This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026L0288
Commission Directive (EU) 2026/288 of 9 February 2026 amending Council Directive 91/676/EEC as regards the use of certain fertilising materials from livestock manure
Treoir (AE) 2026/288 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2026 lena leasaítear Treoir 91/676/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid ábhar leasacháin áirithe ó aoileach beostoic
Treoir (AE) 2026/288 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2026 lena leasaítear Treoir 91/676/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid ábhar leasacháin áirithe ó aoileach beostoic
C/2026/662
IO L, 2026/288, 10.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/288/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/288 |
10.2.2026 |
TREOIR (AE) 2026/288 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Feabhra 2026
lena leasaítear Treoir 91/676/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid ábhar leasacháin áirithe ó aoileach beostoic
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 8 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 5(4), pointe (a), de Threoir 91/676/CEE, leagtar amach na bearta atá le cuimsiú i gcláir ghníomhaíochta atá le cur i bhfeidhm i limistéir leochaileacha nó ar fud na críche náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Treoir sin. De bhun phointe 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/676/CEE, is ann do na bearta sin chun a áirithiú, i gcás gach feirme nó aonaid beostoic, nach mó an méid aoiligh beostoic nó an méid aoiligh phróiseáilte a úsáidtear ar an talamh gach bliain, lena n-áirítear an méid a scaipeann na hainmhithe féin, ná méid sonraithe in aghaidh an heicteáir, atá socraithe ag 170 kg de nítrigin (N) in aghaidh na bliana. |
|
(2) |
Ó glacadh Treoir 91/676/CEE, mar gheall ar dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil maidir le teicnící próiseála aoiligh, táthar in ann leasacháin a mhonarú (ar a dtugtar leasacháin ‘RENURE’) a ghníomhaíonn mar ‘leasacháin cheimiceacha’ faoi choinníollacha áirithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(f) den Treoir. |
|
(3) |
Tá measúnú déanta ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin go bhfuil poitéinseal láiste nítrigine agus éifeachtúlacht agranamaíoch ag leasacháin RENURE atá comhchosúil le leasacháin cheimiceacha, faoi choinníollacha áirithe. Dá bhrí sin, leis na hábhair sin laghdaítear an riosca go gcaillfear níotráit in uisce i gcomparáid le haoileach agus, a bhuí leis an mbuntáiste comhshaoil sin, d’fhéadfaí iad a úsáid os cionn an uasmhéid le haghaidh úsáid aoiligh ar an talamh a leagtar amach i dTreoir 91/676/CEE, agus baint amach chuspóirí na Treorach agus tairbhí agranamaíocha leordhóthanacha á n-áirithiú ag an am céanna (2). |
|
(4) |
Le húsáid níos leithne leasachán orgánach agus cothaitheach ó shruthanna dramhaíola athchúrsáilte, d’fhéadfaí uathriail straitéiseach oscailte agus slándáil bia an Aontais a neartú agus ardchaighdeáin inbhuanaitheachta á leagan amach ag an am céanna, go háirithe i réigiúin ina bhfuil glacadh íseal leasachán orgánach. D’fhéadfadh úsáid aoiligh agus aoiligh phróiseáilte, i gcomhréir le Treoir 91/676/CEE, an méid a bhíonn feirmeoirí i ngleic le praghsanna luaineacha leasachán neamhorgánach a laghdú agus timthriallta cothaitheach a dhúnadh. Sa Teachtaireacht dar teideal ‘Infhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán a áirithiú’ (3) iarradh go ndéanfaí measúnú ar chéimeanna breise rialála agus neamhrialála chun úsáid níos leithne cothaitheach aisghafa ó aoileach beostoic a éascú. |
|
(5) |
In 2023, sheol an Coimisiún meastóireacht ar Threoir 91/676/CEE agus é mar aidhm aige measúnú a dhéanamh, i measc nithe eile, féachaint an gcuirtear chun cinn go leordhóthanach leis an Treoir athchúrsáil cothaitheach ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear aoileach próiseáilte, agus forbairtí teicneolaíochta i dteicneolaíochtaí próiseála aoiligh a bhfuil leasacháin RENURE mar thoradh orthu. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, go dtí go dtabharfar an mheastóireacht ar Threoir 91/676/CEE chun críche, is gá réiteach eatramhach a sholáthar do na Ballstáit chun feirmeoirí a údarú leasacháin RENURE os cionn an mhéid a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 2, a úsáid faoi choinníollacha áirithe. |
|
(7) |
Ba cheart úsáid leasachán RENURE os cionn 170 kg N in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ó aoileach beostoic a údarú leis na coimircí iomchuí chun feabhas a chur ar leasacháin cheimiceacha a ionadú le leasacháin orgánacha, chun costais d’fheirmeoirí a laghdú agus chun uathriail straitéiseach earnáil talmhaíochta an Aontais a fheabhsú, gan baint amach chuspóirí Threoir 91/676/CEE a chur i mbaol. |
|
(8) |
Sa bhreis ar an tionchar a bhíonn ag astaíochtaí nítrigine ó aoileach agus beostoc ar cháilíocht an uisce, bíonn tionchar acu freisin ar cháilíocht an aeir. Ba cheart úsáid leasachán RENURE a bheith fite fuaite in iarrachtaí leanúnacha chun na tionchair fhoriomlána ar an gcomhshaol a mhaolú. Dá bhrí sin, is gá coimircí iomchuí a bheith ann agus uasteorainn a shocrú maidir le húsáid leasachán RENURE. Ba cheart an teorainn sin a bheith comhfhreagrach do shaintréithe leasachán RENURE ó aoileach beostoic, a n-úsáid agus a n-acmhainneacht ionadaíochta, chomh maith leis an taithí a fuarthas agus Iarscríbhinn III, pointe 2, á cur i bhfeidhm. |
|
(9) |
Ba cheart critéir cháilíochta maidir le leasacháin RENURE agus coinníollacha maidir lena n-úsáid a leagan amach ionas gur féidir iad a chur in ionad ‘leasachán ceimiceach’ i gcomhréir le cuspóirí Threoir 91/676/CEE. |
|
(10) |
Níor cheart ach modhanna próiseála a chumhdach a mbíonn ábhair ar cháilíocht chomhsheasmhach mar thoradh orthu i gcomhréir le critéir shonraithe. Tá measúnú déanta ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin ar na critéir maidir le tiúchan nítrigine mianraí agus carbóin orgánaigh sna hábhair sin agus tá tástáil déanta aige ar iontaofacht próiseas éagsúil maidir le hábhair a tháirgeadh a chomhlíonann na critéir sin. Léirítear sa mheasúnú gur féidir ábhair atá ar cháilíocht chomhsheasmhach a tháirgeadh i gcomhréir leis na critéir sin leis na modhanna próiseála seo a leanas: sniogadh agus sciúradh amóinia chun salainn amóiniam a tháirgeadh, cur i bhfeidhm cúlosmóise chun tiúcháin mhianracha a tháirgeadh, agus salainn fosfáite atá lán le nítrigin (strúivít) arna ndeascadh ó aoileach beostoic. Na próisis is gá chun leasacháin RENURE a tháirgeadh a bhaineann an cháilíocht is gá amach chun athsholáthar iontaofa leasachán ceimiceach a áirithiú, ba cheart na próisis sin a bhunú, dá bhrí sin. |
|
(11) |
Chun a áirithiú go n-úsáidfear leasacháin RENURE ar an talamh ar bhealach sábháilte, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit dianchaighdeáin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear teorainneacha sábháilte le haghaidh éilleáin agus pataiginí ábhartha i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart luachanna uasteorann a leagan amach, go háirithe a mhéid a bhaineann le copar, sinc agus miocrorgánaigh a bheith ann. |
|
(12) |
I Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1605 ón gCoimisiún (4), sainítear pointí deiridh sa slabhra monaraíochta le haghaidh leasacháin orgánacha áirithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena n-áirítear aoileach próiseáilte, ar pointí iad nach bhfuil aoileach próiseáilte faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 tharstu a thuilleadh, chun bheith ina dtáirgí leasacháin de chuid an Aontais dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), nó chun bheith ina gcuid de na táirgí sin. Tá aoileach seachas an t-aoileach dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1605 fós faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009. |
|
(13) |
Ba cheart do na Ballstáit ceanglais a leagan síos le haghaidh suiteálacha a tháirgeann leasacháin RENURE chun cion comhsheasmhach cothaitheach a áirithiú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i dTreoir 91/676/CEE. Ba cheart faisnéis iomchuí maidir lena gcion cothaitheach a bheith ag gabháil le leasacháin RENURE chun a n-úsáid ar an talamh a éascú i gcomhréir le ceanglais na mbarr. |
|
(14) |
Rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin measúnú ar thionchair chomhshaoil agus sláinte agus ar na critéir atá beartaithe maidir le leasacháin RENURE a úsáid ar an gcoinníoll agus ar an toimhde nach dtiocfadh méadú ar an méid iomlán aoiligh a tháirgtear laistigh den Aontas, ar líon na n-aonad beostoic agus ar an dlús beostoic. |
|
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh ar éifeacht an údaraithe leasacháin RENURE a úsáid os cionn an mhéid 170 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ar líon foriomlán beostoic agus ar tháirgeadh aoiligh. An cion nítrigine atá sa táirgeadh bliantúil iomlán aoiligh in aghaidh an heicteáir den limistéar talmhaíochta a úsáidtear, i gcás ina bhfuil an cion sin níos mó ná 170 kg nítrigine in aghaidh an heicteáir, nó ina bhfuil baol ann go mbeadh an cion sin níos mó ná 170 kg nítrigine in aghaidh an heicteáir, sa Bhallstát ina iomláine nó i réigiúin NUTS 2 ina n-údaraítear leasacháin RENURE, ba cheart do na Ballstáit cosc a chur ar aon mhéadú de sna réigiúin sin, chun a áirithiú nach mbeidh éifeachtaí diúltacha breise neamhbheartaithe ar an gcomhshaol mar thoradh air. |
|
(16) |
Tá úsáid leasachán RENURE ar an talamh fós faoi réir na gceanglas maidir le húsáid gach leasacháin (leasú cothrom) a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 1(3), a ghabhann le Treoir 91/676/CEE. Ós rud é go bhfuil sé beartaithe go gcuirfear leasacháin RENURE in ionad leasacháin cheimiceacha, d’fhéadfadh sé gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainneacha ar úsáid leasachán i gcomhréir le prionsabal an leasaithe chothroime mar a chuirtear i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann agus an t-athbhreithniú sin a dhéanamh i gcomhthéacs an chinnidh cead a thabhairt do leasacháin RENURE é sin a chur san áireamh. Na brúnna breise comhshaoil a d’fhéadfadh teacht ó úsáid leasachán RENURE ar an talamh, go háirithe i ndiaidh iad a úsáid ar bharra curaíochta san fhómhar, is gá na brúnna sin a chur san áireamh agus bearta iomchuí a dhéanamh sna cláir ghníomhaíochta faoi seach, go háirithe maidir le teorainn a chur le leasacháin a úsáid ar an talamh. Dá bhrí sin, ba cheart dea-chleachtais agra-chomhshaoil a urramú, amhail brait fásra bheo nó bearta coibhéiseacha, chun caillteanais nítrigine sa chomhshaol a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais sin a leagan amach. |
|
(17) |
D’fhéadfadh úsáid leasachán RENURE a bheith bainteach freisin le riosca astaíochtaí nítrigine trí ghalú ó ithreacha, go háirithe i gcás leasacháin ina bhfuil níos mó ná 60 % nítrigin i bhfoirmeacha seachas níotráití agus ina bhfuil pH níos airde ná 5.5. Dá bhrí sin, chun éifeachtaí diúltacha ar an gcomhshaol a sheachaint, ba cheart cloí le teicnící iomchuí maidir le húsáid leasachán ar an talamh amhail instealladh, ionchorprú láithreach ábhar a úsáidtear ar an dromchla, nó bearta coibhéiseacha. |
|
(18) |
Agus leasacháin RENURE ó aoileach próiseáilte á n-údarú ag na Ballstáit, ba cheart dóibh na héifeachtaí a chur san áireamh a d’fhéadfadh a bheith acu ar chuspóirí Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (7), agus Threoracha 2000/60/CE (8), (AE) 2016/2284 (9), (AE) 2020/2184 (10) agus 2008/50/CE (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a bhaint amach. Níor cheart úsáid leasachán RENURE difear a dhéanamh do chur chun feidhme na dtreoracha sin agus an Rialacháin sin ná bac a chur orthu. I bhfianaise phrionsabal an réamhchúraim a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart do na Ballstáit réamhchúraimí ar leith a dhéanamh i láithreáin Natura 2000 agus timpeall orthu agus i gcomharsanacht pointí astarraingthe uisce óil. Agus an reachtaíocht thuas á cur i bhfeidhm ag na Ballstáit, agus sula dtabharfaidh siad an t-údarú chun leasacháin RENURE den sórt sin a úsáid, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar foriomlán atá ag astaíochtaí amóinia sa réigiúin ina bhfuil leasacháin RENURE údaraithe le cur ar an talamh, d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar difear diúltach do chuspóirí comhshaoil. |
|
(19) |
Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún a ról a chomhlíonadh de bhun Threoir 91/676/CEE, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoina gcinneadh úsáid leasachán RENURE ó aoileach próiseáilte a údarú, agus ba cheart dóibh tuairisciú don Choimisiún, mar chuid den tuarascáil 4 bliana de bhun Airteagal 10 de Threoir 91/676/CEE, maidir le cur i bhfeidhm an údaraithe sin, lena n-áirítear sonraí bliantúla maidir le táirgeadh leasachán RENURE, líonta beostoic agus táirgeadh aoiligh. |
|
(20) |
Leis an leasú seo níor cheart go ndéanfaí difear d’oibleagáidí na mBallstát ach amháin má roghnaíonn siad pointe c nua in Iarscríbhinn III, a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an ngníomh seo, a chur chun feidhme. |
|
(21) |
Dá bhrí sin, is gá Treoir 91/676/CEE a leasú dá réir sin. |
|
(22) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 9 de Threoir 91/676/CEE, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/676/CEE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
1. Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 2 Márta 2028 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj.
(2) Huygens, D., Orveillon, G., Lugato, E., Tavazzi, S., Comero, S., Jones, A., Gawlik, B., agus Saveyn, H., Technical proposals for the safe use of processed manure above the threshold established for Nitrate Vulnerable Zones by the Nitrates Directive (91/676/EEC), Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020.
(3) COM(2022) 590 an 9 Samhain 2022.
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1605 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2023 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le pointí deiridh a chinneadh i slabhra monaraíochta leasachán orgánach agus feabhsuithe ithreach áirithe (IO L 198, 8.8.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1605/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1069/oj).
(6) Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1009/oj).
(7) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).
(8) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj).
(9) Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/2284/oj).
(10) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/2184/oj).
(11) Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/50/oj). Treoir AE maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh mar a leasaíodh in 2024.
(12) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/676/CEE, i bpointe 2, an dara fomhír, cuirtear isteach pointe (c) seo a leanas:
|
‘(c) |
Féadfaidh na Ballstáit, os cionn an mhéid 170 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana mar a leagtar amach san fhomhír seo agus suas le teorainn bhreise ar leithligh de 80 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana, úsáid ábhar leasacháin áirithe ó aoileach beostoic a ndearnadh próiseáil orthu a údarú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(*1) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).
(*2) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj).
(*3) Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/2284/oj).
(*4) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/2184/oj).
(*5) Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1, ELI http://data.europa.eu/eli/dir/2008/50/oj). Treoir AE maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh mar a leasaíodh in 2024.
(*6) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).’.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/288/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)