This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026L1024
Directive (EU) 2026/1024 of the European Parliament and of the Council of 29 April 2026 amending Directive (EU) 2015/2302 to make the protection of travellers more effective and to simplify and clarify certain aspects of that Directive (Text with EEA relevance)
Treoir (AE) 2026/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2026 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/2302 chun cosaint taistealaithe a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun gnéithe áirithe den Treoir sin a shimpliú agus a shoiléiriú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir (AE) 2026/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2026 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/2302 chun cosaint taistealaithe a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun gnéithe áirithe den Treoir sin a shimpliú agus a shoiléiriú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/4/2026/REV/1
IO L, 2026/1024, 8.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/1024/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1024 |
8.5.2026 |
TREOIR (AE) 2026/1024 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Aibreán 2026
lena leasaítear Treoir (AE) 2015/2302 chun cosaint taistealaithe a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun gnéithe áirithe den Treoir sin a shimpliú agus a shoiléiriú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) rinneadh nuachóiriú ar an gcreat dlíthiúil don taisteal láneagraithe i bhfianaise forbairtí margaidh agus dul chun cinn sa teicneolaíocht. Leis an Treoir sin, rinneadh iarracht aghaidh a thabhairt ar bhealaí nua chun seirbhísí taistil a chur in áirithe, lena n-áirítear comhcheangail shaincheaptha de sheirbhísí taistil, nár cumhdaíodh le Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (4) nó a bhí laistigh de réimse éiginnte ó thaobh an dlí de, agus gnéithe éagsúla de chearta taistealaithe á neartú ag an am céanna. Is é ab aidhm do Threoir (AE) 2015/2302 freisin iomaíocht níos cothroime a áirithiú idir na cineálacha éagsúla gnólachtaí taistil atá ag feidhmiú i margadh an taistil láneagraithe. |
|
(2) |
Chun na cuspóirí sin a shaothrú, leathnaíodh le Treoir (AE) 2015/2302 an sainmhíniú ar an téarma ‘taisteal láneagraithe’ i gcomparáid le Treoir 90/314/CEE. Rinneadh soiléiriú breise i dTreoir (AE) 2015/2302 ar chearta taistealaithe atá ann cheana agus tugadh cearta nua isteach léi, lena n-áirítear an ceart do thaistealaithe conradh taistil láneagraithe a fhoirceannadh, de réir coinníollacha áirithe, i gcás imthosca dosheachanta agus urghnácha agus gan táille foirceanta a íoc. Ina theannta sin, le Treoir (AE) 2015/2302, tugadh isteach an coincheap ‘socrú taistil gaolmhar’. |
|
(3) |
Cé go bhfuil Treoir (AE) 2015/2302 tar éis oibriú go maith ar an bhforiomlán, tháinig roinnt dúshlán anuas ó thús a cur i bhfeidhm an 1 Iúil 2018. Go háirithe, bhí tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 agus ag bearta gaolmhara rialtais ar an tionscal taistil agus ar thaistealaithe araon agus léiríodh gur cheart forálacha áirithe den Treoir sin, lena n-áirítear na forálacha sin maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil do thaistealaithe, a shoiléiriú. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, is gá na bearnaí a sainaithníodh sna rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a dhruidim, agus coincheapa agus forálacha áirithe a shoiléiriú agus a shimpliú, agus feabhas a chur dá réir sin ar éifeachtacht Threoir (AE) 2015/2302 chun tairbhe taistealaithe agus gnólachtaí taistil, a bhfuil líon mór micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide ina measc. |
|
(5) |
Ar an iomlán, meastar go raibh an sainmhíniú nuashonraithe ar ‘taisteal láneagraithe’ i dTreoir (AE) 2015/2302 éifeachtach. Os a choinne sin, de bharr na rialacha maidir le ‘socruithe taistil gaolmhara’, a tugadh isteach leis an Treoir sin freisin, tá an creat reachtach i bhfad níos casta, lena n-áirítear maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar do thaistealaithe. Mar thoradh ar an gcastacht bhreise sin, tá éiginnteacht dhlíthiúil ann maidir leis an teorannú idir pacáistí taistil láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, agus idir socruithe taistil gaolmhara agus seirbhísí taistil neamhspleácha. Níl aon fhianaise ann go bhfuil tairbhí nithiúla ann do thaistealaithe mar thoradh ar na rialacha sin maidir le socruithe taistil gaolmhara. Dá bhrí sin, is iomchuí Treoir (AE) 2015/2302 a shimpliú trí na forálacha maidir le socruithe taistil gaolmhara a scriosadh, trí Iarscríbhinn II a ghabhann léi a scriosadh, ina bhfuil cúig fhoirm faisnéise le haghaidh socruithe taistil gaolmhara, agus trí choigeartuithe áirithe a dhéanamh ar an sainmhíniú ar ‘taisteal láneagraithe’. |
|
(6) |
Ba cheart don phrionsabal faoi bhun an tsainmhínithe ar ‘taisteal láneagraithe’ a bheith mar an gcéanna, go bhfuil dlúthnasc ann idir seirbhísí éagsúla taistil a chuirtear in áirithe chun críocha an turais chéanna nó na saoire céanna. |
|
(7) |
Ba cheart do thaistealaithe faisnéis shoiléir a fháil maidir le cé acu is taisteal láneagraithe nó nach taisteal láneagraithe é teaglaim de sheirbhísí taistil, ós rud é, i gcásanna áirithe áirithinte, go bhféadfadh sé nach mbeadh an méid sin soiléir dóibh. Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, is gá, dá bhrí sin, i gcásanna áirithinte nach gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh taisteal láneagraithe ach ina n-iarrann trádálaithe ar thaistealaithe cineálacha breise seirbhíse taistil a cheannach don turas céanna nó don tsaoire chéanna, a chur de cheangal ar thrádálaithe a chur in iúl do thaistealaithe nach taisteal láneagraithe a bheidh sna seirbhísí taistil ábhartha agus nach gcosnófar taistealaithe faoi Threoir (AE) 2015/2302. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin i gcás ina dtugtar an cuireadh chun cineálacha breise seirbhíse taistil a cheannach sula gceannaíonn taistealaí an chéad chineál seirbhíse taistil ach freisin i gcás ina dtugtar an cuireadh tar éis do thaistealaí an chéad chineál seirbhíse taistil a chur in áirithe. I gcásanna ina dtugtar an cuireadh chun cineálacha breise seirbhíse taistil a cheannach sula dtugann an taistealaí an chéad áirithint i gcrích agus ina gcuireann an taistealaí na seirbhísí taistil ábhartha in áirithe ina dhiaidh sin laistigh de thréimhse 24 uair an chloig, ag an díolphointe céanna, tá dlúthnasc idir na háirithintí sin fiú mura gcomhlíontar na coinníollacha uile le haghaidh taisteal láneagraithe, ar nós praghas cuimsitheach nó iomlán a chur i láthair nó na seirbhísí taistil a roghnú sula n-aontaíonn an taistealaí íoc. Dá bhrí sin, más rud é, sna cásanna sin, nach gcuireann trádálaí an taistealaí ar an eolas ar bhealach soiléir, tráth a dhéantar an cuireadh, nach taisteal láneagraithe a bheidh sa teaglaim de sheirbhísí taistil, ba cheart a mheas gur taisteal láneagraithe atá faoi chosaint faoi Threoir (AE) 2015/2302 í an teaglaim sin, agus ba cheart a mheas gurb é an trádálaí eagraí an taistil láneagraithe sin. |
|
(8) |
I gcásanna áirithinte ina n-iarrann an trádálaí ar an taistealaí seirbhísí taistil breise a cheannach, ba cheart a thuiscint gur ‘cuireadh’ é aon chás ina molann nó ina spreagann an trádálaí an taistealaí cineál breise seirbhíse taistil a chur in áirithe don turas nó don tsaoire atá beartaithe. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, ríomhphost ina bhfuil nasc chuig saoráid áirithinte, leid a chomhtháthaítear i bpróiseas na háirithinte nó glao gutháin. Sna cásanna sin, is iondúil go soláthraíonn an trádálaí rogha tairiscintí don taistealaí bunaithe ar spéis an taistealaí i gceann scríbe agus tréimhse taistil ar leith. I gcás ina ndéantar na tairiscintí sin i bhfoirm cuireadh chun ceannach, mar a shainmhínítear i dTreoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), eadhon i bhfoirm teachtaireacht tráchtála lena léirítear saintréithe an táirge nó na seirbhíse agus a phraghas nó a praghas, ba cheart a mheas gur comhartha láidir é sin gur cuireadh atá ann. Áirítear ar na cuirí sin chun ceannach cásanna ina n-iarrann trádálaí ar an taistealaí spéis a aithint i gcineálacha breise seirbhíse taistil don turas céanna nó don tsaoire chéanna, chun tairiscintí a sholáthar do na seirbhísí taistil sin i bhfoirm cuireadh chun ceannach, mar a shainmhínítear i dTreoir 2005/29/CE, go díreach i dteannta na chéad áirithinte nó díreach i ndiaidh dheimhniú na chéad áirithinte. Ar an taobh eile, níor cheart a mheas gur leor saoráidí áirithinte le haghaidh seirbhísí taistil eile a bheith ar fáil ar shuíomh gréasáin nó ar fheidhmchlár an trádálaí nó ar a áitreabh gnó, tagairt ghinearálta do na saoráidí áirithinte sin, nó fógraíocht ar sheirbhísí taistil arna spreagadh ag meiteashonraí ó chuardaigh a rinneadh níos luaithe ar sheirbhísí taistil, chun a mheas gur ann do chuireadh le haghaidh seirbhísí taistil breise a cheannach. |
|
(9) |
Is léir gur róchúng é ceann de na sainmhínithe ar thaisteal láneagraithe, eadhon an ceann dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (2)(b)(v), de Threoir (AE) 2015/2302, lena gceanglaítear ainm, sonraí íocaíochta agus seoladh ríomhphoist an taistealaí a tharchur ó thrádálaí amháin go trádálaí eile. Is iomchuí, dá bhrí sin, áirithintí de chineálacha éagsúla seirbhíse taistil don turas céanna nó don tsaoire chéanna a mheas mar thaisteal láneagraithe i gcás ina n-aistríonn an trádálaí is páirtí sa chéad chonradh sonraí pearsanta an taistealaí lena gcumasaítear an taistealaí a shainaithint mar pháirtí conarthach chuig trádálaí eile nó chuig trádálaithe eile is páirtí sa dara conradh nó i gconradh breise, agus i gcás ina dtugtar an conradh nó na conarthaí leis an trádálaí nó leis na trádálaithe eile i gcrích 24 uair an chloig ar a dhéanaí tar éis áirithint na chéad seirbhíse taistil a dheimhniú. Leis na sonraí sin, ba cheart a chur ar chumas na dtrádálaithe lena mbaineann a shuíomh gur páirtí sna conarthaí ábhartha é an taistealaí céanna agus d’fhéadfaí a áireamh leis, mar shampla, ainm, sonraí íocaíochta, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin nó cuntas meáin shóisialta an taistealaí. Níor cheart a mheas gur leor sonraí, ar nós seoladh IP lena sainaithnítear feiste, nach gcuireann ar chumas na dtrádálaithe lena mbaineann a shuíomh gur páirtí é an taistealaí céanna sna conarthaí ábhartha. Leis an tagairt d’aistriú shonraí pearsanta an taistealaí, tá sé i gceist gur fearr a sheasfaidh an sainmhíniú an aimsir. Léirítear leis an aistriú sin dlúthnasc idir na conarthaí ábhartha agus, dá bhrí sin, cruthú taisteal láneagraithe. |
|
(10) |
A mhéid a bhaineann le pacáistí taistil láneagraithe, ina gcuirtear an chóiríocht mar shampla i gceangal le ‘seirbhísí turasóireachta eile’, ach nach bhfuil aon iompar paisinéirí i gceist leo, ba cheart an critéar ginearálta de ‘cion suntasach’ de luach an chomhcheangail, ag a bhfuil feidhm maidir le seirbhísí turasóireachta, a ionadú leis an gcritéar níos sonraí ‘ar a laghad 25 %’ de luach an chomhcheangail, chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú. Ba cheart a mheabhrú freisin nach meastar gur seirbhísí taistil iontu féin iad seirbhísí turasóireachta eile atá mar chuid bhunúsach de sheirbhísí taistil, ar nós seirbhísí turasóireachta eile a bhaineann le cóiríocht. Dá bhrí sin, ní féidir taisteal láneagraithe a chruthú mar thoradh ar na seirbhísí turasóireachta eile sin a áireamh, fiú más ionann a luach agus 25 % ar a laghad den phraghas iomlán. Tá samplaí in aithrisí Threoir (AE) 2015/2302 de sheirbhísí ar féidir a mheas gur cuid dhílis de sheirbhísí taistil iad, ar nós rochtain ar shaoráidí áirithe ar an láthair ag óstáin nó ag cineálacha eile cóiríochta. Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú nach gcruthófar taisteal láneagraithe mar thoradh ar sheirbhísí turasóireachta eile nach roghnaítear agus nach gceannaítear ach amháin tar éis tús a bheith curtha le comhlíonadh seirbhíse taistil, mar shampla cóiríocht, fiú más ionann a luach agus 25 % ar a laghad den phraghas iomlán. |
|
(11) |
Mar a léiríodh go háirithe le linn phaindéim COVID-19, an easpa rialacha gnólacht le gnólacht maidir le haisíocaíochtaí le heagraithe pacáistí taistil láneagraithe le haghaidh seirbhísí taistil arna gcur ar ceal nó gan chomhlíonadh ag soláthraithe seirbhíse, an easpa rialacha maidir le dearbháin, agus éiginnteacht maidir le cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear le cosaint ar dhócmhainneacht éilimh ar aisíocaíocht agus dearbháin; féadfaidh siad a bheith ina gcúis le deacrachtaí i ndáil le haisíocaíochtaí le taistealaithe, go háirithe, i gcás ina dtagann cealúcháin iomadúla de thoradh imthosca dosheachanta agus urghnácha agus ina ndéanann siad difear do roinnt mhaith cinn scríbe taistil. Dá bhrí sin, is tábhachtach a áirithiú go dtugtar cosaint éifeachtach d’íocaíochtaí taistealaithe i gcónaí, lena n-áirítear le linn tráthanna géarchéime. Thairis sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh córais náisiúnta cosanta ar dhócmhainneacht athléimneach agus go dtugtar cosaint níos aonfhoirmí leo. |
|
(12) |
Cé go gceanglaítear, le Treoir (AE) 2015/2302, ar eagraithe taistealaithe a chur ar an eolas faoi shocruithe íocaíochta, lena n-áirítear aon éarlais atá le déanamh, ní leagtar síos léi aon rialacha lena gcuirtear teorainn le méid na n-éarlaisí sin ná lena rialaítear an tráthchlár chun an t-iarmhéid a íoc. Is féidir leis na Ballstáit na gnéithe sin a rialáil, ar choinníoll go bhfuil na rialacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais. |
|
(13) |
I gcás ina gcuirtear seirbhís taistil, a áirítear i dtaisteal láneagraithe, ar ceal nó nach gcomhlíontar í, agus ina ndearnadh réamhíocaíochtaí leis an soláthraí seirbhíse faoi seach, ba cheart d’eagraithe a bheith i dteideal na híocaíochtaí a dhéantar a fháil ar ais ón soláthraí seirbhíse taistil laistigh de 7 lá. Is é cuspóir an chirt aisíocaíochta sin go gcuirfí ar chumas eagraithe leis an gceart aisíocaíochta a n-oibleagáid a chomhlíonadh chun taistealaithe a aisíoc laistigh de 14 lá i gcásanna ina bhfoirceanntar an conradh taistil láneagraithe ina iomláine freisin. I gcás ina gcuirfidh soláthraí seirbhíse taistil seirbhís a áirítear i bpacáiste ar ceal nó ina mainneoidh sé seirbhís a áirítear i dtaisteal láneagraithe a chur ar fáil, ach inarb ann go fóill don chonradh taistil láneagraithe, déanann an ceart chun aisíoc a fháil laistigh de 7 lá a chur ar chumas eagraithe socruithe malartacha a dhéanamh. |
|
(14) |
In imthosca áirithe, is féidir le dearbháin dheonacha a bheith ina malairt rogha úsáideach ar aisíocaíochtaí. Is féidir níos mó solúbthachta a thabhairt d’eagraithe le dearbháin, go háirithe nuair a chuirtear de cheangal orthu go leor aisíocaíochtaí a dhéanamh laistigh de thréimhse ghairid. Ag an am céanna, is féidir le dearbháin a bheith inghlactha do thaistealaithe nach dteastaíonn aisíoc ar an toirt uathu, ar choinníoll go bhfuil ráthaíochtaí sonracha dlíthiúla ann. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha soiléire a bhunú maidir leis na ráthaíochtaí sin. Ba cheart a áireamh sna ráthaíochtaí sin faisnéis éigeantach maidir le cineál deonach agus saintréithe an dearbháin, lena n-áirítear faisnéis shoiléir nach gcuirtear ceart aisíocaíochta an taistealaí ar fionraí ach amháin má ghlacann an taistealaí go sainráite leis an dearbhán. Ciallaíonn an ceanglas nach mór don taistealaí glacadh go sainráite leis an dearbhán nach féidir an glacadh a bheith intuigthe, ach nach mór don taistealaí é a chur in iúl go gníomhach. Ba cheart an glacadh sin a shloinneadh trí mheán marthanach a úsáid. Ba cheart dearbháin a eisiúint trí úsáid a bhaint as meán marthanach agus ba cheart faisnéis a áireamh iontu maidir le saintréithe an dearbháin agus cearta an taistealaí. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin an méid atá an taistealaí i dteideal a fháil mar aisíocaíocht (‘ceart aisíocaíochta an taistealaí’) agus luach an dearbháin. Ba cheart d’eagraithe a bheith in ann mealltacht na ndearbhán a mhéadú, mar shampla, trína luach a mhéadú i gcomparáid le ceart aisíocaíochta an taistealaí. Sna cásanna sin, ba cheart don chosaint ar dhócmhainneacht a bheith teoranta do mhéid cheart aisíocaíochta an taistealaí. |
|
(15) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialacha a bhunú maidir le tréimhse bhailíochta na ndearbhán agus maidir le haon síneadh a d’fhéadfaí a chur leo. Is iomchuí a leagan síos freisin, le linn tréimhse bhailíochta dearbháin, go gcuirfear ceart an taistealaí ar aisíocaíocht ar fionraí, agus go sonrófar na cásanna ina dtagann deireadh leis an bhfionraí sin agus ina bhfaigheann an taistealaí an ceart aisíocaíochta sin ar ais. Ós rud é go bhfuil luach airgeadúil sonrach ag dearbháin, is iomchuí a leagan síos go bhféadfar iad a úsáid le haghaidh aon seirbhís taistil a thairgeann an t-eagraí, iad a fhuascailt ina gcodanna agus iad a aistriú uair amháin, gan eagraithe a bheith in ann táille a ghearradh ar an aistriú. Le haghaidh aistriú bailí, ba cheart don taistealaí a aistríonn an dearbhán an t-eagraí a chur ar an eolas faoi chéannacht an aistrí, ionas gur féidir leis an aistrí an dearbhán a fhuascailt nó aisíocaíocht a fháil. Ba cheart é a bheith indéanta an t-aistriú a dheimhniú i bhfoirm marcáil ar an dearbhán, mar shampla go fisiciúil nó go leictreonach, chun a léiriú go soiléir gur tharla an t-aistriú. |
|
(16) |
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le sásraí lena n-áiritheofaí aisíocaíochtaí le taistealaithe i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla, le haghaidh cásanna ina gcuirtear pacáistí taistil láneagraithe ar ceal de bharr imthosca dosheachanta agus urghnácha agus i gcás nach féidir le heagraithe a n-oibleagáidí aisíocaíochta a chomhlíonadh. Chun an trédhearcacht a mhéadú, ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit sin a thugann na sásraí sin isteach nó a choinníonn iad an Coimisiún agus lárphointí teagmhála na mBallstát eile a chur ar an eolas fúthu. Is gnách go gcistítear na sásraí sin go heisiach le ranníocaíochtaí ó eagraithe. Is in imthosca eisceachtúla cuí-réasúnaithe amháin is féidir leis na Ballstáit na sásraí sin a chómhaoiniú, agus tá a dtabhairt isteach gan dochar do rialacha an Aontais maidir le Státchabhair. |
|
(17) |
Ba cheart a shoiléiriú gur féidir foirceannadh conartha taistil láneagraithe a dhéanamh i gcás inar féidir coinne réasúnach a bheith leis go ndéanfar difear suntasach dá chomhlíonadh le himthosca dosheachanta agus urghnácha. An measúnú i dtaobh an mbeidh éifeachtaí suntasacha ag imthosca dosheachanta agus urghnácha ar chomhlíonadh an taistil láneagraithe, ba cheart é a bheith bunaithe ar thuar, tráth fhoirceannadh an chonartha taistil láneagraithe, maidir leis an dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag na himthosca dosheachanta agus urghnácha ar chomhlíonadh an taistil láneagraithe, agus tá measúnú cás ar chás de dhíth chuige sin. I gcás ina bhfoirceannann taistealaí an conradh taistil láneagraithe, ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ó thaobh dearcadh meántaistealaí atá réasúnta eolach agus réasúnta géarchúiseach agus cáiréiseach, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil ar dháta foirceanta an chonartha taistil láneagraithe i dtrácht. Ba cheart éifeachtaí imthosca dosheachanta agus urghnácha a tharlaíonn ag an áit imeachta nó a tharlaíonn ag an gceann scríbe nó ina gharchomharsanacht, nó a dhéanann difear don turas go dtí an ceann scríbe nó ón gceann scríbe, lena n-áirítear na háiteanna éagsúla a bhaineann le tús agus filleadh an turais i dtrácht, a chur san áireamh i gcás ina ndéanann siad difear suntasach do chomhlíonadh na seirbhísí taistil a áirítear sa chonradh taistil láneagraithe. Ba cheart an áit imeachta a thuiscint mar an áit a gcuirtear tús le feidhmiú na seirbhísí taistil faoin gconradh taistil láneagraithe. Níor cheart imthosca nach ndéanann difear ach don turas chuig an gceann scríbe nó don turas fillte a chur san áireamh mura bhfuil an turas sin mar chuid den chonradh taistil láneagraithe, lena n-áirítear iompar an phaisinéara chuig an áit imeachta chomhaontaithe. Imthosca a bhí ar eolas ag an taistealaí cheana féin, nó ar féidir leis an taistealaí iad a thuar tráth a tugadh an conradh taistil láneagraithe i gcrích, agus nach bhfuil meath suntasach tagtha orthu ó shin i leith, ní féidir leo a bheith ina mbunús le feidhmiú an chirt chun an conradh sin a fhoirceannadh gan táille foirceanta a íoc. |
|
(18) |
Áirítear ar imthosca dosheachanta agus urghnácha cásanna oibiachtúla, mar shampla cogaíocht, fadhbanna tromchúiseacha slándála eile, amhail an sceimhlitheoireacht, rioscaí suntasacha do shláinte an duine, amhail ráig galair thromchúisigh ag ceann scríbe an taistil, nó tubaistí nádúrtha, amhail tuilte, creathanna talún nó dálaí aimsire, a fhágann nach féidir taisteal go sábháilte chuig an gceann scríbe mar a comhaontaíodh sa chonradh taistil láneagraithe. Ba cheart, le himthosca dosheachanta agus urghnácha, ní hamháin imthosca a chumhdach nach bhfuil sé indéanta go hoibiachtúil taisteal láneagraithe a chomhlíonadh mar thoradh orthu, ach freisin imthosca a chiallaíonn, gan cosc a chur ar an gcomhlíonadh sin, nach féidir an taisteal láneagraithe a chomhlíonadh gan na taistealaithe lena mbaineann a nochtadh do rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh rioscaí áirithe difear an-mhór a dhéanamh do ghrúpaí áirithe taistealaithe mar gheall ar a leochaileacht. |
|
(19) |
Maidir le ráitis oifigiúla nó moltaí oifigiúla arna n-eisiúint ag údaráis inniúla Ballstáit ina gcuirtear comhairle ar thaistealaithe i gcoinne taisteal chuig limistéar áirithe, d’fhéadfadh luach suntasach fianaise a bheith ag baint leo, de bharr a gcineáil, maidir le himthosca dosheachanta agus urghnácha a bheith sna tíortha lena mbaineann siad agus maidir leis na hiarmhairtí a bheadh acu sin ar chomhlíonadh an taistil láneagraithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na ráitis nó na moltaí sin, nó an fíoras go mbeidh taistealaithe faoi réir srianta tromchúiseacha ag an gceann scríbe taistil nó sa Bhallstát cónaithe nó imeachta tar éis dóibh filleadh ón turas nó ón tsaoire, mar shampla ceanglais choraintín ar feadh tréimhse shuntasach, a bheith, mar aon le tosca eile, ina n-eilimintí tábhachtacha atá le cur san áireamh agus breithniú á dhéanamh an bhfuil údar le foirceannadh an chonartha taistil láneagraithe de bharr imthosca dosheachanta agus urghnácha. Ba cheart ábharthacht na ráiteas oifigiúil sonrach nó na moltaí oifigiúla sonracha maidir le foirceannadh an chonartha taistil láneagraithe atá i gceist a mheas ar bhonn cás ar chás, agus cineál na n-imthosca atá i gceist agus an t-am idir foirceannadh an chonartha sin agus tús sceidealaithe an taistil láneagraithe á gcur san áireamh, i measc tosca eile, agus, dá bhrí sin, an dóchúlacht go dtiocfaidh athrú suntasach ar na himthosca sin. Mar sin féin, níor cheart na ráitis nó na moltaí sin a bheith ina gcoinníoll chun a shuí gur ann d’imthosca dosheachanta agus urghnácha ná d’éifeachtaí na n-imthosca sin ar chomhlíonadh an taistil láneagraithe. |
|
(20) |
Ba cheart a shoiléiriú freisin go mbíonn feidhm ag an tréimhse aisíocaíochta 14 lá a ghintear le foirceannadh an chonartha taistil láneagraithe gan beann ar cé acu a iarrann nó nach n-iarrann an taistealaí go sonrach ar aisíocaíocht a fháil. |
|
(21) |
Chun cosaint éifeachtach agus aonfhoirmeach do thaistealaithe agus cothroime iomaíochta d’eagraithe a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh go gcumhdaítear le cosaint eagraithe ar dhócmhainneacht gach íocaíocht a dhéanann taistealaithe agus a dhéantar ar a son i gcás dhócmhainneacht an eagraí, lena n-áirítear i gcás ina raibh taistealaí i dteideal aisíocaíochta nó ina bhfuair sé dearbhán ón eagraí roimh a dhócmhainneacht. |
|
(22) |
Laistigh de na paraiméadair a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/2302, ba cheart do na Ballstáit a gcórais cosanta ar dhócmhainneacht is infheidhme laistigh dá gcríocha a shainiú, lena n-áirítear na nósanna imeachta gaolmhara agus na modhanna chun faisnéis a sholáthar maidir le cosaint ar dhócmhainneacht trí na bealaí cumarsáide is éifeachtaí atá ar fáil. Tá sé tábhachtach a cheangal go gcuirfear an fhaisnéis uile is gá ar fáil do thaistealaithe a luaithe a tharlóidh dócmhainneacht. Dá réir sin, ba cheart do na Ballstáit an t-eintiteas nó na heintitis ábhartha a ainmniú a bheidh freagrach as an bhfaisnéis is gá a sholáthar. |
|
(23) |
Chun éifeachtacht na cosanta ar dhócmhainneacht a áirithiú do thaistealaithe i gcónaí, ba cheart foráil a dhéanamh gur leordhóthanach é an t-urrús le costais a chumhdach d’aisíocaíochtaí agus, i gcás inarb infheidhme, d’aisdúichithe. Ba cheart a chur san áireamh san urrús sin go bhféadfadh dócmhainneacht tarlú nuair a bhíonn eagraí i seilbh na méideanna íocaíochtaí is airde. Aon mhéadú ar na méideanna sin de bharr líon pacáistí taistil láneagraithe níos airde a bheith díolta thar thréimhse faoi leith ná mar a bhí coinne leis, ba cheart an méadú sin a chur san áireamh. Ba cheart a shoiléiriú gur cheart do na Ballstáit maoirseacht a dhéanamh ar chosaint na n-eagraithe ar dhócmhainneacht agus faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht na cosanta ar dhócmhainneacht. I gcás inar gá sin chun cosaint éifeachtach ar dhócmhainneacht a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann sásraí breise a éileamh, ciste cúltaca, cuir i gcás, chun comhlánú a dhéanamh, mar shampla, ar an gcosaint a chuirtear ar fáil le polasaithe árachais. Ba cheart, de ghnáth, na cistí cúltaca sin a chistiú go heisiach trí ranníocaíochtaí ó eagraithe agus níor cheart do na Ballstáit iad a chómhaoiniú ach amháin in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. A mhéid a bhaineann Státchabhair leis na bearta sin, tá feidhm ag rialacha an Aontais maidir le Státchabhair. |
|
(24) |
Maidir le haisíocaíochtaí ar íocaíochtaí taistealaithe i gcás dhócmhainneacht an eagraí, ba cheart an tréimhse ina mbeidh na haisíocaíochtaí sin le déanamh tar éis na doiciméid is gá a chur isteach a shonrú a thuilleadh. Ba cheart faisnéis maidir leis na doiciméid nach mór do thaistealaithe a chur isteach chun iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht ar a n-íocaíochtaí a chur ar áireamh san fhaisnéis a chuirfear ar fáil do thaistealaithe i gcás dócmhainneacht eagraí. Níor cheart a iarraidh ar thaistealaithe ach na doiciméid sin is gá a chur isteach chun scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh i gcomhréir le forálacha náisiúnta agus ceanglais an eintitis shonraigh nó an údaráis shonraigh atá freagrach as próiseáil shlán éifeachtúil iarrataí ar aisíocaíocht á gcur san áireamh. |
|
(25) |
Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh go mbeidh na Ballstáit in ann a cheangal ar mhiondíoltóirí cosaint ar dhócmhainneacht a fháil i dteannta eagraithe. |
|
(26) |
Ba cheart a shoiléiriú go mbíonn na lárphointí teagmhála freagrach as malartú faisnéise a bhaineann le cosaint ar dhócmhainneacht agus saincheisteanna gaolmhara, lena n-áirítear aon sásra chun aisíocaíochtaí tráthúla a áirithiú i gcás fhoirceannadh na gconarthaí taistil láneagraithe. |
|
(27) |
Is rud tábhachtach é go gcuirtear taistealaithe ar an eolas i gceart maidir lena gcearta, gur féidir leo an fhaisnéis a thugtar dóibh a thuiscint agus go mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis sin nuair a bheidh sí de dhíth orthu. Dá bhrí sin, ba cheart athruithe áirithe a dhéanamh ar na ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach, ar ábhar na gconarthaí taistil láneagraithe agus ar na foirmeacha faisnéise caighdeánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2302. Mar shampla, ba cheart a shonrú sna foirmeacha faisnéise caighdeánacha sin an trádálaí atá freagrach as aisíocaíochtaí a sholáthar i gcás ina ndéantar conradh taistil láneagraithe a fhoirceannadh. Ba cheart an ceart chun conradh taistil láneagraithe a fhoirceannadh gan táille foirceanta a íoc de bharr imthosca dosheachanta agus urghnácha a chur i láthair in éineacht leis an bhféidearthacht an conradh sin a fhoirceannadh faoi réir táille foirceanta. Ina theannta sin, ba cheart oibleagáid a bheith ar na heagraithe an fhoirm faisnéise chaighdeánach a chur leis an gconradh taistil láneagraithe ionas go mbeidh sí ar fáil do thaistealaithe tar éis an conradh sin a thabhairt i gcrích, mar aon le sonraí teagmhála na dtrádálaithe ábhartha. Ba cheart faisnéis a chur ar fáil do thaistealaithe ar bhealach soiléir sothuigthe agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart a mheabhrú, i gcás ina dtagann na seirbhísí lena mbaineann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2019/882, go bhfuil inrochtaineacht le háirithiú do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn i a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(28) |
Chun éifeachtacht Threoir (AE) 2015/2302 a fheabhsú, ba cheart a cheangal ar eagraithe caighdeáin áirithe a chomhlíonadh agus gearáin á láimhseáil acu, lena n-áirítear oibleagáid a bheith orthu a admháil go bhfuarthas iad laistigh de thréimhse 7 lá agus freagra réasúnaithe a thabhairt laistigh de thréimhse 60 lá. I gcásanna ina ndéantar cumarsáid tríd an bpost, ba cheart a mheas gur chomhlíon an t-eagraí na hoibleagáidí sin má thagann dáta an phostmhairc laistigh de na tréimhsí sin faoi seach. |
|
(29) |
Tá rochtain ar shásraí um réiteach díospóidí atá cothrom agus éifeachtúil tábhachtach freisin chun cearta taistealaithe a fhorfheidhmiú faoi Threoir (AE) 2015/2302. Maidir le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena leagtar síos na híoscheanglais le haghaidh comhlachtaí um réiteach malartach díospóidí (RMD) le haghaidh díospóidí tomhaltóirí nach mór a bheith i bhfeidhm i ngach Ballstát, tá feidhm aici freisin maidir le díospóidí idir taistealaithe agus trádálaithe faoi Threoir (AE) 2015/2302. Maidir le Treoir (AE) 2025/2647 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) lena leasaítear Treoir 2013/11/AE chun rochtain tomhaltóirí ar RMD a neartú, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit rannpháirtíocht trádálaithe agus tomhaltóirí in RMD a chur chun cinn. Luaitear ina haithrisí gur cheart aird ar leith a thabhairt ar rannpháirtíocht trádálaithe agus tomhaltóirí i sásraí RMD in earnálacha áirithe. Ba cheart é a bheith éigeantach i gcónaí faisnéis a bheith i gconarthaí taistil láneagraithe maidir le sásraí RMD de bhun Threoir 2013/11/AE agus, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an eintiteas RMD lena gcumhdaítear an trádálaí ábhartha. Ba cheart do thrádálaithe taistealaithe a chur ar an eolas faoi na sásraí RMD atá ar fáil freisin agus freagra diúltach á thabhairt acu ar ghearán a fhaightear ó thaistealaí. |
|
(30) |
Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Leis an Treoir seo, go háirithe, urramaítear an tsaoirse fiontraíochta a leagtar síos in Airteagal 16 den Chairt, agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí laistigh den Aontas a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chairt. |
|
(31) |
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo laistigh de 5 bliana óna teacht i bhfeidhm. Cé go ndearnadh measúnú cúramach ar thionchar na Treorach seo ar ghnólachtaí taistil, lena n-áirítear micrea-eagraithe, eagraithe beaga agus eagraithe meánmhéide, is iomchuí tionchar chur i bhfeidhm na Treorach seo ar na heagraithe sin a chur san áireamh sa tuarascáil sin. Thairis sin, ba cheart measúnú ar chur i bhfeidhm Airteagal 5a de Threoir (AE) 2015/2302 a áireamh sa tuarascáil sin. I gcás inar gá, ba cheart bearta reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin. |
|
(32) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a bhaint amach go leordhóthanach, is é sin chun rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a mhéid a bhaineann leis an taisteal láneagraithe agus le leibhéal cosanta tomhaltóirí ard agus a aonfhoirmí agus is féidir a bhaint amach san earnáil sin, ach gur fearr is féidir an cuspóir sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, de bhrí a scála agus a éifeachtaí, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(33) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2015/2302 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/2302
Leasaítear Treoir (AE) 2015/2302 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle’ ; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 Ábhar Is é is cuspóir don Treoir seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus leibhéal cosanta tomhaltóirí ard agus a aonfhoirmí agus is féidir a bhaint amach trí ghnéithe áirithe de dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a chomhfhogasú a mhéid a bhaineann le conarthaí idir taistealaithe agus trádálaithe i ndáil le taisteal láneagraithe, gnéithe áirithe de chonarthaí idir eagraithe pacáistí taistil láneagraithe agus soláthraithe seirbhíse taistil, agus ceanglais shonracha faisnéise is infheidhme maidir le cásanna áirithe nach n-eascraíonn cruthú taistil láneagraithe astu.’ |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(5) |
in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 5a Faisnéis réamhchonarthach i gcásanna sonracha áirithinte 1. Gan dochar d’Airteagal 23, i gcásanna áirithinte nach mbeidh cruthú taistil láneagraithe mar thoradh orthu agus i gcás ina n-iarrann trádálaí ar thaistealaí cineál breise seirbhíse taistil a cheannach don turas céanna nó saoire chéanna, cuirfidh an trádálaí in iúl don taistealaí, tráth an chuiridh sin, ar bhealach soiléir, sothuigthe agus feiceálach, má aontaíonn an taistealaí ina dhiaidh sin íoc as cineál breise seirbhíse taistil tar éis dó a chomhaontú íoc as an gcéad chineál seirbhíse taistil, nach turas láneagraithe a bheidh sa chéad chineál seirbhíse taistil agus sa chineál breise seirbhíse taistil agus nach mbainfidh an taistealaí tairbhe as na cearta is infheidhme maidir le pacáistí taistil láneagraithe faoin Treoir seo. 2. I gcás ina ndéanfaidh trádálaí an cuireadh dá dtagraítear i mír 1 sula n-aontóidh an taistealaí íoc as an gcéad chineál seirbhíse taistil ach nach soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin, agus ina n-aontóidh an taistealaí ina dhiaidh sin íoc as cineál breise seirbhíse taistil den sórt sin ag an díolphointe céanna laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó aontú íoc as an gcéad chineál seirbhíse taistil, taisteal láneagraithe a bheidh sna seirbhísí taistil ábhartha, agus measfar gurb é an trádálaí eagraí an taistil láneagraithe sin.’ |
|
(7) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(8) |
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
|
(9) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 12a Dearbháin 1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfoirceanntar conradh taistil láneagraithe de bhun Airteagail 10, 11 nó 12, go mbeidh sé de cheart ag an eagraí an rogha a thairiscint don taistealaí glacadh le dearbhán arb ionann é ar a laghad agus méid na haisíocaíochta atá an taistealaí i dteideal a fháil (“ceart aisíocaíochta an taistealaí”) in ionad aisíocaíochta. Féadfaidh an t-eagraí dearbhán a thairiscint ar luach níos airde ná ceart aisíocaíochta an taistealaí. 2. Féadfaidh an taistealaí an dearbhán a úsáid le haghaidh aon seirbhís taistil a thairgeann an t-eagraí agus féadfaidh sé an dearbhán a fhuascailt ina chodanna. 3. Ní chaithfidh eagraithe le sealbhóirí dearbháin ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna agus a chaitheann siad le taistealaithe eile agus seirbhísí taistil á gcur in áirithe acu. 4. Agus dearbhán á thairiscint don taistealaí, agus sula nglacfaidh an taistealaí go sainráite leis, cuirfidh an t-eagraí an taistealaí sin ar an eolas go soiléir agus go feiceálach, ar mheán marthanach, maidir leis an méid seo a leanas:
5. Eiseofar an dearbhán ar mheán marthanach agus beidh an fhaisnéis a liostaítear i mír 4, pointí (b) go (g), ann ar bhealach soiléir sothuigthe. Léireofar ann freisin ainm trádála an eagraí, an fhaisnéis nach mór do thaistealaithe a sholáthar don eagraí chun go mbeidh aistriú chuig duine eile bailí, agus dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse bailíochta. 6. Beidh an dearbhán bailí ar feadh 12 mhí ar a mhéad ón dáta a ghlacann an taistealaí go sainráite leis i gcomhréir le mír 4. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta sin aon uair amháin, ar feadh suas le 12 mhí, ar choinníoll go gcomhaontaíonn an dá pháirtí go sainráite ar mheán marthanach leis an síneadh sin. 7. Cuirfear ceart aisíocaíochta an taistealaí ar fionraí le linn thréimhse bhailíochta an dearbháin, ar choinníoll go bhfuair an taistealaí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 agus gur ghlac sé go sainráite leis an dearbhán ar mheán marthanach in ionad aisíocaíochta. Féadfaidh na páirtithe aontú tráth ar bith ar aisíocaíocht iomlán nó aisíocaíocht i bpáirt a fháil sula bhfuasclófar an dearbhán nó sula rachaidh sé as feidhm. Rachaidh ceart aisíocaíochta an taistealaí in éag nuair a fhuasclófar an dearbhán suas le méid iomlán an chirt aisíocaíochta sin. 8. Cuirfear deireadh le fionraí cheart aisíocaíochta an taistealaí:
9. Aisíocfaidh an t-eagraí an taistealaí gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis deireadh a chur le fionraí cheart aisíocaíochta an taistealaí, i gcomhréir le mír 8, pointí (a) agus (b), gan gá le haon iarraidh roimh ré ón taistealaí. 10. Féadfaidh taistealaithe an dearbhán a aistriú aon uair amháin. Ní bheidh an t-aistriú bailí ach amháin má chuireann an taistealaí a aistríonn an dearbhán an t-eagraí ar an eolas, ar mheán marthanach, faoin aistriú agus má sholáthraíonn sé sonraí pearsanta an aistrí atá riachtanach don aistrí chun an dearbhán a fhuascailt nó chun aisíocaíocht a fháil ag deireadh thréimhse bhailíochta an dearbháin. Dearbhóidh an t-eagraí aistriú an dearbháin gan moill mhíchuí ar mheán marthanach. Ní fhéadfaidh eagraithe aon táille a ghearradh as an aistriú.’ |
|
(10) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 16a Gearáin a láimhseáil 1. Áiritheoidh an t-eagraí gur féidir teagmháil a dhéanamh leis go héasca trí na pointí teagmhála a léirítear i gcomhréir le hAirteagal 7(2), pointe (d), agus gur féidir leis freagairt go héifeachtúil d’fhiosrúcháin ó thaistealaithe nó thar a gceann, agus go háirithe iad siúd a bhaineann le cúnamh a sholáthar faoi Airteagal 16, i gcás ina bhfuil deacracht ag taistealaí, nó d’aon easpa comhréireachta a tharlaíonn le linn fheidhmiú an taistil láneagraithe agus do na leigheasanna gaolmhara dá bhforáiltear in Airteagal 13. 2. Beidh socruithe i bhfeidhm ag an eagraí freisin chun cineálacha gearán seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1 a láimhseáil go héifeachtach. Admhóidh an t-eagraí go bhfuarthas na gearáin sin, ar mheán marthanach, laistigh de 7 lá ón ngearán a fháil agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don taistealaí, ar mheán marthanach, laistigh de 60 lá tar éis dháta an ghearáin. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí níos giorra ná na tréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo. 3. Mura nglacann an t-eagraí go hiomlán le gearán an taistealaí, cuirfidh an t-eagraí an taistealaí ar an eolas, sa fhreagra réasúnaithe, faoi aon sásra RMD de bhun Threoir 2013/11/AE atá ar fáil don taistealaí maidir leis an ábhar atá i gceist.’ |
|
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: ‘Airteagal 17 Éifeachtacht agus raon feidhme na cosanta ar dhócmhainneacht 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eagraithe ina gcríoch urrús ar fáil chun gach íocaíocht a dhéanann taistealaithe nó a dhéantar ar a son a aisíoc i gcás dhócmhainneacht an eagraí. Áireofar leis an urrús sin cosaint íocaíochtaí a dhéantar i gcás nach gcomhlíontar taisteal láneagraithe ina iomláine nó i bpáirt de dhroim dhócmhainneacht an eagraí, nó i gcás ina bhfuil an taistealaí i dteideal aisíocaíochta. i gcás ina bhfaighidh taistealaí dearbhán, beidh an t-urrús teoranta do mhéid cheart aisíocaíochta an taistealaí. Má áirítear an turas fillte sa chonradh taistil láneagraithe, cuirfidh eagraithe urrús ar fáil d’aisdúichiú an taistealaí freisin. Féadfar leanúint den taisteal láneagraithe a thairiscint. Beidh sé ina cheangal ar eagraithe nach bhfuil bunaithe i mBallstát a dhíolann nó a thairgeann pacáistí taistil láneagraithe le díol i mBallstát, nó a threoraíonn na gníomhaíochtaí sin chuig Ballstát trí mheán ar bith, an t-urrús a chur ar fáil i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin. 2. Beidh an t-urrús dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach agus cumhdófar costais atá measartha intuartha leis. Cumhdófar leis na méideanna íocaíochtaí a rinne taistealaithe nó a rinneadh ar a son i ndáil le pacáistí taistil láneagraithe, agus fad na tréimhse idir fáil aon íocaíochtaí agus comhlíonadh na bpacáistí taistil láneagraithe, chomh maith leis an gcostas measta ar aisdúichithe i gcás dhócmhainneacht an eagraí, á gcur san áireamh. Beidh an t-urrús leordhóthanach i gcónaí chun costas na n-aisíocaíochtaí agus, i gcás inarb infheidhme, na n-aisdúichithe a chumhdach. Cuirfear san áireamh leis an urrús gur féidir dócmhainneachtaí tarlú nuair a shealbhaíonn eagraithe an méid is airde d’íocaíochtaí. Cuirfear san áireamh san urrús freisin aon athrú ar mhéid díolachán na bpacáistí taistil láneagraithe. 3. Chun éifeachtacht na cosanta ar dhócmhainneacht a áirithiú, maoirseoidh na Ballstáit socruithe cosanta dócmhainneachta na n-eagraithe atá bunaithe ar a gcríoch agus déanfaidh siad faireachán ar infhaighteacht réiteach cosanta dócmhainneachta. 4. Tairbheoidh taistealaithe de chosaint eagraí ar dhócmhainneacht gan beann ar a n-áit chónaithe, an áit imeachta nó an áit ina ndíoltar an taisteal láneagraithe, agus gan beann ar an mBallstát ina bhfuil an t-eintiteas i gceannas ar an gcosaint ar dhócmhainneacht suite. 5. Nuair a dhéanann feidhmiú an taistil láneagraithe difear do dhócmhainneacht an eagraí, beidh an t-urrús ar fáil saor in aisce chun aisdúichithe a áirithiú agus, más gá, chun maoiniú na cóiríochta roimh an aisdúichiú a áirithiú. 6. Gheobhaidh taistealaithe aisíocaíocht ar a n-íocaíochtaí gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis na doiciméid is gá a chur isteach chun scrúdú a dhéanamh ar a n-iarratas. I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear i gcás ina bhfaigheann an t-eintiteas nó an t-údarás atá freagrach as an iarratas a phróiseáil líon fíor-ard iarratas laistigh de thréimhse ghearr ama, nó i gcás ina ndéanann dócmhainneacht an eagraí difear do thaistealaithe ó roinnt Ballstát, cuirfear aisíocaíochtaí ar íocaíochtaí ar fáil laistigh de naoi mí tar éis na doiciméid riachtanacha a chur isteach. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí níos giorra ná na tréimhsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. 7. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás dócmhainneacht eagraí, go gcuirfear taistealaithe ar an eolas gan moill mhíchuí, trí bhealaí cumarsáide iomchuí, faoin méid seo a leanas ar a laghad:
8. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh rochtain ag an bpobal ar fhardail ar líne ina liostaítear na heagraithe uile agus, i gcás inarb infheidhme, na miondíoltóirí uile atá bunaithe ar a chríoch agus atá cumhdaithe ag cosaint ar dhócmhainneacht faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus go gcoinneofar cothrom le dáta iad. Comhroinnfidh na Ballstáit leis an gCoimisiún na naisc chuig suíomhanna gréasáin a bhfardal nuair a thabharfaidh siad fógra faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus cuirfidh siad aon athrú ar na naisc sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na naisc a gheofar ó na Ballstáit ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta gan moill mhíchuí aon uair a chuirfidh Ballstát nasc nua in iúl dó. 9. I gcás ina bhfuil údar leis i bhfianaise na n-íocaíochtaí a fhaigheann miondíoltóirí, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar mhiondíoltóirí, agus ar eagraithe, cosaint ar dhócmhainneacht a fháil, gan dochar d’Airteagal 13(1), an dara fomhír.’ |
|
(12) |
leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:
|
|
(13) |
scriostar Caibidil VI, ina bhfuil Airteagal 19; |
|
(14) |
in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh trádálaí faoi dhliteanas i leith aon earráidí de dheasca fabhtanna teicniúla sa chóras áirithinte atá inchurtha ina leith agus, i gcás inar chomhaontaigh an trádálaí áirithint taistil láneagraithe a shocrú, i leith na n-earráidí a rinneadh le linn an phróisis áirithinte.’ ; |
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22: ‘Airteagal 22 Ceart sásaimh agus cearta eagraithe ar aisíocaíocht 1. I gcásanna ina ndéanann eagraí nó, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 13(1) nó Airteagal 20, miondíoltóir cúiteamh a íoc nó laghdú ar phraghas a dheonú nó ina gcomhlíonann sé na hoibleagáidí eile atá de dhualgas air faoin Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag an eagraí nó an miondíoltóir sásamh a lorg ó aon tríú páirtí a rannchuidigh leis an teagmhas lenar gineadh an cúiteamh, an laghdú ar phraghas nó oibleagáidí eile. 2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhíse taistil seirbhís ar ceal atá ina cuid de thaisteal láneagraithe nó ina mainníonn sé an tseirbhís a chur ar fáil, go n-aisíocfaidh an soláthraí seirbhíse sin leis an eagraí aon íocaíocht a rinne an t-eagraí don tseirbhís sin laistigh de 7 lá. Tosóidh an tréimhse 7 lá sin an lá tar éis chealúchán na seirbhíse, nó an lá a bhí an tseirbhís le feidhmiú, cibé acu is luaithe.’ |
|
(16) |
in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Le dearbhú ó eagraí taistil láneagraithe ina sonraítear go bhfuil sé ag gníomhú leis féin mar sholáthraí seirbhíse taistil, mar idirghabhálaí nó i gcáil ar bith eile, nó, ina sonraítear nach bhfuil taisteal láneagraithe ina thaisteal láneagraithe, ní scaoilfear an t-eagraí sin ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear air faoin Treoir seo.’ |
|
(17) |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I; |
|
(18) |
scriostar Iarscríbhinn II. |
Airteagal 2
Tuairisciú ón gCoimisiún agus athbhreithniú
Faoin 29 Bealtaine 2031, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin, go háirithe, measúnú ar chur i bhfeidhm Airteagal 5a de Threoir (AE) 2015/2302, arna chur isteach le hAirteagal 1, pointe (6), den Treoir seo, agus cuirfear san áireamh inti an tionchar ar mhicrea-eagraithe, ar eagraithe beaga agus ar eagraithe meánmhéide.
Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil nuair is gá.
Airteagal 3
Trasuí
1. Faoin 29 Meán Fómhair 2028, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 29 Márta 2029.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den chineál sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar an tagairt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) IO C, C/2024/4058, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4058/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Márta 2026.
(3) Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2302/oj).
(4) Treoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe (IO L 158, 23.6.1990, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1990/314/oj).
(5) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/29/oj).
(6) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).
(7) Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le RMD le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/11/oj).
(8) Treoir (AE) 2025/2647 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena leasaítear Treoir 2013/11/AE maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2015/2302, (AE) 2019/2161 agus (AE) 2020/1828 tar éis deireadh a bheith curtha leis an gClár Eorpach um Réiteach Díospóidí ar Líne (IO L, 2025/2647, 30.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/2647/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN I
Cuid A
Foirm faisnéise chaighdeánach le haghaidh conarthaí taistil láneagraithe i gcás inar féidir hipearnaisc a úsáid
|
MO PHRÍOMHCHEARTA MAR THAISTEALAÍ Is taisteal láneagraithe de réir bhrí Threoir (AE) 2015/2302 maidir le taisteal láneagraithe é an meascán seirbhísí taistil a thairgtear duit. Dá bhrí sin, tairbheoidh tú de na cearta uile de chuid an Aontais a bhfuil feidhm leo maidir le pacáistí taistil láneagraithe. Cuideachta XY, mar eagraí an taistil láneagraithe seo, [(i gcás inarb iomchuí faoin dlí náisiúnta is infheidhme) agus cuideachta XZ, mar mhiondíoltóir,] (1) [atá] go hiomlán freagrach as comhlíonadh ceart an taistil láneagraithe. Ina theannta sin, mar a cheanglaítear leis an dlí, tugtar cosaint do d’íocaíochtaí le cuideachta XY [(i gcás inarb iomchuí) agus le cuideachta YZ) (1)] agus, i gcás ina n-áirítear an turas fillte sa taisteal láneagraithe, ráthaítear d’aisdúichiú i gcás ina dtiocfadh [an chuideachta/na cuideachtaí sin (1)] chun bheith dócmhainneach. Tá tuilleadh faisnéise faoi phríomhchearta faoi Threoir (AE) 2015/2302, lena n-áirítear faisnéis maidir le hathruithe ar chonarthaí, cealúcháin, aisíocaíochtaí, dliteanas i leith comhlíonadh míchuí agus cosaint ar dhócmhainneacht, chomh maith le páirtithe a bhfuil teagmháil le déanamh leo, le fáil anseo (le soláthar i bhfoirm hipearnaisc). |
|
(1) Tá an mhalairt rogha cheart le roghnú ag na Ballstáit agus trasuí na Treorach acu á chur san áireamh. |
Ach an hipearnasc a leanúint, gheobhaidh an taistealaí an fhaisnéis seo a leanas:
Príomhchearta faoi Threoir (AE) 2015/2302
Faisnéis
|
— |
Gheobhaidh taistealaithe an fhaisnéis riachtanach uile faoin taisteal láneagraithe sula dtabharfar an conradh taistil láneagraithe i gcrích, lena n-áirítear faisnéis faoin bpraghas agus faoi na híocaíochtaí atá dlite tráth na háirithinte. |
|
— |
I ndiaidh conradh taistil láneagraithe a thabhairt i gcrích, gheobhaidh taistealaithe an conradh ar mheán marthanach (ar pháipéar nó ríomhphost, mar shampla). |
Trádálaí faoi dhliteanas agus pointí teagmhála
|
— |
Bíonn trádálaí amháin ar a laghad ann atá faoi dhliteanas as comhlíonadh ceart na seirbhísí taistil uile a áirítear i dtaisteal láneagraithe. Is é an trádálaí sin eagraí an taistil láneagraithe, mar a shainaithnítear leis an téacs sa bhosca thuas agus sa chonradh. Ní mór sonraí teagmhála an eagraí a bheith sa chonradh. |
|
— |
I gcás ina ndíoltar taisteal láneagraithe trí mhiondíoltóir (gníomhaire taistil, mar shampla), féadfaidh taistealaithe teagmháil a dhéanamh leis an miondíoltóir freisin má tá aon fhadhb ann nó chun teachtaireachtaí a tharchur chuig an eagraí. Soláthraítear sonraí teagmhála an mhiondíoltóra sa chonradh freisin. Ag brath ar an dlí náisiúnta is infheidhme, féadfaidh miondíoltóirí a bheith faoi dhliteanas as comhlíonadh an taistil láneagraithe freisin. |
|
— |
Tabharfar uimhir theileafóin éigeandála nó mionsonraí faoi phointe teagmhála do thaistealaithe, a fhéadfaidh siad a úsáid le dul i dteagmháil leis an eagraí nó leis an miondíoltóir agus iad ar a dturas nó ar saoire. |
An conradh a aistriú
|
— |
Féadfaidh taistealaithe an taisteal láneagraithe a aistriú chuig duine éigin eile, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith faoi réir ag táille. Ní mór don taistealaí fógra a thabhairt don eagraí laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó i gcás inarb infheidhme, don mhiondíoltóir. |
Méaduithe ar phraghsanna
|
— |
Ní fhéadtar praghas an taistil láneagraithe a mhéadú ach amháin má thagann ardú ar chostais shonracha (praghsanna breosla, mar shampla) agus má dhéantar foráil go sainráite dó sin sa chonradh, agus má dhéantar é 20 lá roimh thús an taistil láneagraithe ar a dhéanaí. I gcás ina sáraíonn an méadú ar an bpraghas 8 % de phraghas an taistil láneagraithe, féadfaidh taistealaithe an conradh a fhoirceannadh agus, sa chás sin, gheobhaidh siad a gcuid airgid ar ais. Má choimeádann an t-eagraí an ceart, sa chonradh, chun an praghas a mhéadú, beidh sé de cheart ag taistealaithe laghdú praghais a fháil má thagann laghdú ar na costais ábhartha. |
An conradh a fhoirceannadh roimh thús an taistil láneagraithe
|
— |
Féadfaidh taistealaithe an conradh a fhoirceannadh gan aon táille foirceanta a íoc agus aisíocaíocht iomlán d’aon íocaíochtaí a fháil i gcás ina dtiocfaidh athrú suntasach ar aon cheann d’eilimintí fíor-riachtanacha an taistil láneagraithe, nó i gcás ina dtiocfaidh méadú ar an bpraghas a sháróidh 8 % de phraghas an taistil láneagraithe. |
|
— |
I gcás ina gcealóidh an trádálaí atá freagrach as an taisteal láneagraithe an taisteal láneagraithe roimh thús an taistil láneagraithe, beidh taistealaithe i dteideal aisíocaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, beidh siad i dteideal cúitimh. |
|
— |
Féadfaidh taistealaithe, roimh thús an taistil láneagraithe, an conradh a fhoirceannadh gan aon táille foirceanta a íoc i gcás ina ndéanann imthosca dosheachanta agus urghnácha difear suntasach don turas nó don tsaoire. Áirítear ar shamplaí d’imthosca dosheachanta agus urghnácha tubaistí nádúrtha, fadhbanna tromchúiseacha slándála nó rioscaí sláinte poiblí ar féidir a cheapadh go réasúnach go ndéanfaidh siad difear don taisteal láneagraithe. |
|
— |
Ina theannta sin, féadfaidh taistealaithe, tráth ar bith roimh thús an taistil láneagraithe, an conradh a fhoirceannadh, lena n-áirítear ar fhorais phearsanta, ar tháille foirceanta iomchuí agus inchosanta a íoc. Ní mór fógra a thabhairt do thaistealaithe maidir leis na táillí sin sula dtugtar an conradh i gcrích agus sa chonradh. |
Aisíocaíochtaí
|
— |
I ngach cás ina gcuireann an t-eagraí nó an taistealaí an taisteal láneagraithe ar ceal, ní mór do thaistealaithe aisíocaíocht ar a n-íocaíochtaí a fháil (i gcás inarb iomchuí, agus táillí foirceanta á gcur san áireamh) laistigh de 14 lá, ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe ar thaisteal láneagraithe ionaid laistigh den tréimhse 14 lá sin. Is é eagraí an taistil láneagraithe atá freagrach as na haisíocaíochtaí a sholáthar. I gcás ina bhfuil miondíoltóir rannpháirteach agus i gcás ina gceanglaítear é sin leis an dlí náisiúnta is infheidhme, beidh an miondíoltóir freagrach as aisíocaíochtaí a sholáthar freisin. |
|
— |
I gcás ina dtairgeann eagraí dearbhán atá le húsáid le haghaidh aon seirbhís taistil arna tairiscint ag an eagraí in ionad aisíocaíochta laistigh de 14 lá, gheobhaidh taistealaithe faisnéis faoina gcearta i ndáil leis an dearbhán agus féadfaidh siad a roghnú glacadh leis nó gan glacadh leis. |
Fadhbanna le linn an turais nó na saoire
|
— |
Tá sé d’oibleagáid ar an eagraí fadhbanna a tharlaíonn le linn chomhlíonadh an taistil láneagraithe a leigheas. Ní mór do thaistealaithe an t-eagraí a chur ar an eolas faoi na fadhbanna a tharlaíonn dóibh. |
|
— |
I gcás nach féidir eilimintí suntasacha den taisteal láneagraithe a sholáthar mar a comhaontaíodh, ní mór don eagraí socruithe malartacha oiriúnacha a thairiscint gan aon chostas breise. Féadfaidh taistealaithe an conradh a fhoirceannadh gan aon táille a íoc, mura ndéantar seirbhísí taistil i gcomhréir leis an gconradh, i gcás ina ndéanann sin difear substaintiúil do chomhlíonadh an taistil láneagraithe, agus ina dteipeann ar an eagraí an fhadhb a leigheas. |
|
— |
Tá taistealaithe i dteideal laghdú ar an bpraghas nó cúiteamh as damáistí freisin, nó an dá rud, i gcás nach ndéantar na seirbhísí taistil nó nach ndéantar i gceart iad, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/2302. |
|
— |
Tá ar an eagraí cúnamh a sholáthar má tá deacrachtaí ag an taistealaí, trí fhaisnéis faoi sheirbhísí sláinte, údaráis áitiúla agus cúnamh consalachta a chur ar fáil, mar shampla, agus tríd an deis a chur ar fáil cumarsáid chianda a dhéanamh. |
Cosaint ar dhócmhainneacht
|
— |
I gcás ina dtiocfadh an t-eagraí chun bheith dócmhainneach, aisíocfar íocaíochtaí taistealaithe. I roinnt Ballstát, tá íocaíochtaí le miondíoltóirí cosanta ar dhócmhainneacht freisin. Má thagann an t-eagraí nó, i gcás inarb infheidhme, an miondíoltóir, chun bheith dócmhainneach i ndiaidh thús an taistil láneagraithe, agus má tá an turas fillte san áireamh sa taisteal láneagraithe, ráthaítear aisdúichiú taistealaithe. Tá cosaint ar dhócmhainneacht glactha ag XY le WX (an t-eintiteas atá i gceannas ar an gcosaint ar dhócmhainneacht, mar shampla ciste ráthaíochta nó cuideachta árachais). Féadfaidh taistealaithe teagmháil a dhéanamh leis an eintiteas sin nó, i gcás inarb infheidhme, leis an údarás inniúil (mionsonraí teagmhála, lena n-áirítear ainm, seoladh geografach, ríomhphost agus uimhir theileafóin) má tá seirbhísí á ndiúltú dóibh mar gheall ar dhócmhainneacht XY. |
Treoir (AE) 2015/2302, mar atá trasuite sa dlí náisiúnta (hipearnasc)
Cuid B
Foirm faisnéise chaighdeánach le haghaidh conarthaí taistil láneagraithe i gcásanna seachas na cásanna a chumhdaítear le Cuid A
|
MO PHRÍOMHCHEARTA MAR THAISTEALAÍ Is taisteal láneagraithe de réir bhrí Threoir (AE) 2015/2302 é an meascán seirbhísí taistil atá á thairiscint duit. Dá bhrí sin, tairbheoidh tú de na cearta uile de chuid an Aontais a bhfuil feidhm leo maidir le pacáistí taistil láneagraithe. Cuideachta XY, mar eagraí an taistil láneagraithe seo, [(i gcás inarb iomchuí faoin dlí náisiúnta is infheidhme) agus cuideachta XZ, mar mhiondíoltóir,] (2) [atá] go hiomlán freagrach as comhlíonadh ceart an taistil láneagraithe. Ina theannta sin, mar a cheanglaítear leis an dlí, tugtar cosaint do d’íocaíochtaí le cuideachta XY [(i gcás inarb iomchuí) agus le cuideachta YZ)] (2) agus, i gcás ina n-áirítear an turas fillte sa taisteal láneagraithe, ráthaítear d’aisdúichiú i gcás ina dtagann [an chuideachta/na cuideachtaí sin (2)] chun bheith dócmhainneach. Tá tuilleadh faisnéise faoi phríomhchearta faoi Threoir (AE) 2015/2302, lena n-áirítear faisnéis maidir le hathruithe ar chonarthaí, cealúcháin, aisíocaíochtaí, dliteanas i leith comhlíonadh míchuí agus, cosaint ar dhócmhainneacht, chomh maith leis na páirtithe a bhfuil teagmháil le déanamh leo, curtha i láthair thíos. |
|
(2) Tá an mhalairt rogha cheart le roghnú ag na Ballstáit agus trasuí na Treorach acu á chur san áireamh. |
Príomhchearta faoi Threoir (AE) 2015/2302
Faisnéis
|
— |
Gheobhaidh taistealaithe an fhaisnéis riachtanach uile faoin taisteal láneagraithe sula dtabharfar an conradh taistil láneagraithe i gcrích, lena n-áirítear faisnéis faoin bpraghas agus faoi na híocaíochtaí atá dlite tráth na háirithinte. |
|
— |
I ndiaidh conradh taistil láneagraithe a thabhairt i gcrích, gheobhaidh taistealaithe an conradh ar mheán marthanach (ar pháipéar nó ríomhphost, mar shampla). |
Trádálaí faoi dhliteanas agus pointí teagmhála
|
— |
Bíonn trádálaí amháin ar a laghad ann atá faoi dhliteanas as comhlíonadh ceart na seirbhísí taistil uile a áirítear i dtaisteal láneagraithe. Is é an trádálaí sin eagraí an taistil láneagraithe, mar a shainaithnítear leis an téacs sa bhosca thuas agus sa chonradh. Ní mór sonraí teagmhála an eagraí a bheith sa chonradh. |
|
— |
I gcás ina ndíoltar taisteal láneagraithe trí mhiondíoltóir (gníomhaire taistil, mar shampla), féadfaidh taistealaithe teagmháil a dhéanamh leis an miondíoltóir freisin má tá fadhb ann nó chun teachtaireachtaí a chur ar aghaidh chuig an eagraí. Soláthraítear sonraí teagmhála an mhiondíoltóra sa chonradh freisin. Ag brath ar an dlí náisiúnta is infheidhme, féadfaidh miondíoltóir a bheith faoi dhliteanas as comhlíonadh an taistil láneagraithe freisin. |
|
— |
Tabharfar uimhir theileafóin éigeandála nó mionsonraí faoi phointe teagmhála do thaistealaithe, a fhéadfaidh siad a úsáid le dul i dteagmháil leis an eagraí nó leis an miondíoltóir agus iad ar a dturas nó ar saoire. |
An conradh a aistriú
|
— |
Féadfaidh taistealaithe an taisteal láneagraithe a aistriú chuig duine éigin eile, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith faoi réir ag táille. Ní mór don taistealaí fógra a thabhairt don eagraí laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó i gcás inarb infheidhme, don mhiondíoltóir. |
Méaduithe ar phraghsanna
|
— |
Ní fhéadtar praghas an taisteal láneagraithe a mhéadú ach amháin má thagann ardú ar chostais shonracha (praghsanna breosla, mar shampla) agus má dhéantar foráil go sainráite dó sin sa chonradh, agus má dhéantar é 20 lá roimh thús an taistil láneagraithe ar a dhéanaí. I gcás ina sáraíonn an méadú ar an bpraghas 8 % de phraghas an taistil láneagraithe, féadfaidh taistealaithe an conradh a fhoirceannadh agus, sa chás sin, gheobhaidh siad a gcuid airgid ar ais. Má choimeádann an t-eagraí an ceart, sa chonradh, chun an praghas a mhéadú, beidh sé de cheart ag taistealaithe laghdú praghais a fháil má thagann laghdú ar na costais ábhartha. |
An conradh a fhoirceannadh roimh thús an taistil láneagraithe
|
— |
Féadfaidh taistealaithe an conradh a fhoirceannadh gan aon táille foirceanta a íoc agus aisíocaíocht iomlán d’aon íocaíochtaí a fháil i gcás ina dtiocfaidh athrú suntasach ar aon cheann d’eilimintí fíor-riachtanacha an taistil láneagraithe, nó i gcás ina dtiocfaidh méadú ar an bpraghas a sháróidh 8 % de phraghas an taistil láneagraithe. |
|
— |
I gcás ina gcealóidh an trádálaí atá freagrach as an taisteal láneagraithe an taisteal láneagraithe roimh thús an taistil láneagraithe, beidh taistealaithe i dteideal aisíocaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, beidh siad i dteideal cúitimh. |
|
— |
Féadfaidh taistealaithe, roimh thús an taistil láneagraithe, an conradh a fhoirceannadh gan aon táille foirceanta a íoc i gcás ina ndéanann imthosca dosheachanta agus urghnácha difear suntasach don turas nó don tsaoire. Áirítear ar shamplaí d’imthosca dosheachanta agus urghnácha tubaistí nádúrtha, fadhbanna tromchúiseacha slándála nó rioscaí sláinte poiblí ar féidir a cheapadh go réasúnach go ndéanfaidh siad difear don taisteal láneagraithe. |
|
— |
Ina theannta sin, féadfaidh taistealaithe, tráth ar bith roimh thús an taistil láneagraithe, an conradh a fhoirceannadh, lena n-áirítear ar fhorais phearsanta, ar tháille foirceanta iomchuí agus inchosanta a íoc. Ní mór fógra a thabhairt do thaistealaithe maidir leis na táillí sin sula dtugtar an conradh i gcrích agus sa chonradh. |
Aisíocaíochtaí
|
— |
I ngach cás ina gcuireann an t-eagraí nó an taistealaí an taisteal láneagraithe ar ceal, ní mór do thaistealaithe aisíocaíocht ar a n-íocaíochtaí a fháil (i gcás inarb iomchuí, agus táillí foirceanta á gcur san áireamh) laistigh de 14 lá, ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe ar thaisteal láneagraithe ionaid laistigh den tréimhse 14 lá sin. Is é eagraí an taistil láneagraithe atá freagrach as na haisíocaíochtaí a sholáthar. i gcás ina bhfuil miondíoltóir rannpháirteach agus i gcás ina gceanglaítear é sin leis an dlí náisiúnta is infheidhme, beidh an miondíoltóir freagrach as aisíocaíochtaí a sholáthar freisin. |
|
— |
I gcás ina dtairgeann eagraí dearbhán atá le húsáid le haghaidh aon seirbhís taistil arna tairiscint ag an eagraí seachas aisíocaíocht laistigh de 14 lá, gheobhaidh taistealaithe faisnéis faoina gcearta i ndáil leis an dearbhán agus féadfaidh siad a roghnú glacadh leis nó gan glacadh leis. |
Fadhbanna le linn an turais nó na saoire
|
— |
Tá sé d’oibleagáid ar an eagraí fadhbanna a tharlaíonn le linn chomhlíonadh an taistil láneagraithe a leigheas. Ní mór do thaistealaithe an t-eagraí a chur ar an eolas faoi na fadhbanna a tharlaíonn dóibh. |
|
— |
I gcás nach féidir eilimintí suntasacha den taisteal láneagraithe a sholáthar mar a comhaontaíodh, ní mór don eagraí socruithe malartacha oiriúnacha a thairiscint gan aon chostas breise. Féadfaidh taistealaithe an conradh a fhoirceannadh gan aon táille a íoc, mura ndéantar seirbhísí taistil i gcomhréir leis an gconradh, i gcás ina ndéanann sin difear substaintiúil do chomhlíonadh an taistil láneagraithe, agus ina dteipeann ar an eagraí an fhadhb a leigheas. |
|
— |
Tá taistealaithe i dteideal laghdú ar an bpraghas nó cúiteamh as damáistí freisin, nó an dá rud, i gcás nach ndéantar na seirbhísí taistil nó nach ndéantar i gceart iad, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/2302. |
|
— |
Tá ar an eagraí cúnamh a sholáthar má tá deacrachtaí ag an taistealaí, trí fhaisnéis faoi sheirbhísí sláinte, údaráis áitiúla agus cúnamh consalachta a chur ar fáil, mar shampla, agus tríd an deis a chur ar fáil cumarsáid chianda a dhéanamh. |
Cosaint ar dhócmhainneacht
|
— |
I gcás ina dtiocfadh an t-eagraí chun bheith dócmhainneach, aisíocfar íocaíochtaí taistealaithe. I roinnt Ballstát, tá íocaíochtaí le miondíoltóirí cosanta ar dhócmhainneacht freisin. Má thagann an t-eagraí nó, i gcás inarb infheidhme, an miondíoltóir, chun bheith dócmhainneach i ndiaidh thús an taistil láneagraithe, agus má tá an turas fillte san áireamh sa taisteal láneagraithe, ráthaítear aisdúichiú taistealaithe. Tá cosaint ar dhócmhainneacht glactha ag XY le WX (an t-eintiteas atá i gceannas ar an gcosaint ar dhócmhainneacht, mar shampla ciste ráthaíochta nó cuideachta árachais). Féadfaidh taistealaithe teagmháil a dhéanamh leis an eintiteas sin nó, i gcás inarb infheidhme, leis an údarás inniúil (mionsonraí teagmhála, lena n-áirítear ainm, seoladh geografach, ríomhphost agus uimhir theileafóin) má tá seirbhísí taistil á ndiúltú dóibh mar gheall ar dhócmhainneacht XY. |
(Suíomh gréasáin ar a bhfuil Treoir (AE) 2015/2302, mar atá trasuite sa dlí náisiúnta, le fáil)
Cuid C
Foirm faisnéise chaighdeánach i gcás ina dtarchuireann an t-eagraí sonraí chuig trádálaí eile i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe 2(b)(v)
|
MO PHRÍOMHCHEARTA MAR THAISTEALAÍ Má thugann tú conradh i gcrích le cuideachta AB 24 uair an chloig ar a dhéanaí i ndiaidh deimhniú faoin áirithint a fháil ó chuideachta XY, beidh an tseirbhís taistil arna soláthar ag XY agus ag AB ina taisteal láneagraithe de réir bhrí Threoir (AE) 2015/2302. Dá bhrí sin, tairbheoidh tú de na cearta uile de chuid an Aontais a bhfuil feidhm leo maidir le pacáistí taistil láneagraithe. Beidh cuideachta XY freagrach go hiomlán as comhlíonadh ceart an taistil láneagraithe. Ina theannta sin, mar a cheanglaítear leis an dlí, tá cosaint i bhfeidhm ag cuideachta XY chun d’íocaíochtaí a aisíoc agus, má tá iompar san áireamh sa taisteal láneagraithe, chun d’aisdúichiú a áirithiú i gcás ina dtagann sí chun bheith dócmhainneach. Tá tuilleadh faisnéise ar phríomhchearta faoi Threoir (AE) 2015/2302, lena n-áirítear faisnéis maidir le hathruithe ar chonarthaí, cealúcháin, aisíocaíochtaí, dliteanas i leith comhlíonadh míchuí agus cosaint ar dhócmhainneacht, chomh maith leis na páirtithe a bhfuil teagmháil le déanamh leo, le fáil anseo (le soláthar i bhfoirm hipearnaisc). |
Ach an hipearnasc a leanúint, gheobhaidh an taistealaí an fhaisnéis seo a leanas:
Príomhchearta faoi Threoir (AE) 2015/2302
Faisnéis
|
— |
Gheobhaidh taistealaithe an fhaisnéis riachtanach uile faoin taisteal láneagraithe sula dtabharfar an conradh taistil láneagraithe i gcrích, lena n-áirítear faisnéis faoin bpraghas agus faoi na híocaíochtaí atá dlite tráth na háirithinte. |
|
— |
I ndiaidh conradh taistil láneagraithe a thabhairt i gcrích, gheobhaidh taistealaithe an conradh ar mheán marthanach (ar pháipéar nó ríomhphost, mar shampla). |
Trádálaí faoi dhliteanas agus pointí teagmhála
|
— |
Bíonn trádálaí amháin ar a laghad ann atá faoi dhliteanas as comhlíonadh ceart na seirbhísí taistil uile a áirítear i dtaisteal láneagraithe. Is é an trádálaí sin eagraí an taistil láneagraithe, mar a shainaithnítear leis an téacs sa bhosca thuas agus sa chonradh. Ní mór sonraí teagmhála an eagraí a bheith sa chonradh. |
|
— |
Tabharfar uimhir theileafóin éigeandála nó mionsonraí faoi phointe teagmhála do thaistealaithe, a fhéadfaidh siad a úsáid le dul i dteagmháil leis an eagraí nó leis an ngníomhaire taistil. |
An conradh a aistriú
|
— |
Féadfaidh taistealaithe an taisteal láneagraithe a aistriú chuig duine éigin eile, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith faoi réir ag táille. Ní mór don taistealaí fógra a thabhairt don eagraí laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó i gcás inarb infheidhme, don mhiondíoltóir. |
Méaduithe ar phraghsanna
|
— |
Ní fhéadtar praghas an taistil láneagraithe a mhéadú ach amháin má thagann ardú ar chostais shonracha (praghsanna breosla, mar shampla) agus má dhéantar foráil go sainráite dó sin sa chonradh, agus má dhéantar é 20 lá roimh thús an taistil láneagraithe ar a dhéanaí. I gcás ina sáraíonn an méadú ar an bpraghas 8 % de phraghas an taistil láneagraithe, féadfaidh taistealaithe an conradh a fhoirceannadh agus, sa chás sin, gheobhaidh siad a gcuid airgid ar ais. Má choimeádann an t-eagraí an ceart, sa chonradh, chun an praghas a mhéadú, beidh sé de cheart ag taistealaithe laghdú praghais a fháil má thagann laghdú ar na costais ábhartha. |
An conradh a fhoirceannadh roimh thús an taistil láneagraithe
|
— |
Féadfaidh taistealaithe an conradh a fhoirceannadh gan aon táille foirceanta a íoc agus aisíocaíocht iomlán d’aon íocaíochtaí a fháil i gcás ina dtiocfaidh athrú suntasach ar aon cheann d’eilimintí fíor-riachtanacha an taistil láneagraithe, nó i gcás ina dtiocfaidh méadú ar an bpraghas a sháróidh 8 % de phraghas an taistil láneagraithe. |
|
— |
I gcás ina gcealóidh an trádálaí atá freagrach as an taisteal láneagraithe an taisteal láneagraithe roimh thús an taisteal láneagraithe, beidh taistealaithe i dteideal aisíocaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, beidh siad i dteideal cúitimh. |
|
— |
Féadfaidh taistealaithe, roimh thús an taisteal láneagraithe, an conradh a fhoirceannadh gan aon táille foirceanta a íoc i gcás ina ndéanann imthosca dosheachanta agus urghnácha difear suntasach don turas nó don tsaoire. Áirítear ar shamplaí d’imthosca dosheachanta agus urghnácha tubaistí nádúrtha, fadhbanna tromchúiseacha slándála nó rioscaí sláinte poiblí ar féidir a cheapadh go réasúnach go ndéanfaidh siad difear don taisteal láneagraithe. |
|
— |
Ina theannta sin, féadfaidh taistealaithe, tráth ar bith roimh thús an taisteal láneagraithe, an conradh a fhoirceannadh, lena n-áirítear ar fhorais phearsanta, ar tháille foirceanta iomchuí agus inchosanta a íoc. Ní mór fógra a thabhairt do thaistealaithe maidir leis na táillí sin sula dtugtar an conradh i gcrích agus sa chonradh. |
Aisíocaíochtaí
|
— |
I ngach cás ina gcuireann an t-eagraí nó an taistealaí an taisteal láneagraithe ar ceal, ní mór do thaistealaithe aisíocaíocht ar a n-íocaíochtaí a fháil (i gcás inarb iomchuí, agus táillí foirceanta á gcur san áireamh) laistigh de 14 lá, ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe ar thaisteal láneagraithe ionaid laistigh den tréimhse 14 lá sin. Is é eagraí an taistil láneagraithe atá freagrach as na haisíocaíochtaí a sholáthar. I gcás ina bhfuil miondíoltóir rannpháirteach agus i gcás ina gceanglaítear é sin leis an dlí náisiúnta is infheidhme, beidh an miondíoltóir freagrach as aisíocaíochtaí a sholáthar freisin. |
|
— |
I gcás ina dtairgeann eagraí dearbhán atá le húsáid le haghaidh seirbhís taistil arna tairiscint ag an eagraí seachas aisíocaíocht laistigh de 14 lá, gheobhaidh taistealaithe faisnéis faoina gcearta i ndáil leis an dearbhán agus féadfaidh siad a roghnú glacadh leis nó gan glacadh leis. |
Fadhbanna le linn an turais nó na saoire
|
— |
Tá sé d’oibleagáid ar an eagraí fadhbanna a tharlaíonn le linn chomhlíonadh an taistil láneagraithe a leigheas. Ní mór do thaistealaithe an t-eagraí a chur ar an eolas faoi na fadhbanna a tharlaíonn dóibh. |
|
— |
I gcás nach féidir eilimintí suntasacha den taisteal láneagraithe a sholáthar mar a comhaontaíodh, ní mór don eagraí socruithe malartacha oiriúnacha a thairiscint gan aon chostas breise. Féadfaidh taistealaithe an conradh a fhoirceannadh gan aon táille a íoc, mura ndéantar seirbhísí taistil i gcomhréir leis an gconradh, i gcás ina ndéanann sin difear substaintiúil do chomhlíonadh an taistil láneagraithe, agus ina dteipeann ar an eagraí an fhadhb a leigheas. |
|
— |
Tá taistealaithe i dteideal laghdú ar an bpraghas nó cúiteamh as damáistí freisin, nó an dá rud, i gcás nach ndéantar na seirbhísí taistil nó nach ndéantar i gceart iad, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/2302. |
|
— |
Tá ar an eagraí cúnamh a sholáthar má tá deacrachtaí ag an taistealaí, trí fhaisnéis faoi sheirbhísí sláinte, údaráis áitiúla agus cúnamh consalachta a chur ar fáil, mar shampla, agus tríd an deis a chur ar fáil cumarsáid chianda a dhéanamh. |
Cosaint ar dhócmhainneacht
|
— |
I gcás ina dtiocfadh an t-eagraí chun bheith dócmhainneach, aisíocfar íocaíochtaí taistealaithe. I roinnt Ballstát, tá íocaíochtaí le miondíoltóirí cosanta ar dhócmhainneacht freisin. Má thagann an t-eagraí nó, i gcás inarb infheidhme, an miondíoltóir, chun bheith dócmhainneach i ndiaidh thús an taistil láneagraithe, agus má tá an turas fillte san áireamh sa taisteal láneagraithe, ráthaítear aisdúichiú taistealaithe. Tá cosaint ar dhócmhainneacht glactha ag XY le WX (an t-eintiteas atá i gceannas ar an gcosaint ar dhócmhainneacht, mar shampla ciste ráthaíochta nó cuideachta árachais). Féadfaidh taistealaithe teagmháil a dhéanamh leis an eintiteas sin nó, i gcás inarb infheidhme, leis an údarás inniúil (mionsonraí teagmhála, lena n-áirítear ainm, seoladh geografach, ríomhphost agus uimhir theileafóin) má tá seirbhísí taistil á ndiúltú dóibh mar gheall ar dhócmhainneacht XY. |
Treoir (AE) 2015/2302, mar atá trasuite sa dlí náisiúnta (hipearnasc)’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/1024/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)