This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0055
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/55 of 17 December 2025 amending Regulation (EU) 2017/852 of the European Parliament and of the Council as regards mercury-added products subject to manufacturing, import and export prohibitions
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/55 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo atá faoi réir toirmisc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/55 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo atá faoi réir toirmisc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú
C/2025/8844
IO L, 2026/55, 17.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/55/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/55 |
17.3.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/55 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Nollaig 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo atá faoi réir toirmisc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 20 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/852, toirmeasctar san Aontas onnmhairiú, allmhairiú agus monarú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin ó na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le táirgí atá bunriachtanach le haghaidh úsáidí cosanta shibhialta agus úsáidí míleata ná maidir le táirgí le haghaidh taighde, le haghaidh calabrú ionstraimíochta, nó atá ceaptha lena n-úsáid mar chaighdeán tagartha. |
|
(2) |
Thug an tAontas Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017. Toirmisctear le hAirteagal 4(1) den Choinbhinsiún onnmhairiú, allmhairiú agus mhonarú a dhéanamh ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin tar éis an dáta a shonraítear maidir le deireadh a chur le húsáid na dtáirgí sin de réir a chéile. Le hAirteagal 4(8) den Choinbhinsiún, ceanglaítear ar Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (‘COP’) athbhreithniú a dhéanamh ar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm. |
|
(3) |
Ag an gcúigiú cruinniú de COP, a reáchtáladh ón 30 Deireadh Fómhair go dtí an 3 Samhain 2023, ghlac sé Cinneadh MC-5/4 (3) lena leasaítear Cuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún trí chúig chatagóir lampa ina bhfuil mearcair a chur san áireamh mar aon le ceallraí, droichid tomhais toillis agus caillteanais, ar droichid an-ardbheachtais iad agus lasca agus athsheachadáin radaimhinicíochta, ar lasca agus athsheachadáin ardmhinicíochta iad, in ionstraimí rialúcháin agus monatóireachta nach mó an cion mearcair iontu ná 20 mg in aghaidh an droichid, na laisce nó an athsheachadáin, seachas na cinn a úsáidtear chun críoch taighde agus forbartha, agus táirgí cosmaideacha a chur san áireamh, agus lena sonraítear na dátaí is infheidhme maidir le deireadh a chur lena n-úsáid de réir a chéile. Thacaigh an tAontas leis an gCinneadh sin trí bhíthin Chinntí (AE) 2022/549 (4) agus (AE) 2023/2417 (5) ón gComhairle. |
|
(4) |
Chun Rialachán (AE) 2017/852 a ailíniú le Cinneadh MC-5/4, is gá na táirgí seo a leanas ar cuireadh mearcair leo a áireamh i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin: droichid tomhais toillis agus caillteanais, ar droichid an-ardbheachtais iad, agus lasca agus athsheachadáin radaimhinicíochta, ar lasca agus athsheachadáin ardmhinicíochta iad, in ionstraimí rialúcháin agus monatóireachta nach mó an cion mearcair iontu ná 20 mg in aghaidh an droichid, na laisce nó an athsheachadáin, seachas na cinn a úsáidtear chun críoch taighde agus forbartha. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 137, 24.5.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/852/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/939/oj).
(3) Cinneadh MC-5/4: Leasuithe ar iarscríbhinní A agus B agus indéantacht roghanna atá saor ó mhearcair a úsáid i bpróisis mhonaraíochta a liostaítear in iarscríbhinn B, an 23 Samhain 2023.
(4) Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 107, 6.4.2022, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/549/oj).
(5) Cinneadh (AE) 2023/2417 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L, 2023/2417, 6.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2417/oj).
IARSCRÍBHINN
I gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852, cuirtear isteach an iontráil 2a seo a leanas:
|
Táirgí ar cuireadh mearcair leo |
An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo |
||
|
31.12.2025’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/55/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)