This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0133
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/133 of 20 January 2026 amending Delegated Regulation (EU) 2020/688 as regards rules for the movement within the Union of kept dogs, cats and ferrets, and other carnivores
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/133 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseacht madraí, cat agus firéad agus feoiliteoirí eile ar coimeád laistigh den Aontas
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/133 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseacht madraí, cat agus firéad agus feoiliteoirí eile ar coimeád laistigh den Aontas
C/2026/22
IO L, 2026/133, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/133/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/133 |
27.3.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/133 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Eanáir 2026
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseacht madraí, cat agus firéad agus feoiliteoirí eile ar coimeád laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 3(5), Airteagal 136(2) agus Airteagal 140, pointe (a)(i) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear, inter alia, rialacha maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád laistigh den Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 (2) ón gCoimisiún, forlíontar na rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar cóiméad, lena n-áirítear madraí, cait, firéid agus carnabhóirí eile. |
|
(3) |
Chun críche gluaiseachta laistigh den Aontas, ceanglaítear le hAirteagal 53 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ar oibreoirí a áirithiú, sula n-aistreofar madraí, cait agus firéid, go gcomhlíonfaidh siad ceanglais áirithe, inter alia, chun iad a shainaithint go haonarach le trasfhreagróir in-insteallta i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (3), agus go mbeidh doiciméad aitheantais dá dtagraítear sa Rialachán Tarmligthe sin ag gabháil leo. Ní mór dóibh a áirithiú freisin go bhfuil na hainmhithe vacsaínithe go cuí in aghaidh an chonfaidh agus, i gcás madraí atá á n-aistriú chuig Ballstáit a bhfuil stádas saor ó ghalair acu maidir le Echinococcus multilocularis, go ndearnadh cóireáil cheart orthu in aghaidh an inmhíolaithe sin. |
|
(4) |
Nuair nach féidir gluaiseacht neamhthráchtála peataí is madraí, cait nó firéid a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 245(2) nó Airteagal 246(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2016/429, ní cheanglaítear ar choimeádaithe peataí is madraí, cait agus firéid a aistriú ach amháin má chomhlíonann siad na bearta sainaitheantais agus maolaithe riosca a leagtar síos in Airteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688. |
|
(5) |
Le hAirteagal 58 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseacht feoiliteoirí eile chuig Ballstát eile. Ceanglaítear ar oibreoirí leis gan cainidí a aistriú chuig Ballstáit a bhfuil stádas saor ó ghalair acu maidir le Echinococcus multilocularis ach amháin má cóireáladh i gceart iad in aghaidh na parasaíte sin. Ceanglaítear leis freisin ar oibreoirí feoiliteoirí eile a aistriú i gcás ina ndearnadh bearta maolaithe riosca orthu le haghaidh galair seachas ionfhabhtú le víreas an chonfaidh agus inmhíolú le Echinococcus multilocularis, agus sa chás sin amháin. |
|
(6) |
Le hAirteagal 65 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, ceanglaítear ar oibreoirí sorcas taistil agus gníomhartha ainmhithe gan madraí, cait agus firéid a aistriú ach amháin ar choinníoll go gcomhlánófar go cuí an doiciméad aitheantais aonair le haghaidh gach madra, cat agus firéad leis an bhfaisnéis lena bhfianaítear comhlíonadh na rialacha a leagtar síos in Airteagal 53 den Rialachán Tarmligthe sin. |
|
(7) |
Na ceanglais mhionsonraithe le haghaidh na mbeart maolaithe riosca dá dtagraítear in Airteagail 53, 55, 58 agus 65 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, lena n-áirítear na ceanglais maidir le bailíocht an vacsaínithe frithchonfaidh le haghaidh madraí, cat, firéad agus feoiliteoirí eile agus maidir leis na bearta coisctheacha le haghaidh Echinococcus multilocularis, sonraítear iad faoi láthair in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin trí chrostagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/772 ón gCoimisiún (5) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/878 ón gCoimisiún (6). |
|
(8) |
Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, lena leagtar síos na rialacha maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí, a aisghairm le hAirteagal 270(2) de Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021. Mar sin féin, foráiltear le hAirteagal 277 de Rialachán (AE) 2016/429, d’ainneoin na haisghairme sin, go leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 d’fheidhm a bheith aige go dtí an 21 Aibreán 2026 maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí, in ionad Chuid VI de Rialachán (AE) 2016/429. |
|
(9) |
Na rialacha maidir le ceanglais bhailíochta i ndáil le vacsaíniú frithchonfaidh a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, agus maidir le bearta maolaithe riosca le haghaidh Echinococcus multilocularis a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/772, léiríodh go bhfuil siad éifeachtach chun an riosca a bhaineann le leathadh galar liostaithe trí ghluaiseacht madraí, cat agus firéad a íoslaghdú. Dá réir sin, ba cheart príomhfhorálacha na rialacha sin a choinneáil i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, arna leasú leis an Rialachán seo ach iad a thabhairt cothrom le dáta chun an taithí phraiticiúil a fuair na Ballstáit agus iad á gcur i bhfeidhm a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú leis an Rialachán seo chun rialacha mionsonraithe a sholáthar maidir le bailíocht an vacsaínithe frithchonfaidh le haghaidh madraí, cat, firéad agus feoiliteoirí eile agus maidir leis na bearta maolaithe riosca le haghaidh Echinococcus multilocularis nuair a aistrítear na hainmhithe sin chuig Ballstát eile. |
|
(10) |
Ós rud é nár glacadh aon bheart maolaithe riosca le haghaidh galair seachas ionfhabhtú le víreas an chonfaidh agus inmhíolú le Echinococcus multilocularis go fóill mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 maidir le gluaiseacht feoiliteoirí eile chuig Ballstát eile, is iomchuí, ar mhaithe le cúiseanna deimhneachta agus soiléireachta Airteagal 58(1), pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a scriosadh. |
|
(11) |
Leasaíodh rialacha maidir le sainaithint madraí, cat agus firéad agus maidir leis an doiciméadacht a ghabhann leis na hainmhithe sin agus iad á n-aistriú idir na Ballstáit, a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/132 ón gCoimisiún (7). Dá bhrí sin, is gá Airteagail 53, 55 agus 65 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú dá réir. |
|
(12) |
Le hAirteagal 71 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, ceanglaítear ar oibreoirí a ghluaiseann ainmhithe talún áirithe ar coimeád, lena n-áirítear madraí, cait agus firéid, deimhniú sláinte ainmhithe a bheith ag gabháil leo. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin freisin maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála madraí, cat agus firéad a choinníonn coimeádaithe peataí i dtithe mar pheataí iad, gluaiseachtaí nach féidir a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 245(2) nó Airteagal 246(1) nó (2) de Rialachán (AE) 2016/429. Dá bhrí sin, is iomchuí, ar mhaithe le soiléireacht, Airteagal 71 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú dá réir sin. |
|
(13) |
Ós rud é go scoirfidh an idirthréimhse a bhaineann le haisghairm Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 d’fheidhm a bheith aici an 21 Aibreán 2026, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 22 Aibreán 2026, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53: ‘Airteagal 53 Ceanglais maidir le madraí, cait agus firéid a aistriú chuig Ballstáit eile Ní aistreoidh oibreoirí madraí, cait agus firéid go Ballstát eile ach amháin nuair a chomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 58, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 65(1), leasaítear pointe (b)(i) mar a leanas:
|
|
5. |
in Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Ní aistreoidh oibreoirí, nó i gcás inarb infheidhme coimeádaithe peataí, ach éin i mbraighdeanas cé is moite de cholúir rásaíochta chuig imeachtaí spóirt, bumbóga cé is moite de bhumbóga ó bhunaíochtaí táirgthe ar leithlis ón gcomhshaol seachtrach atá formheasta, príomhaigh, madraí, cait, firéid nó carnabhóirí eile chuig Ballstát eile má tá deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leo a d’eisigh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh.’ |
|
(6) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VII. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 22 Aibreán 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/688/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha le haghaidh bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád áirithe agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/2035/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003(IO L 178, 28.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/576/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/772 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta coisctheacha sláinte chun ionfhabhtú Echinococcus multilocularis i madraí a rialú, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1152/2011 (IO L 130, 28.5.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/772/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/878 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2018 lena nglactar liosta na mBallstát, nó codanna de chríoch na mBallstát, a chomhlíonann na rialacha maidir le catagóiriú a leagtar síos in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/772 maidir le bearta coisctheacha sláinte a chur i bhfeidhm chun ionfhabhtú Echinococcus multilocularis i madraí a rialú (IO L 155, 19.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/878/oj).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/132 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le hinrianaitheacht madraí, cat agus firéad ar coimeád (IO L, 2026/132, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/132/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN VII
CEANGLAIS BHAILÍOCHTA MAIDIR LE VACSAÍNIÚ FRITHCHONFAIDH AGUS BEARTA MAOLAITHE RIOSCA I LEITH GALAR SEACHAS CONFADH
Ceanglais bhailíochta maidir le vacsaínithe frithchonfaidh do mhadraí, cait, firéid agus feoiliteoirí eile
|
1. |
Comhlíonfaidh an vacsaín frithchonfaidh na ceanglais seo a leanas:
|
|
2. |
Comhlíonfaidh vacsaíniú frithchonfaidh na coinníollacha seo a leanas:
|
Bearta maolaithe riosca maidir le hinmhíolú le Echinococcus multilocularis
|
1. |
An chóireáil le haghaidh inmhíolú le Echinococcus multilocularis dá dtagraítear in Airteagal 53, pointe (d), agus Airteagal 55, pointe (b)(ii), tabharfaidh tréidlia í agus is éard a bheidh inti táirge íocshláinte tréidliachta:
|
|
2. |
Beidh an chóireáil dá dtagraítear i bpointe 1 tugtha laistigh de thréimhse dar tús 120 uair an chloig ar a mhéad agus dar críoch tráth nach lú ná 24 uair an chloig roimh dháta sceidealta an teacht isteach i mBallstát nó i gcrios de ag a bhfuil stádas saor ó ghalair maidir le Echinococcus multilocularis. |
|
3. |
Maidir le cainidí seachas madraí, maidir leis an gcóireáil dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointe (d), in aghaidh inmhíolú le Echinococcus multilocularis, beidh táirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i bpointe 1 i gceist léi agus déanfar í tráth nach luaithe ná 48 n-uair an chloig roimh theacht isteach i mBallstát nó i gcrios de ag a bhfuil stádas saor ó ghalair maidir le Echinococcus multilocularis. |
(1) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí (IO L, 2026/131, 27.3.2026, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/131/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/133/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)