This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026L0805
Directive (EU) 2026/805 of the European Parliament and of the Council of 30 March 2026 amending Directive 2000/60/EC establishing a framework for Community action in the field of water policy, Directive 2006/118/EC on the protection of groundwater against pollution and deterioration and Directive 2008/105/EC on environmental quality standards in the field of water policy (Text with EEA relevance)
Treoir (AE) 2026/805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheathlú agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir (AE) 2026/805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2026 lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheathlú agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/18/2026/INIT
IO L, 2026/805, 20.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/805/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/805 |
20.4.2026 |
TREOIR (AE) 2026/805 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Márta 2026
lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheathlú agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Iúil 2010, d’aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an ceart chun uisce glan sábháilte agus sláintíochta mar cheart an duine atá bunriachtanach chun tairbhe iomlán a bhaint as an mbeatha agus chun cearta uile an duine a theachtadh. Chun an ceart sin a bhaint amach ina iomláine san Aontas, ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar an rochtain ar uisce glan agus ar shláintíocht, go háirithe trí fheabhas a chur ar cháilíocht an uisce dromchla agus an screamhuisce araon a úsáidtear chun uisce óil a astarraingt trí Threoir 2000/60/CE a chur chun feidhme (3), agus trí Threoracha (AE) 2020/2184 (4) agus (AE) 2024/3019 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme go héifeachtach. |
|
(2) |
Is bagairt é truailliú ceimiceach uisce dromchla agus screamhuisce ar an timpeallacht uisceach, agus gabhann éifeachtaí leis amhail géarthocsaineacht agus tocsaineacht ainsealach in orgánaigh uisceacha, carnadh truailleán san éiceachóras agus caillteanas gnáthóg agus bithéagsúlachta, agus is bagairt é ar shláinte an duine. Trí chaighdeáin cáilíochta comhshaoil a shocrú, cuidítear leis an uaillmhian maidir le truailliú nialasach le haghaidh timpeallacht saor ó thocsainí a chur chun feidhme. |
|
(3) |
De réir thuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil dar teideal ‘Staid uisce na hEorpa 2024’, thuairiscigh na Ballstáit in 2021 go raibh dea-stádas cainníochtúil ag thart ar 90 % de limistéar na ndobharlach screamhuisce, agus go raibh dea-stádas ceimiceach ag thart ar 75 % díobh, agus go raibh dea-stádas éiceolaíoch nó stádas ard éiceolaíoch ag 40 % de dhobharlaigh dhromchla, agus go raibh dea-stádas ceimiceach ag 38 % díobh. Mar a leagtar amach sa 7ú Tuarascáil Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún (2024), ina ndéantar measúnú ar an tríú plean bainistithe abhantraí, is iomaí cúis atá leis. A mhéid a bhaineann le stádas ceimiceach, ceiltear roinnt treochtaí dearfacha le héilliú stairiúil forleathan mearcair agus truailleáin eile bhithcharnacha agus thocsaineacha atá uileláithreach nó tá siad faoi scáth dúshláin nua truaillithe atá ag teacht chun cinn. A mhéid a bhaineann leis an stádas éiceolaíoch, tá feabhas éigin tagtha ar ghnéithe cáilíochta bitheolaíche áirithe. Tá aibhneacha, lochanna agus uiscí cósta an Aontais fós faoi bhrú mór, áfach, agus, fiú nuair a dhéantar bearta éifeachtacha, d’fhéadfadh sé nach mbeadh dul chun cinn infheicthe sa ghearrthéarma sna torthaí faireacháin toisc go dteastaíonn a dhóthain ama ón dúlra chun téarnamh a dhéanamh. |
|
(4) |
Ar an iomlán, léirítear i gconclúidí Sheiceáil Oiriúnachta 2019 ar Threoracha 2000/60/CE (6), 2006/118/CE (7), 2007/60/CE agus 2008/105/CE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an tSeiceáil Oiriúnachta’) go bhfuil na Treoracha sin oiriúnach don fheidhm den chuid is mó, agus go bhféadfaí feabhas a chur orthu. Léirítear sna conclúidí go raibh na Treoracha sin ina gcúis le leibhéal níos airde cosanta dobharlach agus leibhéal níos fearr bainistithe riosca i gcás tuilte go ginearálta go dtí seo. Mar sin féin, cuirtear in iúl ann freisin go bhfuil níos mó ná leath de dhobharlaigh uile na hEorpa faoi réir díolúintí faoi Threoir 2000/60/CE, rud a thugann le fios go bhfuil dúshlán an-suntasach roimh na Ballstáit an cuspóir maidir le dea-stádas uisce a bhaint amach, agus go háirithe na caighdeáin cháilíochta comhshaoil (CCCanna) le haghaidh substaintí tosaíochta a chomhlíonadh, laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos. Ina theannta sin, thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta gur féidir, i measc nithe eile, an dul chun cinn mall a rinneadh a mhéid a bhaineann le cuspóirí na dTreoracha sin a bhaint amach a chur i leith cur chun feidhme mall, i bpáirt mar gheall ar easpa acmhainní airgeadais leordhóthanacha chomh maith le comhtháthú neamhleor cuspóirí comhshaoil i reachtaíocht earnála. |
|
(5) |
Mar a tuairiscíodh sa mheasúnú ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2025 ar chur chun feidhme Threoir 2000/60/CE bunaithe ar an tríú plean bainistithe abhantraí de chuid na mBallstát, tá acmhainní uisce an Aontais fós faoi bhrú mór mar gheall ar mhíbhainistiú struchtúrach, úsáid neamh-inbhuanaithe talún, athruithe hidreamoirfeolaíocha, truailliú, an t-athrú aeráide, éileamh méadaithe ar uisce agus uirbiú. Is iad seo a leanas na brúnna is mó ar dhobharlaigh dhromchla i ngach Ballstát tuairiscithe, in ord íslitheach de réir chéatadán na ndobharlach a ndéantar difear dóibh: truailliú ó shil-leagan atmaisféarach, athruithe hidreamhoirfeolaíocha a eascraíonn as draenáil agus uisciú le haghaidh na talmhaíochta, hidreachumhacht, cosaint ar thuilte, loingseoireacht nó soláthar uisce óil, agus truailliú ón talmhaíocht. Ar an gcaoi chéanna, is iad na brúnna is mó ar dhobharlaigh screamhuisce, ar an gcéad dul síos, truailliú talmhaíochta idirleata, mar shampla ó úsáid lotnaidicídí agus leasachán, agus ar an dara dul síos, in ord íslitheach, astarraingt don soláthar uisce poiblí, don talmhaíocht, d’úsáid thionsclaíoch agus chun críoch eile. Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na brúnna comhcheangailte sin chun bainistiú agus cosaint inbhuanaithe na ndobharlach a áirithiú. Chuige sin, tá gá le cuir chuige chomhtháite lena gcuirtear chun cinn laghdú an truaillithe ag an bhfoinse agus feabhsú an truaillithe atá ann cheana, athchóiriú éiceachóras, glacadh teicneolaíochtaí éifeachtúla úsáide uisce, agus cur chun feidhme cleachtas inbhuanaithe ar fud na n-earnálacha. Ba cheart do na Ballstáit an comhordú idir beartais uisce agus beartais earnála a neartú chun tionchair dhiúltacha ar acmhainní uisce a laghdú agus chun tacú le dea-stádas éiceolaíoch, cainníochtúil agus ceimiceach a bhaint amach mar a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol le bunú ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail go bhfuil gníomhaíocht choisctheach le déanamh, go bhfuil damáiste don chomhshaol le cur ina cheart, mar thosaíocht, ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. |
|
(7) |
Agus iarracht á déanamh ardleibhéal cosanta comhshaoil a bhaint amach agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais: I dtreo Truailliú Nialasach d’Uisce, don Aer agus don Ithir], ba cheart don Aontas éagsúlacht na gcásanna i réigiúin éagsúla an Aontais, an tionchar ar shlándáil bia, táirgeadh bia agus inacmhainneacht bia, chomh maith le haistí bia sláintiúla inbhuanaithe, a chur san áireamh. |
|
(8) |
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leagtar amach straitéis chun geilleagar ciorclach, glan agus aeráidneodrach a áirithiú, faoi 2050, agus bainistíocht acmhainní á barrfheabhsú agus an truailliú á íoslaghdú. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [An Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht – I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] agus sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach, tugtar aghaidh go sonrach ar ghnéithe den Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaineann le truailliú. Leagtar amach beartais eile atá ábhartha agus comhlántach go háirithe i dteachtaireachtaí ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2018 dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach], an 19 Feabhra 2020 dar teideal Shaping Europe’s digital future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú], an 19 Feabhra 2020 dar teideal A European strategy for data [Straitéis Eorpach maidir le Sonraí], an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], an 25 Samhain 2020 dar teideal Pharmaceutical Strategy for Europe [An Straitéis Chógaisíochta don Eoraip] an 17 Samhain 2021 dar teideal The EU Soil Strategy for 2030: Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate [Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh do 2030: Leas a bhainfidh na daoine as ithreacha sláintiúla, mar aon le leas an bhia, an dúlra agus na haeráide agus an 4 Meitheamh 2025 dar teideal European Water Resilience Strategy [Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce]. |
|
(9) |
Tagann na cuspóirí a bhaineann le ‘dea-stádas dobharlach’ agus infhaighteacht uisce a áirithiú salach ar a chéile agus ní minic a dhéantar iarracht iad a bhaint amach ar bhealach réasúnta comhtháiteach. Ba cheart bainistiú inbhuanaithe uisce a phríomhshruthú i ngach beartas de chuid an Aontais a bhaineann le hearnálacha a úsáideann uisce. |
|
(10) |
Le Treoir 2000/60/CE, leagtar síos creat chun uiscí dromchla intíre, uiscí trasdultacha, uiscí cósta agus screamhuisce a chosaint. Is éard atá i gceist leis an gcreat sin substaintí tosaíochta a shainaithint ina measc siúd lena mbaineann riosca substaintiúil don timpeallacht uisceach, nó tríd an timpeallacht sin, ar leibhéal an Aontais. Le Treoir 2008/105/CE, leagtar síos CCCanna uile-Aontais le haghaidh na 45 shubstaint tosaíochta a liostaíodh roimhe seo in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2000/60/CE agus ocht dtruailleán eile a bhí á rialáil ar leibhéal an Aontais cheana féin sular tugadh an Iarscríbhinn sin isteach le Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Le Treoir 2006/118/CE, leagtar caighdeáin cáilíochta screamhuisce uile-Aontais síos le haghaidh níotráití agus substaintí gníomhacha i lotnaidicídí agus critéir maidir le luachanna tairsí náisiúnta a leagan síos le haghaidh truailleáin screamhuisce eile. Leagtar síos freisin leis íosliosta de 12 thruailleán agus de tháscairí truaillithe a gceanglaítear ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar luachanna tairsí náisiúnta den sórt sin a leagan síos lena n-aghaidh. Leagtar na caighdeáin cáilíochta screamhuisce amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE. |
|
(11) |
Ba cheart a áirithiú go scoirfear den sceitheadh, astaíochtaí agus caillteanais substaintí guaiseacha tosaíochta nó go gcuirfear deireadh leo de réir a chéile laistigh d’amlíne iomchuí agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 20 bliain tar éis substaint tosaíochta ar leith a liostú mar shubstaint ghuaiseach i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an amlíne sin gan dochar do chur i bhfeidhm amlínte níos déine in aon reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais. |
|
(12) |
Meastar substaintí lena liostú i gCuid A d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2008/105/CE nó in Iarscríbhinní I nó Cuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE bunaithe ar mheasúnú ar an riosca a bhaineann leo do dhaoine agus don timpeallacht uisceach. Is iad príomhchodanna an mheasúnaithe sin eolas ar thiúchain na substaintí sa chomhshaol, lena n-áirítear faisnéis a bhailítear ón bhfaireachán a dhéantar faoin liosta faire, agus ar (éicea)tocsaineacht na substaintí, mar aon lena marthanacht, bithbhailiú, soghluaiseacht, carcanaigineacht, só-ghineacht, tocsaineacht maidir le síolrú agus poitéinseal suaite inchríneach. |
|
(13) |
Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na substaintí tosaíochta a liostaíodh roimhe seo in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2000/60/CE i gcomhréir le hAirteagal 16(4) di agus le hAirteagal 8 de Threoir 2008/105/CE, agus ar an liosta substaintí in Iarscríbhinní I agus i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE i gcomhréir le hAirteagal 10 di agus chinn sé, i bhfianaise eolas eolaíoch nua, gurb iomchuí na liostaí sin a leasú trí shubstaintí nua a chur leo, trí CCCanna nó caighdeáin cáilíochta screamhuisce a shocrú le haghaidh na substaintí nua sin, trí athbhreithniú a dhéanamh ar CCCanna le haghaidh substaintí áirithe atá ann cheana i gcomhréir leis an dul chun cinn eolaíoch agus trí CCCanna maidir le bithra a shocrú le haghaidh substaintí áirithe atá ann cheana agus substaintí nua. Shainaithin an Coimisiún freisin cé na substaintí breise is dócha a charnfaidh i ndríodar nó i mbithra, agus shoiléirigh sé gur cheart faireachán a dhéanamh ar threochtaí na substaintí sin i ndríodar nó i mbithra. Bhí comhairliúchán fairsing le saineolaithe ó sheirbhísí an Choimisiúin, ó na Ballstáit, ó ghrúpaí páirtithe leasmhara agus ón gCoiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte agus Comhshaoil, agus Rioscaí atá ag Teacht chun Cinn ina thacaíocht leis na hathbhreithnithe ar na liostaí substaintí. |
|
(14) |
Tá gá le meascán de bhearta, lena ndéantar rialú ag an bhfoinse agus ag deireadh an phíopa araon, chun déileáil go héifeachtach le formhór na dtruailleán ar feadh a saolré, lena n-áirítear, de réir mar is ábhartha, dearadh ceimiceach, údarú nó formheas, rialú astaíochtaí le linn monaraíochta agus úsáide agus próisis eile, agus láimhseáil dramhaíola. Dá bhrí sin, trí chaighdeáin cháilíochta nua nó níos déine i ndobharlaigh a shocrú, comhlánaítear reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus bíonn na caighdeáin ag teacht leis an reachtaíocht sin, reachtaíocht lena dtugtar aghaidh ar fhadhb an truaillithe nó lena bhféadfaí déanamh amhlaidh ag ceann amháin nó níos mó de na céimeanna sin, lena n-áirítear Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006 (11) agus (CE) Uimh. 1107/2009 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/128/CE (13) agus 2010/75/AE (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (AE) Uimh. 528/2012 (15) agus (AE) 2019/6 (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2024/3019. Chun na cuspóirí comhshaoil a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE a bhaint amach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt, i gcás inar féidir, ina ngníomhaíochtaí agus ina gcláir beart, faoi seach, do bhearta rialaithe foinse, chomh maith lena bhforfheidhmiú. Ba cheart comhleanúnachas a áirithiú idir gach píosa reachtaíochta de chuid an Aontais agus gach píosa reachtaíochta náisiúnta lena dtugtar aghaidh ar astaíochtaí truailleán ag an bhfoinse chun truailliú a laghdú go leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach don tsláinte agus d’éiceachórais nádúrtha. |
|
(15) |
Tugtar le fios leis an bhfianaise eolaíoch nua go mbaineann riosca mór le truailleáin éagsúla eile a bhíonn le fáil i ndobharlaigh, i dteannta na dtruailleán a rialáiltear cheana féin. I gcás screamhuisce, sainaithníodh fadhb áirithe tríd an bhfaireachán deonach le haghaidh substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFASanna) agus earraí cógaisíochta. Braitheadh PFASanna ag breis agus 70 % de na pointí tomhais screamhuisce san Aontas agus is léir go sáraítear luachanna tairsí náisiúnta atá ann cheana ag líon nach beag áiteanna. Ba cheart dá bhrí sin fo-thacar PFAS áirithe a chur leis an liosta de thruailleáin screamhuisce. I gcás uiscí dromchla, tá aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS) agus a dhíorthaigh liostaithe cheana féin mar shubstaintí tosaíochta, ach aithnítear anois go mbaineann riosca le PFASanna eile freisin. Ba cheart dá bhrí sin fo-thacar PFAS áirithe a chur le liosta na substaintí tosaíochta. Le faireachán deonach ar screamhuisce agus faireachán faoin liosta faire faoi Airteagal 8b de Threoir 2008/105/CE, deimhníodh freisin go bhfuil riosca i screamhuisce agus in uiscí dromchla ó roinnt substaintí cógaisíochta ar cheart, dá bhrí sin, de réir mar is ábhartha, iad a chur le liosta na dtruailleán in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE nó leis an liosta substaintí tosaíochta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2028/105/CE. I screamhuisce, ba cheart don Choimisiún, ag an gcéad athbhreithniú eile, breithniú a dhéanamh ar aghaidh a thabhairt ar an riosca carnach ó chógaisíocht, trí chaighdeáin cháilíochta a shocrú do shuim(eanna) na n-earraí cógaisíochta roghnaithe a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar mhodh gníomhaíochta. Ar an gcúis sin, ba cheart ‘suim(eanna) na n-earraí cógaisíochta roghnaithe de réir modh gníomhaíochta’ a chur le hIarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2006/118/CE. In uisce dromchla, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an riosca carnach ó tháirgí cógaisíochta éastraigineacha trí fhaireachán éifeachtbhunaithe agus, ag féachaint do na sonraí ón bhfaireachán leanúnach is déanaí a dhéantar faoin liosta faire, ba cheart don Choimisiún, ag an gcéad athbhreithniú eile, breithniú a dhéanamh ar chaighdeáin a shocrú do shuim(eanna) na n-earraí cógaisíochta roghnaithe a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar mhodh gníomhaíochta; ar an gcúis sin, ba cheart ‘suim(eanna) na n-earraí cógaisíochta roghnaithe de réir modh gníomhaíochta’ a chur le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar chaighdeáin a shocrú le haghaidh iomlán na n-earraí cógaisíochta, agus modhanna faireacháin iomchuí mar thaca leo. Moltar do na Ballstáit faireachán a dhéanamh freisin ar iomlán PFAS (‘Iomlán PFAS’) i screamhuisce trí úsáid a bhaint as an treoraíocht a glacadh faoi Airteagal 13(7) de Threoir (AE) 2020/2184. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an treoraíocht agus ar na torthaí a fuair na Ballstáit maidir le modh faireacháin a shainiú le haghaidh Iomlán PFAS atá ann go sonrach i screamhuisce, agus na Ballstáit a spreagadh chun an modh faireacháin sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart don Choimisiún an modh faireacháin sin a oiriúnú chun faireachán ar Iomlán PFAS in uisce dromchla a éascú agus na Ballstáit a spreagadh chun é a chur i bhfeidhm. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar chaighdeáin cháilíochta a shocrú le haghaidh Iomlán PFAS i screamhuisce agus in uiscí dromchla le linn an chéad athbhreithnithe eile ar liostaí na dtruailleán a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoracha 2006/118/CE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. |
|
(16) |
Ba cheart bisfeanól-A a chur le liosta na substaintí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE agus a ainmniú mar shubstaint ghuaiseach tosaíochta. Léirítear san fhianaise eolaíoch go mbaineann acmhainneacht suaite inchrínigh le bisfeanóil cé is moite de Bhisfeanól-A, agus dá bhrí sin dá gcuirfí binsfeanól in ionad ceann eile go bhféadfadh sé nach mbeadh an tairbhe bheartaithe ag baint leis. Ina theannta sin, d’fhéadfadh riosca carnach a bheith ag baint le meascáin de bhisfeanóil. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar liostú bisfeanól i gcoitinne ag an gcéad athbhreithniú eile, agus breithniú a dhéanamh ar CCCanna a bhunú le haghaidh iomlán na mbisfeanól (‘Iomlán na mBisfeanól’) nó ar a laghad le haghaidh shuim na mbisfeanól roghnaithe (‘Suim na mBisfeanól’), ina measc Bisfeanól-B agus Bisfeanól-S ar a laghad, agus modhanna faireacháin iomchuí mar thaca leis. Dá bhrí sin, ba cheart ‘Suim na mBisfeanól’ a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú ar leith a dhéanamh i dtaobh Bisfeanól B agus Bisfeanól S ar a laghad a shainaithint mar thruailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha agus faireachán a dhéanamh orthu, i gcás ina bhféadfadh sé a bheith ábhartha, agus i dtaobh na sonraí a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 2000/60/CE chun a áirithiú gur féidir an riosca ó shuim na mbisfeanól agus an Bhisfeanól A sin a mheasúnú i gceart ag an gcéad athbhreithniú eile. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar chaighdeáin cháilíochta a bhunú le haghaidh ‘Iomlán na mBisfeanól’ agus ‘Suim na mBisfeanól’ i dTreoir 2006/118/CE. |
|
(17) |
Agus é á chur san áireamh gurb é screamhuisce an phríomhfhoinse uisce óil san Aontas, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go dtacaíonn na caighdeáin cháilíochta a shocraítear i dTreoir 2006/118/CE le baint amach na luachanna paraiméadracha a leagtar síos le haghaidh uisce óil faoi Threoir (AE) 2020/2184. Cé go bhféadfadh sé a bheith iomchuí na caighdeáin maidir le PFASanna a chomhchuibhiú, léiríodh le déanaí nach bhfuil an luach paraiméadrach a bhaineann le suim 20 PFAS, mar a liostaítear i gCuid B, pointe 3, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184, i gcomhréir leis na forbairtí eolaíocha is déanaí maidir le liosta na PFASanna a bhfuil tosaíocht le tabhairt dóibh, maidir le tocsaineacht na substaintí sin agus athraitheacht na tocsaineachta idir na substaintí san fhine sin. In éagmais comhaontú iomlán críochnaitheach maidir le caighdeáin PFAS, leagtar amach caighdeán cáilíochta do ghrúpa 20 PFAS, mar a liostaítear i gCuid B, pointe 3, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184, in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE, trí thagairt a dhéanamh don luach paraiméadrach don ghrúpa sin i dTreoir (AE) 2020/2184 chun a áirithiú go ndéanfar aon athrú ar chomhdhéanamh an ghrúpa sin nó ar an luach sin a ionchorprú go huathoibríoch i dTreoir 2006/118/CE. Chun an t-eolas eolaíoch is déanaí a chur san áireamh, ba cheart, in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE, caighdeán cáilíochta a chur isteach le haghaidh shuim na gceithre comhdhúl PFAS is mó a bhfuil fadhbanna ag baint leo, i gcomhréir leis an luach atá molta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA). Ar an gcúis chéanna, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí athbhreithniú agus athbhreithniú go pras ar na luachanna paraiméadracha le haghaidh PFAS i dTreoir (AE) 2020/2184 de réir mar is iomchuí agus, sa chás sin, go ndéanfaí na caighdeáin cháilíochta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE a ailíniú le chéile freisin. |
|
(18) |
I bhfianaise thocsaineacht aigéid thrífhluaraicéitigh, a mharthanachta agus a leitheadúlachta sa chomhshaol, agus a iliomad foinsí, lena n-áirítear úsáid lotnaidicídí PFAS agus gás cuisneáin ina bhfuil fluairín, tá sé thar a bheith tábhachtach aghaidh a thabhairt ar a láithreacht in uisce dromchla agus screamhuisce araon. I gcás uisce dromchla, ba cheart, dá bhrí sin, aigéad trífhluaraicéiteach a áireamh i suim 25 PFAS ina bhfuil CCC in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Ba cheart don Choimisiún, ag an gcéad athbhreithniú eile, breithniú a dhéanamh ar CCC ar leithligh a shocrú le haghaidh aigéad trífhluaraicéiteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. I gcás screamhuisce, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar chaighdeán cáilíochta a shocrú le haghaidh aigéad trífhluaraicéiteach, bíodh sé ar leithligh nó mar chuid de shuim, in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE, agus an t-eolas eolaíoch is déanaí maidir le aigéad trífhluaraicéiteach á chur san áireamh, lena n-áirítear an obair a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), EFSA agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). Ba cheart leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Threoir (AE) 2020/2184 a chur san áireamh freisin. |
|
(19) |
Is gá tuilleadh eolais a bhailiú maidir le láithreacht, tábhacht agus íogaireacht éiceachóras screamhuisce chun iad a chosaint i gceart. Ba cheart, dá bhrí sin, taighde eolaíoch breise a spreagadh, a chistiú agus a dhéanamh, agus ba cheart na torthaí a scaipeadh, agus, i gcás inar gá, a chur san áireamh, mar aon leis an eolas atá ann cheana, agus Treoracha 2000/60/CE agus 2006/118/CE á gcur chun feidhme nó á n-athbhreithniú. Ba cheart don Choimisiún oibriú leis na Ballstáit faoin gComhstraitéis Cur Chun Feidhme do Threoir 2000/60/CE chun modheolaíocht a bhunú chun éiceachórais screamhuisce a shainaithint. A luaithe a bheidh modheolaíocht iontaofa ar fáil, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm, agus caighdeáin níos déine a shocrú i gcás inar gá chun na héiceachórais sin a chosaint. |
|
(20) |
Le Treoir 2000/60/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit dobharlaigh a shainaithint ar dobharlaigh iad a úsáidtear chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt, chun faireachán a dhéanamh orthu, agus chun na bearta is gá a dhéanamh ionas nach dtiocfadh meath ar cháilíocht na ndobharlach sin agus chun laghdú a dhéanamh ar an leibhéal cóireála íonghlanta is gá chun uisce atá oiriúnach lena thomhailt ag an duine a tháirgeadh. Sa chomhthéacs sin, sainaithníodh micreaphlaistigh mar riosca féideartha do shláinte an duine, ach tá gá le tuilleadh sonraí faireacháin chun a dheimhniú gur gá caighdeáin cháilíochta a shocrú le haghaidh micreaphlaistigh in uiscí dromchla agus screamhuisce. Dá bhrí sin, ba cheart micreaphlaistigh a áireamh sna liostaí faire uisce dromchla agus screamhuisce agus ba cheart faireachán a dhéanamh orthu a luaithe a bheidh modhanna faireacháin oiriúnacha ar fáil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na modheolaíochtaí a forbraíodh faoi Threoir (AE) 2020/2184 a chur san áireamh chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le micreaphlaistigh in uisce óil. |
|
(21) |
Meastar in 2019, go raibh idir 900 000 agus 1,7 milliún bás ar fud an domhain inchurtha i leith ionfhabhtuithe frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh. Ag an am céanna, cuireadh imní in iúl faoin riosca a bhaineann le forbairt na frithsheasmheastachta frithmhiocróbaí de dheasca microrgánaigh frithsheasmheastachta frithmhiocróbaí agus géinte frithsheasmheastachta frithmhiocróbaí a bheith i láthair sa timpeallacht uisceach, ach is beag faireachán atá déanta go dtí seo. Ba cheart táscairí iomchuí maidir le láithreacht, éabhlóid nó tarchur frithsheasmhachta frithmhiocróbaí a áireamh freisin sna liostaí faire uisce dromchla agus screamhuisce agus ba cheart faireachán a dhéanamh orthu a luaithe a bheidh modhanna faireacháin oiriúnacha forbartha. Tá sé sin i gcomhréir leis an ‘Plean Gníomhaíochta Eorpach “Aon Sláinte Amháin”’ i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha, a ghlac an Coimisiún i mí an Mheithimh 2017, agus leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘Straitéis Chógaisíochta don Eoraip’, ina dtugtar aghaidh freisin ar an ábhar imní sin. |
|
(22) |
Ba cheart iarscríbhinn a bheith ag gabháil le Treoracha 2006/118/CE agus 2008/105/CE ina liostaítear substaintí, grúpaí substaintí agus táscairí roghnaithe atá le breithniú ag an gCoimisiún sa chéad athbhreithniú eile ar na Treoracha sin, go dtí go bhforbrófar modheolaíochtaí faireacháin iontaofa agus caighdeáin cháilíochta iomchuí nó spreag-luachanna agus dearbhú deiridh go bhfuil riosca ag baint leo do screamhuisce nó uisce dromchla nó trí screamhuisce nó uisce dromchla. D’fhéadfaí an deimhniú sin a fháil, dá mba ghá, trí na substaintí, na grúpaí substaintí, nó na táscairí a áireamh sa liosta faire ábhartha. |
|
(23) |
Ní féidir leis na gnáthmhodhanna anailíse ceimiceacha a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí faoi Threoracha 2000/60/CE, 2006/118/CE agus 2008/105/CE, i gcoitinne, an riosca carnach ó mheascáin substaintí a chinneadh. I bhfianaise feasacht a bheith ag dul i méid ar ábharthacht na meascán agus dá bhrí sin an ar ábharthacht an fhaireacháin éifeachtbhunaithe chun stádas ceimiceach a chinneadh, agus i bhfianaise gur ann cheana féin do mhodhanna faireacháin éifeachtbhunaithe atá sách láidir le haghaidh substaintí éastraigineacha, ba cheart do na Ballstáit na modhanna faireacháin éifeachtbhunaithe sin a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí carnacha na substaintí éastraigineacha in uiscí dromchla ar feadh tréimhse 2 bhliain ar a laghad. Leis sin beifear in ann comparáid a dhéanamh idir na torthaí éifeachtbhunaithe, agus na torthaí a gheofar agus na modhanna traidisiúnta á n-úsáid, chun faireachán a dhéanamh ar na trí shubstaint éastraigineacha chógaisíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach na sonraíochtaí teicniúla chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí éastraigineacha trí mhodhanna faireacháin éifeachtbhunaithe a úsáid. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú freisin maidir leis an gcomparáid idir torthaí éifeachtbhunaithe agus na torthaí a fhaightear trí úsáid a bhaint as na gnáthmhodhanna, agus ba cheart anailís uirthi a úsáid chun a mheas an soláthraíonn modhanna faireacháin éifeachtbhunaithe sonraí atá láidir agus cruinn go leor chun gur féidir na modhanna sin a úsáid ina modhanna scagtha iontaofa. Bheadh sé de bhuntáiste leis na modhanna scagtha sin a úsáid go mbeifí in ann éifeachtaí na substaintí éastraigineacha uile ag a bhfuil éifeachtaí comhchosúla a chumhdach, seachas iad sin amháin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE, agus d’fhéadfaí iad a chur in ionad faireachán substainte de réir substainte ag go leor suíomhanna. Ba cheart coincheap na spreag-luachanna éifeachtbhunaithe a shainiú. Ba cheart an sainmhíniú ar dhea-stádas ceimiceach uisce dromchla i dTreoir 2000/60/CE a mhodhnú chun a áirithiú go bhféadfaí a chumhdach leis, amach anseo, spreag-luachanna a d’fhéadfaí a shocrú chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí an fhaireacháin éifeachtbhunaithe. |
|
(24) |
Cé go gcumhdaítear an riosca ó mheascáin lotnaidicídí go pointe áirithe i dTreoir 2006/118/CE leis an gcaighdeán cáilíochta d’iomlán na lotnaidicídí, ní thugtar aghaidh ar an riosca ó mheascáin den sórt sin i dTreoir 2008/105/CE. Chun aghaidh a thabhairt go pointe áirithe ar an riosca carnach sin, ba cheart CCC a shocrú dá bhrí sin le haghaidh shuim(eanna) na lotnaidicídí atá san áireamh cheana féin sa liosta substaintí tosaíochta a bhfuil faireachán le déanamh orthu in uisce, agus ba cheart CCC a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar stádas ceimiceach. Chun riosca meascáin a chur san áireamh ar bhealach níos fearr amach anseo, ba cheart don Choimisiún, ag an gcéad athbhreithniú eile, breithniú a dhéanamh ar chaighdeáin a shocrú maidir le suim(eanna) na lotnaidicídí roghnaithe, a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar mhodh gníomhaíochta agus, b’fhéidir, níos mó lotnaidicídí a chumhdach ná iad siúd a liostaítear ina n-aonar in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Ar an gcúis sin, ba cheart ‘suim(eanna) na lotnaidicídí roghnaithe de réir modh gníomhaíochta’ a áireamh in iarscríbhinn nua a ghabhfaidh leis an Treoir sin. Ba cheart don Choimisiún breithniú freisin an bhféadfaí cur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh chun CCC a shocrú le haghaidh iomlán na lotnaidicídí, agus modh faireacháin iomchuí mar thaca leis sin. Ós rud é gur bunaíodh sna 1980idí na caighdeáin cháilíochta chineálacha 0,1 μg/L agus 0,5 μg/L le haghaidh lotnaidicídí aonair agus iomlán na lotnaidicídí i screamhuisce a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE, agus go bhfuil siad teoranta ag íogaireacht na modhanna anailíse a bhí ann an tráth sin, d’fhéadfadh sé nach mbeidís sách cosantach do shláinte an duine ná don chomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, ag an gcéad athbhreithniú eile ar liosta na dtruailleán i screamhuisce, athbhreithniú a dhéanamh ar na luachanna sin. |
|
(25) |
Mar thoradh ar an athbhreithniú a rinne sé ar liosta na substaintí i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE, shainaithin an Coimisiún roinnt substaintí a d’fhéadfadh sé a bhaint den liosta toisc nach bhfuil riosca forleathan ag baint leo a thuilleadh don timpeallacht uisceach nó tríd an timpeallacht uisceach san Aontas. Mar sin féin, toisc go bhfuil riosca fós ag baint leis na substaintí sin i roinnt Ballstát, is iomchuí iad a áireamh, in éineacht lena CCCanna, in iarscríbhinn nua a ghabhfaidh le Treoir 2008/105/CE. Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar na substaintí sin má shainaithníonn siad iad mar thruailleáin ar ábhar imní náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil iad, agus de chur i bhfeidhm na CCCanna dá réir sin. Rinneadh roinnt substaintí eile a mheas lena ndíroghnú ach coinníodh ar an liosta iad mar go gcaitear a chinneadh an bhfuil treocht anuas á léiriú ag a dtiúchan. I gcás cuid acu, trí fhaireachán a dhéanamh faoi Threoracha 2000/60/CE agus 2008/105/AE rannchuidítear freisin le hoibleagáidí faireacháin a chomhlíonadh faoi Choinbhinsiún Stócólm maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (17) (‘Coinbhinsiún Stócólm’), a síníodh i Stócólm an 22 Bealtaine 2001, agus faoi Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). |
|
(26) |
I gcomhréir le Coinbhinsiún Stócólm agus le Rialachán (AE) 2019/1021, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha. Ceanglaítear ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar láithreacht na dtruailleán orgánach marthanach sa chomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2019/1021 lena gcuirtear chun feidhme ceanglais Airteagal 11(1) de Choinbhinsiún Stócólm. |
|
(27) |
Go dtí seo, truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha agus nach sainaithnítear mar shubstaintí tosaíochta faoi Threoir 2000/60/CE, bhí siad faoi réir CCCanna náisiúnta agus comhaireadh iad mar ghnéithe cáilíochta fisiceimiceacha a thacaíonn leis an measúnú ar an stádas éiceolaíoch in uiscí dromchla. I gcás screamhuiscí, bhí na Ballstáit in ann a luachanna tairsí féin a leagan síos freisin, fiú le haghaidh substaintí sintéiseacha de dhéantús an duine. Mar gheall ar an tsolúbthacht sin bhí torthaí fo-optamacha ann maidir le hinchomparáideacht stádas na ndobharlach idir na Ballstáit, agus ó thaobh cosaint an chomhshaoil de. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh do nós imeachta lena gceadaítear comhaontú ar leibhéal an Aontais maidir le CCCanna agus luachanna tairsí atá le cur i bhfeidhm le haghaidh na substaintí sin más rud é go sainaithnítear gur ábhar imní náisiúnta iad agus chun stórtha de na luachanna tairsí is infheidhme in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE agus de na CCCanna is infheidhme in iarscríbhinn nua a ghabhfaidh le Treoir 2008/105/CE a shocrú. Níor cheart do na Ballstáit na CCCanna agus luachanna tairsí comhchuibhithe a chur i bhfeidhm ach amháin agus measúnú á dhéanamh acu ar stádas a ndobharlach sna ceantair abhantraí inar sainaithníodh riosca ó na substaintí sin. |
|
(28) |
Thairis sin, le truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a chomhtháthú sa sainmhíniú ar stádas ceimiceach uiscí dromchla, áirithítear cur chuige níos comhordaithe, níos comhleanúnaí agus níos trédhearcaí i dtaca le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar stádas ceimiceach dobharlach dromchla agus ar fhaisnéis ghaolmhar don phobal. Éascaítear cur chuige níos spriocdhírithe leis freisin i leith bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar gach fadhb ‘a bhaineann le ceimiceáin’ ar bhealach níos iomlánaíche, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Dá bhrí sin, ba cheart na sainmhínithe ar ‘stádas éiceolaíoch’ agus ‘stádas ceimiceach’ a mhodhnú agus raon feidhme ‘stádas ceimiceach’ a leathnú chun na truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a chumhdach freisin, a bhí ina gcuid roimhe seo den sainmhíniú ar ‘stádas éiceolaíoch’ faoi Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE. Dá thoradh sin, ba cheart coincheap na CCCanna le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha agus nósanna imeachta gaolmhara a áireamh i dTreoir 2008/105/CE. Níor cheart a mheas go bhfuil meathlú ar stádas dobharlaigh mar gheall ar an athrú sin amháin. |
|
(29) |
Is é is aidhm do na sásraí liosta faire uisce dromchla agus screamhuisce faisnéis a bhailiú maidir le láithreacht agus dáileadh substaintí a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar imní sa timpeallacht uisceach, ar substaintí iad a ndearnadh drochdhoiciméadú orthu go dtí seo agus nach mbíonn aon mhodh anailíse caighdeánaithe ar fáil ina leith go minic. Ina theannta sin, i gcás na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE, is minic nach mbíonn na modhanna anailíse atá ar fáil ar an margadh íogair go leor chun na caighdeáin cháilíochta atá beartaithe a bhaint amach. Tá dúshlán ag baint le modhanna nua a fhorbairt agus faireachán a dhéanamh ar líon méadaithe substaintí, grúpaí substaintí, nó táscairí agus cruthaíonn sé sin costais mhéadaithe ach tá acmhainneacht riaracháin neartaithe ag teastáil sna Ballstáit freisin, go háirithe sna Ballstáit sin a bhfuil níos lú acmhainní acu. Dá bhrí sin, dá mbunófaí saoráid faireacháin chomhpháirteach chun na ceanglais faireacháin a bhainistiú, arna iarraidh sin do na Ballstáit, d’fhéadfadh sé cabhrú leo an cúram dúshlánach sin a chur i gcrích, agus a n-ualaigh airgeadais agus riaracháin a mhaolú. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na roghanna maidir le saoráid faireacháin mar sin a bhunú, a mhaoiniú agus a fheidhmiú. Ba cheart úsáid na saoráide sin a bheith deonach, inrochtana ag na Ballstáit leasmhara uile agus gan dochar do shocruithe atá i bhfeidhm cheana ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(30) |
Le roinnt breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, soiléiríodh an coincheap ‘meathlú ar stádas’. Ba cheart, dá bhrí sin, sainmhíniú ar ‘meathlú ar stádas’ a thabhairt isteach i dTreoir 2000/60/CE. Faoi mar a thagraítear dó in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, cuimsíonn stádas dobharlaigh dhromchla a stádas éiceolaíoch agus ceimiceach araon agus cuimsíonn stádas dobharlaigh screamhuisce a stádas cainníochtúil agus ceimiceach araon. In ionad tagairt a dhéanamh do gach ceann de na gnéithe sin ar leithligh sa sainmhíniú, níor cheart ach tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin. Má thagann meath breise ar stádas gné cáilíochta le haghaidh uisce dromchla a mheastar a bheith ‘go holc’ nó, ‘gan maith a bhaint amach’ nó ar stádas gné cáilíochta le haghaidh screamhuisce a mheastar a bheith ‘lag’, ba cheart an meathlú sin a mheas freisin mar mheathlú ar stádas an dobharlaigh. |
|
(31) |
Mar gheall ar na breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mar aon le substaintí arna gcur leis na liostaí substaintí chomh maith le caighdeáin níos déine maidir le truailleáin atá ann cheana, tá cur i bhfeidhm phrionsabal an neamh-mheathlaithe i dTreoir 2000/60/CE níos dúshlánaí, go háirithe maidir le tionscadail a bhfuil tionchar diúltach gearrthéarmach acu ar dhobharlaigh nó ar thionscadail agus gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar diúltach acu ar dhobharlaigh mar gheall ar athlonnú uisce nó dríodair ina bhfuil truailleáin. I gcás tionscadal a bhfuil tionchar diúltach gearrthéarmach acu ar ghné cháilíochta amháin nó níos mó de dhobharlach, tá sé fíor-riachtanach a dheimhniú nach bhfuil an tionchar diúltach ar na gnéithe cáilíochta sin le brath a thuilleadh tar éis bliain amháin nó, i gcás gnéithe cáilíochta bitheolaíocha, tar éis 3 bliana ar a mhéad. Chun a fháil amach nach ann don tionchar diúltach a thuilleadh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na socruithe faireacháin atá ann cheana a úsáid. Mar sin féin, d’fhéadfadh na socruithe sin a bheith neamhleor, mar shampla i gcás ina gcinntear stádas de ghnáth trí eachtarshuíomh, nó má tá na gnéithe cáilíochta a ndéantar difear dóibh éagsúil leis na gnéithe cáilíochta a mheastar is íogaire i leith gnáthbhrúnna agus gnáththionchar, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé nach ndéantar faireachán rialta orthu. Sna cásanna sin, ba cheart an fíorú ex post a dhéanamh trí fhaireachán forlíontach saincheaptha. I gcás tionscadail nó gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar diúltach acu ar dhobharlaigh mar gheall ar athlonnú uisce truaillithe nó dríodair, d’fhéadfadh laghdú teacht ar an tiúchan truailleán sa dobharlach foinseach agus d’fhéadfadh sé go méadódh an tiúchan sa dobharlach glactha d’ainneoin nach bhfuil aon athrú foriomlán ar chothromaíocht na maise truailleán. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin uisce draenála éillithe a sceitheadh ó oibreacha foirgníochta nó dríodair dhreideáilte a athlonnú le haghaidh cosaint ar thuilte nó loingseoireachta agus ba cheart iad a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar roinnt critéar. Ba cheart a áireamh sna critéir sin ceanglas go ndéanfar gach beart praiticiúil, lena n-áirítear cóireáil, chun aon drochthionchar a mhaolú agus go mbeadh stádas ceimiceach is ísle ná maith ag an dobharlach dromchla glactha cheana féin i ndáil leis an gcuid is mó de na substaintí a athlonnaíodh, agus go háirithe maidir leis na substaintí is marthanaí agus is bithbhailithí, amhail PFASanna, agus go soláthraítear faisnéis a bhaineann leis na critéir, agus na cúiseanna leis an athlonnú, sa phlean bainistíochta abhantraí ábhartha. Tá na critéir beartaithe chun a áirithiú go gcoinneofar an leibhéal foriomlán cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol dá bhforáiltear i dTreoir 2000/60/CE. Le hathlonnú uisce nó dríodair truaillithe níor cheart baint de cháilíocht na n-acmhainní uisce óil, agus dá bhrí sin ba cheart crios a bhunú in aice le haon phointe astarraingthe uisce óil ina bhfuil gá le réamhchúraimí níos déine. Má tá criosanna faoi choimirce bunaithe ag na Ballstáit cheana faoi Airteagal 7 de Threoir 2000/60/CE, nó faoi Airteagal 8 de Threoir (AE) 2020/2184, d’fhéadfadh na criosanna sin fónamh don chuspóir. |
|
(32) |
Teastaíonn ón aistriú glas agus ó ghníomhaíochtaí eile a bhaineann le leas an phobail, mar shampla i réimsí na slándála agus na cosanta, infheistíochtaí suntasacha sna teicneolaíochtaí nua agus i bhforbairt na dteicneolaíochtaí nua sin, agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair réiteach a dhéanamh idir sin agus cuspóirí Threoir 2000/60/CE, mar shampla má theastaíonn uathu go ndéanfaí mianadóireacht agus go n-úsáidfí amhábhar criticiúil as a n-eascraíonn astaíochtaí substaintí a bhfuil imní ag teacht chun cinn ina leith. Tá sé tábhachtach measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann ó na substaintí sin don chomhshaol nó do shláinte an duine. Ba cheart é sin a chur san áireamh agus substaintí á gcur ar na liostaí faire. Tá sé chomh tábhachtach céanna na coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na cuspóirí foriomlána sin a shainaithint agus freagairtí iomchuí orthu a fhorbairt. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh mar chuid den tuarascáil cur chun feidhme arna tarraingt suas ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2000/60/CE. |
|
(33) |
Chun cur chuige comhchuibhithe agus cothrom na Féinne a áirithiú san Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Codanna A agus C d’Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Treoir 2006/118/CE maidir le treoirlínte i ndáil le luachanna tairsí a bhunú ag na Ballstáit a leasú, faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit maidir leis na truailleáin agus na táscairí truaillithe ar bunaíodh luachanna tairsí ina leith, measúnú ar stádas ceimiceach screamhuisce agus treochtaí marthanacha móra aníos a shainaithint agus a aisiompú. |
|
(34) |
I bhfianaise an ghá atá ann oiriúnú go tapa d’eolas eolaíoch agus teicniúil agus cur chuige comhchuibhithe agus cothrom na Féinne a áirithiú san Aontas i ndáil leis an nós imeachta maidir leis an gcaoi le CCCanna a shainiú le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Cuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/105/CE a leasú. |
|
(35) |
Leis an athbhreithniú ar liosta na substaintí tosaíochta i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE, thángthas ar an gconclúid nach ábhar imní ar fud an Aontais a thuilleadh iad substaintí tosaíochta éagsúla agus dá bhrí sin nár cheart iad a áireamh a thuilleadh san Iarscríbhinn sin. Ba cheart a mheas, dá bhrí sin, gur truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha iad na substaintí sin agus ba cheart iad a áireamh in iarscríbhinn nua a ghabhfaidh le Treoir 2008/105/CE in éineacht lena CCCanna comhfhreagracha. |
|
(36) |
Chun cothrom na Féinne a áirithiú san Aontas agus chun go mbeifear in ann an stádas dobharlach a chur i gcomparáid idir na Ballstáit, is gá luachanna tairsí náisiúnta a chomhchuibhiú le haghaidh roinnt truailleáin screamhuisce sintéiseacha de dhéantús an duine. Ba cheart luachanna tairsí a bhunú de réir mar is gá ar leibhéal an Aontais i gcomhair truailleáin de thionscnamh antrapaigineach nó i gcomhair táirgí a ndíghrádaithe nó a ndianscaoilte, ar choinníoll nach bhfaightear na truailleáin ná na táirgí díghrádúcháin sin go nádúrtha i screamhuisce, nó, más ann do chontrapháirteanna nádúrtha comhchosúla, ar choinníoll gur íseal ar a mhéad iad a leibhéil chúlra nádúrtha. Ba cheart na luachanna tairsí sin a áireamh sa stór luachanna tairsí comhchuibhithe le haghaidh substaintí sintéiseacha de dhéantús an duine i screamhuisce ar ábhar imní náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil iad i gCuid D nua d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE. Ba cheart luach tairsí comhchuibhithe le haghaidh earraí cógaisíochta aonair a áireamh lena chur i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le haon substaint ghníomhach chógaisíochta a shainaithnítear mar shubstaint lena mbaineann riosca ar an leibhéal náisiúnta mura rud é go bhfuil caighdeán nó luach tairsí níos déine socraithe go sonrach don tsubstaint sin ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(37) |
Ba cheart forálacha uile Threoir 2006/118/CE a bhaineann leis an measúnú ar stádas ceimiceach screamhuisce a oiriúnú don tríú catagóir de luachanna tairsí comhchuibhithe a thugtar isteach i gCuid D nua d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, i dteannta na gcaighdeán cáilíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus do na luachanna tairsí náisiúnta a leagtar amach i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(38) |
Chun cinnteoireacht éifeachtach chomhleanúnach a áirithiú agus sineirgí a fhorbairt leis an obair a dhéantar faoi chuimsiú reachtaíocht eile an Aontais maidir le ceimiceáin, ba cheart ról buan a bheidh teorannaithe go soiléir a thabhairt do ECHA maidir le tosaíocht a thabhairt do shubstaintí a bheidh le háireamh ar na liostaí faire agus ar na liostaí substaintí in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2008/105/CE agus in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE, agus maidir le caighdeáin cháilíochta eolaíochtbhunaithe iomchuí a dhíorthú. An Coiste um Measúnú Riosca (CMR) agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch (CASE) de chuid ECHA, ba cheart dóibh cur i gcrích cúraimí áirithe a thugtar do ECHA a éascú trí thuairimí a thabhairt uathu. Ba cheart do ECHA comhordú níos fearr a áirithiú freisin idir píosaí éagsúla den dlí comhshaoil trí thrédhearcacht mhéadaithe a mhéid a bhaineann le truailleáin atá ar liosta faire nó trí CCCanna nó luachanna tairsí náisiúnta nó uile-Aontais a cheapadh, trí thuarascálacha eolaíocha ábhartha a chur ar fáil go poiblí. Agus luachanna tairsí á ndíorthú le haghaidh substaintí cógaisíochta, ba cheart don ECHA dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA). |
|
(39) |
Thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta gur gá tuairisciú leictreonach a dhéanamh níos minice agus ar bhealach níos cuíchóirithe chun reachtaíocht uisce an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. I bhfianaise an róil atá ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) chun faireachán a dhéanamh níos tráthrialta freisin ar staid an truaillithe mar a thuairiscítear sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach, ba cheart don Ghníomhaireacht an tuairisciú níos minice agus níos cuíchóirithe sin ó na Ballstáit maidir leis na sonraí faireacháin a éascú. Tá sé tábhachtach go gcuirfí an fhaisnéis chomhshaoil ríthábhachtach sin ar fáil in am trátha don phobal agus don Choimisiún. Gan dochar do na hoibleagáidí minicíochta faireacháin i dTreoracha 2000/60/CE, 2006/118/CE agus 2008/105/CE, agus a mhéid a gineadh sonraí faireacháin nua mar thoradh ar na hoibleagáidí faireacháin faoi na Treoracha sin, ba cheart do na Ballstáit na sonraí seo a leanas a chur ar fáil don phobal agus do EEA: (i) gach 3 bliana, sonraí faireacháin maidir le gnéithe cáilíochta bitheolaíocha in uiscí dromchla a bailíodh agus a bailíochtaíodh le linn na 3 bliana roimhe sin; agus (ii) gach 2 bhliain, sonraí faireacháin maidir le gnéithe cáilíochta ceimiceacha in uisce dromchla agus screamhuisce a bailíodh agus a bailíochtaíodh le linn an 2 bhliain roimhe sin. Ba cheart é sin a dhéanamh trí na sásraí leictreonacha seachadta sonraí atá ann cheana, ar nós an córas, Reportnet, de chuid EEA, lena ndéantar tíolacadh sonraí a éascú tríd an uathoibriú, a bheidh ailínithe le sreabha sonraí ábhartha i Staid an Chomhshaoil ón gCóras Faisnéise Uisce don Eoraip. Moltar do na Ballstáit na sonraí faireacháin maidir le gnéithe cáilíochta ceimiceacha a chur ar fáil don phobal agus do EEA go bliantúil. Leanfar den stádas a thuairisciú sna pleananna bainistíochta abhantraí gach sé bliana. Tá coinne leis go mbeidh an t-ualach riaracháin teoranta sa mhéid go gceanglaítear ar na Ballstáit cheana féin téamaí sonraí spásúla a chur ar fáil go poiblí faoi Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus faoi Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). |
|
(40) |
Tá an measúnú ar stádas faoi Threoir 2000/60/CE bunaithe ar an bprionsabal díbeartha agus ba cheart nach n-athrófaí sin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is féidir chun dea-stádas nó dea-acmhainneacht a bhaint amach, de réir mar is iomchuí, i ndáil le gach gné cáilíochta aonair ábhartha. An tráth céanna, chun a áirithiú go mbeidh sé le feiceáil go ndearnadh nó nach ndearnadh dul chun cinn maidir le gnéithe cáilíochta aonair, fiú nuair nach mbaineann gach ceann acu dea-stádas nó dea-acmhainneacht amach, agus gur féidir an dul chun cinn nó an easpa dul chun cinn ar fud na mBallstát a chur i gcomparáid le chéile, ba cheart táscairí dul chun cinn a fhorbairt agus a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais chun go ndéanfadh na Ballstáit stádas nó acmhainneacht na ngnéithe cáilíochta aonair sin a chur i láthair agus a thuairisciú go haonfhoirmeach ar bhealach imdhealaithe. Ba cheart na táscairí dul chun cinn sin a léirmhíniú gan dochar do na conclúidí a baineadh as an bprionsabal díbeartha a chur i bhfeidhm. |
|
(41) |
Le comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar na sreabha sonraí a thuairiscítear do EEA faoi reachtaíocht uisce an Aontais agus, go háirithe na fardail astaíochtaí a cheanglaítear le Treoir 2008/105/CE, agus na sreabha sonraí a thuairiscítear don Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha faoi Threoir 2010/75/AE agus faoi Rialachán (AE) 2024/1244 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), fágfar go mbeidh an tuairisciú fardail i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2008/105/CE níos simplí agus níos éifeachtúla. An tráth céanna, laghdófar leis an t-ualach riaracháin agus an buaic-ualach oibre in ullmhúchán na bpleananna bainistíochta abhantraí. In éineacht le díothú an tuairiscithe eatramhaigh ar an dul chun cinn a dhéantar ar chur chun feidhme na gclár beart, rud nach raibh éifeachtach, leis an tuairisciú simplithe sin, cuirfear ar a gcumas do na Ballstáit iarracht níos mó a dhéanamh i dtaobh an tuairiscithe astaíochtaí nár cumhdaíodh leis an reachtaíocht maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha go dtí le déanaí ach a cumhdaíodh leis an tuairisciú astaíochtaí faoi Airteagal 5 de Threoir 2008/105/CE. |
|
(42) |
Le Conradh Liospóin, lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (22), a síníodh i Liospóin an 13 Nollaig 2007, tugadh idirdhealú isteach idir cumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, is iad sin gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe i ngníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú, agus na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, is iad sin gníomhartha ar mhaithe le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme. Ba cheart Treoir 2000/60/CE agus Treoir 2006/118/CE a ailíniú leis an gcreat dlíthiúil a thugtar isteach le Conradh Liospóin. |
|
(43) |
Comhlíontar leis an gcumhachtú in Airteagal 20(1), an chéad fhomhír, de Threoir 2000/60/CE lena ndéantar foráil maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a úsáid, na critéir in Airteagal 290(1) CFAE ós rud é go mbaineann an cumhachtú sin le hoiriúnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin agus le glacadh na rialacha lena bhforlíontar an Treoir. Ba cheart é a thiontú ina chumhachtú dá bhrí sin don Choimisiúin chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. An cumhachtú i roinn 1.4.1(ix) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE, lena ndéantar foráil maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a úsáid, comhlíontar leis an gcumhachtú sin na critéir in Airteagal 291(2) CFAE, ós rud é go mbaineann sé leis na coinníollacha aonfhoirmeacha chun an Treoir sin a chur chun feidhme. Ba cheart é a thiontú ina chumhachtú dá bhrí sin don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. |
|
(44) |
An cumhachtú in Airteagal 8(1) de Threoir 2006/118/CE lena ndéantar foráil maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a úsáid, comhlíontar leis an gcumhachtú sin na critéir in Airteagal 290(1) CFAE, ós rud é go mbaineann sé le hoiriúnuithe ar Chodanna A agus C d’Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin. Ba cheart é a thiontú ina chumhachtú dá bhrí sin don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. |
|
(45) |
Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin maidir le gníomhartha tarmligthe, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (23). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag na saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(46) |
An cumhachtú in Airteagal 8(3) de Threoir 2000/60/CE lena ndéantar foráil maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a úsáid, comhlíontar leis an gcumhachtú sin na critéir in Airteagal 291(2) CFAE, ós rud é go mbaineann sé le glacadh na sonraíochtaí teicniúla agus na modhanna caighdeánaithe chun anailís agus faireachán a dhéanamh ar stádas uisce agus é mar aidhm leis, dá bhrí sin, coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme comhchuibhithe na Treorach sin. Ba cheart é a thiontú ina chumhachtú dá bhrí sin don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Chun inchomparáideacht na sonraí a áirithiú, ba cheart an cumhachtú a leathnú freisin chun bunú formáidí a áireamh, ar formáidí iad a úsáidfear chun sonraí faireacháin agus stádais a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 2000/60/CE. Na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). |
|
(47) |
Ba cheart do na saineolaithe sna Ballstáit leanúint de bheith rannpháirteach sa chomhar rialta a éascaítear leis an gComhstraitéis Cur Chun Feidhme do Threoir 2000/60/CE agus go háirithe sna meithleacha a bhunaítear fúithi, agus dá bhrí sin, ba cheart dlúthbhaint a bheith acu go háirithe leis an athbhreithniú ar na liostaí faire, leis na nuashonruithe ar na liostaí truailleán agus le bunú na bhformáidí tuairiscithe. |
|
(48) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2000/60/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun sonraíochtaí teicniúla agus modhanna caighdeánaithe a leagan amach chun anailís agus faireachán a dhéanamh ar stádas uisce i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, chun formáidí a bhunú maidir le sonraí faireacháin agus stádais a thuairisciú, chun torthaí an chleachtaidh idirchalabraithe agus na luachanna arna mbunú le haghaidh aicmithe chóras faireacháin na mBallstát a ghlacadh i gcomhréir le roinn 1.4.1 (ix) d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, agus chun táscairí dul chun cinn a ghlacadh lenar féidir comparáid a dhéanamh idir an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i dtreo dea-stádas nó dea-acmhainneacht a ndobharlach a bhaint amach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(49) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2006/118/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun liosta faire screamhuisce a ghlacadh agus chun liosta a bhunú de mheitibilítí ábhartha agus neamhábhartha a thagann ó shubstaintí lotnaidicídí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(50) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2008/105/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáidí caighdeánaithe a ghlacadh maidir le hastaíochtaí poncfhoinse nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/1244 agus astaíochtaí idirleata a thuairisciú do EEA. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(51) |
Is gá dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil i réimse an fhaireacháin ar stádas na ndobharlach a chur san áireamh i gcomhréir leis na ceanglais faireacháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit sonraí agus seirbhísí a úsáid ó theicneolaíochtaí cianbhraiteachta, faire na cruinne, ar nós seirbhísí Copernicus, braiteoirí agus feistí in situ, córais faireacháin ar cháilíocht uisce ar líne, nó sonraí eolaíochta na saoránach, agus leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an intleacht shaorga, ard-anailísiú sonraí agus ardphróiseáil sonraí.. I gcomhréir le Straitéis Dhigiteach an Aontais, lena n-áirítear a cuspóirí maidir le digiteáil mhéadaithe i gcás seirbhísí poiblí agus gnólachtaí, moltar do na Ballstáit leas a bhaint as acmhainneacht na digiteála le haghaidh bainistiú uisce agus go háirithe i gcás faireachán ar cháilíocht an uisce. Tá sé tábhachtach measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé córais ar líne a úsáid chun faireachán leanúnach, beacht agus fíor-ama a dhéanamh ar cháilíocht uisce, agus treoraíocht a fhorbairt, más iomchuí, maidir lena gcur i bhfeidhm. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh i gcomhthéacs na Comhstraitéise Cur Chun Feidhme do Threoir 2000/60/CE, agus é mar aidhm leis cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a dteicnící faireacháin ar cháilíocht uisce a dhigiteáil, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí. Moltar do na Ballstáit a bhfuil bearta déanta acu chun teicnící faireacháin a dhigiteáil achoimre ar na bearta sin a áireamh ina bpleananna bainistíochta abhantraí. |
|
(52) |
Ba cheart do na Ballstáit úsáid uirlisí digiteacha mar shampla teicneolaíochtaí cianbhraiteachta agus faire na cruinne, ar nós seirbhísí Copernicus, a spreagadh. |
|
(53) |
Ba cheart do na húdaráis inniúla tacaíocht a thabhairt don oiliúint, do chláir forbartha scileanna agus d’infheistíocht i gcaipiteal daonna chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach na dteicneolaíochtaí agus na réiteach nuálach is fearr faoi chuimsiú Threoir 2000/60/CE. |
|
(54) |
I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (25), a síníodh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998, tá rochtain ar cheartas le bheith ag baill den phobal lena mbaineann chun rannchuidiú le cosaint an chirt chun cónaí i dtimpeallacht atá leordhóthanach do shláinte agus d’fholláine an duine. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit rochtain ar cheartas a áirithiú faoi Threoir 2000/60/CE i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún sin. Thairis sin, de réir cásdlí socair ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is faoi chúirteanna na mBallstát atá sé cosaint bhreithiúnach ar chearta duine faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Sa bhreis air sin, le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ceanglaítear ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. |
|
(55) |
I bhfianaise na méaduithe ar imeachtaí aimsire nach féidir a thuar, go háirithe tuilte foircneacha agus tréimhsí triomaigh fada, agus ar theagmhais truaillithe móra as a n-eascraíonn truailliú trasteorann de thimpiste nó ina gcuirtear an truailliú sin in olcas, ba cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar faisnéis maidir le teagmhais den sórt sin gan mhoill do Bhallstáit eile dá bhféadfaí difear a dhéanamh agus dul i gcomhar go héifeachtach leis na Ballstáit sin chun éifeachtaí na himeachta nó an teagmhais a mhaolú. Is gá freisin an comhar idir na Ballstáit a threisiú agus nósanna imeachta maidir le comhar trasteorann a chuíchóiriú i gcás fadhbanna níos struchtúraí, i.e. fadhbanna trasteorann níos fadtéarmaí nach de dheasca timpiste iad agus nach féidir a réiteach ar leibhéal na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2000/60/CE. I gcás ina bhfuil comhar éifeachtach bunaithe cheana féin ag na Ballstáit, ba cheart é sin a chur san áireamh. I gcás ina mbeidh gá le cúnamh ón Aontas, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta iarrataí ar chúnamh a sheoladh chuig Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin, rud a éascóidh comhordú ar sholáthar an chúnaimh is gá tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26). Thairis sin, ós rud é gur féidir le ceantair abhantraí síneadh thar chríoch an Aontais freisin, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit Treoir 2000/60/CE chun feidhme go héifeachtach laistigh dá gcríocha faoi seach. Ba cheart do na Ballstáit féachaint freisin le comhordú iomchuí a bhunú leis na tríú tíortha ábhartha, rud a rannchuideodh le comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach sa Treoir sin maidir leis na ceantair abhantraí shonracha sin. |
|
(56) |
Ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar an bhféidearthacht sásra freagrachta táirgeora leathnaithe a áireamh i dTreoir 2000/60/CE. Ba cheart a chur san áireamh sa tuarascáil sin an taithí a fuarthas go háirithe ó chur chun feidhme na bhforálacha maidir le freagracht táirgeora leathnaithe i reachtaíocht an Aontais maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, dramhaíl, agus plaistigh aon úsáide. |
|
(57) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoracha 2000/60/CE, 2006/118/CE agus 2008/105/CE a leasú dá réir sin. |
|
(58) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, is é sin ardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhas ar cháilíocht comhshaoil fhionnuiscí na hEorpa a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar thréithe trasteorann an truaillithe uisce, agus, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2000/60/CE
Leasaítear Treoir 2000/60/CE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fleasc:
; |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2): ‘2. I gcás gach dobharlach a shainaithnítear faoi mhír 1 den Airteagal seo, i dteannta cuspóirí Airteagal 4 den Treoir seo a chomhlíonadh i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo, agus i gcás dobharlaigh dhromchla, lena n-áirítear na caighdeáin cháilíochta arna mbunú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, go gcomhlíonfaidh an t-uisce atá faoi réir an chórais cóireála uisce a chuirtear i bhfeidhm, ceanglais Threoir (AE) 2020/2184.’ |
|
(5) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
|
(6) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(7) |
leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: ‘Airteagal 12 Saincheisteanna nach féidir déileáil leo ar leibhéal na mBallstát 1. I gcás ina sainaithneoidh Ballstát saincheist ag a bhfuil tionchar ar bhainistíocht a chuid uisce ach nach féidir leis an mBallstát sin í a réiteach, tabharfaidh sé fógra faoin tsaincheist d’údaráis inniúla aon Bhallstáit ábhartha agus, i gcás ina bhfuil ceantar abhantraí idirnáisiúnta i gceist, d’aon struchtúr comhordúcháin ábhartha arna shainaithint faoi Airteagal 3(4) agus déanfaidh sé moltaí maidir lena réiteach. 2. Rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhar le chéile chun foinsí na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint mar aon leis na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Freagróidh na Ballstáit ar a chéile go tráthúil, agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil. 3. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas faoi aon chomhar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus iarrfar ar an gCoimisiún cúnamh a thabhairt maidir leis an gcomhar sin. I gcás inarb iomchuí, breithneoidh an Coimisiún, agus na pleananna a thuairiscítear de bhun Airteagal 15 á gcur san áireamh, an gá tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun na tionchair thrasteorann ar dhobharlaigh a laghdú. 4. Tabharfaidh an Coimisiún barúil laistigh de thréimhse 6 mhí maidir le haon mholtaí a fuarthas ó na Ballstáit i gcomhthéacs an chomhair dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. 5. I gcás ina dtagann ann, i mBallstát, d’imthosca eisceachtúla de thionscnamh nádúrtha nó d’fhoinsí antrapaigineacha nó force majeure, go háirithe tuilte foircneacha agus tréimhsí triomaigh fada, nó teagmhais truaillithe mhóra, lena bhféadfaí difear a dhéanamh do dhobharlaigh atá lonnaithe i mBallstáit eile, áiritheoidh an Ballstát sin go gcuirfear údaráis inniúla na ndobharlach atá buailte sna Ballstáit siúd, mar aon le haon údarás comhordúcháin ábhartha arna shainaithint faoi Airteagal 3(4) le haghaidh abhantrach idirnáisiúnta, agus an Coimisiún, ar an eolas láithreach agus go gcuirfear an comhar is gá ar bun idir na Ballstáit dá ndéantar difear, mura bhfuil sé i bhfeidhm cheana féin, agus go mbainfear leas as an gcomhar sin chun na cúiseanna a imscrúdú agus chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na n-imthosca nó na dteagmhas eisceachtúla agus chun freagairt éigeandála a fheidhmiú de réir mar is iomchuí.’ |
|
(9) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 14a Rochtain ar cheartas 1. I gcomhréir leis an gcuspóir go rannchuideofaí le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (*13), arna shíniú in Aarhus an 25 Meitheamh 1998, áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an gcóras dlí náisiúnta ábhartha, go mbeidh rochtain ag an bpobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht nós imeachta cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha faoi réir Airteagail 4 agus 11 agus Airteagal 13(1) den Treoir seo, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
2. Is iad na Ballstáit a chinnfidh cad is leas leordhóthanach ann agus cad is sárú cirt ann, i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain fhairsing ar cheartas a thabhairt don phobal lena mbaineann. Chuige sin, measfar gur leor an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta chun críoch mhír 1(a). Measfar freisin go bhfuil, ag na heagraíochtaí sin, cearta ar féidir iad a shárú chun críoch mhír 1(b). 3. Ní bheidh seasamh sa nós imeachta um athbhreithniú coinníollach ar an ról a bhí ag an mball den phobal lena mbaineann le linn céim rannpháirtíochta de na nósanna imeachta cinnteoireachta faoin Treoir seo. 4. Cinnfidh na Ballstáit an chéim ag a bhféadfar agóid a dhéanamh in aghaidh na gcinntí, na ngníomhartha nó na neamhghníomhartha dá dtagraítear i mír 1. 5. Beidh an nós imeachta um athbhreithniú cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh sé róchostasach, agus déanfar foráil ann maidir le sásraí leordhóthanacha éifeachtacha sásaimh, lena n-áirítear faoiseamh urghaire i gcás inarb iomchuí. 6. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal maidir le rochtain ar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear san Airteagal seo. (*13) IO L 124, 17.5.2005, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2005/370/oj.’;" |
|
(10) |
in Airteagal 15, scriostar mír 3; |
|
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16: ‘Airteagal 16 Straitéisí i gcoinne truailliú uisce 1. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta sonracha i gcoinne truailliú uisce ó thruailleáin aonair nó grúpaí truailleán a bhfuil riosca suntasach ag baint leo don timpeallacht uisceach nó tríd an timpeallacht uisceach, lena n-áirítear rioscaí do na huiscí a úsáidtear chun uisce óil a astarraingt. I gcás na dtruailleán sin, díreofar bearta ar shubstaintí tosaíochta a laghdú de réir a chéile, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(30), agus ar scor den sceitheadh, d’astaíochtaí agus de chaillteanais substaintí guaiseacha tosaíochta nó deireadh a chur leo de réir a chéile, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(30a). Glacfar na bearta sin ag gníomhú ar na tograí arna dtíolacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Chonradh. 2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na substaintí tosaíochta agus na CCCanna comhfhreagracha le haghaidh na substaintí sin a leagtar síos i gcuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE faoin 11 Bealtaine 2032 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an athbhreithniú chun liosta na substaintí tosaíochta agus na CCCanna comhfhreagracha in uisce dromchla, i ndríodar nó i mbithra a thabhairt cothrom le dáta. Agus an t-athbhreithniú á dhéanamh aige, tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht do shubstaintí le haghaidh gníomhaíochta ar bhonn an riosca atá ann don timpeallacht uisceach nó tríd an timpeallacht uisceach, arna sainaithint ag:
3. Le linn an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na substaintí tosaíochta a chatagóiriú i gceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:
Agus an méid sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sainaithint substaintí ar údar imní iad faoi reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais maidir le substaintí guaiseacha, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*19), i gcomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, agus i dtuarascálacha eolaíocha ábhartha. Tabharfar aird ar leith ar shubstaintí a chomhlíonann na critéir in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcás ina bhfuil na critéir lena mbaineann ábhartha don chomhshaol uisceach. 3a. Mar chuid den athbhreithniú agus den togra a ghabhann leis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, substaintí a dhíroghnú ón liosta substaintí i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE mura bhfuil riosca suntasach ag baint leo a thuilleadh don timpeallacht uisceach nó tríd an timpeallacht uisceach san Aontas agus iad a áireamh i stór CCCanna comhchuibhithe le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin. Cuirfear san áireamh sa togra torthaí mheasúnuithe na mBallstát ar bhrúnna agus ar thionchair ar dhobharlaigh dhromchla, a rinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. Déanfaidh na Ballstáit CCCanna comhchuibhithe comhfhreagracha a chur chun feidhme más cúis imní náisiúnta nó réigiúnach iad na truailleáin, i gcomhréir le hAirteagal 8d de Threoir 2008/105/CE. 4. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na dtruailleán a bhaineann go sonrach le habhantracha agus de CCCanna comhfhreagracha i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/105/CE faoin 11 Bealtaine 2032 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an athbhreithniú chun an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta. 4a. Agus truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha á sainaithint ag an gCoimisiún, truailleáin a d’fhéadfadh sé gur gá CCCanna a shocrú ina leith ar leibhéal an Aontais, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
4b. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an liosta táscach de chatagóirí de thruailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/105/CE faoin 11 Bealtaine 2032 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, agus i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an athbhreithniú chun an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta. 5. Chun cabhrú leis an gCoimisiún maidir lena athbhreithniú ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2008/105/CE, ullmhóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) tuarascálacha eolaíocha, ina gcuirfear an méid seo a leanas san áireamh:
Faoin 11 Bealtaine 2030 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, ullmhóidh ECHA tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na dtuarascálacha eolaíocha arna n-ullmhú faoin mír seo agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. 6. Tíolacfaidh an Coimisiún tograí, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh rialuithe chun an méid seo a leanas a bhaint amach:
Agus an méid sin á dhéanamh aige, sainaithneoidh an Coimisiún an leibhéal iomchuí costéifeachtach comhréireach agus an teaglaim de rialuithe táirge agus próisis le haghaidh poncfhoinsí agus foinsí idirleata araon agus cuirfidh sé san áireamh teorainnluachanna astaíochta aonfhoirmeacha le haghaidh rialuithe próisis ar fud an Aontais. I gcás inarb iomchuí, féadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun rialuithe próisis a bhunú ar bhonn earnáil ar earnáil. I gcás ina n-áirítear le rialuithe táirgí nó próisis athbhreithniú ar na húdaruithe ábhartha nó ar na formheasanna substaintí arna n-eisiúint faoi Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, Treoir 2009/128/CE, Rialachán (CE) Uimh 1107/2009, Treoir 2010/75/AE, Rialachán (AE) Uimh 528/2012 nó Rialachán (AE) Uimh 2019/6, déanfar na hathbhreithnithe sin i gcomhréir le forálacha na dTreoracha agus na Rialachán sin mar a léirítear in Airteagal 7a de Threoir 2008/105/CE. Cuirfear san áireamh sna hathbhreithnithe sin measúnú an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 7a(1) de Threoir 2008/105/CE. Sonrófar i ngach togra le haghaidh rialuithe, i gcás inarb iomchuí, socruithe maidir lena n-athbhreithniú agus lena dtabhairt cothrom le dáta agus maidir le measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht. 9. Féadfaidh an Coimisiún straitéisí a ullmhú i gcoinne truailliú uisce ag aon truailleáin eile nó grúpaí truailleán eile, lena n-áirítear aon truailliú den sórt sin a tharlaíonn de dheasca timpistí. (*14) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/83/oj)." (*15) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 a bhaineann le Clárú, Measúnú, Údarú agus Teorannú Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj)." (*16) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj)." (*17) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj)." (*18) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj)." (*19) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le substaintí agus meascáin a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú, agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).’;" |
|
(12) |
in Airteagal 17, scriostar míreanna 4 agus 5; |
|
(13) |
in Airteagal 18, scriostar mír 4; |
|
(14) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 19a Tuarascáil maidir le sásra freagrachta táirgeora leathnaithe Faoin 11 Bealtaine 2029, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an bhféidearthacht sásra i leith freagracht leathnaithe táirgeora a áireamh sa Treoir seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil go háirithe ar a indéanta atá sé ceangal a chur ar tháirgeoirí rannchuidiú le costais na gclár faireacháin arna ndearadh faoi Airteagal 8 den Treoir seo má chuireann na táirgeoirí sin táirgí ar mhargadh an Aontais ina bhfuil aon cheann de na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE.’ |
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 20 agus 21: ‘Airteagal 20 Oiriúnuithe teicniúla agus an Treoir seo a chur chun feidhme Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20a chun Iarscríbhinní I agus III agus Roinn 1.3.6 d’Iarscríbhinn V a leasú chun na ceanglais maidir le faisnéis a bhaineann le húdaráis inniúla, ábhar na hanailíse eacnamaíche agus na caighdeáin faireacháin roghnaithe, faoi seach, a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Airteagal 20a An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 10 Bealtaine 2026. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha ina choinne ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí i ndiaidh fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 21 Nós Imeachta Coiste 1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*20). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*20) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).’;" |
|
(16) |
in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Na cuspóirí comhshaoil in Airteagal 4, na caighdeáin cáilíochta comhshaoil a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE agus na caighdeáin cáilíochta comhshaoil le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a bhunaítear de bhun Airteagal 16(4) den Treoir seo, measfar gur caighdeáin cáilíochta comhshaoil iad chun críocha Threoir 2010/75/AE.’ |
|
(17) |
leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(18) |
i gCuid B d’Iarscríbhinn VII, cuirtear an pointe seo a leanas léi:
; |
|
(19) |
leasaítear Iarscríbhinn VIII i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(20) |
scriostar Iarscríbhinní IX agus X. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2006/118/CE
Leasaítear Treoir 2006/118/CE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le truailliú screamhuisce a chosc agus a rialú’ ; |
|
(2) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Leis an Treoir seo, bunaítear bearta sonracha dá bhforáiltear faoi Airteagail 17 de Threoir 2000/60/CE chun truailliú screamhuisce a chosc agus a rialú, bearta arb é is aidhm dóibh na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4(1)(b) den Treoir sin a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin an méid seo a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(5) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 6a Liosta faire 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta faire substaintí a bhunú, ag féachaint do thuarascálacha eolaíocha a ullmhaíonn ECHA i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, ar substaintí iad dá bhfuil sonraí faireacháin uile-Aontais le bailiú ag na Ballstáit chun tacú le hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar Iarscríbhinní I agus II agus chun na formáidí a leagan síos a bheidh le húsáid ag na Ballstáit chun torthaí an fhaireacháin sin agus faisnéis ghaolmhar a thuairisciú don Choimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2). Beidh cúig shubstaint nó cúig ghrúpa substaintí, nó cúig tháscaire truaillithe ar a mhéad ar an liosta faire in aon am amháin, agus na modhanna anailíse a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh gach substainte. Ní bheidh costais iomarcacha ar na húdaráis inniúla ag baint leis na modhanna sin a úsáid. Na substaintí a bheidh le háireamh ar an liosta faire, roghnófar iad as measc na substaintí sin lena léirítear leis an bhfaisnéis atá a sholáthraítear go bhféadfadh riosca substaintiúil a bheith ag baint leo ar leibhéal an Aontais don timpeallacht uisceach, nó tríd an timpeallacht uisceach, agus nach leordhóthanach sonraí faireacháin lena n-aghaidh. Áireofar ar an liosta faire sin substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad. Ar bhonn na dtuarascálacha eolaíocha arna n-ullmhú ag ECHA i gcomhréir le mír 2, áireoidh an Coimisiún sa liosta faire micreaphlaistigh agus táscairí iomchuí maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, láithreacht, éabhlóid nó tarchur na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (“táscairí maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha”), ar choinníoll go bhfuil modhanna samplála agus anailíse ar fáil atá iontaofa agus nach mbeidh costas iomarcach ag baint leo. Faoin 1 Nollaig 2027, sainaithneoidh an Coimisiún na modhanna samplála agus anailíse sin. 2. Ullmhóidh ECHA tuarascálacha eolaíocha chun cabhrú leis an gCoimisiún na substaintí agus na táscairí a roghnú lena n-áireamh ar an liosta faire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus an fhaisnéis seo a leanas á cur san áireamh:
3. Sna tuarascálacha eolaíocha arna n-ullmhú ag ECHA i gcomhréir le mír 2, cuirfear i láthair liosta de shubstaintí inbhreithnithe, grúpaí substaintí, nó táscairí, modh táscach anailíse agus uasteorainn cainníochtaithe inghlactha le haghaidh gach ceann díobh, agus tagairt tacaíochta do litríocht eolaíoch nó do threoraíocht eolaíoch ag gabháil leis sin. 4. Faoin 1 Feabhra 2028 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, ullmhóidh ECHA tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na dtuarascálacha eolaíocha arna n-ullmhú i gcomhréir le mír 2 agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. 5. Faoin 1 Meitheamh 2028, bunóidh an Coimisiún an chéad liosta faire dá dtagraítear i mír 1, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Agus an liosta faire á thabhairt cothrom le dáta aige, bainfidh an Coimisiún aon substaint, aon ghrúpa substaintí nó aon táscaire den liosta faire, i gcás ina measann an Coimisiún gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann leis don timpeallacht uisceach gan sonraí faireacháin breise. Mar sin féin, féadfar substaint aonair, grúpa substaintí nó táscaire a choimeád ar an liosta faire ar feadh tréimhse 3 bliana eile i gcás inar gá sonraí faireacháin breise a dhéanamh chun an riosca don timpeallacht uisceach a mheas. Féadfaidh an Coimisiún substaint, grúpa substaintí nó táscaire breise amháin nó níos mó a chur leis freisin i gcás ina measann sé, ag féachaint do thuarascálacha eolaíocha ECHA, go bhféadfadh riosca forleathan a bheith ann don timpeallacht uisceach, faoi réir an liosta faire nuashonraithe ina bhfuil cúig shubstaint, cúig ghrúpa substaintí, nó cúig tháscaire ar a mhéad, i gcomhréir le mír 1. Ní choinneofar micreaphlaistigh ná táscairí frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha ar an liosta faire ar feadh an dara tréimhse 3 bliana as a chéile ach amháin má tá modheolaíocht measúnaithe riosca ar fáil atá comhchuibhithe agus iontaofa agus a léiríonn, nuair a chuirtear i bhfeidhm í, nach leor na sonraí faireacháin a bailíodh le linn na chéad tréimhse faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann leo don timpeallacht uisceach nó tríd an timpeallacht uisceach. 6. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar gach substaint, ar gach grúpa substaintí agus ar gach táscaire ar an liosta faire dá dtagraítear i mír 1 ag stáisiúin faireacháin ionadaíocha roghnaithe in imeacht tréimhse 24 mhí. Tosóidh an tréimhse faireacháin laistigh de 6 mhí ó bhunú an liosta faire, ach ní gá tús a chur le sampláil agus anailís ag tús na tréimhse sin. Roghnóidh gach Ballstát dhá stáisiún faireacháin ar a laghad, móide an líon stáisiún atá cothrom lena limistéar iomlán de dhobharlaigh screamhuisce in km2 arna roinnt ar 45 000 arna slánú chuig an slánuimhir is gaire. Agus na stáisiúin faireacháin ionadaíocha á roghnú acu, mar aon le minicíocht agus uainiú an fhaireacháin le haghaidh gach substainte, grúpa substaintí nó táscaire, cuirfidh na Ballstáit san áireamh athraitheacht shéasúrach na báistí, leibhéil uisce, patrúin úsáide agus an fhéidearthacht go dtarlódh don tsubstaint, don ghrúpa substaintí nó don táscaire a bheith ann. Ní bheidh an mhinicíocht faireacháin níos lú ná uair sa bhliain. I gcás ina mbeidh Ballstát in ann sonraí faireacháin ionadaíocha, inchomparáide, leordhóthanacha a taifeadadh le déanaí a ghiniúint le haghaidh substaint áirithe, grúpa substaintí áirithe nó táscaire áirithe ó chláir nó ó staidéir faireacháin atá ann cheana, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh gan faireachán breise a dhéanamh faoin sásra liosta faire le haghaidh na substainte sin, an ghrúpa substaintí sin nó an táscaire sin, ar choinníoll go ndearnadh faireachán ar an tsubstaint, ar an ngrúpa substaintí nó ar an táscaire trí bhíthin modheolaíocht a chomhlíonann na modhanna anailíse dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an liosta faire. 7. Cuirfidh na Ballstáit torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo ar fáil go bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 2000/60/CE agus i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an liosta faire mar a ghlactar de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Cuirfidh siad faisnéis ar fáil freisin faoi ionadaíochas na stáisiún faireacháin agus faoin straitéis faireacháin. 8. Ag deireadh na tréimhse 24 mhí dá dtagraítear i mír 6, déanfaidh ECHA athbhreithniú ar thorthaí an fhaireacháin agus déanfaidh sé measúnú maidir leis na substaintí, na grúpaí substaintí nó na táscairí is gá faireachán a dhéanamh orthu ar feadh tréimhse 24 mhí eile agus, dá bhrí sin, atá le coinneáil ar an liosta faire agus na substaintí, na grúpaí substaintí nó na táscairí is féidir a bhaint den liosta faire. I gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid, ag féachaint don mheasúnú a dhéanann ECHA dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach gá aon fhaireachán eile a dhéanamh chun tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar an riosca don timpeallacht uisceach, cuirfear an measúnú sin san áireamh san athbhreithniú ar Iarscríbhinn I nó II dá dtagraítear in Airteagal 8. (*23) Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/105/oj)." (*24) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/83/oj)." (*25) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 a bhaineann le Clárú, Measúnú, Údarú agus Teorannú Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj)." (*26) Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/128/oj)." (*27) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj)." (*28) Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (IO L 315, 7.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2379/oj)." (*29) Rialachán (AE) 2024/1244 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le tuairisciú sonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena mbunaítear Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 (IO L, 2024/1244, 2.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1244/oj)." (*30) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj).’;" |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 Athbhreithniú ar Iarscríbhinní I go IV agus forálacha sonracha maidir le substaintí áirithe 1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na dtruailleán agus na dtáscairí truaillithe agus ar na caighdeáin cáilíochta chomhfhreagracha le haghaidh na dtruailleán sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I faoin 11 Bealtaine 2032 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, agus i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an athbhreithniú chun an liosta truailleán agus na caighdeáin cáilíochta chomhfhreagracha a thabhairt cothrom le dáta. 2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na dtruailleán agus na dtáscairí truaillithe nach mór do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar luachanna tairsí náisiúnta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn II a bhunú ina leith faoin 11 Bealtaine 2032 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin agus i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an athbhreithniú chun an liosta truailleán i gCuid B d’Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta. 3. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an stór luachanna tairsí comhchuibhithe i gCuid D d’Iarscríbhinn II faoin 11 Bealtaine 2032 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, agus i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an athbhreithniú chun an taisclann agus na luachanna tairsí comhchuibhithe comhfhreagracha i gCuid B d’Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta. 4. Agus na hathbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 á ndéanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé na tuarascálacha eolaíocha a ullmhaíonn ECHA de bhun mhír 6 san áireamh. 5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun Codanna A agus C d’Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinní III agus IV a leasú a bhaineann le treoirlínte i ndáil le luachanna tairsí a bhunú ag na Ballstáit, faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit maidir leis na truailleáin agus na táscairí truaillithe ar bunaíodh luachanna tairsí ina leith, measúnú ar stádas ceimiceach ag screamhuisce agus treochtaí aníos suntasacha agus marthanacha a shainaithint agus a aisiompú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. 6. Chun cabhrú leis an gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar Iarscríbhinní I agus II, ullmhóidh ECHA tuarascálacha eolaíocha. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sna tuarascálacha sin:
Áireofar sna tuarascálacha eolaíocha dá dtagraítear sa chéad fhomhír tograí le haghaidh caighdeáin cháilíochta nó luachanna tairsí le haghaidh na dtruailleán nó na dtáscairí truaillithe faoi seach chomh maith le modh anailíseach oiriúnach. 7. Gach 6 bliana, ullmhóidh ECHA tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na dtuarascálacha eolaíocha arna n-ullmhú faoi mhír 6 agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Cuirfear an chéad tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 11 Bealtaine 2030. 8. Agus an chéad athbhreithniú eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh aige, breithneoidh an Coimisiún ar chaighdeán cáilíochta a bhunú le haghaidh Iomlán na PFASanna i screamhuisce, agus é mar aidhm aige comhlánú a dhéanamh ar an treoraíocht maidir le faireachán a dhéanamh ar Iomlán PFAS in uisce óil, arna forbairt i gcomhréir le hAirteagal 13(7) de Threoir (AE) 2020/2184, chun í a dhénamh infheidhme maidir le faireachán a dhéanamh ar Iomlán PFAS i screamhuisce. Moltar cheana féin do na Ballstáit an treoraíocht sin a chur i bhfeidhm nuair a dhéantar faireachán ar Iomlán na PFASanna i screamhuisce agus na sonraí a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 2000/60/CE. I bhfianaise thocsaineacht, mharthanacht agus leitheadúlacht an aigéid thrífhluaraicéitigh sa chomhshaol, déanfaidh an Coimisiún freisin, ag an gcéad athbhreithniú eile, breithniú ar chaighdeán cáilíochta a bhunú le haghaidh aigéad trífhluaraicéiteach ar leithligh, nó mar chuid de shuim, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo. 9. Agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, breithneoidh an Coimisiún ar chaighdeáin cháilíochta a shocrú le haghaidh shuim nó shuimeanna na n-earraí cógaisíochta roghnaithe de réir modh gníomhaíochta agus le haghaidh shuim na mbisfeanól; agus ar an gcúis sin liostaítear “suim(eanna) na n-earraí cógaisíochta roghnaithe de réir modh gníomhaíochta” agus “suim na mbisfeanól” in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2006/118. Breithneoidh an Coimisiún freisin an bhféadfaí cur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh chun caighdeáin cháilíochta a shocrú le haghaidh iomlán na n-earraí cógaisíochta agus le haghaidh iomlán na mbisfeanól i screamhuisce, agus modhanna faireacháin oiriúnacha á n-úsáid mar thaca. 10. Agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, breithneoidh an Coimisiún ar na caighdeáin cháilíochta in Iarscríbhinn I a athbhreithniú le haghaidh lotnaidicídí aonair, iomlán na lotnaidicídí agus meitibilítí neamhábhartha i screamhuisce.’ |
|
(8) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 8a An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 6 bliana ón 10 Bealtaine 2026. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 6 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí i ndiaidh fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon i ndiaidh a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’ |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: ‘Airteagal 9 Nós Imeachta Coiste 1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*31). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.; (*31) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).’;" |
|
(10) |
scriostar Airteagal 10; |
|
(11) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I; |
|
(12) |
leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(13) |
in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(c):
; |
|
(14) |
in Iarscríbhinn IV, Cuid B, pointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
; |
|
(15) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo leis mar Iarscríbhinn V. |
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2008/105/CE
Leasaítear Treoir 2008/105/CE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil agus maidir le cosc agus rialú ar thruailliú uisce dromchla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin na Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’ ; |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: ‘Airteagal 5 Fardal d’astaíochtaí, sceitheadh agus caillteanais 1. Ar bhonn na faisnéise a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 8 de Threoir 2000/60/CE agus na sonraí eile atá ar fáil, bunóidh gach Ballstát fardal d’astaíochtaí, sceitheadh agus caillteanais, de na substaintí tosaíochta ar fad a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus de na substaintí ar fad a shainaithin na Ballstáit mar thruailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha le haghaidh gach ceantair abhantraí nó cuid de cheantar abhantraí atá laistigh dá gcríoch. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le hastaíochtaí, sceitheadh agus caillteanais arna dtuairisciú trí mheán leictreonach, ar bhonn bliantúil, chuig an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2024/1244 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*32), i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin. 2. Déanfaidh na Ballstáit a bhfardail a thabhairt cothrom le dáta mar chuid de na hathbhreithnithe a shonraítear in Airteagal 5(2) de Threoir 2000/60/CE. Úsáidfear an bhliain roimh an mbliain ina bhfuil na hathbhreithnithe a shonraítear in Airteagal 5(2) de Threoir 2000/60/CE le cur i gcrích mar thréimhse thagartha chun na luachanna a leagan síos sna fardail nuashonraithe. Mar chuid de na nuashonruithe sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na hastaíochtaí poncfhoinse san uisce nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1244 nó a thagann faoi bhun na dtairseach tuairiscithe bliantúil a leagtar amach sa Rialachán sin, chomh maith le hastaíochtaí truailleán ó fhoinsí idirleata mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 3 den Rialachán sin, san uisce, a thuairisciú freisin trí mheán leictreonach chuig an gCoimisiún, chun iad a chur ar fáil ar an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha a bunaíodh faoin Rialachán sin, gach 6 bliana ar a laghad, agus a chomhiomlánú ar leibhéal gach ceantair abhantraí nó cuid de laistigh de chríoch Ballstáit. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunófar formáid an tuairiscithe dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Treoir seo. Nuair a bheidh an gníomh cur chun feidhme sin á leagan síos, tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún, i gcás inar gá sin. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sna pleananna bainistithe abhantraí a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2000/60/CE tagairt shoiléir nó nasc gréasáin chuig an bhfaisnéis uile maidir leis na hastaíochtaí san uisce a chuirtear ar fáil ar an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo. (*32) Rialachán (AE) 2024/1244 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le tuairisciú sonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena mbunaítear Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 (IO L, 2024/1244, 2.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1244/oj).’;" |
|
(5) |
in Airteagal 7a(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Le haghaidh substaintí tosaíochta a thagann faoi raon feidhme Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*33), Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006 (*34) nó (CE) Uimh. 1107/2009 (*35) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/128/CE (*36) nó 2010/75/AE (*37) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Rialacháin (AE) Uimh 528/2012 (*38) nó (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*39), measfaidh an Coimisiún, agus na sonraí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 8(4) de Threoir 2000/60/CE á gcur san áireamh aige, agus mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Treoir sin, an bhfuil na bearta atá i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát leordhóthanach chun an CCC le haghaidh substaintí tosaíochta a bhaint amach agus chun scor den sceitheadh, d’astaíochtaí agus de chaillteanais substaintí guaiseacha tosaíochta nó deireadh a chur leo de réir a chéile i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2000/60/CE. (*33) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/83/oj)." (*34) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 a bhaineann le Clárú, Measúnú, Údarú agus Teorannú Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj)." (*35) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj)." (*36) Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/128/oj)." (*37) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj)." (*38) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj)." (*39) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj).’;" |
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 8, 8a agus 8b: ‘Airteagal 8 Athbhreithniú ar Iarscríbhinní I agus II 1. Ag an gcéad athbhreithniú eile ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, a bheidh le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2000/60/CE, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar chaighdeáin cháilíochta a bhunú le haghaidh PFAS Iomlán in uiscí dromchla agus é mar aidhm aige an treoraíocht maidir le faireachán a dhéanamh ar iomlán na PFASanna in uisce óil a chomhlánú, arna forbairt i gcomhréir le hAirteagal 13(7) de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*40), chun go mbeidh sí infheidhme maidir le faireachán a dhéanamh ar Iomlán PFAS in uiscí dromchla. Moltar do na Ballstáit an treoraíocht sin a chur i bhfeidhm cheana féin chun faireachán a dhéanamh ar Iomlán na PFASanna in uiscí dromchla agus chun na sonraí a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 2000/60/CE. I bhfianaise thocsaineacht, mharthanacht agus leitheadúlacht an aigéid thrífhluaraicéitigh sa chomhshaol, déanfaidh an Coimisiún, ag an gcéad athbhreithniú eile, breithniú ar chaighdeán cáilíochta a bhunú le haghaidh aigéad trífhluaraicéiteach ar leithligh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo. 2. Áirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo paraiméadar ar a dtabharfar “Suim na mBisfeanól” agus paraiméadair le haghaidh shuim(eanna) na lotnaidicídí roghnaithe de réir modh gníomhaíochta agus shuim(eanna) na n-earraí cógaisíochta roghnaithe de réir modh gníomhaíochta. Ag a chéad athbhreithniú eile ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, a bheidh le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2000/60/CE, déanfaidh an Coimisiún breithniúa ar an bhféidearthacht na paraiméadair sin a áireamh i liosta na substaintí tosaíochta, agus leagfaidh sé síos CCCanna de réir mar is iomchuí. Déanfaidh an Coimisiún freisin, ag an gcéad athbhreithniú eile, breithniú an bhféadfaí cur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh maidir le CCCanna a leagan sios le haghaidh iomlán na mbisfeanól, na lotnaidicídí agus na n-earraí cógaisíochta in uiscí dromchla, agus modhanna faireacháin oiriúnacha á n-úsáid mar thaca. 3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9a, chun cuid B d’Iarscríbhinn II a leasú chun í a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch. Airteagal 8a Forálacha sonracha maidir le substaintí áirithe 1. Sna pleananna bainistithe abhantraí a chruthaítear i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2000/60/CE, gan dochar do cheanglais Roinn 1.4.3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin maidir le cur i láthair an stádais cheimicigh fhoriomláin ná na cuspóirí agus na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 4(1), pointe (k) d’Airteagal 11(3) agus in Airteagal 16(6) den Treoir sin, féadfaidh na Ballstáit léarscáileanna breise a sholáthar chun an stádas ceimiceach a chur i láthair dá bhforáiltear i roinn 1.4.3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE. 2. Féadfaidh na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar shubstaintí a shainaithnítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo mar shubstaintí ag a mbíonn an iompraíocht chéanna agus a bhíonn ag substaintí marthanacha, bithbhailitheacha agus tocsaineacha atá uileláithreach, ar bhealach níos scaoilte ná mar a éilítear i leith substaintí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Treoir seo agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE, ar choinníoll go bhfuil an faireachán ionadaíoch agus go bhfuil bonnlíne atá láidir ó thaobh staidrimh de ar fáil maidir le láithreacht na substaintí sin sa timpeallacht uisceach. Mar threoirlíne, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 3(6) den Treoir seo, ba cheart faireachán a dhéanamh gach 3 bliana ar a laghad, ach amháin i gcás ina bhfuil údar maith le heatramh eile a bheith ann arna eascairt as úsáid nó astú na substainte, nó as eolas teicniúil agus breithiúnas saineolaithe. 3. Thar thréimhse 2 bhliain ón 1 Eanáir 2030, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar láithreacht substaintí éastraigineacha i ndobharlaigh, agus úsáid á baint as modhanna faireacháin éifeachtbhunaithe. Ní gá tús a chur leis an tsampláil agus leis an anailís ag tús na tréimhse 2 bhliain sin, ach déanfar iad ceithre huaire in aghaidh na bliana ar a laghad. Chun torthaí comparáideacha a fháil ag raon tiúchan éagsúil, déanfaidh na Ballstáit an faireachán ag roinnt suíomhanna roghnaithe, áit a bhfuil na trí hormón éastraigineacha, is iad sin, 17 béite éastraidé-ól (E2), éastrón (E1) agus 17 alfa-eitiniléastraidé-ól (EE2) a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a fhaireachán, agus úsáid á baint acu as na gnáthmhodhanna anailíseacha i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2000/60/CE agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis. Tuairisceofar sonraí le chéile, agus i gcomhréir le hAirteagal 8(4) den Treoir sin. Ní bheidh an líon suíomhanna níos lú ná an líon a shonraítear in Airteagal 8b(3) den Treoir seo chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí ar an liosta faire. Féadfaidh na Ballstáit tús a chur leis an bhfaireachán roimh an 1 Eanáir 2030 ach a nglacfar na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Ní úsáidfidh na Ballstáit na torthaí éifeachtbhunaithe ón tréimhse faireacháin chomparáideach 2 bhliain chun stádas ceimiceach na ndobharlach a ndearnadh faireachán orthu a aicmiú mar a thuairiscítear i roinn 1.4.3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE. 4. Faoin 1 Nollaig 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach na sonraíochtaí teicniúla chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí éastraigineacha trí mhodhanna faireacháin éifeachtbhunaithe a úsáid. Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2). 5. Laistigh de 18 mí tar éis do na Ballstáit na sonraí a thuairisciú, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar comparáid idir na torthaí ó na gnáthmhodhanna anailíseacha agus ó na torthaí éifeachtbhunaithe, agus déanfaidh sé anailís ar an bhféidearthacht modhanna faireacháin éifeachtbhunaithe a úsáid i gcomhar le truicearluach éifeachtbhunaithe le haghaidh éastraiginí mar a shainmhínítear in i bpointe 35a d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE chun críoch scagtha chun tacú leis an measúnú ar stádas ceimiceach. I gcomhthéacs na n-athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an liosta truailleán i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Threoir 2000/60/CE, agus an anailís sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á cur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar spreag-luach a shocrú d’éastraiginí chun críoch scagtha agus chun measúnú a dhéanamh ar stádas ceimiceach. A luaithe a bheidh modhanna éifeachtbhunaithe réidh le húsáid le haghaidh substaintí eile freisin, breathnóidh an Coimisiún, i gcomhthéacs athbhreithnithe eile a dhéanfar amach anseo, ar é a cheangal ar na Ballstáit iad a úsáid, más gá, i gcomhthráth, ag an tús ar a laghad, le gnáthmhodhanna anailíse, agus breathnóidh sé ar spreag-luachanna comhfhreagracha a shocrú. Airteagal 8b Liosta faire 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta faire a bhunú, ag féachaint do thuarascálacha eolaíocha arna n-ullmhú ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo, de shubstaintí ar gá sonraí faireacháin ar fud an Aontais a bhailiú ó na Ballstáit ina leith chun tacú le hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Threoir 2000/60/CE agus chun na formáidí a bhunú a bheidh le húsáid ag na Ballstáit chun torthaí an fhaireacháin sin agus faisnéis ghaolmhar a thuairisciú don Choimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2). Beidh 10 substaint, 10 ngrúpa substaintí, nó 10 dtáscaire truaillithe ar a mhéad ar an liosta faire in aon am amháin agus luafar air na maitrísí faireacháin agus na modhanna féideartha anailíse le haghaidh gach substainte. Ní bheidh costais iomarcacha ar na húdaráis inniúla ag baint leis na maitrísí agus na modhanna faireacháin sin a úsáid. Na substaintí a bheidh le háireamh ar an liosta faire, roghnófar iad as measc na substaintí lena léirítear leis an bhfaisnéis atá a sholáthraítear go bhféadfadh riosca substaintiúil a bheith ag baint leo ar leibhéal an Aontais don timpeallacht uisceach, nó tríd an timpeallacht uisceach, agus nach leordhóthanach sonraí faireacháin lena n-aghaidh. Áireofar ar an liosta faire substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad. Ar bhonn na dtuarascálacha eolaíocha arna n-ullmhú ag ECHA i gcomhréir le mír 1a, áireoidh an Coimisiún micreaphlaistigh agus táscairí iomchuí maidir le láithreacht, éabhlóid nó tarchur na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (“táscairí na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha”) sa liosta faire, ar choinníoll go bhfuil modhanna samplála agus anailíse ar fáil atá iontaofa agus nach mbeidh costais iomarcacha ag baint leo. Faoin 1 Nollaig 2027, sainaithneoidh an Coimisiún na modhanna samplála agus anailíse sin. 1a. Ullmhóidh ECHA tuarascálacha eolaíocha chun cabhrú leis an gCoimisiún na substaintí agus na táscairí a roghnú lena n-áireamh ar an liosta faire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus an fhaisnéis seo a leanas á cur san áireamh:
1b. Sna tuarascálacha eolaíocha arna n-ullmhú ag ECHA i gcomhréir le mír 1a, cuirfear i láthair liosta de shubstaintí, grúpaí substaintí, nó táscairí, an mhaitrís faireacháin atá molta, agus modh táscach anailíse agus uasteorainn cainníochtaithe inghlactha le haghaidh gach ceann díobh, le tagairt tacaíochta do litríocht eolaíoch nó do threoraíocht eolaíoch. 1c. Faoin 1 Feabhra 2028 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, ullmhóidh ECHA tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na dtuarascálacha eolaíocha arna n-ullmhú i gcomhréir le mír 1a agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. 2. Déanfaidh an Coimisiún an liosta faire dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt cothrom le dáta faoin 1 Bealtaine 2028, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Agus an liosta faire á thabhairt cothrom le dáta aige, bainfidh an Coimisiún aon substaint nó táscaire den liosta faire ar féidir measúnú rioscabhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Threoir 2000/60/CE a dhéanamh air gan sonraí faireacháin breise. Mar sin féin, féadfar substaint aonair, grúpa substaintí nó táscaire a choimeád ar an liosta faire ar feadh uastréimhse 3 bliana eile i gcás inar gá sonraí faireacháin breise chun measúnú a dhéanamh ar an riosca don timpeallacht uisceach. Cuimseofar ar gach liosta faireacháin nuashonraithe ceann amháin nó níos mó de shubstaintí breise, grúpaí substaintí, nó táscairí, a measann an Coimisiún ina leith, ar bhonn thuarascálacha eolaíocha ECHA, go bhféadfadh riosca forleathan a bheith ann don timpeallacht uisceach nó tríthi siúd mar gheall orthu, faoi réir an liosta faire nuashonraithe ar a bhfuil 10 substaint, 10 ngrúpa substaintí, nó 10 dtáscaire ar a mhéad, i gcomhréir le mír 1. Ní choinneofar micreaphlaistigh agus táscairí frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha ar an liosta ar feadh an dara tréimhse 3 bliana as a chéile ach amháin má tá modheolaíocht measúnaithe riosca chomhchuibhithe agus iontaofa ar fáil a léiríonn, nuair a chuirtear i bhfeidhm í, nach leor na sonraí faireacháin a bailíodh le linn na chéad tréimhse faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann leo don timpeallacht uisceach nó tríd an timpeallacht uisceach. 3. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar gach substaint, ar gach grúpa substaintí, agus ar tháscaire atá ar an liosta faire dá dtagraítear i mír 1 ag stáisiúin faireacháin ionadaíocha roghnaithe go ceann tréimhse 24 mhí. Tosófar an tréimhse faireacháin laistigh de 6 mhí ó chuirtear an tsubstaint ar an liosta, ach ní gá tús a chur le sampláil agus anailís ag tús na tréimhse sin. Roghnóidh gach Ballstát stáisiún faireacháin amháin ar a laghad, móide stáisiún amháin eile má tá níos mó ná 1 mhilliún cónaitheoir ann, móide an líon stáisiún atá cothrom lena limistéar geografach in km2 arna roinnt ar 60 000 arna slánú chuig an slánuimhir is gaire, móide an líon stáisiún atá cothrom leis an daonra arna roinnt ar 5 mhilliún arna slánú chuig an slánuimhir is gaire. Agus na stáisiúin faireacháin ionadaíocha á roghnú, mar aon le minicíocht agus uainiú an fhaireacháin le haghaidh gach substainte, grúpa substaintí nó táscaire, cuirfidh na Ballstáit san áireamh athraitheacht shéasúrach na báistí, leibhéil uisce, patrúin úsáide agus an fhéidearthacht go dtarlódh don tsubstaint, don ghrúpa substaintí nó don táscaire a bheith ann. Ní bheidh minicíocht an fhaireacháin níos lú ná dhá uair sa bhliain nuair a dhéantar é in uisce agus tráth nach lú ná uair amháin sa bhliain nuair a dhéantar é i ndríodar nó i mbithra. I gcás ina mbeidh gá le minicíochtaí níos airde, mar i gcás substaintí atá íogair i leith éagsúlachtaí aeráide nó séasúracha, leagfar amach an méadú ar an minicíocht agus tabharfar údar teicniúil leis sa ghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an liosta faire arna ghlacadh de bhun mhír 1. I gcás ina mbeidh Ballstát in ann sonraí faireacháin ionadaíocha, inchomparáide, leordhóthanacha a taifeadadh le déanaí a ghiniúint agus a sholáthar don Choimisiún i ndáil le substaint áirithe, grúpa substaintí áirithe, nó táscaire áirithe ó chláir nó ó staidéir faireacháin atá ann cheana, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh gan faireachán breise a dhéanamh faoin sásra liosta faire le haghaidh na substainte sin, an ghrúpa substaintí sin nó an táscaire sin, ar choinníoll go ndearnadh faireachán ar an tsubstaint sin, ar an ngrúpa substaintí sin nó ar an táscaire sin agus modheolaíocht á húsáid lena gcomhlíontar na maitrísí faireacháin agus na modhanna anailíse dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme lenar bunaíodh an liosta faire, chomh maith le Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún (*43). 4. Cuirfidh na Ballstáit torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 2000/60/CE agus leis an ngníomh cur chun feidhme lenar bunaíodh an liosta faire arna ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Cuirfidh siad faisnéis ar fáil freisin faoi ionadaíochas na stáisiún faireacháin agus faoin straitéis faireacháin. 5. Ag deireadh na tréimhse 24 mhí dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh ECHA athbhreithniú ar thorthaí an fhaireacháin agus déanfaidh sé measúnú ar na substaintí, na grúpaí substaintí nó na táscairí ar gá faireachán a dhéanamh orthu go ceann tréimhse 24 mhí eile, agus dá bhrí sin, atá le coinneáil ar an liosta faire agus cé na substaintí, grúpaí substaintí nó táscairí is féidir a bhaint den liosta faire. I gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid, ag féachaint don mheasúnú a dhéanann ECHA dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach gá aon fhaireachán eile a dhéanamh chun tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar an riosca don timpeallacht uisceach, cuirfear an measúnú sin ó ECHA san áireamh san athbhreithniú ar liosta na substaintí in Iarscríbhinn I nó i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2000/60/CE. (*40) Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le truailliú screamhuisce a chosc agus a rialú (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/118/oj)." (*40) Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le truailliú screamhuisce a chosc agus a rialú (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/118/oj)." (*41) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le substaintí agus meascáin a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj)." (*42) Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (IO L 315, 7.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2379/oj)." (*43) Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce (IO L 201, 1.8.2009, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/90/oj).’;" |
|
(7) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 8d Truailleáin a Bhaineann go Sonrach le hAbhantracha 1. Déanfaidh na Ballstáit CCCanna a shocrú agus a chur i bhfeidhm maidir leis na truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a chumhdaítear leis na catagóirí a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, i gcás ina sainaithníonn siad go bhfuil riosca i gceist leis na truailleáin sin do dhobharlaigh i gceann amháin nó níos mó dá gceantair abhantraí bunaithe ar na hanailísí agus na hathbhreithnithe faoi Airteagal 5 de Threoir 2000/60/CE, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. Faoin 22 Nollaig 2027, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina liosta de thruailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha agus faoin CCC a socraíodh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí. Áireofar nuashonruithe ina dhiaidh sin ar liosta na dtruailleán a bhaineann go sonrach le habhantracha arna sainaithint ag na Ballstáit i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus na CCCanna comhfhreagracha a ghabhann leo sna pleananna bainistíochta abhantraí atá le cruthú faoi Airteagal 13 de Threoir 2000/60/CE. 2. I gcás inar leagadh síos CCCanna le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Threoir 2000/60/CE, agus go liostaítear iad i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, tabharfar tús áite do na CCCanna sin thar CCCanna le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha arna socrú ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Cuirfidh na Ballstáit CCCanna arna socrú ar leibhéal an Aontais i bhfeidhm freisin lena fháil amach an bhfuil riosca i gceist leis na truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn II den Treoir seo nó nach bhfuil. 3. Ceanglaítear ar dhobharlach na CCCanna náisiúnta is infheidhme nó, i gcás inarb ábhartha, na CCCanna arna socrú ar leibhéal an Aontais a chomhlíonadh, chun go mbainfidh sé dea-stádas ceimiceach uisce dromchla amach, mar a shainmhínítear i bpointe 24 d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE.’ |
|
(8) |
leasaítear Airteagal 9a mar a leanas:
|
|
(9) |
scriostar Airteagal 10; |
|
(10) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(11) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo leis mar Iarscríbhinn II; |
|
(12) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir seo leis mar Iarscríbhinn III. |
Airteagal 4
Trasuí
1. Na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 21 Nollaig 2027. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) Tuairim an 22 Feabhra 2023 (IO C 146, 27.4.2023, lch. 41).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Feabhra 2026.
(3) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj).
(4) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/2184/oj).
(5) Treoir (AE) 2024/3019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L, 2024/3019, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3019/oj).
(6) Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le truailliú screamhuisce a chosc agus a rialú (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/118/oj).
(7) Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le rioscaí tuilte a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/60/oj).
(8) Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil agus maidir le truailliú uisce dromchla a chosc agus a rialú i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/105/oj).
(9) Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2001 lena mbunaítear liosta na substaintí tosaíochta i réimse an bheartais uisce agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE (IO L 331, 15.12.2001, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/dec/2001/2455/oj).
(10) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/83/oj).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj).
(13) Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/128/oj).
(14) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj).
(16) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj).
(17) IO L 209, 31.7.2006, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2006/507/oj.
(18) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1021/oj).
(19) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE), (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/2/oj).
(20) Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1024/oj).
(21) Rialachán (AE) 2024/1244 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le tuairisciú sonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena mbunaítear Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 (IO L, 2024/1244, 2.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1244/oj).
(22) IO C 306, 17.12.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/lis/sign.
(23) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
(24) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(25) IO L 124, 17.5.2005, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2005/370/oj.
(26) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/1313/oj).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 1.1.1 go roinn 1.1.4: ‘1.1.1. Aibhneacha Eilimintí bitheolaíocha Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhlóra uiscigh Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhána inveirteabraigh bheantaigh Comhdhéanamh, líonmhaireacht agus struchtúr aoise an fhána éisc Eilimintí hidreamoirfeolaíochta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha Córas hidreolaíoch cainníocht agus dinimic an tsreafa uisce nasc le dobharlaigh screamhuisce Leanúnachas abhann Dálaí moirfeolaíocha éagsúlacht i ndoimhneacht agus i leithead abhann struchtúr agus substráit ghrinneall na habhann struchtúr an chreasa bhruachánaigh Eilimintí fisiciceimiceacha ginearálta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha Dálaí teirmeacha Dálaí ocsaiginithe Salandacht Stádas aigéadúcháin Dálaí cothaitheach 1.1.2. Lochanna Eilimintí bitheolaíocha Comhdhéanamh, líonmhaireacht agus bithmhais an fhíteaplanctóin Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhlóra uiscigh eile Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhána inveirteabraigh bheantaigh Comhdhéanamh, líonmhaireacht agus struchtúr aoise an fhána éisc Eilimintí hidreamoirfeolaíochta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha Córas hidreolaíoch cainníocht agus dinimic an tsreafa uisce aga cónaithe nasc leis an dobharlach screamhuisce Dálaí moirfeolaíocha éagsúlacht i ndoimhneacht locha cainníocht, struchtúr agus substráit ghrinneall an locha struchtúr an chladaigh locha Eilimintí fisiciceimiceacha ginearálta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha Trédhearcacht Dálaí teirmeacha Dálaí ocsaiginithe Salandacht Stádas aigéadúcháin Dálaí cothaitheach 1.1.3. Uiscí trasdultacha Eilimintí bitheolaíocha Comhdhéanamh, líonmhaireacht agus bithmhais an fhíteaplanctóin Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhlóra uiscigh eile Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhána inveirteabraigh bheantaigh Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhána éisc Eilimintí hidreamoirfeolaíochta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha Dálaí moirfeolaíocha éagsúlacht i ndoimhneacht cainníocht, struchtúr agus substráit an ghrinnill struchtúr an chreasa idirthaoidigh Córas taoidí sreabhadh fionnuisce neamhchosaint ar thonn Eilimintí fisiciceimiceacha ginearálta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha Trédhearcacht Dálaí teirmeacha Dálaí ocsaiginithe Salandacht Dálaí cothaitheach 1.1.4. Uiscí cósta Eilimintí bitheolaíocha Comhdhéanamh, líonmhaireacht agus bithmhais an fhíteaplanctóin Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhlóra uiscigh eile Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhána inveirteabraigh bheantaigh Eilimintí hidreamoirfeolaíochta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha Dálaí moirfeolaíocha éagsúlacht i ndoimhneacht struchtúr agus substráit an ghrinnill cósta struchtúr an chreasa idirthaoidigh Córas taoidí treo na sruthanna ceannasacha neamhchosaint ar thonn Eilimintí fisiciceimiceacha ginearálta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha Trédhearcacht Dálaí teirmeacha Dálaí ocsaiginithe Salandacht Dálaí cothaitheach’; |
|
(2) |
i roinn 1.2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla ‘Eilimintí cáilíochta fisiceimiceacha’: ‘Eilimintí ginearálta cáilíochta fisiciceimicí
|
|
(3) |
i roinn 1.2.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla ‘Eilimintí cáilíochta fisiceimiceacha’: ‘Eilimintí ginearálta cáilíochta fisiciceimicí
|
|
(4) |
i roinn 1.2.3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla ‘Eilimintí cáilíochta fisiceimiceacha’: ‘Eilimintí ginearálta cáilíochta fisiciceimicí
|
|
(5) |
i roinn 1.2.4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla ‘Eilimintí cáilíochta fisiceimiceacha’: ‘Eilimintí ginearálta cáilíochta fisiciceimicí
|
|
(6) |
i roinn 1.2.5, leasaítear an tábla mar a leanas:
|
|
(7) |
scriostar roinn 1.2.6; |
|
(8) |
i roinn 1.3, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘I gcás ina mbaineann an líonra faireacháin le faire na cruinne agus leis an gcianbhraiteacht seachas pointí samplála logánta, nó le teicnící nuálacha eile, áireofar ar an léarscáil den líonra faireacháin faisnéis faoi na heilimintí cáilíochta agus na dobharlaigh nó na grúpaí dobharlach ar a ndearnadh faireachán le modhanna faireacháin den sórt sin. Déanfar tagairt don Choiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), ISO, nó do chaighdeáin idirnáisiúnta nó náisiúnta eile a cuireadh i bhfeidhm lena áirithiú go mbíonn na sonraí ama agus spásúla a fhaightear chomh hiontaofa leis na cinn a fhaightear trí mhodhanna faireacháin traidisiúnta a úsáid ag pointí samplála agus tomhais logánta. Féadfaidh na Ballstáit modhanna samplála éighníomhacha a chur i bhfeidhm le faireachán a dhéanamh ar thruailleáin cheimiceacha, i gcás inarb iomchuí, go háirithe ar mhaithe le cuspóirí scagtha agus le haghaidh measúnú fadtéarmach, ar an gcoinníoll nach ndéantar gannmheastachán leis na modhanna samplála sin ar thiúchain na dtruailleán a bhfuil feidhm ag caighdeáin cáilíochta comhshaoil maidir leo, agus “teip dea-stádas a bhaint amach” a shainaithint go hiontaofa, agus go ndéantar anailís cheimiceach ar shamplaí uisce, bithra nó dríodair, de réir na CCCanna a chuirtear i bhfeidhm, cibé áit a mbreathnaítear an teip sin. Féadfaidh Ballstáit modhanna faireacháin éifeachtbhunaithe a chur i bhfeidhm freisin faoi réir na ndálaí céanna.’; |
|
(9) |
i roinn 1.3.1, an mhír dheireanach, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Roghnú eilimintí cáilíochta’: ‘Roghnú na n-eilimintí cáilíochta Déanfar an faireachán faireachais le haghaidh gach suíomh faireacháin go ceann thréimhse 1 bhliain amháin le linn na tréimhse a chumhdaítear le plean bainistíochta abhantraí. Cumhdófar, leis an bhfaireachán faireachais, an méid seo a leanas:
I gcás inar léiríodh sa chleachtadh faireacháin faireachais roimhe seo gur shroich an dobharlach dea-stádas áfach, agus nach bhfuil aon fhianaise san athbhreithniú ar thionchar na gníomhaíochta daonna dá dtagraítear in Iarscríbhinn II go bhfuil athrú tagtha ar na tionchair ar an dobharlach, déanfar an faireachán faireachais uair amháin le linn na tréimhse a chumhdaítear le trí phlean bainistíochta abhantraí as a chéile.’; |
|
(10) |
leasaítear roinn 1.3.2 mar a leanas:
|
|
(11) |
i roinn 1.3.4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú mír: ‘Déanfar minicíochtaí faireacháin a choigeartú, más gá, chun éagsúlacht na bparaiméadar mar thoradh ar athrú i ndálaí antrapaigineacha agus i ndálaí nádúrtha araon a chur san áireamh. Roghnófar na hamanna ag a ndéanfar faireachán ionas go gcuirfear san áireamh tionchar na n-athruithe séasúracha ar úsáid substaintí nó ar leibhéil uisce ar thorthaí an fhaireacháin, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go léireoidh na torthaí go héifeachtach aon athruithe ar an dobharlach de bharr brú antrapaigineach agus athrú aeráide. Maidir le substaintí tosaíochta ar dócha go mbaineann siad buaicphointe a dtiúchan amach thar thréimhsí gearra mar thoradh ar luaineachtaí séasúracha ina n-úsáid, déanfar an faireachán, le linn na mbuaicthréimhsí sin, ag eatraimh níos giorra ná mar a dhéantar i gcás substaintí eile, i gcás inar gá, chun a áirithiú go bhfaighfear faisnéis leordhóthanach maidir le tiúchan na substaintí sin.’; |
|
(12) |
i roinn 1.3.4, an tábla, an séú sraith faoin gceannteideal ‘Fisiciceimiceach’, cuirtear ‘Truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantrach’ in ionad na bhfocal ‘Truailleáin eile’; |
|
(13) |
leasaítear roinn 1.4.1 mar a leanas:
|
|
(14) |
i roinn 1.4.2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
|
(15) |
i roinn 1.4.3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Déanfar dobharlach a thaifeadadh mar dhobharlach a bhain dea-stádas ceimiceach amach i gcás ina bhfuil dea-stádas ceimiceach uisce dromchla aige mar a shainmhínítear in Airteagal 2(24). Mura bhfuil an stádas sin bainte amach aige, déanfar an dobharlach a thaifeadadh mar dhobharlach ar theip air dea-stádas ceimiceach a bhaint amach.’; |
|
(16) |
i roinn 1.4.3, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach i ndiaidh an tábla ina bhfuil ‘Aicmiú stádais cheimicigh’ agus ‘Cód datha’: ‘Féadfaidh na Ballstáit léarscáileanna breise a sholáthar ina léireofar an fhaisnéis faoin stádas ceimiceach le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na substaintí seo a leanas ar leithligh ón bhfaisnéis faoin gcuid eile de na substaintí a shainaithnítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE:
Féadfaidh na Ballstáit méid aon diallta ó luach na CCCanna le haghaidh na substaintí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír a chur i láthair sna pleananna bainistíochta abhantraí. Na Ballstáit a sholáthraíonn léarscáileanna breise mar sin, féachfaidh siad lena áirithiú go bhfuil siad inchomparáide le chéile ar leibhéal an abhantraigh agus ar leibhéal an Aontais.’; |
|
(17) |
i roinn 2.2.1, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘I gcás ina mbaineann modhanna faire na cruinne nó cianbhraiteachta seachas pointí samplála logánta leis an líonra faireacháin, nó ina mbaineann teicnící nuálacha eile leis, déanfar tagairt do CEN, ISO, nó do chaighdeáin idirnáisiúnta nó náisiúnta eile a cuireadh i bhfeidhm lena áirithiú go mbíonn na sonraí ama agus spásúla a fhaightear chomh hiontaofa agus na cinn a fhaightear trí mhodhanna faireacháin traidisiúnta a úsáid ag pointí samplála logánta.’; |
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 2.3.2: ‘2.3.2. Sainmhíniú ar dea-stádas ceimiceach screamhuisce
|
|
(19) |
i roinn 2.4.1, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘I gcás ina mbaineann faire na cruinne nó an chianbhraiteacht seachas pointí samplála logánta leis an líonra faireacháin, nó ina mbaineann teicnící nuálacha eile leis, déanfar tagairt do CEN, ISO, nó do chaighdeáin idirnáisiúnta nó náisiúnta eile a cuireadh i bhfeidhm lena áirithiú go mbíonn na sonraí ama agus spásúla a fhaightear chomh hiontaofa leis na cinn a fhaightear trí mhodhanna faireacháin traidisiúnta a úsáid ag pointí samplála logánta.’; |
|
(20) |
i roinn 2.4.3, faoi ‘faireachán oibríochtúil’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre maidir le ‘Minicíocht an fhaireacháin’: ‘Minicíocht an fhaireacháin Déanfar faireachán oibríochtúil ar feadh na dtréimhsí idir cláir faireacháin faireachais ar mhinicíocht leordhóthanach chun tionchair brúnna ábhartha a bhrath, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, éagsúlacht shéasúrach in úsáid substaintí agus athruithe gearrthéarmacha agus fadtéarmacha in athlíonadh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do pharaiméadair stádais cheimicigh, agus uair sa bhliain, ar a laghad, mura rud é go mbeadh údar maith le heatraimh níos faide a shocrú ar bhonn an eolais theicniúil agus an bhreithiúnais shaineolaigh, go háirithe más féidir a thaispeáint nár braitheadh aon sárú ná treocht aníos marthanach le haghaidh paraiméadar ar leith thar bhlianta i ndiaidh a chéile.’; |
|
(21) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 2.4.5: ‘2.4.5. Léirmhíniú agus cur i láthair stádas ceimiceach an screamhuisce Agus measúnú á dhéanamh ar stádas ceimiceach an screamhuisce, déanfar torthaí na bpointí faireacháin aonair laistigh de dhobharlach screamhuisce a chomhiomlánú don dobharlach ina iomláine. Déanfar meánluach thorthaí an fhaireacháin ag gach pointe sa dobharlach screamhuisce nó sa ghrúpa dobharlach a ríomh le haghaidh na bparaiméadar seo a leanas:
Úsáidfear na meánluachanna dá dtagraítear sa chéad mhír chun comhlíonadh stádais mhaith screamhuisce a léiriú, a shainítear faoi threoir na gcaighdeán cáilíochta agus na luachanna tairsí dá dtagraítear sa chéad mhír. Faoi réir roinn 2.5, soláthróidh Ballstáit léarscáil de stádas ceimiceach an screamhuisce, arna dathchódú mar a leanas:
Féadfaidh na Ballstáit léarscáileanna breise a chur ar fáil ina léirítear an fhaisnéis faoin stádas ceimiceach le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na substaintí seo a leanas ar leithligh ón bhfaisnéis don chuid eile de na substaintí a shainaithnítear i dTreoir 2006/118/CE:
Féadfaidh na Ballstáit méid aon diallta ón gcaighdeán cáilíochta nó an luach tairsí le haghaidh na substaintí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a chur i láthair sna pleananna bainistíochta abhantraí. Na Ballstáit a sholáthraíonn léarscáileanna breise mar sin, féachfaidh siad lena áirithiú go bhfuil siad inchomparáide le chéile ar leibhéal an abhantraigh agus ar leibhéal an Aontais. Tabharfaidh Ballstáit le fios, trí phonc dubh ar an léarscáil freisin, na dobharlaigh screamhuisce sin atá faoi réir threocht shuntasach mharthanach in airde maidir leis na tiúchain d’aon truailleán a eascraíonn as gníomhaíocht dhaonna. Is le ponc gorm ar an léarscáil a thabharfar iompú treochta le fios. Cuirfear na léarscáileanna seo san áireamh sna pleananna bainistíochta abhantraí.’. |
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir 2000/60/CE mar a leanas:
|
(1) |
scriostar pointí 11 agus 12. |
|
(2) |
cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
IARSCRÍBHINN III
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE:
‘IARSCRÍBHINN I
CAIGHDEÁIN CÁILÍOCHTA LE hAGHAIDH TRUAILLEÁN SCREAMHUISCE AGUS TÁSCAIRÍ TRUAILLITHE
I gcás ina meastar, i gcás limistéar screamhuisce ar leith go bhféadfadh sé gurb é an toradh a bheadh ar na caighdeáin cáilíochta screamhuisce nach mbainfí amach na cuspóirí comhshaoil a shonraítear in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE maidir le dobharlaigh ghaolmhara uisce dromchla, nó go mbeadh meathlú suntasach ar cháilíocht éiceolaíoch nó cheimiceach na ndobharlach sin, nó damáiste suntasach d’éiceachórais talún a bhraitheann go díreach ar an limistéar screamhuisce sin, bunófar luachanna tairsí níos déine i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo agus le hIarscríbhinn II a ghabhann leis. Ar choinníoll go bhfuil modheolaíocht iontaofa ar fáil chun measúnú a dhéanamh maidir le láithreacht éiceachóras screamhuisce, leagfar síos caighdeáin cháilíochta níos déine freisin do dhobharlaigh screamhuisce ina bhfuil éiceachórais den sórt sin ann, mura rud é gur leagadh síos na caighdeáin cáilíochta screamhuisce chun sláinte an duine a chosaint agus go bhfuil siad sách dian cheana féin chun na héiceachórais sin a chosaint.
|
(1) |
(2) |
(3) |
(4) |
(5) |
(6) |
|
Uimhir iontrála |
Ainm na substainte |
Catagóir substaintí |
Uimhir CAS (1) |
Uimhir an Aontais (2) |
Caighdeán Cáilíochta (3) [μg/l mura léirítear a mhalairt] |
|
1 |
Níotráití |
Cothaithigh |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
50 mg/l |
|
2 |
Substaintí gníomhacha i lotnaidicídí, lena n-áirítear a meitibilití, táirgí díghrádúcháin agus imoibriúcháin ábhartha (4) |
Lotnaidicídí |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
0,1 (aonair) |
|
0,5 (iomlán) (5) |
|||||
|
3 |
PFAS |
|
|
|
|
|
3.1 |
Suim PFAS |
Substaintí tionsclaíocha |
Féach an nóta le tábla 6 |
Féach an nóta le tábla 6 |
An luach paraiméadrach, mar a shainítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184 (6) |
|
3.2 |
Suim 4 PFAS (7) |
Substaintí tionsclaíocha |
Féach an nóta le tábla 7 |
Féach an nóta le tábla 7 |
0,0044 (7) |
|
4 |
Carbamasaipín |
Earraí cógaisíochta |
298-46-4 |
neamhbhainteach |
2,5 (12) |
|
5 |
Sulfaimeatocsasól |
Earraí cógaisíochta |
723-46-6 |
neamhbhainteach |
0,1 (12) |
|
6 |
Primeadón |
Earraí cógaisíochta |
125-33-7 |
|
2,5 (12) |
|
7 |
Meitibilítí neamhábhartha na lotnaidicídí (MNAnna) (4) |
Lotnaidicídí |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
1 nó suas le 5 (8) (aonarach) |
|
8 |
Tríchlóireitiléin agus Teitreaclóireitiléin (suim an dá cheann) |
Substaintí tionsclaíocha |
79-01-6 agus 127-18-4 |
201-167-4 agus 204-825-9 |
10 (iomlán) (13) |
|
(1) CAS: Uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha. (2) Uimhir an Aontais: Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) nó Liosta Eorpach na Substaintí Ceimiceacha faoina dTugtar Fógra (ELINCS). (3) Is ionann an paraiméadar sin agus caighdeán cáilíochta arna shloinneadh mar mheánluach bliantúil. Mura sonraítear a mhalairt, tá feidhm aige maidir le comhchruinniú iomlán na substaintí agus na n-isiméirí uile. (4) Ciallaíonn “lotnaidicídí” táirgí cosanta plandaí agus táirgí bithicídeacha dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 faoi seach. I gcás an pharaiméadair sin, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar na substaintí gníomhacha atá i dtáirgí lotnaidicíde atá ann faoi láthair nó a úsáideadh roimhe sin ar a gcríoch agus ar aon substaintí gníomhacha a shuitear a bheith ann mar thoradh ar thruailliú trasteorann, agus ar mheitibilítí, táirgí díghrádúcháin agus táirgí imoibriúcháin ábhartha agus neamhábhartha na substaintí sin, ag tarraingt, nuair a bheidh fáil air, ar an liosta atá le bunú i gcomhréir le hAirteagal 4(2a) den Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit stop a chur le faireachán a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha sonracha agus ar a meitibilítí mura bhfuil siad á n-úsáid ar a gcríoch a thuilleadh, ar choinníoll gur léirigh an faireachán a rinneadh roimhe seo go comhsheasmhach nach ann do na substaintí ná na meitibilítí sin sa dobharlach screamhuisce. Measfar gurb ábhartha meitibilít lotnaidicíd má tá cúis ann lena cheapadh go bhfuil airíonna intreacha aici is inchomparáide leis na cinn atá sa mháthairshubstaint ghníomhach ó thaobh a tocsaineachta don sprioclotnaid nó go ngineann sí féin nó a táirgí trasfhoirmithe riosca do shláinte na dtomhaltóirí nó don chomhshaol. (5) Ciallaíonn “iomlán” suim na lotnaidicídí aonair a bhraitear agus a chainníochtaítear sa nós imeachta faireacháin, lena n-áirítear a meitibilítí, táirgí díghrádúcháin agus imoibriúcháin ábhartha. (6) Tagraíonn sé seo do na PFASanna a liostaítear i bpointe 3 de Chuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184. Déanfar an paraiméadar agus an caighdeán cáilíochta a thabhairt cothrom le dáta de réir leasuithe ar an Treoir sin. (7) Tagraíonn sé seo do na comhdhúile a leanas, a liostaítear lena n-uimhir CAS agus uimhir AE: Aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin, (CAS 355-46-4, AE 206-587-1); Aigéad sárfhluarochtáinsulfónach (ASSF) (CAS 1763-23-1, AE 217-179-8); Aigéad sárfhluarochtánóch (ASFO) (CAS 335-67-1, AE 206-397-9); Aigéad sárfhluarónanóch (CAS 375-95-1, AE 206-801-3). Maidir le suim na 4 PFAS, ní thagraíonn na huimhreacha CAS a liostaítear ach d’fhoirm phrótónáitithe an PFAS aonair ach tá feidhm ag an tsuim maidir le tiúchan iomlán na substaintí tuaslagtha lena n-áirítear foirmeacha prótónáitithe agus díphrótónáitithe mar aon lena n-isiméirí líneacha agus brainseacha. (8) Cuirfidh na Ballstáit caighdeán cáilíochta réamhshocraithe 1 μg/l i bhfeidhm ach amháin má chuireann siad fianaise iontaofa ar fáil, lena n-áirítear ó thástálacha ar ghéarthocsaineacht agus ar thocsaineacht ainsealach ar an ngrúpa tacsanomaíochta a thuartar go muiníneach gurb é an ceann is íogaire é, go bhfuil údar le caighdeán níos déine nó nach bhfuil chomh dian céanna, agus sa chás sin, cuirfidh siad an caighdeán sin i bhfeidhm, suas le huasmhéid 5 μg/l. (9) Ní rachaidh an tiúchan iomlán de MNAnna, a bhfuil feidhm ag an gcaighdeán cáilíochta réamhshocraithe 1 μg/l maidir le MNAnna aonair, nó caighdeán níos déine, thar 5 μg/l. (10) Ní rachaidh an tiúchan iomlán de MNAnna, a bhfuil feidhm ag caighdeáin os cionn 1 agus suas le 5 μg/l maidir le MNAnna aonair, thar 12,5 μg/l. (11) Ciallaíonn “iomlán” suim na MNAnna aonair uile i ngach catagóir ar leith de chaighdeán cáilíochta a bhraitear agus a chainníochtaítear sa nós imeachta faireacháin, ar cheart dó, ar a laghad, na MNAnna a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 4(2a) a chumhdach. (12) Ach a mbeidh modheolaíocht iontaofa ar fáil, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar láithreacht éiceachóras screamhuisce i ndobharlaigh screamhuisce a bhféadfadh a saintréithe tacú leo maireachtáil iontu agus socróidh siad, más ann do na héiceachórais sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(b), luach tairsí níos déine don tsubstaint sin atá leordhóthanach chun na héiceachórais sin a chosaint. (13) Ciallaíonn “iomlán” suim na dtiúchan de Thríchlóireitiléin agus Teitreaclóireitiléin.’. |
|||||
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE mar a leanas:
|
(1) |
i gCuid A, cuirtear isteach an mhír seo a leanas tar éis na chéad mhíre: ‘I gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2000/60/CE, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis inniúla an Coimisiún ar an eolas faoi luachanna tairsí le haghaidh truailleán agus táscairí truaillithe.’; |
|
(2) |
i gCuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2: ‘2. Substaintí sintéiseacha de dhéantús an duine (*1) Tríchlóireitiléin Teitreaclóireitiléin (*1) lena n-áirítear substaintí sintéiseacha a bhfuil contrapháirtithe nádúrtha comhionanna acu a d’fhéadfadh tarlú i screamhuisce, ach a bhfuil an leibhéal cúlra nádúrtha, ar a mhéad, íseal.’;" |
|
(3) |
i gCuid C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Faisnéis atá le soláthar ag Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na truailleáin agus na táscairí truaillithe dá bhfuil luachanna tairsí socraithe ag na Ballstáit’; |
|
(4) |
cuirtear an Chuid seo a leanas leis: ‘Cuid D Taisclann de luachanna tairsí comhchuibhithe le haghaidh substaintí sintéiseacha de dhéantús an duine (*) i screamhuisce ar ábhar imní ar bhonn náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil iad
|
||||||||||||||||||||||||
(*1) lena n-áirítear substaintí sintéiseacha a bhfuil contrapháirtithe nádúrtha comhionanna acu a d’fhéadfadh tarlú i screamhuisce, ach a bhfuil an leibhéal cúlra nádúrtha, ar a mhéad, íseal.’;
(*) lena n-áirítear substaintí sintéiseacha a bhfuil contrapháirteanna nádúrtha comhionanna acu a d’fhéadfadh tarlú i screamhuisce, ach a bhfuil an leibhéal cúlra nádúrtha, ar a mhéad, íseal.
IARSCRÍBHINN V
Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Treoir 2006/118/CE
‘IARSCRÍBHINN V
SUBSTAINTÍ ATÁ FAOI RÉIR ATHBHREITHNIÚ LE GO bhFÉADFAÍ IAD A ÁIREAMH IN IARSCRÍBHINN I LENA nGABHFAIDH CAIGHDEÁN CÁILÍOCHTA SCREAMHUISCE UILE-AONTAIS
|
(1) |
(2) |
(3) |
(4) |
(5) |
(6) |
|
Uimhir iontrála |
Ainm na substainte |
Catagóir substaintí |
Uimhir CAS (1) |
Uimhir an Aontais (2) |
Luach tairsí [μg/l mura dtugtar a mhalairt le fios] |
|
|
Suim(eanna) na n-earraí cógaisíochta roghnaithe de réir modh gníomhaíochta |
Earraí cógaisíochta |
|
|
|
|
|
Suim na mbisfeanól |
Substaintí tionsclaíocha |
|
|
|
|
(1) CAS: Uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha. (2) Uimhir an Aontais: Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) nó Liosta Eorpach na Substaintí Ceimiceacha faoina dTugtar Fógra (ELINCS).’. |
|||||
IARSCRÍBHINN VI
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘CAIGHDEÁIN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL (CCCanna) LE hAGHAIDH SUBSTAINTÍ TOSAÍOCHTA IN UISCÍ DROMCHLA’; |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid A: ‘CUID A: CAIGHDEÁIN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
Leasaítear Cuid B mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN VII
Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Treoir 2008/105/CE:
‘IARSCRÍBHINN II
CAIGHDEÁIN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL LE hAGHAIDH TRUAILLEÁIN A BHAINEANN GO SONRACH LE hABHANTRACH
CUID A: LIOSTA TÁSCACH DE CHATAGÓIRÍ NA dTRUAILLEÁN A BHAINEANN GO SONRACH LE hABHANTRACH
|
1. |
Comhdhúile orgánahailigine agus substaintí lena bhféadfaí comhdhúile den sórt sin a fhoirmiú sa timpeallacht uisceach. |
|
2. |
Comhdhúile orgánafosfair. |
|
3. |
Comhdhúile orgánastáin. |
|
4. |
Substaintí agus ullmhóidí, nó táirgí dianscaoilte na substaintí agus na n-ullmhóidí sin, a cruthaíodh go mbaineann airíonna carcanaigineacha nó só-ghineacha leo, nó airíonna a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmeanna stéaróidigineacha, tíoróideacha, atáirgthe nó d’fheidhmeanna eile a bhaineann leis an gcóras inchríneach sa timpeallacht uisceach nó trína meán. |
|
5. |
Hidreacarbóin mharthanacha agus substaintí tocsaineacha orgánacha atá marthanach agus in-bhithbhailitheach. |
|
6. |
Ciainídí. |
|
7. |
Miotail agus a gcomhdhúile. |
|
8. |
Arsanaic agus a comhdhúile. |
|
9. |
Bithicídí agus táirgí cosanta plandaí. |
|
10. |
Ábhair ar fuaidreamh, lena n-áirítear micreaphlaistigh/nanaphlaistigh |
|
11. |
Miocrorgánaigh, géinte nó ábhar géiniteach ina léirítear láithreacht miocrorgánach atá frithsheasmhach in aghaidh oibreáin fhrithmhiocróbacha, go háirithe miocrorgánaigh atá pataigineach don duine nó don bheostoc. |
CUID B: AN NÓS IMEACHTA CHUN CAIGHDEÁIN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL A DHÍORTHÚ LE hAGHAIDH TRUAILLEÁIN A BHAINEANN GO SONRACH LE hABHANTRACH
Áirítear na céimeanna seo a leanas le modhanna a úsáidtear chun CCCanna a shocrú le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantrach:
|
(a) |
sainaithint na ngabhdóirí agus na n-urrann nó na maitrísí i mbaol ón tsubstaint is ábhar imní; |
|
(b) |
comhthiomsú agus measúnú cáilíochta ar shonraí maidir le sonraí na substainte i gceist, lena n-áirítear a (héicea)thocsaineacht, go háirithe ó thuairiscí maidir le staidéir shaotharlainne, mhéiseacosma agus allamuigh lena gclúdaítear idir éifeachtaí ainsealacha agus géara sna timpeallachtaí fíoruisce agus sáile araon; |
|
(c) |
eachtarshuíomh na sonraí (éicea)t(h)ocsaineachta chuig tiúchain gan aon éifeacht nó comhchosúla ach modhanna cinntitheacha nó dóchúlachta a úsáid, agus roghnú agus cur i bhfeidhm na bhfachtóirí measúnúcháin iomchuí le haghaidh a thabhairt ar neamhchinnteachtaí agus le na CCCanna a dhíorthú; |
|
(d) |
comparáid idir CCCanna le haghaidh gabhdóirí agus urranna difriúla, agus CCCanna criticiúla a roghnú, i.e. an CCC a thugann cosaint don ghabhdóir is íogaire san urrann nó sa mhaitrís is ábhartha. |
CUID C: TAISCLANN NA gCAIGHDEÁN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL COMHCHUIBHITHE LE hAGHAIDH TRUAILLEÁIN A BHAINEANN GO SONRACH LE hABHANTRACH
|
[Iontráil] Uimh. |
Ainm na substainte |
Catagóir substaintí |
Uimhir CAS (1) |
Uimhir an Aontais (2) |
MB-CCC (3) Uiscí dromchla intíre (4) [μg/l] |
MB-CCC (3) Uiscí dromchla eile [μg/l] |
UTI-CCC (5) Uiscí dromchla intíre (4) [μg/l] |
UTI-CCC (5) Uiscí dromchla eile [μg/l] |
CCC Bithra (6) [μg/kg i bhfliuchmheáchan] nó CCC le haghaidh dríodair i gcás ina léirítear amhlaidh [μg /kg i meáchan tirim] |
|
1 |
Alaclór (7) |
Lotnaidicídí |
15972-60-8 |
240-110-8 |
0,3 |
0,3 |
0,7 |
0,7 |
|
|
2 |
Teitreaclóiríd charbóin (7) |
Substaintí tionsclaíocha |
56-23-5 |
200-262-8 |
12 |
12 |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
|
|
3 |
Clóirfeinveanfos (7) |
Lotnaidicídí |
470-90-6 |
207-432-0 |
0,1 |
0,1 |
0,3 |
0,3 |
|
|
4 |
Siomaisín (7) |
Lotnaidicídí |
122-34-9 |
204-535-2 |
1 |
1 |
4 |
4 |
|
|
5 |
Tríchlóraibeinséiní (7) |
Substaintí tionsclaíocha – tuaslagóirí |
12002-48-1 |
234-413-4 |
0,4 |
0,4 |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
|
|
6 |
Atraisín (7) |
Lotnaidicídí – luibhicídí |
1912-24-9 |
217-617-8 |
0,6 |
0,6 |
2,0 |
2,0 |
|
|
(1) CAS: Uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha. (2) Uimhir an Aontais: Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) nó Liosta Eorpach na Substaintí Ceimiceacha faoina dTugtar Fógra (ELINCS). (3) Is ionann an paraiméadar sin agus an CCC arna shloinneadh mar mheánluach bliantúil (MB-CCC). Mura sonraítear a mhalairt, tá feidhm aige maidir le comhchruinniú iomlán na substaintí agus na n-isiméirí uile. (4) Le huiscí dromchla intíre cuimsítear aibhneacha agus lochanna agus dobharlaigh ghaolmhara atá saorga nó an-mhodhnaithe. (5) Is ionann an paraiméadar sin agus an CCC arna shloinneadh mar uas-leibhéal incheadaithe tiúchana (UIT CCC). I gcás ina marcáiltear UIT CCC a bheith “neamhbhainteach”, meastar na luachanna MB CCC a bheith cosantach in aghaidh roinnt buaice truaillithe ghearrthéarmaigh sna sceití leanúnacha óir tá siad i bhfad níos ísle ná na luachanna a shainítear ar bhonn na géarthocsaineachta. (6) Má thugtar CCC le haghaidh bithra, is é sin a chuirfear i bhfeidhm, seachas CCC an uisce, gan dochar d’Airteagal 3(3) den Treoir seo ina gceadaítear tacsón bithra malartach, nó maitrís eile, le faireachán a dhéanamh air/uirthi ina ionad sin, a fhad agus a sholáthraítear leibhéal coibhéiseach cosanta leis an CCC a chuirtear i bhfeidhm. Mura dtugtar a mhalairt le fios, baineann na CCCanna le haghaidh bithra le héisc. (7) Substaint a liostaíodh roimhe seo mar shubstaint tosaíochta in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2000/60/CE nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE.’. |
|||||||||
IARSCRÍBHINN VIII
Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Treoir 2008/105/CE
‘IARSCRÍBHINN III
SUBSTAINTÍ ATÁ FAOI RÉIR ATHBHREITHNIÚ LE GO bhFÉADFAÍ IAD A SHAINAITHINT MAR SHUBSTAINTÍ TOSAÍOCHTA
|
Ainm na substainte |
Uimhir CAS (1) |
Uimhir an Aontais (2) |
|
Suim na mbisfeanól |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
|
Suim(eanna) na lotnaidicídí roghnaithe de réir modh gníomhaíochta |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
|
Suim(eanna) na n-earraí cógaisíochta roghnaithe de réir modh gníomhaíochta |
neamhbhainteach |
neamhbhainteach |
|
(1) CAS: Uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha. (2) Uimhir an Aontais: Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) nó Liosta Eorpach na Substaintí Ceimiceacha faoina dTugtar Fógra (ELINCS).’. |
||
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/805/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)