This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0129
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/129 of 21 January 2026 amending Delegated Regulation (EU) 2022/127 as regards the annual performance clearance
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/129 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a mhéid a bhaineann leis an imréiteach feidhmíochta bliantúil
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/129 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a mhéid a bhaineann leis an imréiteach feidhmíochta bliantúil
C/2026/266
IO L, 2026/129, 26.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/129/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/129 |
26.3.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/129 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Eanáir 2026
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a mhéid a bhaineann leis an imréiteach feidhmíochta bliantúil
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 11(1), Airteagal 38(2) agus Airteagal 40(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/2649 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann leis an gcóras coinníollachta, cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochta dírí, cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe agus tuarascálacha forbartha tuaithe agus tuarascálacha feidhmíochta bliantúla agus Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí a chur ar fionraí agus imréiteach feidhmíochta bliantúil agus rialuithe agus pionóis (2), agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (3), forlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2025/2649 scriostar Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116, lena ndéantar foráil maidir leis an imréiteach feidhmíochta bliantúil. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart tagairtí don imréiteach feidhmíochta bliantúil a scriosadh ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: ‘6. cuirfear na laghduithe dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfeidhm gan dochar don chinneadh a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir leis an nós imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.’ |
|
(3) |
scriostar Airteagal 11; |
|
(4) |
scriostar Airteagal 13; |
|
(5) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1 (A) (iv):
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.
(2) IO L 2025/2649, 31.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2649/oj.
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/129/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)