Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0109

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/109 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2026 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais faoi Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE)2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2026/40

IO L, 2026/109, 7.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/109/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/109/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/109

7.4.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/109 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Eanáir 2026

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais faoi Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE)2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú Chlárlann an Aontais, a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(2)

Le Rialachán (AE) 2018/842 leagtar síos oibleagáidí ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uathu i dtreo sprioc 2030 an Aontais maidir lena astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/842, tá Clárlann an Aontais le cuntasaíocht chruinn na n-idirbhearta faoin Rialachán sin a áirithiú.

(4)

Leasaíodh Rialachán (AE) 2018/842 le Rialachán (AE) 2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun sprioc 2030 an Aontais a mhéadú maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (ó laghdú 30 % go laghdú 40 % i gcomparáid le leibhéil 2005) agus chun cuid de na ceanglais is infheidhme maidir le húsáid solúbthachtaí a sholáthraítear do na Ballstáit leis an Rialachán sin a choigeartú.

(5)

Le Rialachán (AE) 2018/842 tugadh an deis do roinnt Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún, in 2023, go raibh sé beartaithe acu úsáid nó úsáid bhreise a bhaint as cealú teoranta ar lamháltais CTA an Aontais chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán sin (‘solúbthacht CTA’) a chomhlíonadh agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar a rúin faoinar dtugadh fógra in 2024 agus in 2027, ní hamháin chun iad a ísliú, mar a bhí i gceist ar dtús, ach freisin chun iad a ardú. Dá bhrí sin, is iomchuí leasú a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 maidir le cruthú leithdháiltí bliantúla astaíochtaí (AEAnna) i gCuntas de Chainníocht Iomlán AEA Iarscríbhinn II AE. Ina theannta sin, in éagmais sainmhíniú iarbhír ar an téarma ‘astaíochtaí iomarcacha’ chun gur féidir leis na Ballstáit solúbthacht CTA a úsáid, is iomchuí an téarma sin a ionadú leis an bhfoirmle atá le húsáid sa chinneadh an féidir, agus a mhéid is féidir, leis an mBallstát solúbthacht CTA a úsáid chun comhlíontacht a áirithiú in aon bhliain faoi leith.

(6)

Le Rialachán (AE) 2018/842 ceanglaítear ar na Ballstáit an Coiste um an Athrú Aeráide a chur ar an eolas sula n-aistrítear AEAnna go na Ballstáit eile. Dá bhrí sin, is iomchuí léiriú a thabhairt ar na leasuithe ar choinníollacha maidir le hinaistritheacht AEAnna.

(7)

Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht ar fud chaibidlí éagsúla Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122, is iomchuí an téarma ‘Aonaid Aistrithe Talún’ agus a ghiorrúcháin ‘AATanna’ a chur in ionad ‘Aonaid Mhaolaithe Talún’ agus ‘AMTanna’, faoi seach.

(8)

Thairis sin, leasaíodh Rialachán (AE) 2018/842 a mhéid a bhaineann le huasteorainneacha le hiasachtaíocht agus baincéireacht AEAnna, le haistrithe ex ante AEAnna go na Ballstáit eile agus le húsáid glan-aistrithe ó earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (‘LULUCF’). Dá bhrí sin, is gá léiriú a thabhairt ar na hathruithe sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

(9)

Tá bunú an chúlchiste sábháilteachta faoi réir chomhlíonadh sprioc 2030 an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú sna hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842. Dá bhrí sin, ba cheart sprioc nua an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a léiriú sna ceanglais i ndáil le cruthú AEAnna i gcuntas Cúlchiste Sábháilteachta faoi Rialachán an Aontais maidir le Comhroinnt Díchill.

(10)

Ba cheart aisiompú na n-aistrithe chuig Cuntais Chomhlíontachta maidir le Comhroinnt Díchill nó chuig Cuntais Chomhlíontachta ÚTAÚTF Bhallstáit a dhéanamh faoi na coinníollacha céanna, maille leis na hoiriúnuithe iomchuí, is infheidhme maidir le haisiompú leithdháileadh na lamháltas ginearálta, nó na lamháltas eitlíochta, arna dtionscnamh go neamhbheartaithe nó go hearráideach ag riarthóir náisiúnta. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt dhlíthiúil earráideach in Airteagal 59s(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 a cheartú go hAirteagal 62(4), (6), (7) agus (8) den Rialachán sin.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 a leasú agus a cheartú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear agus ceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 59a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ag tús na tréimhse comhlíontachta, cruthóidh an riarthóir lárnach sa Chuntas Cainníochta Iomláine AEA ESR AE cainníocht AEAnna atá cothrom le suim na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí le haghaidh na mBallstát uile le haghaidh bhlianta uile na tréimhse comhlíontachta mar a leagtar amach in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2018/842 agus sna Cinntí arna nglacadh de bhun Airteagal 4(3), agus Airteagal 10, de Rialachán (AE) 2018/842’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Cruthóidh an riarthóir lárnach i gCuntas de Chainníocht Iomlán AEA Iarscríbhinn II AE cainníocht AEAnna atá cothrom le suim na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí uile le haghaidh na mBallstát uile le haghaidh bhlianta uile na tréimhse comhlíontachta mar a leagtar amach sna Cinntí arna nglacadh de bhun Airteagal 4(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2018/842 bunaithe ar na céatadáin ar thug na Ballstáit fógra fúthu faoi Airteagal 6(3), (3a) agus (3b) den Rialachán sin.’

;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 59b:

‘Airteagal 59b

Aonaid leithdháileacháin bhliantúil astaíochtaí

Beidh AEAnna bailí chun ceanglais na mBallstát maidir le teorannú astaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/842 agus a ngealltanas agus spriocanna faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841. Ní bheidh siad inaistrithe ach amháin de bhun na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1) go (5a), Airteagal 6, Airteagal 9(2) agus Airteagal 11, de Rialachán (AE) 2018/842, agus Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2018/841’;

(3)

in Airteagal 59f(1) agus (2), cuirtear an giorrúchán ‘AATanna’ in ionad ‘AMTanna’;

(4)

In Airteagal 59h cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus phointe (d):

‘(c)

tá an méid arna iarraidh níos mó ná an fuílleach atá fágtha sa mhéid in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842 atá ar fáil don Bhallstát sin mar a leagtar amach sna Cinntí arna nglacadh de bhun Airteagal 4(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2018/842, agus aon athbhreithniú ar an méid de bhun Airteagal 6(3), dara fomhír, den Rialachán sin á thabhairt san áireamh, agus aon fhógra arna seoladh chuig an gCoimisiún faoi Airteagal 6(3a) agus (3b) den Rialachán sin á dtabhairt san áireamh;

(d)

tá an méid arna iarraidh níos mó ná cainníocht na n-astaíochtaí don bhliain áirithe sin móide cainníocht AEAnna arna n-aistriú ó Chuntas Comhlíontachta an Bhallstáit maidir le Comhroinnt Díchill don bhliain áirithe sin go a Chuntas Comhlíontachta LULUCF de bhun Airteagal 59x(3), 59x(4) nó 59ad(2) den Rialachán sin, lúide cainníocht AEAnna don bhliain áirithe sin mar a leagtar amach sna Cinntí arna n-glacadh de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/842.’;

(5)

in Airteagal 59i, pointe (b), cuirtear an céatadán ‘7,5’ in ionad ‘10’;

(6)

leasaítear Airteagal 59j mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

i ndáil leis an mbliain 2021, tá an méid arna iarraidh níos mó ná fuílleach dearfach an chuntais mar a ríomhadh de bhun Airteagal 59e nó 75 % de leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin in 2021, mar a cinneadh de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/842;’;

(b)

I bpointe (c), cuirtear an céatadán ‘25 %’ in ionad ‘30 %’;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 59k:

‘Airteagal 59k

Úsáid Aonad aistrithe talún (“AATanna”)

Déanfaidh an riarthóir lárnach a áirithiú, arna iarraidh sin don Bhallstát, go ndéanfaidh Clárlann an Aontais AATanna a aistriú ó Chuntas Comhlíontachta LULUCF an Bhallstáit sin go Cuntas Comhlíontachta an Bhallstáit sin maidir le Comhroinnt Díchill. Ní dhéanfar an t-aistriú sin in aon cheann de na cásanna a leanas:

(a)

tá an méid arna iarraidh níos mó ná cainníocht AATanna atá ar fáil atá incháilithe do bheith aistrithe go Cuntas Comhlíontachta maidir le Comhroinnt Díchill de bhun Airteagal 59x(1) nó an méid atá fátha;

(b)

baineann an iarraidh le haistriú:

(i)

go Cuntas Comhlíontachta maidir le Comhroinnt Díchill de bhliain laistigh den tréimhse 2021 go 2025 agus tá an méid arna iarraidh níos mó ná leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842, nó an méid atá fágtha sa tréimhse 2021 go 2025;

(ii)

go Cuntas Comhlíontachta maidir le Comhroinnt Díchill de bhliain laistigh den tréimhse 2026 go 2030 agus tá an méid arna iarraidh níos mó ná leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842, nó an méid atá fágtha sa tréimhse 2026 go 2030;

(c)

tá an méid arna iarraidh níos mó ná cainníocht na n-astaíochtaí don bhliain áirithe sin lúide cainníocht AEAnna don bhliain áirithe sin mar a leagtar amach in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2018/842 agus sna Cinntí arna n-glacadh de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 10 den Rialachán sin, agus lúide suim na AEAnna uile a cuireadh i dtaisce ó bhlianta roimhe sin go dtí an bhliain reatha nó aon bhliain ina diaidh de bhun Airteagal 59j den Rialachán sin;

(d)

ní dhearna an Ballstát sin tuairisciú go bhfuil sé beartaithe aige úsáid a bhaint as an tsolúbthacht a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842, mar a cheanglaítear i bpointe (n)(iii) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(e)

níor chomhlíon an Ballstát sin Rialachán (AE) 2018/841;

(f)

cuirtear isteach iarraidh an Bhallstáit sula ndéanfar fuílleach Chuntas Comhlíontachta LULUCF an Bhallstáit sin a ríomh nó tar éis chinneadh an fhigiúir maidir leis an stádas comhlíontachta don tréimhse chomhlíontachta áirithe sin de bhun Airteagail 59u agus 59ad;

(g)

cuirtear isteach iarraidh an Bhallstáit 3 mhí tar éis ríomh fhuílleach Chuntas Comhlíontachta LULUCF an Bhallstáit sin don tréimhse áirithe sin;

(h)

cuirtear isteach iarraidh an Bhallstáit sula ndéanfar fuílleach Chuntas Comhlíontachta an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill de chuid an Bhallstáit sin a ríomh nó tar éis chinneadh an fhigiúir maidir leis an stádas comhlíontachta don bhliain áirithe sin.’

(*1)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).’;"

(8)

leasaítear Airteagal 59l mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an téarma ‘10 faoin gcéad’ in ionad ‘cúig faoin gcéad’;

(b)

i bpointe (b), cuirtear an téarma ‘15 faoin gcéad’ in ionad ‘deich faoin gcéad’;

(c)

cuirtear pointe (e) seo a leanas isteach:

‘(e)

níor chuir an Ballstát an Coiste um an Athrú Aeráide, arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1999, ar an eolas go bhfuil rún aige cuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí do bhliain ar leith a aistriú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(5a) de Rialachán (AE) 2018/842.’;

(9)

in Airteagal 59m, cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

‘(d)

níor chuir an Ballstát an Coiste um an Athrú Aeráide, arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1999, ar an eolas go bhfuil rún aige cuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí do bhliain ar leith a aistriú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(5a) de Rialachán (AE) 2018/842.’;

(10)

in Airteagal 59n, cuirtear an céatadán ‘60 %’ in ionad ‘70 %’;

(11)

in Airteagal 59o(1), pointe(g)(v), cuirtear an giorrúchán ‘AATanna’ in ionad ‘AMTanna’;

(12)

in Airteagal 59q, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4.   I gcás ina dtugann an Ballstát fógra faoi mhéadú ar chéatadán faoi Airteagal 6(3a), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2018/842 agus tar éis leasú comhfhreagrach na méideanna a sonraítear sa Chinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2018/842, cruthóidh an riarthóir lárnach cainníocht chomhfhreagrach AEAnna i gCuntas de Chainníocht Iomlán AEA Iarscríbhinn II AE.’

;

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 59s:

‘Airteagal 59s

1.   Maidir le gach aistriú a shonraítear sa Teideal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 34, 35 agus 55.

2.   Féadfar aistrithe chuig cuntais Chomhlíontachta maidir le comhroinnt díchill nó chuig Cuntais Chomhlíontachta LULUCF Bhallstáit, arna dtionscnamh trí earráid, a aisiompú arna iarraidh sin don riarthóir náisiúnta.’

;

(14)

in Iarscríbhinn I, Tábla I-II (‘Cuntais chun críche idirbheart cuntasaíochta de bhun Theideal IIA’), an chéad ró, cuirtear an giorrúchán ‘AATanna’ in ionad ‘AMTanna’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Eanáir 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/1122/oj).

(3)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus Rialachán (AE) 2018/1999 (IO L 111, 26.4.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/857/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/109/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top