Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0048

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/48 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2222 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú an lárstórais um thuairisciú agus staidreamh

C/2025/8489

IO L, 2026/48, 20.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/48/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/48/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/48

20.2.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/48 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Nollaig 2025

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2222 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú an lárstórais um thuairisciú agus staidreamh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (1), agus go háirithe Airteagal 39(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/818, in éineacht le Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir na córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha, na víosaí, an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce.

(2)

Cuimsíonn an creat sin roinnt comhchodanna agus uirlisí a thacaíonn leis an idir-inoibritheacht, lena n-áirítear lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (‘an lárstóras’). Is éard a stóráiltear sa lárstóras, sonraí i ndíth ainm a asbhaineadh as na córais faisnéise AE fholuiteacha, an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha, an stóras coiteann sonraí céannachta, agus an brathadóir ilchéannachtaí, ar mhaithe le sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a sholáthar chun críoch beartas, oibriúcháin agus cáilíochta sonraí.

(3)

Ionas gur féidir leis an lárstóras a ról a chomhlíonadh, leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2222 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú an lárstórais, lena n-áirítear caighdeáin shonracha maidir le próiseáil sonraí pearsanta, agus rialacha slándála.

(4)

Tar éis Rialacháin (AE) 2024/1358 (4), (AE) 2024/982 (5), agus (AE) 2025/13 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2222 a mhodhnú chun sonraí staidrimh a dhíorthaítear ó na Rialacháin nua sin a ionchorprú, ar sonraí iad a stórálfar sa lárstóras.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2222 a leasú dá réir sin.

(6)

Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2019/818 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/818 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo ina cheangal air.

(7)

Níl an Rialachán seo ina fhorbairt ar fhorálacha acquis Schengen a bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (7). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (8), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (9).

(9)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (10), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (11).

(10)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (12), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (13).

(11)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh a chuireann le acquis Schengen, nó a bhaineann leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003,

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus thug sé tuairim uaidh an 5 Meitheamh 2025,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2222 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘(1)

ciallaíonn “sonraí staidrimh” na sonraí, iad i ndíth ainm, a úsáidtear chun tuarascálacha staidrimh a sholáthar de bhun Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), Rialacháin (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816, (AE) 2024/982 (*2), (AE) 2024/1358 (*3), (AE) 2025/12 (*4) agus (AE) 2025/13 (*5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus chun na críche sin amháin;

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/767/oj)."

(*2)  Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II) (IO L, 2024/982, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/982/oj)."

(*3)  Rialachán (AE) 2024/1358 an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj)"

(*4)  Rialachán (AE) 2025/12 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun seiceálacha ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726 agus (AE) 2019/817, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/82/CE ón gComhairle (IO L, 2025/12, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/12/oj)."

(*5)  Rialachán (AE) 2025/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 (IO L, 2025/13, 8.1.2025 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/13/oj).’."

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

‘3a.   Beidh na staitisticí is gá sa lárstóras chun tuarascálacha a ullmhú maidir le feidhmiú teicniúil na gcóras i gcomhréir leis na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1(1).’

;

(b)

i mír 5, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(c)

tuarascálacha de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1358, ina bhfuil an staidreamh seo a leanas:

(i)

staidreamh míosúil maidir le hobair Eurodac dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2024/1358;

(ii)

sonraí staidrimh míosúla i ndáil le daoine dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2024/1358 arna miondealú de réir Ballstáit. I gcásanna inar féidir, déanfar miondealú ar na sonraí staidrimh i ndáil le daoine dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2024/1358, de réir bliain bhreithe agus gnéis;

(iii)

staidreamh traschórais míosúil ó Eurodac, VIS, ETIAS agus EES a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2024/1358;

(iv)

staidreamh tráthrialta maidir le gnéithe sonracha a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1358.

(d)

tuarascálacha de bhun Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2025/13, ina bhfuil an staidreamh seo a leanas:

(i)

staidreamh ráithiúil maidir le feidhmiú an ródaire agus maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2025/13 ag aeriompróirí;

(ii)

faisnéis staidrimh is gá le haghaidh an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2025/13 agus chun staidreamh a ghiniúint i gcomhréir le hAirteagal 39(5) agus (6) den Rialachán sin;

(iii)

staidreamh tráthrialta chun a áirithiú go ndéanfaidh eu-LISA faireachán ar fhorbairt agus ar fheidhmiú an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 39(9) de Rialachán (AE) 2025/13.

(e)

tuarascálacha agus staidreamh inoiriúnaithe de bhun Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2024/982.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Sna tuarascálacha teicniúla dá dtagraítear i mír 3, beidh staidreamh maidir le húsáid an chórais, infhaighteacht, teagmhais, acmhainneacht feidhmíochta, cruinneas bithmhéadrach, cáilíocht sonraí, agus i gcás inarb infheidhme, idirbhearta atá ar feitheamh.’

;

(3)

In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ceadófar rochtain do bhaill foirne chuí-údaraithe agus déanfar an rochtain sin a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 45a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1860, Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2018/1861, Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816, Airteagal 72 de Rialachán (AE) 2024/982, Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1358, Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2025/12 agus Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2025/13.’

.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 135, 22.5.2019, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/818/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/817/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2222 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú an lárstórais um thuairisciú agus staidreamh (IO L 448, 15.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2222/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II) (IO L, 2024/982, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/982/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2025/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 (IO L, 2025/13, 8.1.2025 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/13/oj).

(7)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).

(8)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.

(9)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).

(10)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/178(1)/oj.

(11)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).

(12)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2011/350/oj.

(13)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, a bhaineann le díothú na seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/48/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top