This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0117
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/117 of 3 November 2025 amending Regulation (EU) 2022/2343 of the European Parliament and of the Council laying down management, conservation and control measures applicable in the Indian Ocean Tuna Commission (IOTC) Area of Competence, amending Council Regulations (EC) No 1936/2001, (EC) No 1984/2003 and (EC) No 520/2007
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/117 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/117 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle
C/2025/7339
IO L, 2026/117, 15.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/117/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/117 |
15.1.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/117 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Samhain 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 54(1)(i) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I dtaca leis an Aontas, is páirtí conarthach é sa Chomhaontú maidir le bunú an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), mar a formheasadh le Cinneadh 95/399/CE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/2343 chun Bearta Caomhnaithe agus Bainistíochta IOTC a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ar bearta iad atá ina gceangal ar an Aontas. |
|
(3) |
Ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag IOTC in 2022, ghlac sé Rún 22/02 maidir le clár a bhunú le haghaidh trasloingsiú soithí iascaireachta mórscála. Thairis sin, ag an gcruinniú bliantúil a bhí ag IOTC in 2025, ghlac sé Rún 25/05 maidir le clár a bhunú le haghaidh trasloingsiú soithí iascaireachta mórscála. Le Rún 22/02 agus Rún 25/05, tugadh isteach an ceanglas chun uimhir IMO an tsoithigh iompair agus an tsoithigh iascaireachta a dhearbhú, chomh maith leis an ngá atá ann AUL a úsáid chun am an trasloingsithe a léiriú. |
|
(4) |
Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/2343 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ionadaítear Iarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2343 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 311, 2.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2343/oj.
(2) Cinneadh 95/399/CE ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gComhaontú maidir le bunú an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IO L 236, 5.10.1995, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1995/399/oj).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2343:
‘IARSCRÍBHINN 7
Dearbhú Trasloingsithe IOTC
|
Soitheach iompair |
Soitheach iascaireachta |
|
Ainm an tSoithigh agus a Chomhartha Aitheantais Raidió: Bratach: Uimhir IMO: Uimhir cheadúnais an Stáit Brataí: Cláruimhir Náisiúnta, má tá sí ar fáil: Cláruimhir IOTC, má tá sí ar fáil: |
Ainm an tSoithigh agus a Chomhartha Aitheantais Raidió: Bratach: Uimhir IMO: Uimhir cheadúnais an Stáit Brataí: Cláruimhir Náisiúnta, má tá sí ar fáil: Cláruimhir IOTC, má tá sí ar fáil: |
|
|
Lá (1) |
Mí |
Uair |
Bliain |
|
Ainm an Ghníomhaire: |
Ainm Mháistir an LSTV: |
Ainm Mháistir an Iompróra: |
|
Imeacht |
|
|
|
|
ó |
|
|
|
|
Filleadh |
|
|
|
|
go |
Síniú: |
Síniú: |
Síniú: |
|
Trasloingsiú |
|
|
|
|
|
|
|
|
Tabhair le fios an meáchan i gcileagraim nó an t-aonad a úsáideadh (e.g. bosca, ciseán) agus an meáchan a tugadh i dtír i gcileagraim den aonad sin: ________kg.
SUÍOMH AN TRASLOINGSITHE
|
Speiceas |
Calafort |
Ar muir |
Cineál an táirge |
||||||||
|
|
|
|
|
Iomlán |
Glanta |
Gan cheann |
Filléadaithe |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Má dhéantar trasloingsiú ar muir, Ainm agus Síniú Bhreathnóir IOTC:
(1) Chun an Dearbhú Trasloingsithe seo a chomhlánú, ba cheart AUL a úsáid chun am agus dáta an trasloingsithe a léiriú.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/117/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)