Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0089

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/89 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2026 maidir le diúltú athnuachan an údaraithe ullmhóide arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí agus cat agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1076/2014

C/2026/56

IO L, 2026/89, 15.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/89/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/89/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/89

15.1.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/89 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Eanáir 2026

maidir le diúltú athnuachan an údaraithe ullmhóide arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí agus cat agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1076/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú nó a dhiúltú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1076/2014 ón gCoimisiún (2) údaraíodh ullmhóid arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí agus cat.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach ar athnuachan an údaraithe na hullmhóide arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí agus cat, iarratas inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. San iarratas sin bhí togra chun coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú, trí na sonraíochtaí a athrú. Is éard atá san athrú laghdú ar leibhéal na gcomhdhúl carbóinile agus laghdú ar íosleibhéal na bhfeanól. De réir an iarratasóra, ní athruithe i bpróiseas monaraíochta an bhreiseáin is cúis leis an difríocht i raon tiúchana na gcomhdhúl carbóinile ach baineann sí le difríochtaí i bhfeidhmíocht na n-anailísí atá bunaithe ar imoibriú carbóinile le hiodrocsalaimín. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

De réir mar a fhoráiltear in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, is faoin iarratasóir ar údarú breiseáin beathaithe atá sé a léiriú go ndearnadh na coinníollacha maidir le húdarú a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus (3) den Rialachán sin a chomhlíonadh go leordhóthanach, i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin. A mhéid a bhaineann le hiarratais ar an údarú a athnuachan, le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún (3), ceanglaítear ar an iarratasóir go háirithe fianaise a chur i láthair go bhfuil an breiseán fós sábháilte faoi na coinníollacha formheasta do spriocspeicis, do thomhaltóirí, d’oibreoirí agus don chomhshaol, i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha.

(5)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 18 Meán Fómhair 2024 (4) gur sholáthair an t-iarratasóir sonraí a léirigh nach gcomhlíonann an breiseán atá ar an margadh faoi láthair sonraíochtaí an údaraithe atá ann faoi láthair ina n-iomláine. Thug an tÚdarás dá aire go bhfuil neamhréireachtaí idir na sonraí anailíseacha maidir leis na comhábhair sho-ghalaithe a cuireadh isteach chun an breiseán a athnuachan agus na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir tráth an mheasúnaithe roimhe sin. Ina theannta sin, ní raibh an tÚdarás in ann barúil dhochloíte a thabhairt maidir leis na sonraíochtaí nua atá beartaithe ná maidir le comhdhéanamh an bhreiseáin toisc nár cuireadh isteach aon sonraí anailíseacha nua agus ní dhearnadh meastóireacht orthu. Ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht an bhreiseáin le haghaidh cat agus madraí ós rud é go bhfuil beinseafúrán agus stiréin ann, ar substaintí iad a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar imní maidir le géineatocsaineacht, agus go bhféadfadh an meascán iomlán a bheith ina ábhar imní maidir le géineatocsaineacht. I ndáil leis sin, chuir an tÚdarás in iúl sa tuairim uaidh go n-aontaíonn sé le toradh comhchosúil ar an measúnú géineatocsaineachta a rinne Painéal an Údaráis um Breiseáin Bhia agus Blastáin Bhia (5) a mhéid a bhaineann le húsáid an eastóscáin blastáin deataigh chéanna i mbia – agus bunaithe ar an tacar sonraí géineatocsaineachta céanna – leis an gceann atá san ullmhóid is ábhar do thuairim an 18 Meán Fómhair 2024, rud a bhí bunaithe go háirithe ar chur chuige nuashonraithe a lean an tÚdarás maidir leis an meastóireacht ar ghéineatocsaineacht meascán ceimiceach. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin gur cheart a mheas gur greannaitheoir craicinn agus súl é an breiseán, agus gur íogróir deirmeach agus riospráide é. Tháinig sé ar an gconclúid thairis sin go bhfuil éiginnteacht fós ann maidir le hacmhainneacht ghéineatocsaineach beinseafúráin agus stiréine agus substaintí aonair atá i gcodáin neamhaitheanta sho-ghalaithe agus do-ghalaithe an mheascáin agus, dá bhrí sin, agus an breiseán á láimhseáil, go bhféadfadh úsáideoirí neamhchosanta a bheith nochta do shubstaintí géineatocsaineacha féideartha, rud a éilíonn gur cheart nochtadh na n-úsáideoirí a íoslaghdú chun an riosca a laghdú.

(6)

Eascraíonn sé as an tuairim ón Údarás an 18 Meán Fómhair 2024 nár bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go leormhaith agus go leordhóthanach go bhfuil eastóscán blastáin deataigh-2b0001 fós sábháilte do chait agus do mhadraí.

(7)

I bhfianaise an mhéid thuas, ní chomhlíonann an ullmhóid arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 na coinníollacha maidir le hathnuachan an údaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. A mhéid a bhaineann leis an eastóscán blastáin deataigh céanna a úsáid i mbia, diúltaíodh d’athnuachan údarú an táirge sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2072 ón gCoimisiún (6), agus an tuairim ón Údarás an 28 Meán Fómhair 2023 á cur san áireamh. A mhéid a bhaineann le húsáid na hullmhóide arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 mar bhreiseán beathaithe, tá sé beartaithe le haghaidh ainmhithe fadsaolacha agus, dá bhrí sin, tá an t-ábhar imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le géineatocsaineacht arna shainaithint ag an Údarás sa tuairim uaidh an 18 Meán Fómhair 2024 níos ábhartha fós. Ar an gcéad dul síos, is mó a nochtar ainmhithe fadsaolacha do na substaintí só-ghineacha a d’fhéadfadh athruithe géiniteacha a chruthú a mbeadh éifeachtaí tromchúiseacha sláinte acu fiú ar leibhéil ísle nochta. Ar an dara dul síos, meastar go mbeidh nochtadh na sprioc-ainmhithe fadsaolacha don bhreiseán níos airde ná nochtadh na dtomhaltóirí dó i dtáirgí bia, mar gheall ar aiste bia cat agus madraí nach bhfuil chomh héagsúil i gcoitinne thar a saolré iomlán nó ar feadh na dtréimhsí saoil a bhíonn níos faide acu, agus nach nochtfaí tomhaltóirí na dtáirgí bia éagsúla don bhreiseán sin ach ó am go chéile. Dá réir sin, ba cheart diúltú d’athnuachan údarú na hullmhóide arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 a bhaineann leis an gcatagóir ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ lena húsáid le haghaidh madraí agus cat.

(8)

Dá bhrí sin, an ullmhóid arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 mar bhreiseán beathaithe agus beatha ina bhfuil sí, ba cheart iad a tharraingt siar ón margadh a luaithe is féidir a mhéid a bhaineann lena húsáid le haghaidh madraí agus cat. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama theoranta, áfach, le haghaidh stoic reatha na dtáirgí sin a tharraingt siar ón margadh chun gur féidir le hoibreoirí an oibleagáid maidir le tarraingt siar a chomhlíonadh mar is ceart.

(9)

Mar gheall ar dhiúltú athnuachan an údaraithe ullmhóide arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí agus cat, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1076/2014 a aisghairm dá réir sin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athnuachan an údaraithe a dhiúltú

Dá réir sin, athnuachan údarú na hullmhóide arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, agus a bhaineann leis an gcatagóir ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, lena húsáid le haghaidh madraí agus cat, tá an athnuachan sin diúltaithe.

Airteagal 2

Aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1076/2014

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1076/2014.

Airteagal 3

Tarraingt siar ón margadh

1.   Maidir leis na stoic atá ann cheana den bhreiseáin dá dtagraítear in Airteagal 1, atá beartaithe do mhadraí agus do chait, agus na stoic atá ann cheana de réamh-mheascáin ina bhfuil sé, tarraingeofar siar ón margadh iad faoin 4 Bealtaine 2026.

2.   Ábhair bheatha agus beatha chumaisc arna dtáirgeadh leis an mbreiseán nó na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 1 roimh an 4 Bealtaine 2026, agus do mhadraí agus do chait, tarraingeofar siar ón margadh iad faoin 4 Lúnasa 2026.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Eanáir 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1076/2014 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí agus cat (IO L 296, 14.10.2014, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/1076/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj).

(4)   EFSA Journal, [Iris EFSA] 22(10), e9030. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9030.

(5)  Tuairim eolaíoch a glacadh an 28 Meán Fómhair 2023 maidir le húdarú Scansmoke SEF7525 (SF-004) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh. EFSA Journal, [Iris EFSA] 21(11), 1-50. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8366.

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2072 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (IO L, 2024/2072, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2072/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/89/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top