Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0130

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/130 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2026 lena gcuirtear allmhairí aerbhonn nua, déanta as rubar, de chineál a úsáidtear ar ghluaisteáin, ar bhusanna nó ar leoraithe a bhfuil innéacs ualaigh nach mó ná 121 acu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

C/2026/292

IO L, 2026/130, 22.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/130/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/130/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/130

22.1.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/130 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2026

lena gcuirtear allmhairí aerbhonn nua, déanta as rubar, de chineál a úsáidtear ar ghluaisteáin, ar bhusanna nó ar leoraithe a bhfuil innéacs ualaigh nach mó ná 121 acu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 24(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 6 Samhain 2025, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) gur tionscnaíodh imeachtaí frith-fhóirdheontais maidir le hallmhairí aerbhonn nua isteach san Aontas, ar aerbhoinn iad atá déanta as rubar, de chineál a úsáidtear ar ghluaisteáin, ar bhusanna nó ar leoraithe a bhfuil innéacs ualaigh nach mó ná 121 acu (‘boinn gluaisteán paisinéirí agus leoraithe éadroma’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

(2)

Tionscnaíodh na himeachtaí sin tar éis gearán a chuir An Chomhghuaillíocht i gcoinne Allmhairithe Éagóracha Bonn (‘an gearánach’) isteach an 22 Meán Fómhair 2025 thar cheann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán aerbhonn gluaisteán paisinéirí agus leoraithe éadroma an Aontais acu.

1.   AN TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE

(3)

Is éard atá sa táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) aerbhoinn nua, déanta as rubar, de chineál a úsáidtear: ar ghluaisteáin (lena n-áirítear cairr a bhfuil fad breise iontu agus cairr rásaíochta) agus ar bhusanna nó ar leoraithe a bhfuil innéacs ualaigh nach mó ná 121 acu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 4011 10 00 agus 4011 20 10 .

2.   CLÁRÚ

(4)

Faoi Airteagal 24(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe.

(5)

Is é is cuspóir don chlárú a áirithiú gur féidir dleachtanna frithchúitimh, más ann dóibh, a thobhach go cúlghabhálach ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme má chomhlíontar na coinníollacha is gá.

(6)

Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 24(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha.

(7)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frith-fhóirdheontais a thiocfadh sé.

(8)

Ag an gcéim seo san imscrúdú, ní féidir meastachán cruinn a dhéanamh ar mhéid an fhóirdheonaithe go fóill. Níl meastachán cruinn sa ghearán ar mhéid an fhóirdheonaithe, ar cheart é a úsáid de ghnáth mar bhonn chun na dleachtanna frithchúitimh a shuí. De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frith-fhóirdheontais a thionscnamh, meastar leibhéal díothaithe díobhála idir 70 % agus 165 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024. Dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal mhéid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe arna shuí le linn an imscrúdaithe. I gcomhréir le hAirteagal 15(1), an ceathrú mír, den bhun-Rialachán, ní bheadh an leibhéal díothaithe díobhála ábhartha ach amháin i gcás ina mbeadh dleacht bunaithe ar mhéid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe níos airde agus ina gcinnfeadh an Coimisiún go soiléir nach chun leasa an Aontais é an dleacht níos airde a fhorchur. Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir aon choinne a bheith leis an leibhéal iarbhír dliteanais a shuífear mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(9)

Aon sonraí pearsanta a bhaileofar i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2016/1037, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí aerbhonn nua isteach san Aontas a chlárú, ar aerbhoinn iad atá déanta as rubar, de chineál a úsáidtear ar ghluaisteáin, ar bhusanna nó ar leoraithe a bhfuil innéacs ualaigh nach mó ná 121 acu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 4011 10 00 agus 4011 20 10 .

2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/oj.

(2)   IO C, C/2025/5924, 6.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5924/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/130/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top