leis an sáraitheoir líomhnaithe.
Airteagal 10
Achomhairc
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 21 go 48 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 maidir le hachomhairc a ndéileálann na Boird Achomhairc leo faoi Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 agus maidir leis na mionsonraí a bhaineann le heagrú na mBord Achomhairc faoi Airteagal 106 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.
Airteagal 11
Imeachtaí ó bhéal agus fianaise a ghlacadh
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 49 go 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 maidir le himeachtaí ó bhéal agus glacadh fianaise faoi Airteagail 64 agus 65 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le húsáid teangacha i gcomhréir le hAirteagal 98 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.
Airteagal 12
Forálacha ginearálta maidir le fógraí ón Oifig
In imeachtaí os comhair na hOifige, is éard a bheidh sna fógraí atá le tabhairt ag an Oifig i gcomhréir le hAirteagal 66(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 tarchur an doiciméid a bhfuil fógra le tabhairt ina leith do na páirtithe lena mbaineann. Féadfar an tarchur a dhéanamh trí rochtain leictreonach ar an doiciméad sin a sholáthar.
Airteagal 13
Fógra chuig ionadaithe
1. I gcás inar ceapadh ionadaí nó i gcás ina meastar gurb é an t-iarratasóir a ainmníodh den chéad uair in iarratas comhchoiteann an t-ionadaí coiteann de bhun Airteagal 26 den Rialachán seo i gcomhar le hAirteagal 73(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625, tabharfaidh an Oifig fógraí don ionadaí ceaptha nó don ionadaí coiteann sin.
2. I gcás ina mbeidh roinnt ionadaithe ceaptha ag páirtí aonair, tabharfaidh an Oifig fógra i gcomhréir le hAirteagal 1(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/138. I gcás ina mbeidh ionadaí coiteann ceaptha ag roinnt páirtithe, is leor fógra a thabhairt don ionadaí coiteann.
3. Beidh an éifeacht chéanna ag fógra a sheolfaidh an Oifig chuig an ionadaí atá údaraithe go cuí amhail agus dá seolfaí chuig an duine a mbeidh ionadaí ag feidhmiú thar a ceann é.
Airteagal 14
Neamhrialtachtaí san fhógra
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 61 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le neamhrialtachtaí i bhfógra a thabhairt faoi dhoiciméid.
Airteagal 15
Fógra a thabhairt faoi dhoiciméid a fhógairt i gcás roinnt páirtithe
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 maidir leis na ceanglais a bhaineann le fógra a thabhairt maidir le doiciméid i gcás roinnt páirtithe.
Airteagal 16
Cumarsáid leis an mBiúró Idirnáisiúnta
Maidir leis an gcumarsáid leis an mBiúró Idirnáisiúnta, beidh comhaontú idir an Biúró Idirnáisiúnta agus an Oifig faoin mbealach a ndéanfar an chumarsáid agus faoi fhormáid na cumarsáide sin, agus déanfar í trí mheán leictreonach i gcás inar féidir.
Airteagal 17
Teachtaireachtaí chuig an Oifig
1. Déanfar iarratais ar chlárú dhearadh an Aontais Eorpaigh chomh maith le haon iarratas eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 agus gach teachtaireacht eile a sheoltar chuig an Oifig a tharchur ar mhodhanna leictreonacha. Measfar gur ionann ainm an tseoltóra agus an síniú.
2. In imeachtaí os comhair na hOifige, measfar gur ionann an dáta a gheobhaidh an Oifig teachtaireacht nó an dáta a bhfaighidh an Oifig rochtain leictreonach uirthi dáta comhdaithe nó cur isteach na hOifige.
3. I gcás ina bhfuil tráchtaireacht neamhiomlán nó doléite i ngeall ar chúiseanna teicniúla, nó i gcás ina mbeidh amhras réasúnach ar an Oifig maidir le cruinneas an tarchuir, cuirfidh an Oifig an seoltóir ar an eolas dá réir sin agus iarrfaidh sí ar an seoltóir ábhar an doiciméid a atarchur nó rochtain air a sholáthar laistigh de thréimhse a shonróidh an Oifig. I gcás ina gcomhlíonfar an iarraidh sin laistigh den tréimhse shonraithe, measfar gurb é an dáta fála an dáta a bhfuarthas an bhunteachtaireacht nó an dáta ar cuireadh an t-inneachar bunaidh ar fáil don Oifig. Mar sin féin, i gcás ina mbaineann an t-easnamh le dáta comhdaithe a dheonú d’iarratas ar chlárú dearaidh, beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an dáta comhdaithe de bhun Airteagal 38 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002. I gcás nach gcomhlíonfar an iarraidh laistigh den tréimhse a shonrófar, measfar nach bhfuarthas an chumarsáid.
Airteagal 18
Foirmeacha
Cuirfidh an Oifig foirmeacha leictreonacha ar fáil don phobal saor in aisce i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.
Airteagal 19
Cumarsáid ó ionadaithe
Beidh an éifeacht chéanna ag aon teachtaireacht a sheolfaidh an t-ionadaí cuí-údaraithe dá dtagraítear in Airteagail 77 agus 78 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 chuig an Oifig amhail is dá mba ón duine a raibh ionadaíocht á déanamh air a tháinig sí.
Airteagal 20
Ríomh agus fad na dteorainneacha ama
1. Cuirfear tús le teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 66e de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a ríomh ar an lá i ndiaidh an lae ar tharla an teagmhas ábhartha, arb é atá ann céim nós imeachta nó dul in éag teorann ama eile. I gcás gur fógra é an chéim nós imeachta sin, is éard a bheidh san imeacht an doiciméad ar tugadh fógra faoi a fháil, mura bhforáiltear a mhalairt.
2. I gcás ina sloinnfear teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 66e de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 mar bhliain amháin nó mar líon áirithe blianta, rachaidh sí in éag sa bhliain ábhartha ina dhiaidh sin sa mhí a bhfuil an t-ainm céanna uirthi agus ar an lá a bhfuil an uimhir chéanna air agus atá ar an mí agus an lá ar tharla an t-imeacht ábhartha. I gcás nach mbeidh lá sa mhí ábhartha a bhfuil an uimhir chéanna ag gabháil leis, rachaidh an teorainn ama in éag ar an lá deireanach den mhí sin.
3. I gcás ina sloinnfear teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 66e de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 mar mhí amháin nó mar líon áirithe míonna, rachaidh sí in éag sa mhí ábhartha ina dhiaidh sin ar an lá a bhfuil an uimhir chéanna air agus atá ar an lá ar tharla an t-imeacht ábhartha. I gcás nach mbeidh lá sa mhí ábhartha a bhfuil an uimhir chéanna ag gabháil leis, rachaidh an teorainn ama in éag ar an lá deireanach den mhí sin.
4. I gcás ina sloinntear teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 66e de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 mar sheachtain amháin nó mar líon áirithe seachtainí, rachaidh sí in éag an tseachtain ábhartha ina dhiaidh sin ar an lá a bhfuil an t-ainm céanna air agus atá ar an lá ar tharla an teagmhas sin.
Airteagal 21
Teorainneacha ama a fhadú
Faoi réir teorainneacha ama sonracha nó uasta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 6/2002, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/138 nó sa Rialachán seo, féadfaidh an Oifig fadú teorann ama a dheonú ar iarraidh réasúnaithe. Cuirfidh an páirtí lena mbaineann an iarraidh sin isteach sula rachaidh an teorainn ama atá i gceist in éag. I gcás ina mbeidh beirt pháirtithe nó níos mó ann, féadfaidh an Oifig an síneadh ar theorainn ama a chur faoi réir chomhaontú na bpáirtithe eile.
Airteagal 22
Dul in éag teorainneacha ama i gcásanna speisialta
1. I gcás ina rachaidh teorainn ama in éag ar lá nach mbeidh an Oifig ar oscailt, cuirfear síneadh leis an teorainn ama go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin ar a mbeidh an Oifig ar oscailt.
2. I gcás ina rachaidh teorainn ama in éag ar lá ar a gcuirtear isteach iarbhír ar nasc na hOifige le modhanna leictreonacha cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 66e(3) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, déanfar an teorainn ama a fhadú go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin ar a n-athbhunaítear an chumarsáid leictreonach.
Airteagal 23
Iontráil sa Chlár a chealú nó cinneadh a chúlghairm
1. I gcás ina gcinnfidh an Oifig as a stuaim féin nó de bhun faisnéis chomhfhreagrach arna soláthar ag na páirtithe sna himeachtaí go bhfuil iontráil sa Chlár nó cinneadh faoi réir cealú nó cúlghairme de bhun Airteagal 66h de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, cuirfidh sí an páirtí dá ndéantar difear ar an eolas faoin gcealú nó faoin gcúlghairm atá beartaithe.
2. Cuirfidh an páirtí dá ndéantar difear barúlacha isteach maidir leis an gcealú nó leis an gcúlghairm atá beartaithe laistigh de theorainn ama arna sonrú ag an Oifig.
3. I gcás ina n-aontaíonn an páirtí dá ndéantar difear leis an gcealú nó leis an gcúlghairm atá beartaithe, nó nach gcuireann sé aon bharúil isteach laistigh den teorainn ama, cealóidh an Oifig an iontráil sa Chlár nó cúlghairfidh sí an cinneadh. Mura n-aontaíonn an páirtí dá ndéantar difear leis an gcealú nó leis an gcúlghairm atá beartaithe, déanfaidh an Oifig cinneadh maidir leis an gcealú nó leis an gcúlghairm atá beartaithe.
4. I gcás inar dócha go ndéanfaidh an cealú nó an chúlghairm atá beartaithe difear do níos mó ná páirtí amháin, beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 mutatis mutandis. Sna cásanna sin, cuirfidh an Oifig na barúlacha arna gcur isteach ag ceann de na páirtithe de bhun mhír 3 in iúl don pháirtí nó do na páirtithe eile mar aon le cuireadh chun barúlacha a chur isteach laistigh de theorainn ama arna sonrú ag an Oifig.
5. I gcás ina ndéanann cealú iontrála sa Chlár nó cúlghairm cinnidh difear d’iontráil nó do chinneadh a foilsíodh, foilseofar an cealú nó an chúlghairm freisin.
6. Is ag an roinn nó ag an aonad a rinne an cinneadh a bheidh an inniúlacht cealú nó cúlghairm a dhéanamh de bhun mhíreanna 1 go 4.
Airteagal 24
Coinníollacha maidir le bac ar imeachtaí
1. Maidir le dearbhú neamhbhailíochta agus imeachtaí achomhairc, féadfaidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc bac a chur ar imeachtaí:
|
(a) |
as a stuaim féin i gcás inarb iomchuí bac faoi imthosca an cháis; |
|
(b) |
ar iarraidh réasúnaithe ó cheann de na páirtithe in imeachtaí inter partes i gcás inarb iomchuí bac a dhéanamh in imthosca an cháis, agus leasanna na bpáirtithe agus céim na n-imeachtaí á gcur san áireamh. |
2. Arna iarraidh sin don dá pháirtí in imeachtaí inter partes, cuirfidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc bac ar na himeachtaí ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí. Féadfar an bac sin a fhadú arna iarraidh sin don dá pháirtí suas le huasmhéid iomlán 2 bhliain.
3. Cuirfear isteach ar aon teorainn ama a bhaineann leis na himeachtaí i dtrácht, seachas na teorainneacha ama chun an táille is infheidhme a íoc, ó dháta an bhaic. Gan dochar d’Airteagal 170(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), déanfar na teorainneacha ama a athríomh chun tosú ina n-iomláine ón lá a ndéanfar na himeachtaí a atosú.
4. I gcás inarb iomchuí faoi imthosca an cháis, féadfaidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc iarraidh ar na páirtithe a mbarúlacha a chur isteach maidir le bac a chur ar na himeachtaí nó a athchromadh orthu.
Airteagal 25
Athchromadh na n-imeachtaí
1. I gcás inar cuireadh isteach ar imeachtaí os comhair na hOifige de bhun Airteagal 67b de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, cuirfear an Oifig ar an eolas faoi chéannacht an duine atá údaraithe chun leanúint de na himeachtaí os a comhair de bhun Airteagal 67b(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002. Cuirfidh an Oifig in iúl don duine sin agus d’aon tríú páirtí leasmhar go ndéanfar na himeachtaí a athchromadh ó dháta a shocróidh an Oifig.
2. Más rud é, 3 mhí tar éis thús chur isteach na n-imeachtaí de bhun Airteagal 67b(1), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, nár cuireadh an Oifig ar an eolas faoi cheapadh ionadaí nua, cuirfidh sí an t-iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe nó sealbhóir dearaidh AE chláraithe ar an eolas faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 77(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, measfar an t-iarratas ar dhearadh AE cláraithe a bheith tarraingthe siar mura gcuirtear an fhaisnéis isteach laistigh de 2 mhí tar éis fógra a thabhairt faoin teachtaireacht; |
|
(b) |
i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 77(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, athchromfar ar na himeachtaí leis an iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe nó le sealbhóir dhearadh AE chláraithe ón dáta a dtabharfar fógra faoin teachtaireacht seo. |
3. Na teorainneacha ama atá i bhfeidhm maidir leis an iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe, nó sealbhóir an dearaidh sin, ar dháta chur isteach na n-imeachtaí, seachas an teorainn ama chun na táillí athnuachana a íoc, cuirfear tús leo arís ón lá a athchromfar na himeachtaí.
Airteagal 26
Ionadaíocht
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 73, 74 agus 75 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 maidir le hionadaíocht in ábhair dhearaidh faoi Airteagal 78 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.
Airteagal 27
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002.
Airteagal 28
Forálacha idirthréimhseacha
1. D’ainneoin Airteagal 27 den Rialachán seo, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 de réir mar is infheidhme an 30 Meitheamh 2026 d’fheidhm a bheith aige maidir le himeachtaí leanúnacha i gcás nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo de bhun mhíreanna 2 go 5 den Airteagal seo, go dtí go dtabharfar na himeachtaí sin i gcrích.
2. Leanfaidh Airteagal 12(2), (3) agus (6) de Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 de réir mar is infheidhme an 30 Meitheamh 2026 d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarrataí ar cheartú an iarratais a comhdaíodh roimh an 1 Iúil 2026.
3. Leanfaidh Airteagal 29(5) de Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 de réir mar is infheidhme an 30 Meitheamh 2026 d’fheidhm a bheith aige maidir le fianaise mar thaca leis na hiarratais ar dhearbhú neamhbhailíochta a comhdaíodh roimh an 1 Iúil 2026.
4. Leanfaidh Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 de réir mar is infheidhme an 30 Meitheamh 2026 d’fheidhm a bheith aige maidir le himeachtaí ó bhéal arna dtionscnamh roimh an 1 Iúil 2026.
5. Leanfaidh Airteagal 61 de Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 de réir mar is infheidhme an 30 Meitheamh 2026 d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarratais ar dhearadh AE cláraithe agus maidir le hiarratais ar aistriú a gheofar roimh an 1 Iúil 2026.
Airteagal 29
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 3, 5.1.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/6/oj.
(2) Rialachán (AE) 2024/2822 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 ón gCoimisiún (IO L 2024/2822, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2822/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2002 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 17.12.2002, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2245/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún an 5 Márta 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430 (IO L 104, 24.4.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/625/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/138 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí AE (IO L, 2026/138, …, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/138/oj).
(6) Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1001/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/137/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)