This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0099
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/99 of 15 January 2026 imposing a definitive anti-dumping duty on imports of peroxosulphates (persulphates) originating in the People’s Republic of China following an expiry review pursuant to Article 11(2) of Regulation (EU) 2016/1036 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/99 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sárocsasulfáití (sárshulfáití) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/99 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sárocsasulfáití (sárshulfáití) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2026/79
IO L, 2026/99, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/99/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/99 |
16.1.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/99 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2026
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sárocsasulfáití (sárshulfáití) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1184/2007 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí sárocsasulfáití, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘na bearta bunaidh’). Deonaíodh cóir gheilleagair mhargaidh (‘MET’) do dhá chuideachta, agus fuair ceann amháin acu dleachtráta dumpála aonair 24,5 %. Fuarthas nach raibh an chuideachta eile ag dumpáil agus bhí sí eisiata ó na bearta. Bhí gach cuideachta eile faoi réir dleachtráta 71,8 %. An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tabharfar ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta air. |
|
(2) |
I mí na Nollag 2013, tar éis athbhreithniú éaga, chuir an Chomhairle síneadh leis na bearta frithdhumpála le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1343/2013 ón gComhairle (3). |
|
(3) |
I mí Eanáir 2020, tar éis an dara hathbhreithniú éaga, chuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) síneadh leis na bearta trí Rialachán (AE) 2020/39 (4). |
|
(4) |
I mí an Mhárta 2020, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin, le Rialachán (AE) 2020/477 (5), rinne an Coimisiún Rialachán (AE) 2020/39 a leasú agus chuir sé an chuideachta a eisiadh ó na bearta faoi réir dleachtráta 71,8 %. |
|
(5) |
Is é atá sna dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair 24,5 % ar allmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte, agus dleachtráta 71,8 % ar gach cuideachta eile ó Dhaon-Phoblacht na Síne. |
1.2. Iarraidh ar athbhreithniú éaga
|
(6) |
Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca leis na bearta atá i bhfeidhm (6), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. |
|
(7) |
Chuir dhá tháirgeoir de chuid an Aontais (RheinPerChemie GmbH agus United Initiators GmbH dá ngairtear ‘na hiarratasóirí’) an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 16 Deireadh Fómhair 2024, táirgeoirí a bhfuil 100 % de tháirgeacht iomlán an Aontais acu. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an dumpáil an athuair agus go ndéanfhar an díobháil an athuair do thionscal an Aontais. |
1.3. Athbhreithniú éaga a thionscnamh
|
(8) |
An 17 Eanáir 2025, d’fhógair an Coimisiún, trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7) (‘an fógra tionscnaimh’) tionscnamh an athbhreithnithe éaga ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. |
1.4. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(9) |
An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go deireadh thréimhse an imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
1.5. Páirtithe leasmhara
|
(10) |
San fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún na hiarratasóirí, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne, na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta san Aontas agus údaráis na Síne a chur ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann. |
|
(11) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. Níor iarr aon cheann de na páirtithe éisteacht. |
1.6. Sampláil
|
(12) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún b’fhéidir go ndéanfadh sé táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne agus allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. Níor tháinig aon táirgeoir onnmhairiúcháin chun cinn chun comhoibriú san imscrúdú athbhreithnithe. |
Allmhaireoirí a shampláil
|
(13) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar. |
|
(14) |
Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a iarradh. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an gcinneadh sin. |
1.7. Freagraí ar an gceistneoir
|
(15) |
Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(16) |
Chuir an Coimisiún na ceistneoirí ar fáil ar líne (8) do gach onnmhaireoir, táirgeoir de chuid an Aontais agus úsáideoir. |
|
(17) |
Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ón dá tháirgeoir de chuid an Aontais. |
1.8. Fíorú
|
(18) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
1.9. An nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(19) |
An 20 Deireadh Fómhair 2025, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe bunriachtanacha ar ar a mbonn a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil i bhfeidhm. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. |
|
(20) |
Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha a thug na páirtithe leasmhara agus chuir sé san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí. Deonaíodh éisteacht do na páirtithe a d’iarr amhlaidh. |
2. AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi athbhreithniú
|
(21) |
Is é sárocsasulfáití (‘sárshulfáití’) an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear sulfáit sárocsamonasulfáite photaisiam, atá faoi láthair faoi chóid AC 2833 40 00 agus ex 2842 90 80 (cód TARIC 2842 90 80 20) (‘an táirge faoi athbhreithniú’). |
|
(22) |
Úsáidtear sárshulfáití go príomha mar thionscnóirí polaiméiriúcháin i dtáirgeadh polaiméirí le haghaidh réimse leathan feidhmeanna. Limistéar úsáide suntasach eile is ea ullmhú dromchla, go háirithe mar oibreán eitseála agus cláir ciorcad priontáilte á n-ullmhú. Úsáidtear airíonna láidre ocsaídiúcháin sárshulfáití i réimse leathan tionscal agus feidhmeanna lena n-áirítear cosmaidí (tuaradh gruaige agus glanadh fiacla), díthreiscíniú teicstílí, táirgeadh laín agus páipéir, díghalráin linnte snámha, sintéis orgánach, agus feabhsú ithreach. |
2.2. An táirge lena mbaineann
Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
2.3. An táirge comhchosúil
|
(23) |
Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a deimhníodh leis an imscrúdú ar an athbhreithniú éaga sin go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(24) |
Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
3. AN DÓCHÚLACHT GO nDÉANFAR AN DUMPÁIL AN ATHUAIR
3.1. Réamhbharúlacha
|
(25) |
Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, d’imigh allmhairí sárshulfáití ón tSín beagnach go hiomlán ó mhargadh an Aontais. De réir Eurostat, bhí thart ar 0,01 % de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí sárshulfáití ón tSín i dtréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe (9), i gcomparáid le scair 25 % den mhargadh le linn an athbhreithnithe éaga roimh sin. Bhí allmhairí ón tSín cobhsaí le haghaidh 2022 agus 2023 ach tháinig laghdú orthu le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(26) |
Dá réir sin, rinne an Coimisiún imscrúdú, de réir Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na gnéithe seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín; an gaol idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus an gnáthluach arna ríomh le haghaidh na Síne agus tarraingteacht mhargadh an Aontais. |
|
(27) |
Mar a luaitear in aithris (12), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhair, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí i dtaca leis an tSín. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin (10). |
|
(28) |
Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bunaíodh na torthaí maidir leis an dóchúlacht go ndéanfaí an dumpáil an athuair ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, sonraí a bhí ar fáil go poiblí ón Tuirc, tír a roghnaíodh mar thír ionadaíoch, lena n-áirítear ó Institiúid Staidrimh na Tuirce (11), An tÚdarás um Margadh Fuinnimh na Tuirce, Uachtarán Oifig Infheistíochta Phoblacht na Tuirce (12), Trading Economics (13) mar aon le sonraí ó Orbis Bureau van Dijk (‘Orbis’) (14) agus Global Trade Atlas (‘GTA’) (15). |
|
(29) |
Chun anailís a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair, go háirithe chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna, chinn an Coimisiún an gnáthluach ar dtús mar a shonraítear i ranna 3.2 go 3.5 thíos. |
3.2. An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh, faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, le haghaidh allmhairí sárshulfáití de thionscnamh na Síne
|
(30) |
Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir leis an tSín, gur ann do shaobhadh mór de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(31) |
D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(32) |
Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, an 27 Iúil 2025, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. Níor thug Rialtas na Síne aon bharúil ina leith sin. |
|
(33) |
I bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go raibh an Tuirc roghnaithe aige go sealadach mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(34) |
An 15 Aibreán 2025, d’eisigh an Coimisiún Nóta le haghaidh an chomhaid maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (‘an Nóta’) (16). Tugadh am leordhóthanach do pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt. |
|
(35) |
Leis an Nóta, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas freisin maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh agus an Tuirc ina tír ionadaíoch. |
|
(36) |
Sa Nóta, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara, i bhfianaise easpa comhair, go mbunódh sé costais dhíreacha eile agus forchostais mhonaraíochta ar an bhfaisnéis faoi thionscal an Aontais a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus an fhaisnéis bhreise a fuarthas ó na hiarratasóirí, agus go sloinnfeadh sé mar chéatadáin iad. |
|
(37) |
Chuir sé in iúl freisin do pháirtithe leasmhara go leagfadh sé síos costais díola, riaracháin agus ghinearálta (‘costais SGA’) agus brabús bunaithe ar fhaisnéis a bhí ar fáil go héasca do tháirgeoir amháin de chuid na Tuirce, Alkim Alkali Kimya, a bhí brabúsach le linn na bliana airgeadais is déanaí 2023, le sonraí airgeadais a bhí ar fáil agus léirigh sé leibhéal réasúnta costais SGA agus brabúis. |
|
(38) |
Ar deireadh, leis an Nóta, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar na foinsí agus ar oiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch agus tíortha eile a mholadh, ar choinníoll gur chuir siad faisnéis leordhóthanach isteach maidir leis na critéir ábhartha. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
3.2.1. An Gnáthluach
|
(39) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’. |
|
(40) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ , agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’). |
|
(41) |
Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhair ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.2.2. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(42) |
Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise sa chomhad chun a chinneadh an ann do shaobhadh mór sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, rud a fhágann nach iomchuí praghsanna agus costais intíre na tíre sin a úsáid. San anailís sin cumhdaíodh na gnéithe fianaiseacha seo a leanas maidir leis na critéir éagsúla atá ábhartha chun a shuí gurb ann do shaobhadh suntasach. |
|
(43) |
Ar an gcéad dul síos, áiríodh san fhianaise a bhí san iarraidh na gnéithe seo a leanas a léiríonn gur ann do shaobhadh suntasach. |
|
(44) |
Thug na hiarratasóirí dá aire gur ann do shaobhadh suntasach i ndáil leis na gnéithe uile de chostas táirgthe sárocsasulfáití. Thairis sin, d’áitigh na hiarratasóirí nár tháinig aon athrú ar an staid a bhí i réim tráth an athbhreithnithe éaga is déanaí ón gCoimisiún maidir le hallmhairí sárocsasulfáití sa tSín. |
|
(45) |
Go háirithe, luaigh na hiarratasóirí san iarraidh saobhadh i ndáil le praghsanna leictreachais toisc gur cion suntasach de chostais mhonaraíochta sárocsasulfáití iad na costais leictreachais. Luaigh na hiarratasóirí freisin go bhfuil saobhadh ann i bpraghsanna na bpríomh-amhábhar chun sárocsasulfáití a tháirgeadh, is iad sin: sulfáit amóiniam, amóinia leachtach, aigéad sulfarach, hiodrocsaíd sóidiam agus hiodrocsaíd photaisiam. Thairis sin, chuir na hiarratasóirí in iúl san iarraidh an idirghabháil Stáit a dhéanann difear don slabhra soláthair ar fud na Síne le haghaidh na n-amhábhar sin, ag tabhairt dá aire, mar thoradh air sin, nach bhfuil praghsanna ar sholáthar na n-ábhar sin faoi réir fhórsaí an mhargaidh shaoir. |
|
(46) |
Ina theannta sin, luadh san iarraidh tionchar an Stáit i roinnt de tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. D’áitigh na hiarratasóirí freisin go bhfuil fianaise ar chur isteach ón Stát i dtosca táirgeachta uile an táirge faoi athbhreithniú agus é á thabhairt dá aire go ndéanann saobhadh difear freisin do chaipiteal, talamh agus saothar mar a léirítear san imscrúdú bunaidh agus in athbhreithnithe éaga roimhe seo. Thairis sin, luadh san iarraidh 14ú Plean Cúig Bliana na Síne maidir le tionscal na n-amhábhar a fhorbairt inar luadh go sonrach i Roinn IV.2. an sprioc ‘Na coinníollacha a fhoirmliú maidir le páirceanna ceimiceacha a shainaithint, treoir a thabhairt do rialtais áitiúla roinnt páirceanna ceimiceacha a shainaithint, agus treoir a thabhairt d’fhorbairt bhraislithe agus chaighdeánaithe fiontar ceimiceach(…).’ |
|
(47) |
In imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir le hearnáil na gceimiceán sa tSín, chinn an Coimisiún gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Sna himscrúduithe sin, chinn an Coimisiún gur ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh. Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach amháin gurbh ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil ceimiceán sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, ach go bhfuil sé de chumas ar Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán. Chinn an Coimisiún thairis sin go mbíonn éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh an chórais pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á leithdháileadh ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh. Thairis sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoinneáil i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín. Ar an gcaoi chéanna, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil ceimiceán de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar chaipiteal do ghníomhaithe corparáideacha sa tSín. |
|
(48) |
Ar an tríú dul síos, san athbhreithniú éaga is déanaí maidir leis an táirge lena mbaineann, ba é conclúid an Choimisiúin gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní heol don Choimisiún aon mhórathrú struchtúrach sa tSín go ginearálta agus/nó san earnáil ábhartha go háirithe, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chonclúid sin. |
|
(49) |
Ar an gceathrú dul síos, léiríodh le fianaise bhreise atá ar fáil sa Tuarascáil maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar na Síne (‘Tuarascáil’), a d’ullmhaigh an Coimisiún de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, gurbh ann do shaobhadh suntasach freisin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(50) |
Ar an gcúigiú dul síos, níl aon fhianaise ná argóint dá mhalairt tugtha ar aird ag Rialtas na Síne ná ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú seo. |
|
(51) |
I bhfianaise an mhéid thuas, léiríodh leis an bhfianaise atá ar fáil nach toradh ar fhórsaí an tsaormhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.2.3. Tír ionadaíoch
|
(52) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
|
(53) |
Mar a mhínítear in aithris (34), d’eisigh an Coimisiún Nóta lena dtugtar tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha, agus chuir sé na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo má deimhníodh saobhadh suntasach a bheith ann de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(54) |
Sa Nóta mhínigh an Coimisiún go mbeadh air dul i muinín na bhfíoras a bhí ar fáil, mar gheall ar an easpa comhair, de réir Airteagal 18 den bhun-Rialachán. Bhí rogha na tíre ionadaíche bunaithe ar an bhfaisnéis san iarraidh ar athbhreithniú éaga, in éineacht le foinsí eile faisnéise a mheastar a bheith iomchuí de réir na gcritéar ábhartha a leagtar síos in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir le hAirteagal 18(5) den bhun-Rialachán, lena n-áirítear ‘Income Level’ de chuid an Bhainc Dhomhanda, Global Trade Atlas (‘GTA’), Institiúid Staidrimh na Tuirce, Uachtarán Oifig Infheistíochta Phoblacht na Tuirce agus Orbis Bureau van Dijk (‘Orbis’). |
|
(55) |
Maidir leis an leibhéal forbartha eacnamaíche, san iarraidh ar athbhreithniú éaga, rinne na hiarratasóirí scrúdú ar an Tuirc mar thír a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch agus a raibh a leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil leis an tSín (19). D’aicmigh an Banc Domhanda an Tuirc mar thír ‘ard-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncam náisiúnta, áit arbh eol go dtarlaíonn táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú. |
|
(56) |
Maidir le táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú, de réir na hiarrata ar athbhreithniú éaga (20), táirgtear an táirge faoi athbhreithniú sa Tuirc i gcainníochtaí suntasacha agus líomhnaítear go ndéantar é trí phróiseas táirgthe comhchosúil. Díoltar an táirge faoi athbhreithniú ar na margaí intíre agus idirnáisiúnta araon. Shainaithin an Coimisiún an tSeapáin, an India agus an Téaváin freisin mar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú. Níor chomhlíon na tíortha sin na critéir i ndáil le leibhéal forbartha eacnamaíche a bheith acu atá comhchosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche Dhaon-Phoblacht na Síne áfach. |
|
(57) |
Maidir le hinfhaighteacht sonraí ábhartha sa tír ionadaíoch, de réir na hiarrata, bhí rochtain éasca ar shonraí maidir le príomhthosca táirgeachta, staitisticí allmhairiúcháin, agus praghsanna fuinnimh le haghaidh na Tuirce. |
|
(58) |
Mar a mhínítear sa Nóta agus in aithris (37), d’aimsigh an Coimisiún cuideachta amháin sa Tuirc, Alkim Alkali Kimya, a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú agus a bhí brabúsach le linn na bliana airgeadais is déanaí 2023 agus a raibh sonraí airgeadais ar fáil ina leith (21). |
|
(59) |
Tar éis a shuí gurb í an Tuirc an tír ionadaíoch iomchuí, bunaithe ar gach ceann de na gnéithe thuasluaite, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus an chomhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán |
|
(60) |
Sa Nóta, iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt maidir le hoiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch, maidir le Alkim Alkali Kimya mar tháirgeoir sa Tuirc agus maidir leis na foinsí sonraí. Iarradh ar pháirtithe leasmhara freisin tíortha eile a mholadh, ar choinníoll gur chuir siad faisnéis leordhóthanach isteach maidir leis na critéir ábhartha. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(61) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Tuirc na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí |
3.3. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí
|
(62) |
Sa nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann tionscal an Aontais i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go héasca a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. |
|
(63) |
Luaigh an Coimisiún freisin sa Nóta, d’fhonn an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a shuí maidir leis na tosca táirgeachta, go sonrach na hamhábhair. |
|
(64) |
Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé na sonraí ó Institiúid Staidrimh na Tuirce, ó Trading Economics agus ó Uachtarán Oifig Infheistíochta Phoblacht na Tuirce chun costais neamhshaofa leictreachais agus saothair faoi seach a shuí. |
|
(65) |
Ar deireadh, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé na sonraí airgeadais ón táirgeoir de chuid na Tuirce a luaitear in aithris (37) thuas chun costas SGA agus brabús a shuí. |
|
(66) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ó pháirtithe leasmhara maidir le liosta na dtosca táirgeachta sa nóta. |
3.4. Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa
3.4.1. Tosca táirgeachta
|
(67) |
I bhfianaise na faisnéise uile san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus na faisnéise a chuir na hiarratasóirí isteach ina dhiaidh sin agus a bailíodh le linn na gcuairteanna fíorúcháin, agus in éagmais comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ná barúlacha maidir leis an nóta, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 Tosca táirgeachta sárshulfáití
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3.4.2. Amhábhair
|
(68) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora sa tír ionadaíoch a shuí, d’úsáid an Coimisiún an praghas allmhairiúcháin chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costas iompair leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh, toisc nárbh iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a d’imir an saobhadh céanna ar amhábhair a úsáidtear chun táirgí a mhonarú a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí an méid allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós. |
|
(69) |
Maidir le dleachtanna allmhairiúcháin, chuir an Coimisiún na dleachtanna sin le meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe gach amhábhair bunaithe ar a chód tráchtearra agus ar an tír thionscnaimh a bhí i gceist. Chun an dleachtráta allmhairiúcháin is infheidhme a chinneadh, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a bhailigh Market Access Map (25). |
|
(70) |
I bhfianaise na heaspa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, d’úsáid an Coimisiún faisnéis a bhí ar fáil go héasca chun meastachán a dhéanamh ar an gcostas a thabhaíonn cuideachta sa Tuirc de ghnáth chun ionchuir a iompar ón soláthróir go dtí a háitreabh. Bhunaigh an Coimisiún an meastachán sin ar an gcostas iompair intíre a bhaineann le hallmhairí sa Tuirc mar a foilsíodh san eagrán is déanaí den tuarascáil Doing Business (26) (27). Áirítear an costas iompair intíre sin sa chostas neamhshaofa a chuirtear i láthair i dtábla 1 thuas. |
3.4.3. Saothar
|
(71) |
Tar éis tuilleadh breithnithe, chinn an Coimisiún a chinneadh maidir leis na huaireanta saothair is gá chun tona amháin den táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh a bhunú ar shonraí fíoraithe na n-iarratasóirí. Chinn an Coimisiún go dteastaíonn [8,5-9,0] uair an chloig oibre chun tona amháin sárshulfáití a tháirgeadh. Thairis sin, d’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir le costais saothair le haghaidh 2022 (28) arna gcoigeartú don bhoilsciú bunaithe ar innéacsanna costais saothair (29) arna bhfoilsiú ag Institiúid Staidrimh na Tuirce chun an costas saothair neamhshaofa sa tír ionadaíoch a chinneadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. B’ionann an meánchostas saothair in aghaidh an FTE (30) i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus 88,64 CNY/uair an chloig. |
3.4.4. Leictreachas
|
(72) |
Foilsíonn Institiúid Staidrimh na Tuirce praghas an leictreachais d’úsáideoirí tionsclaíocha sa Tuirc ina phreaseisiúintí rialta. Bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais atá comhfhreagrach in Kuruş/kWh (31). Léirítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil meántaraif thionsclaíoch le haghaidh 2024 (tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe) de 0,61 CNY/kWh (32). |
3.4.5. Forchostais mhonaraíochta, costas SGA agus brabúis
|
(73) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. |
|
(74) |
Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus ós rud é go bhfuil comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ar bhonn shonraí fíoraithe na n-iarratasóirí, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis an gcostas díreach iomlán, is é sin costas lena n-áirítear tomhaltas amhábhar agus fuinnimh, agus costas saothair díreach agus indíreach. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa na gcostas monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil, ag brath ar an tsamhail a táirgeadh. |
|
(75) |
Chun luach neamhshaofa a shuí le haghaidh costais SGA agus brabúis, d’úsáid an Coimisiún na sonraí airgeadais ón gcuideachta de chuid na Tuirce, Alkim Alkali Kimya. Tar éis fhoilsiú an nóta, bhí torthaí airgeadais na cuideachta don bhliain airgeadais 2024 ar fáil go héasca. Bhí an chuideachta brabúsach freisin in 2024, an bhliain a chumhdaigh tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá thoradh sin, cuireadh na nithe seo a leanas leis an gcostas neamhshaofa táirgeachta:
|
3.5. Ríomh an ghnáthluacha
|
(76) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(77) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarratasóirí san iarraidh ar athbhreithniú faoi úsáid gach toisce (amhábhair, leictreachas agus saothar) chun sárshulfáití a tháirgeadh. Rinneadh tomhaltas aonaid gach toisce táirgeachta a iolrú faoin gcostas neamhshaofa bunaithe ar shonraí ón tír ionadaíoch. Is éard a léiríonn suim chostas neamhshaofa na n-amhábhar, an leictreachais agus an tsaothair costas neamhshaofa na monaraíochta. |
|
(78) |
Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, na costais SGA agus an brabús leis na costais sin. |
|
(79) |
Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta a bhí ag na hiarratasóirí mar chóimheas dá gcostas monaraíochta. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa na gcostas monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil. Forchostais mhonaraíochta a bhí i gceist le [20-24] % de chostas na monaraíochta. Trí na forchostais mhonaraíochta neamhshaofa a chur le costas neamhshaofa na monaraíochta, shuigh an Coimisiún an costas táirgthe neamhshaofa. |
|
(80) |
Cinneadh costas SGA agus brabús bunaithe ar fhaisnéis airgeadais na cuideachta de chuid na Tuirce, Alkim Alkali Kimya, le haghaidh 2024 mar a mhínítear in aithris (75). 5,17 % de Chostais na nEarraí a Díoladh a bhí i gceist leis na costais SGA agus 9 % a bhí i gceist leis an mbrabús. Cuireadh céatadáin na gcostas SGA neamhshaofa agus an bhrabúis neamhshaofa i bhfeidhm sa bhreis ar an gcostas táirgthe neamhshaofa. |
|
(81) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. I bhfianaise na heaspa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin, rud a d’fhág nárbh fhéidir praghas onnmhairiúcháin chuig an Aontas nó chuig tríú tíortha in aghaidh an chineáil táirge a fháil, chinn an Coimisiún gnáthluach aonair mar mheán na ngnáthluachanna a suíodh in aghaidh an chineáil táirge ar leibhéal 9 673,71 CNY/tona. |
3.6. Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín
|
(82) |
In éagmais comhair, shuigh an Coimisiún acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú. |
|
(83) |
Sainaithníodh 13 tháirgeoir an táirge faoi athbhreithniú sa tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (33). Mheas na hiarratasóirí gurbh ionann a n-acmhainneacht táirgeachta agus thart ar 400 000 tona bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí ar shuíomhanna gréasáin tháirgeoirí na Síne. San iarraidh ar athbhreithniú, mheas na hiarratasóirí go bhfuil margadh intíre na Síne cothrom le thart ar 146 000 tona (34) bunaithe ar shonraí faisnéise margaidh (35). Agus méid an mhargaidh sárshulfáití sa tSín, ar margadh é a bhfreastalaíonn táirgeadh intíre agus allmhairí air, agus onnmhairí tháirgeoirí sárshulfáití na Síne á gcur san áireamh (36), meastar gur mó ná 200 000 tona an acmhainneacht bhreise. Ciallaíonn acmhainneacht táirgeachta atá chomh mór sin go bhféadfadh an tSín ina haonair tomhaltas iomlán an Aontais a chumhdach tomhaltas thart ar 35 000 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (37). |
|
(84) |
Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an tSín i measc na dtáirgeoirí sárshulfáití is mó ar domhan agus go raibh acmhainneacht bhreise mhór aici a bhféadfaí í a onnmhairiú go héasca chuig an Aontas dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. |
3.7. Gaol idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus an gnáthluach
3.7.1. An Gnáthluach
|
(85) |
Chinn an Coimisiún an gnáthluach mar a mhínítear i ranna 3.2 go 3.5. |
3.7.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(86) |
In éagmais comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha ar bhonn staitisticí trádála ó GTA. |
|
(87) |
Dá réir sin, shainaithin an Coimisiún an Téaváin, an Chóiré Theas, an Bhrasaíl, agus an Téalainn (in ord mhéideanna na n-onnmhairí) mar na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin le haghaidh sárshulfáití ón tSín i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ba é 54 % d’allmhairí sárshulfáití de thionscnamh na Síne ar domhan an méid a bhí sna hallmhairí chuig na ceithre thír sin. |
|
(88) |
Ceartaíodh an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe in aghaidh na tíre (An Téaváin, An Chóiré Theas, An Téalainn) ar leibhéal CAL go leibhéal díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, rinneadh an praghas CAL a laghdú de réir an chostais mhuirlasta agus árachais agus an chostais iompair intíre. |
|
(89) |
An laghdú ar an bpraghas CAL go dtí an praghas díreach ón monarcha le haghaidh muirlasta agus árachais, bhunaigh an Coimisiún é ar an gcomhéifeacht idir praghas CAL agus praghas saor ar bord a d’fhoilsigh ECFE sa bhunachar sonraí Costais Iompair agus Árachais Idirnáisiúnta na Trádála i dTráchtearraí (38). Cinneadh an mheán-chomhéifeacht is infheidhme le haghaidh gach ceann de na trí thír ina n-aonar agus ar bhonn na tuairisce ar an táirge a chomhfhreagraíonn don táirge faoi athbhreithniú. |
|
(90) |
I gcás na Brasaíle, bhí praghas allmhairiúcháin sárshulfáití de thionscnamh na Síne ar fáil ar leibhéal saor ar bord (‘SAB’) agus CAL araon in GTA. Dá bhrí sin, cinneadh an praghas díreach ón monarcha trí chostas iompair intíre a asbhaint ón bpraghas allmhairiúcháin go dtí an Bhrasaíl ar leibhéal SAB. |
|
(91) |
Rinne an Coimisiún meastachán ar an gcostas iompair intíre bunaithe ar shonraí a bhaineann le honnmhairí ón tSín mar a foilsíodh san eagrán is déanaí den tuarascáil Doing Business (39). |
|
(92) |
Bhí na praghsanna onnmhairiúcháin ar leibhéal díreach ón monarcha arna gcinneadh mar a shonraítear in aithrisí (86) go (91) idir 5 883,33 CNY/tona i gcás na Brasaíle agus 6 481,25 CNY/tona i gcás na Téalainne. |
3.7.3. Comparáid agus difríocht idir praghsanna
|
(93) |
Chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa a leagadh amach i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. |
|
(94) |
Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an difríocht sa phraghas in iúl mar chéatadán den phraghas CAL atá i réim i ngach ceann de na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin. |
|
(95) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur onnmhairigh an tSín sárshulfáití chuig an bpríomh-mhargadh onnmhairiúcháin ar phraghas a bhí go mór faoi bhun an ghnáthluacha. Bhí an difríocht sa phraghas arna sloinneadh mar chéatadán den phraghas allmhairiúcháin chuig na ceithre phríomh-mhargadh ar leibhéal CAL idir 44,1 % i gcás na Téalainne go 57,2 % i gcás na Téaváine. |
|
(96) |
Mheas an Coimisiún go léirítear leis na torthaí sin iompraíocht phraghsála onnmhaireoirí sárshulfáití na Síne ar mhargaí onnmhairiúcháin go ginearálta. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha gur ar phraghsanna dumpáilte a ndéanfaí onnmhairí ón tSín chuig an Aontas dá dtiocfadh deireadh leis na bearta. |
3.8. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(97) |
De réir na hiarrata ar athbhreithniú (40), d’fhéadfadh margadh an Aontais a bheith tarraingteach d’onnmhaireoirí na Síne mar gheall ar a mhéid réasúnta mór agus a phraghsanna níos airde, rud a d’fhéadfadh brabúis níos airde a bhaint amach ná tríú tíortha eile. Bhí praghas díola an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ([1 500-2 000] EUR/tona) [1,8-2,3] oiread níos airde ná praghsanna onnmhairiúcháin na Síne (arna n-athríomh chuig leibhéal CAL ag teorainn an Aontais) chuig na ceithre phríomh-mhargadh. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar mhéideanna onnmhairí na Síne chuig an Aontas le blianta beaga anuas, monaraíonn táirgeoirí na Síne méideanna suntasacha den táirge faoi athbhreithniú agus, dhéanfadh siad onnmhairí chuig an Aontas a athbhunú dá ligfí do na bearta dul in éag. |
|
(98) |
Ina theannta sin, tá bearta cosanta trádála i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe, agus tá imscrúdú frithdhumpála á dhéanamh ag an India faoi láthair maidir le hallmhairí sárshulfáití. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go bhfuil nó go mbeadh sé níos deacra sulfáití de chuid na Síne a onnmhairiú chuig na margaí sin, rud a mhéadódh tarraingteacht mhargadh an Aontais ina bhféadfaí na honnmhairí sin a atreorú dá ligfí do na bearta dul in éag. |
|
(99) |
Dá bhrí sin, dá rachadh na bearta atá ann cheana san Aontas in éag, bheadh táirgeoirí na Síne spreagtha go láidir chun borradh a chur faoina n-onnmhairí sulfáití chuig an Aontas agus is dócha go ndéanfadh siad amhlaidh ar phraghsanna dumpáilte. |
3.9. Conclúid maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair.
|
(100) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go ndéanfar dumpáil an athuair dá gceadófaí do na bearta reatha dul i léig. Go háirithe, leibhéal na ngnáthluach a suíodh le haghaidh na Síne, leibhéal na bpraghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus an acmhainneacht mhór táirgeachta atá ar fáil sa tSín, léiríonn siad sin gur dócha go ndéanfar an dumpáil an athuair i gcás ina ndéantar na bearta atá ann faoi láthair a aisghairm. |
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(101) |
Rinne dhá tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(102) |
Chun rúndacht a chosaint faoi Airteagal 19 den bhun-Rialachán, cuirtear na sonraí a bhaineann leis an dá tháirgeoir de chuid an Aontais i láthair i bhfoirm innéacsaithe nó i raonta. |
|
(103) |
Rinneadh anailís ar fhaisnéis faoi allmhairí ar leibhéal chód AC maidir leis na trí phríomhchineál den táirge comhchosúil, sárshulfáit amóiniam, sárshulfáit sóidiam, sárshulfáit photaisiam, agus maidir le leibhéal cóid TARIC don cheathrú cineál, sárocsamonasulfáit photaisiam. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(104) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais bunaithe ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, agus ar shonraí allmhairiúcháin ó Eurostat, ar leibhéal an chóid AC agus an chóid TARIC. Rinneadh na méideanna díolachán sin a chros-seiceáil agus a thabhairt cothrom le dáta nuair ba ghá a mhéid a bhaineann le faisnéis fhíoraithe ó tháirgeoirí de chuid an Aontais. |
|
(105) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais
|
||||||||||||||||||||||
|
(106) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 26 % ar thomhaltas an Aontais. Bhí an laghdú sin ar an laghdú is láidre sa chéad dá bhliain den tréimhse faoi bhreathnú agus is féidir é a chur i leith an téarnaimh eacnamaíoch ghinearálta ó phaindéim COVID-19. Mar gheall ar an téarnamh sin, ba bhliain í 2021 a raibh borradh fúithi i gcás fhormhór na dtionscal, lena n-áirítear an tionscal iartheachtach le haghaidh sulfáití, agus rinneadh ceartú moillithe ina dhiaidh sin in earnáil na tógála agus earnáil an díghalraithe atá i measc úsáideoirí an táirge faoi athbhreithniú tar éis na paindéime. Ina theannta sin, in 2022 agus 2023, tháinig laghdú ar an bhfardal ar fud na n-earnálacha uile, ós rud é gur laghdaíodh staid an tslabhra soláthair go ginearálta agus gur forbraíodh fardail mhóra le linn na paindéime leis na slabhraí soláthair ar cuireadh isteach orthu. Mar sin féin, bhí téarnamh beag ar an margadh in 2024 (tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe). |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(107) |
Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí bunaithe ar Eurostat, a léirigh méid íosta allmhairí ón tír lena mbaineann isteach i margadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(108) |
Tháinig laghdú mór ar allmhairí ón tír lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is dócha go raibh an laghdú sin nasctha le forchur beart in 2020 ar an gcuideachta a bhí díolmhaithe ar dtús ó bhearta frithdhumpála. |
|
(109) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann: Tábla 3 Méid na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais
|
(110) |
Ós rud é go raibh méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann neamhshuntasach, shuigh an Coimisiún nach raibh na praghsanna ionadaíoch. Mar thoradh air sin, mheas an Coimisiún nach mbeadh sé fóinteach anailís a dhéanamh ar éabhlóid phraghsanna na n-allmhairí dumpáilte. Ar an gcúis chéanna, ní raibh sé fóinteach sladghearradh praghais na n-allmhairí sin a ríomh. |
4.3.3. Allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín.
|
(111) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí isteach san Aontas chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí sárshulfáití ó thríú tíortha eile: Tábla 4 Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(112) |
Tháinig laghdú 30 % ar allmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is ón Tuirc, ón India agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá a tháinig an méid is mó allmhairí. |
|
(113) |
Bhí allmhairí ón Tuirc ard le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cé go raibh éagsúlacht ann sna méideanna. Tháinig laghdú mór ar allmhairí ón Tuirc in 2023, ach tháinig méadú ar allmhairí arís le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig laghdú 46 % agus 35 % faoi seach ar allmhairí ón India agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn na tréimhse faoi bhreathnú, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(114) |
Tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tríú tíortha freisin ó 35,6 % in 2021 go 33,5 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(115) |
Bhí praghas na n-allmhairí ó na tríú tíortha uile seachas an tSín, i gcomparáid le praghas thionscal an Aontais, [50-200] EUR/kg níos ísle le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
|
(116) |
De bhun Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscadal an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na tosca eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.4.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(117) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 5 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(118) |
Tháinig laghdú seasta ar tháirgeacht iomlán an táirge faoi athbhreithniú san Aontas in 2022 agus 2023 agus tháinig téarnamh beag air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 32 % ar an táirgeacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is féidir an laghdú sin ar tháirgeadh a chur i leith ceartúchán iar-COVID ar an éileamh tar éis na bliana 2021. |
|
(119) |
Tháinig laghdú 9 % ar acmhainneacht táirgeachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an t-athrú dealraitheach ar acmhainneacht mar thoradh go príomha ar fhadhbanna sa slabhra soláthair agus dúnadh agus atosú tréimhsiúil na línte táirgeachta. |
|
(120) |
Lean an mheánúsáid acmhainneachta treocht atá cosúil le treocht na táirgeachta agus an éilimh. Ar an iomlán, tháinig laghdú 25 % ar úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, le laghdú sa chéad 2 bhliain den tréimhse faoi bhreathnú agus téarnamh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.4.2. An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
(121) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(122) |
Lean méid díolachán thionscal an Aontais treocht chomhchosúil le tomhaltas an Aontais. Ar an iomlán, tháinig laghdú 23 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, le laghdú sa chéad 2 bhliain agus tús téarnaimh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(123) |
D’fhan sciar iomlán thionscal an Aontais den mhargadh cobhsaí go leor le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig méadú seasta an-bheag air bliain ar bhliain. |
4.4.3. Fás
|
(124) |
Tháinig laghdú 26 % ar thomhaltas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I bhfianaise an mhéid sin, d’éirigh le tionscal an Aontais a sciar den mhargadh a choinneáil agus méadú beag 3 % a thaifeadadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.4.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
(125) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(126) |
Tháinig laghdú 18 % ar fhostaíocht thar an tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 16 % freisin ar tháirgiúlacht lucht saothair tháirgeoirí an Aontais, arna tomhas mar aschur (tonaí) in aghaidh an duine fostaithe in aghaidh na bliana, mar gheall ar an laghdú níos airde ar tháirgeacht (-31 %) i gcomparáid leis an laghdú ar fhostaíocht (-18 %). |
4.4.5. Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo
|
(127) |
Mar a míníodh thuas, ní raibh mórán allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus, dá bhrí sin, níorbh fhéidir measúnú a dhéanamh ar mhéid an chorrlaigh dumpála. |
|
(128) |
An fíoras go raibh tionscal an Aontais in ann a sciar den mhargadh a choinneáil agus a mhéadú beagán le linn na tréimhse faoi bhreathnú, i bhfianaise costais mhéadaithe mar gheall ar an méadú suntasach ar fhuinneamh san Aontas, d’fhéadfaí sin a chur i leith na mbearta atá ann cheana. |
4.4.6. Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna
|
(129) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(130) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 44 % ar chostas táirgeachta thionscal an Aontais. Ba é an méadú neamhghnách ar phraghsanna fuinnimh ba chúis leis an méadú ollmhór ar an gcostas táirgthe in 2022 agus 2023, den chuid is mó, arbh é an príomhchúis é le costais táirgthe an táirge chomhchosúil san Aontas a ardú. Thairis sin, mar thoradh ar an gcrapadh ar éileamh, mar a mhínítear in aithris (106), tháinig méadú ar na costais indíreacha (forchostais mhonaraíochta) ar bhonn in aghaidh an aonaid. An tráth céanna, níor tháinig ach méadú 12 % ar phraghsanna agus mar sin ní raibh tionscal an Aontais in ann an méadú costais a chumhdach. |
4.4.7. Fardail
|
(131) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Fardail
|
||||||||||||||||||||||
|
(132) |
Lean méideanna an stoic deiridh treocht na táirgeachta, seachas in 2022. Ar an iomlán, choinnigh táirgeoirí an Aontais leibhéal íseal stoc (faoi bhun 10 % den táirgeacht). |
4.4.8. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú
|
(133) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí ag táirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(134) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoirí an Aontais trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Tháinig laghdú mór ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais ó bhrabúsacht an-sláintiúil in 2021 go caillteanas mór in 2023. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, thosaigh an bhrabúsacht ag feabhsú ach níor shroich sí pointe meá ar mheá. Bhí an treocht sin i gcomhréir leis na cinn ar tugadh tuairisc orthu roimhe seo le haghaidh táirgeachta agus díolacháin in aithrisí (118) agus (122). |
|
(135) |
Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig laghdú géar ar an treocht i nglansreabhadh airgid le linn 2022 agus 2023, nuair a tháinig laghdú faoina leath ar an nglansreabhadh airgid i ngach ceann de na blianta sin. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, thosaigh an glansreabhadh airgid ag cobhsú cé go raibh sé ar leibhéal an-íseal, thart ar 81 phointe céatadáin faoi bhun an leibhéil ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(136) |
D’fhan infheistíochtaí ar leibhéal inchomparáide le linn na chéad 3 bliana den tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig laghdú mór orthu le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí sé sin mar thoradh díreach ar an mbrabúsacht laghdaitheach agus ar an sreabhadh airgid laghdaitheach. Go deimhin, sna chéad bhlianta den tréimhse faoi bhreathnú, bhíothas fós in ann infheistíochtaí a dhéanamh mar gheall ar staid thionscal an Aontais, cé go raibh sé ag dul in olcas go mór. Tar éis na bliana 2023 inar cailleadh airgead, cuireadh infheistíochtaí sa bhliain dár gcionn i mbaol. |
|
(137) |
Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. D’fhorbair sé ar an mbealach céanna leis an mbrabúsacht, mar a thuairiscítear in aithris (134) thuas. |
4.5. Conclúid maidir le díobháil
|
(138) |
Bhí an méid allmhairí ón tír lena mbaineann diomaibhseach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(139) |
Léiríonn an chaoi ar fhorbair na macratháscairí agus na micreatháscairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú gur in olcas a chuaigh an staid fhoriomlán maidir le tionscal an Aontais. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, léirigh formhór na dtáscairí treocht dhiúltach, agus léirigh na táscairí airgeadais amhail brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí an éabhlóid dhiúltach ba shuntasaí. |
|
(140) |
Rinne an laghdú ar thomhaltas le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus na costais fuinnimh a bhí ag ardú le linn na tréimhse faoi bhreathnú difear do thionscal an Aontais. De réir mar a tháinig méadú ar thomhaltas, agus de réir mar a tháinig laghdú ar an gcostas táirgthe, léirigh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais roinnt comharthaí téarnaimh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(141) |
Ní léirítear gur bhain tionscal an Aontais tairbhe as na bearta ach amháin leis an bhfíoras go raibh a sciar den mhargadh á choinneáil ar bun agus leis an méadú beag a tháinig ar an sciar sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú, le linn crapadh comhthreomhar ar éileamh. |
|
(142) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh go raibh tionscal an Aontais i staid leochaileach, ach nár bhain díobháil ábhartha dó, i ngeall ar allmhairí dumpáilte, de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
5. AN DÓCHÚLACHT GO nDÉANFAR AN DÍOBHÁIL AN ATHUAIR
|
(143) |
Ba é conclúid an Choimisiúin sa roinn thuas nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Cé nárbh iad na hallmhairí ón tír lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, i bhfianaise a méideanna ísle, ba chúis dhíreach le staid dhíobhálach thionscal an Aontais, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, an mbeadh dóchúlacht ann go ndéanfaí díobháil an athuair arbh iad na hallmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis léi ar dtús dá ligfí do na bearta ina aghaidh dul in éag. |
|
(144) |
Ina leith sin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a chuir na hiarratasóirí ar fáil agus ar aon fhaisnéis eile atá le fáil ar comhad. Rinne an Coimisiún imscrúdú ar an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín; an gaol idir praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig tríú tíortha agus leibhéal na bpraghsanna san Aontas, leibhéil praghsanna dhóchúla na n-allmhairí ón tSín in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar ar thionscal an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag. |
5.1. Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín
|
(145) |
De réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithris (83), tá acmhainneachtaí táirgeachta suntasacha agus acmhainneacht bhreise mheasta shuntasach ag táirgeoirí sa tSín, ar mó iad den chuid is mó ná tomhaltas iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
5.2. Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus leibhéil praghsanna tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne
|
(146) |
Is é an tAontas an t-allmhaireoir is mó den táirge faoi athbhreithniú ar fud an domhain (41). |
|
(147) |
Ina theannta sin, tá bearta cosanta trádála in aghaidh onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tSín i bhfeidhm nó le cur i bhfeidhm i dtríú tíortha eile, amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an India, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne onnmhairiú chuig na margaí sin, rud a mhéadaíonn tarraingteacht mhargadh an Aontais ina bhféadfaí na honnmhairí sin a atreorú. |
|
(148) |
Gné eile a léiríonn tarraingteacht mhargadh an Aontais is ea straitéis phraghsála tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. Sa chomhthéacs sin, rinneadh anailís ar bhonn comparáid idir praghsanna díola tháirgeoirí an Aontais le custaiméirí neamhchomhlachaithe agus na praghsanna CAL a ghearr táirgeoirí na Síne ar thríú tíortha, arna gcoigeartú le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin (1 %) agus dleachtanna traidisiúnta (5.5 %). Bhí an anailís sin bunaithe ar phraghsanna onnmhairiúcháin uile na Síne mar a tuairiscíodh do thríú tíortha (an tAontas eisiata) in Global Trade Atlas. Léiríodh san anailís sin go raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Síne idir 47 % agus 52 % faoi bhun phraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais. Dá bhrí sin, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go dtiocfaidh onnmhairí na Síne isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna i bhfad níos ísle ná na praghsanna a ghearrann tionscal an Aontais agus go ndéanfaidh siad díobháil do thionscal an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag. |
|
(149) |
Thairis sin, na cleachtais imchéimniúcháin a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/477, le haghaidh mhonaróirí an táirge lena mbaineann sa tSín, is gné eile iad lena léirítear tarraingteacht mhargadh an Aontais. |
5.3. Conclúid
|
(150) |
I bhfianaise na n-acmhainneachtaí breise arda sa tSín, tharraingteacht mhargadh an Aontais agus iompraíocht phraghsála tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne mar a achoimrítear thuas in aithrisí (145) go (149), is dócha go mbeadh méideanna suntasacha sárocsasulfáití ar phraghas íseal ar fáil lena ndíol/lena n-atreorú chuig an Aontas cheana féin sa ghearrthéarma i gcás ina ligfí do na bearta dul in éag. |
|
(151) |
Mar thoradh air sin, is dócha go gcaillfidh tionscal an Aontais, atá in ann éileamh an Aontais a shásamh faoi láthair, méid díolachán chomh maith le sciartha den mhargadh ar mhargadh an Aontais. |
|
(152) |
Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa na mbeart agus gur dócha go ndéanfar díobháil ábhartha an athuair. |
6. LEAS AN AONTAIS
I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí.
6.1. Leas thionscal an Aontais
|
(153) |
De réir na conclúide ar thángthas uirthi i Roinn 4 thuas, ní bhaineann díobháil ábhartha do thionscal an Aontais a thuilleadh. De réir na conclúide ar thángthas uirthi i Roinn 5, áfach, bheadh aisghairm na mbeart mar thoradh ar insreabhadh athnuaite d’allmhairí dumpáilte ón tSín, rud a d’fhágfadh go ndéanfar an dumpáil an athuair mar thoradh air go tapa. Dá bhrí sin, rachadh leanúint na mbeart chun leasa an tionscail de chuid an Aontais toisc gur cheart go mbeadh na táirgeoirí de chuid an Aontais in ann a méideanna díola agus a sciar den mhargadh a choinneáil ar bun, agus a bhrabúsacht agus a staid eacnamaíoch fhoriomlán a fheabhsú. Os a choinne sin, d’fhéadfadh scor na mbeart inmharthanacht thionscal an Aontais a chur i mbaol toisc go bhfuil cúiseanna ann le bheith ag súil le haistriú onnmhairí na Síne chuig margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte agus ar mhéideanna suntasacha a bheadh ina gcúis le hatarlú díobhála. |
6.2. Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(154) |
Níor chomhoibrigh aon allmhaireoir leis an imscrúdú. |
|
(155) |
Mar gheall ar easpa comhair ó na hallmhaireoirí, ní raibh an Coimisiún in ann anailís a dhéanamh ar cé acu a bhí allmhaireoirí ag feidhmiú go dona nó nach raibh siad in ann méaduithe ar phraghsanna, dá mba ann dóibh, a chur ar aghaidh. |
|
(156) |
Deimhníodh san imscrúdú gur féidir le hallmhaireoirí ceannach go héasca ó fhoinsí éagsúla atá ar fáil ar an margadh faoi láthair, go háirithe ón Tuirc, ón India agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Níl sé i gceist le síneadh na mbeart onnmhairí ón tSín a eisiamh ón margadh, ach amháin chun a áirithiú nach ndíolfar na honnmhairí sin ar phraghsanna dumpáilte, rud a dhéanann díobháil dá réir. |
|
(157) |
Dá bhrí sin, in éagmais aon fhianaise a chuirfeadh an toradh sin ó bhail agus ós rud é go raibh allmhairí an táirge lena mbaineann neamhshuntasach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéanfaí difear díréireach d’allmhaireoirí dá leanfaí leis na bearta. |
6.3. Leas úsáideoirí
|
(158) |
Ní dheachaigh úsáideoirí i gcomhar leis an imscrúdú. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann anailís a dhéanamh ar thionchar na mbeart atá ann cheana ar a staid. |
|
(159) |
Léirigh an t-imscrúdú bunaidh go bhfuil tionchar an táirge faoi athbhreithniú ar chostais táirgí iartheachtacha sách imeallach agus go raibh éifeacht dhiomaibhseach ag an dleacht frithdhumpála (42). Níor sholáthair na húsáideoirí aon fhaisnéis a chuirfeadh ó bhail na conclúidí ar thángthas orthu in imscrúduithe roimhe seo go mbeadh tionchar imeallach ag an dleacht ar a ngnó. |
6.4. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(160) |
Ar bhonn an mhéid thuasluaite, chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí sárocsasulfáití ar de thionscnamh na Síne iad a choinneáil ar bun. |
7. BEARTA FRITHDHUMPÁLA
|
(161) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair, maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an díobháil an athuair agus maidir le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le sárocsasulfáití ón tSín a choinneáil ar bun. |
|
(162) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú mar gheall ar an difríocht ard i ndleachtrátaí a íoslaghdú, tá gá le bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Ní mór don chuideachta a bhfuil an dleacht frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a chur ar fáil d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart allmhairí nach mbíonn an sonrasc sin ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’. |
|
(163) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an dleachtráta níos ísle ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(164) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann an chuideachta a thairbhíonn den dleachtráta aonair is ísle tar éis leanúint d’fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur leis an dleachtráta aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(165) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (43). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(166) |
Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar an mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana i bhfeidhm. Tugadh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(167) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(168) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sárocsasulfáití (sárshulfáití), lena n-áirítear sulfáit sárocsamonasulfáite potaisiam, atá faoi láthair faoi chóid AC 2833 40 00 agus ex 2842 90 80 (cód TARIC 2842 90 80 20) agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleacht (%) |
Cód Breise TARIC |
|
ABC Chemicals (Shanghai) Co., Ltd, Shanghai |
71,8 |
A820 |
|
United Initiators Shanghai Co., Ltd. |
24,5 |
A821 |
|
Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
71,8 |
A999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm an dleachtráta aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, a dheimhniú maidir le (méid i dtonaí) de shárshulfáití a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é [ainm agus seoladh na cuideachta] (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleachtráta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’.
4. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1184/2007 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2007 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí sárocsasulfáití (sárshulfáití) de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 265, 11.10.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1184/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1343/2013 ón gComhairle an 12 Nollaig 2013 lena bhforchuirtear dleacht fhrithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sárocsasulfáití (sárshulfáití) de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (IO L 338, 17.12.2013, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1343/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/39 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sárocsasulfáite (sárshulfáití) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 13, 17.1.2020, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/39/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/477 an 31 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/39 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sárocsasulfáití (sárshulfáití) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 100, 1.4.2020, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/477/oj).
(6) IO L, C/2024/2798, 23.4.2024.
(7) IO C, C/2025/360, 17.1.2025.
(8) https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2773.
(9) Féach Roinn 4.3.1. den Rialachán seo.
(10) Tron.tdi Uimh.Thag. t25.001384.
(11) https://www.tuik.gov.tr/Home/Index.
(12) https://www.invest.gov.tr/en/investmentguide/pages/default.aspx.
(13) https://shorturl.at/SKGzX.
(14) https://login.bvdinfo.com/R1/Orbis.
(15) http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm.
(16) Tron.tdi Uimh.Thag. t25.004521.
(17) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.
(18) Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear sa chatagóir agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.
(19) Iarraidh ar athbhreithniú éaga roinn 5.1.7 lch. 30.
(20) Iarraidh ar athbhreithniú éaga roinn 5.1.7 lch. 30.
(21) https://www.alkim.com.tr/files/file/dosya-w2GBtAY9UVevn0g-annual-report-2023.pdf.
(22) http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm.
(23) https://www.tuik.gov.tr/Home/Index.
(24) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj).
(25) Market Access Map. Le fáil ag https://www.macmap.org/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 22 Iúil 2025).
(26) Doing Business 2020. Economy profile – Turkey, lch. 51. Ar fáil ag https://archive.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/t/turkey/TUR.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 22 Iúil 2025).
(27) Ní dhearna an ionramháil líomhnaithe sonraí i dtuarascálacha Doing Business in 2018 ná 2020 difear don Tuirc. Féach Investigation of Data Irregularities in Doing Business 2018 agus Doing Business 2020. Le fáil ag https://thedocs.worldbank.org/en/doc/84a922cc9273b7b120d49ad3b9e9d3f9-0090012021/original/DB-Investigation-Findings-and-Report-to-the-Board-of-Executive-Directors-September-15-2021.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 1 Meán Fómhair 2025).
(28) Uaireanta oibre seachtainiúla iarbhír agus meánchostas saothair míosúil de réir gníomhaíocht eacnamaíoch. Le fáil ag https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Labour-Cost-Statistics-2022-49571 (ar breathnaíodh air go deireanach an 22 Iúil 2025).
(29) Innéacsanna Costais Saothair (2021 = 100) (arna bhfoilsiú an 22 Bealtaine 2025). Ar fáil ag https://data.tuik.gov.tr/Kategori/GetKategori?p=istihdam-issizlik-ve-ucret-108&dil=2 (ar breathnaíodh air go deireanach an 22 Iúil 2025).
(30) Coibhéis Lánaimseartha.
(31) https://www.tuik.gov.tr/Home/Index.
(32) Chun an meánphraghas a ríomh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ghlac an Coimisiún an praghas aonaid in aghaidh an ₺/MWh le haghaidh 2024 (₺ 2,699) mar bhonn tosaigh.
(33) Iarraidh ar athbhreithniú éaga, roinn 1.11, lch. 9 agus iarscríbhinn 1.11.
(34) Iarraidh ar athbhreithniú éaga, iarscríbhinn oscailte 4.1.2.
(35) Tuarascáil Mhargaidh Advancy le haghaidh 2022 bunaithe ar shonraí trádála, agallaimh le saineolaithe agus anailís ar Advancy. Is comhairliúchán é Advancy a dhéanann speisialtóireacht inter alia i dtionscal na gceimiceán; féach https://www.advancy.com/chemicals-advanced-materials/.
(36) Fuarthas sonraí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin ó GTA. Le fáil ar http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 23 Iúil 2025).
(37) Iarraidh ar athbhreithniú éaga, roinn 2.3, lch. 11.
(38) Taiscéalaí Sonraí ECFE. Costais Iompair agus Árachais Idirnáisiúnta na Trádála i dTráchtearraí. Le fáil ag https://data-explorer.oecd.org/vis?tm=ITIC&pg=0&snb=1&df[ds]=dsDisseminateFinalDMZ&df[id]=DSD_ITIC%40DF_ITIC&df[ag]=OECD.SDD.TPS&dq=.....A.&pd=%2C&to[TIME_PERIOD]=false (ar breathnaíodh air go deireanach an 30 Iúil 2025).
(39) Doing Business 2020. Economy profile – China, lch. 84. Le fáil ag https://archive.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/c/china/CHN.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 26 Feabhra 2025).
(40) Iarraidh ar athbhreithniú éaga roinn 1.2, lch. 5.
(41) Ar bhonn staitisticí a baineadh as GTA.
(42) Rialachán (CE) Uimh. 390/2007 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2007 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí sárocsasulfáití (sárshulfáití) de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine, (IO L 97, 12.4.2007, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/390/oj).
(43) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um an Trádáil, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 an Bhruiséil, An Bheilg.
(44) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/99/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)