This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026H1007
Commission Recommendation (EU) 2026/1007 of 30 April 2026 on supporting the development of energy communities and maximising the potential of self-consumption
Moladh (AE) 2026/1007 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2026 maidir le tacú le pobail fuinnimh a fhorbairt agus acmhainneacht an fhéintomhaltais a uasmhéadú
Moladh (AE) 2026/1007 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2026 maidir le tacú le pobail fuinnimh a fhorbairt agus acmhainneacht an fhéintomhaltais a uasmhéadú
C/2026/2850
IO L, 2026/1007, 8.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2026/1007/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1007 |
8.5.2026 |
MOLADH (AE) 2026/1007 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Aibreán 2026
maidir le tacú le pobail fuinnimh a fhorbairt agus acmhainneacht an fhéintomhaltais a uasmhéadú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cumhdaítear leis an Moladh seo féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus custaiméirí gníomhacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) atá i mbun féintáirgeadh agus féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite (‘féintomhaltas’), lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí chomhroinnt fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10a), de Threoir (AE) 2019/944. Cumhdaítear leis an Moladh seo freisin pobail fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Threoir (AE) 2018/2001 agus pobail fuinnimh saoránach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/944 atá i mbun féintáirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus cineálacha eile seirbhísí a bhaineann le fuinneamh. |
|
(2) |
Le hAirteagal 15a de Threoir (AE) 2019/944, ceanglaítear ar na Ballstáit ceart chun comhroinnte fuinnimh a bhunú lena n-áiritheofar, inter alia, ‘go mbeidh an ceart ag gach teaghlach, gach fiontar beag agus gach fiontar meánmhéide, gach comhlacht poiblí agus, i gcás ina gcinnfidh Ballstát amhlaidh, catagóirí eile de chustaiméirí deiridh, a bheith rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh mar chustaiméirí gníomhacha’. Tá sé ríthábhachtach an ceart sin a chur chun feidhme go comhsheasmhach chun samhlacha nua gnó a dhíghlasáil, chun infheistíocht áitiúil a spreagadh agus chun feabhas a chur ar sholúbthacht an chórais. |
|
(3) |
Leagtar béim sa phlean REPowerEU (3) ar an acmhainn atá sna pobail fuinnimh agus san fhéintomhaltas cuidiú le haghaidh a thabhairt ar phraghsanna luaineacha arda fuinnimh, agus iarrtar ar na Ballstáit dlús a chur le trasuí an Phacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’. Aithnítear go sonrach i Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh (4) acmhainneacht ard na bpobal fuinnimh agus an fhéintomhaltais maidir le dlús a chur le cur in úsáid an ghrianfhuinnimh. Chuir sé uaillmhian pholaitiúil chomhroinnte chun cinn chun pobal fuinnimh amháin ar a laghad atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chur ar bun i ngach bardas ina bhfuil daonra níos airde ná 10 000 duine faoi 2025. Le Treoir (AE) 2023/1791 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, iarrtar ar údaráis áitiúla in áiteanna ina bhfuil daonra níos airde ná 45 000 measúnú a dhéanamh ar ról na bpobal fuinnimh i bpleananna áitiúla um théamh agus fuarú. |
|
(4) |
Leagtar béim i gcreat an Aontais ar an gcothroime agus ar an gcuimsitheacht. Aithnítear i Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus i Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún (7) araon acmhainneacht na bpobal fuinnimh agus na scéimeanna féintomhaltais, amhail comhroinnt fuinnimh, rannchuidiú le teaghlaigh leochaileacha agus teaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit cuimsiú daoine, lena n-áirítear teaghlaigh leochaileacha, teaghlaigh a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus teaghlaigh le daoine faoi mhíchumas, a spreagadh i bpobail fuinnimh agus i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite. |
|
(5) |
Is féidir le creataí cumasúcháin dea-cheaptha le haghaidh pobail fuinnimh, féintomhaltas aonair agus comhroinnt fuinnimh tacú le Prionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach, lena ndearbhaítear an ceart atá ag gach duine rochtain a fháil ar sheirbhísí fíor-riachtanacha ar ardchaighdeán, lena n-áirítear fuinneamh. |
|
(6) |
Sa phlean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne (8), a thíolaic an Coimisiún an 26 Feabhra 2025, leagtar amach an cuspóir fuinneamh a dhéanamh inacmhainne, dlús a chur le cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite agus spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise agus ar allmhairí fuinnimh a laghdú. Rannchuidíonn sé freisin le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan (9) trí infheistíocht áitiúil, iomaíochas agus cothroime shóisialta a neartú trí bhíthin creataí simplithe intuartha trédhearcacha. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is é is aidhm do Phacáiste Fuinnimh na Saoránach (10) cur a thuilleadh le rannpháirtíocht na saoránach agus na bpobal san aistriú fuinnimh, agus iad a chumhachtú lena bhfuinneamh in-athnuaite féin a tháirgeadh, a stóráil, a ídiú, a chomhroinnt nó a dhíol chun rochtain chobhsaí ar phraghsanna inacmhainne fuinnimh a bhaint amach. |
|
(7) |
Mar gheall ar a spleáchas ar rannpháirtíocht an phobail agus ar obair a dhéanann an pobal go deonach go minic, tá srianta ar leith ar phobail fuinnimh ó thaobh acmhainneacht theicniúil, ama agus airgeadais de a mbíonn tionchar acu ar an timthriall forbartha tionscadail chomh maith leis an mbealach chuig margaí fuinnimh. Bíonn sé thar a bheith dúshlánach ar phobail fuinnimh maoiniú a shlógadh sna céimeanna luatha i bhforbairt tionscadail, nósanna imeachta casta riaracháin a bhainistiú, infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar teicniúil nó oibríochtaí margaidh a dhéanamh (11). |
|
(8) |
Chun cuidiú leis na srianta sin a shárú agus chun forbairt chomhionann a éascú ar fud an Aontais, ba cheart é a chur ar a gcumas do na pobail fuinnimh teacht chun cinn, éagsúlú agus fás, agus creataí soiléire comhleanúnacha, feasacht ghinearálta agus cóir chothrom á n-áirithiú, bacainní rialála agus riaracháin ar na margaí agus ar na hearnálacha fuinnimh ábhartha uile á n-íoslaghdú agus treoir á tabhairt maidir le gnéithe teicniúla agus airgeadais chomh maith le rochtain éascaithe ar mhaoiniú. Is féidir le tacaíocht d’fhothú acmhainneachta borradh breise a chur faoi ghairmiúlacht agus neamhspleáchas na bpobal fuinnimh agus na n-uirlisí teicniúla mar bíonn a ndearadh ríthábhachtach i dtaobh ghlacadh foriomlán na bpobal fuinnimh. D’fhéadfadh tacaíocht d’údaráis áitiúla agus go háirithe do struchtúir thánaisteacha nó do chónaidhmeanna pobal fuinnimh a bheith ina modh éifeachtach chun dlús a chur lena bhforbairt agus lena n-acmhainneacht páirt a ghlacadh i dtionscadail atá níos nuálaí ó thaobh na sochaí agus na teicneolaíochta de. |
|
(9) |
Tá bacainní ar leith roimh fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite maidir le maoiniú, ceadú, rochtain ar an eangach agus castacht riaracháin. Bíonn tionchar díréireach ag na bacainní sin ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar thomhaltóirí beaga. Chun an chuimsitheacht a áirithiú, tá an méid seo a leanas fíor-riachtanach: simpliú; comhtháthú pointí teagmhála aonair le haghaidh ionaid cheadaithe agus ionaid ilfhreastail; tacaíocht airgeadais spriocdhírithe: agus maoiniú tríú páirtí nó cineálacha comhchoiteanna cur chuige maoiniúcháin amhail léasú, conarthaí feidhmíochta fuinnimh nó scéimeanna infheistíochta pobail. Cuideoidh cur chuige comhleanúnach maidir le pobail fuinnimh agus comhroinnt fuinnimh ar fud an Aontais le dea-chleachtas a chomhroinnt agus samhlacha gnó nuálacha a chur in úsáid thar theorainneacha. Cuidíonn prionsabail choiteanna maidir le sainmhínithe, luach saothair, comhtháthú eangaí agus cosaint tomhaltóirí le cur chuige comhleanúnach den sórt sin a bhaint amach. |
|
(10) |
Fágann cóireáil chomhréireach neamh-idirdhealaitheach agus cúnamh saincheaptha i nósanna imeachta um nascadh leis an eangach agus i bhfeidhmchláir a bhaineann le nascadh leis an eangach go mbíonn sé níos éasca rochtain a fháil ar eangacha suiteálacha táirgthe foinsí in-athnuaite fuinnimh. |
|
(11) |
Le comhroinnt fuinnimh in éineacht le freagairt ar an éileamh, aistriú lóid nó stóráil fuinnimh, is féidir coigilteas costais a bhaint amach do thomhaltóirí agus do chórais fuinnimh araon. Chuige sin, tá gá le rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais agus le hidir-inoibritheacht sonraí. |
|
(12) |
I gcomhréir le clár oibre an Choimisiúin maidir le simpliú agus rialáil níos fearr, féachtar leis an Moladh seo treoir phraiticiúil a sholáthar do na Ballstáit chun a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht an Aontais maidir le pobail fuinnimh agus scéimeanna féintomhaltais, lena n-áirítear comhroinnt fuinnimh, chun feidhme ar bhealach comhleanúnach comhréireach atá fabhrach do shaoránaigh. |
|
(13) |
Ba cheart do na Ballstáit simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta um riarachán chun pobail fuinnimh agus ceanglais féintomhaltais agus tuairiscithe a bhunú, a oibriú agus a fhorbairt. Leis an gcur chun feidhme, ba cheart cur leis na struchtúir agus na huirlisí digiteacha atá ann cheana, lena n-áiritheofar an comhleanúnachas, an chostéifeachtúlacht agus an t-ualach riaracháin is lú le haghaidh soláthróirí, tomhaltóirí agus údaráis náisiúnta. |
|
(14) |
Chun tacú leis na Ballstáit a chuireann an Moladh seo chun feidhme, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún roinnt beart a dhéanamh chun cur le forbairt agus glacadh pobal fuinnimh san Aontas agus chun tacú le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais. Leagtar na bearta sin amach sa Phlean Gníomhaíochta san iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo. |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
Moltar do na Ballstáit na bearta seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
agus na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá á dtabhairt i bhfeidhm chun Airteagal 2, pointe (8) de Threoir (AE) 2019/944 a chomhlíonadh, comhleanúnachas a áirithiú idir coincheapa na gcustaiméirí gníomhacha agus na bhféintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite (12) ó thaobh cearta agus freagrachtaí atá ábhartha d’fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite aonair (13) agus do chomhroinnt fuinnimh (14), agus trí na sainmhínithe sin a idirdhealú ó ghníomhaithe tráchtála agus an inrochtaineacht á háirithiú an tráth céanna le haghaidh na saoránach uile, lena n-áirítear tionóntaí, cónaitheoirí ilárasán agus teaghlaigh leochaileacha agus daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, amhail mná agus grúpaí eile a bhíonn i mbaol idirdhealaithe agus a ndéantar difear díréireach dóibh. |
|
2. |
idirdhealú soiléir a dhéanamh idir coincheap na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite (15) agus na bpobal fuinnimh saoránach (16) ó thaobh struchtúr ballraíochta, ceanglais rialachais agus cuspóra de, agus béim a leagan ar na buntáistí agus na tairbhí sonracha a bhaineann le cineálacha sonracha pobal fuinnimh, chun comhleanúnachas eatarthu agus soiléireacht maidir lena gcuspóir a áirithiú. |
|
3. |
agus na forálacha in Airteagal 15a de Threoir leasaitheach (AE) 2024/1711 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) á dtrasuí agus á gcur chun feidhme, bunaítear creat cumasúcháin le haghaidh custaiméirí gníomhacha a ghníomhaíonn go comhpháirteach atá comhsheasmhach le cearta féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite aonair in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2018/2001 agus custaiméirí gníomhacha in Airteagal 15 de Threoir (AE) 2019/944; |
|
4. |
reachtaíocht an Aontais a bhaineann le pobail fuinnimh agus leis an bhféintomhaltas (18) a thrasuí go hiomlán agus creataí cumasúcháin a chur chun feidhme a rannchuidíonn le pobail fuinnimh a fhorbairt a thuilleadh ar fud na hearnála téimh agus fuaraithe, na hearnála leictreachais agus na hearnála athchóirithe foirgneamh, rud a chuireann ar a gcumas do phobail fuinnimh rannchuidiú le spriocanna foriomlána athchóirithe agus fuinnimh in-athnuaite an Aontais. |
Rialachas agus Faireachán
|
5. |
straitéis náisiúnta a fhorbairt le haghaidh pobail fuinnimh agus féintomhaltais, lena n-áirítear measúnú ar an rannchuidiú féideartha le cuspóirí fuinnimh an Aontais faoi 2030 agus 2040 bunaithe ar mheasúnú ar an acmhainneacht agus ar na bacainní i gcomhréir le hAirteagal 21, pointe (6), agus Airteagal 22, pointe (3), de Threoir (AE) 2018/2001, agus an dul chun cinn a thuairisciú trí na tuarascálacha comhtháite ar dhul chun cinn maidir leis na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide. |
|
6. |
údarás nó comhlacht inniúil a shannadh chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar acmhainneacht agus tionchar na sochar airgeadais, sóisialta agus comhshaoil a bhaineann le pobail fuinnimh agus le féintomhaltas agus ar bhaint bacainní i dtéarmaí saintréithe geografacha agus déimeagrafacha, chomh maith le cuspóirí nó spriocanna beartais níos leithne maidir le pobail fuinnimh agus féintomhaltas fuinnimh a fhorbairt go tráthrialta agus, b’fhéidir, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear sonraí arna mbailiú ó na páirtithe leasmhara ábhartha agus an mhapáil arna déanamh faoi Airteagal 15b de Threoir (AE) 2018/2001. |
|
7. |
clárlanna náisiúnta cuimsitheacha arna dtabhairt cothrom le dáta le haghaidh pobail fuinnimh a chur i bhfeidhm ar féidir iad a úsáid chun comhlíonadh, sonraí tionscadail agus gnéithe eagraíochtúla a rianú, gan táillí díréireacha ná ceanglais riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha fuinnimh a fhorchur. |
|
8. |
ról i gcur chun feidhme an Mholta seo a thabhairt do thomhaltóirí, lena n-áirítear teaghlaigh fhuinneamhbhochta, tionóntaí agus cónaitheoirí i dtithíocht shóisialta, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, gnólachtaí, údaráis áitiúla, pobail fuinnimh agus/nó a n-ionadaithe, trí bhíthin comhairliúchán rialta agus idirphlé struchtúrtha. |
Ceadú agus Comhtháthú Córas
|
9. |
deireadh a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh suiteálacha fótavoltachais gréine ar mionscála agus suiteálacha stórála, bearta a thabhairt isteach a bhaineann le teaschaidéil, feithiclí leictreacha agus pointí luchtaithe feithiclí leictreacha agus naisc ghaolmhara eangaí a shimpliú, tréimhsí ama sonracha réasúnta a fhorchur chun custaiméirí deiridh agus pobail fuinnimh a chur ar an eolas agus deireadh a chur le ceanglais riaracháin agus bacainní rialála (19) le haghaidh ceallraí inluchtaithe agus suiteálacha fótavoltacha gréine balcóine suas le 800 W. |
|
10. |
nósanna imeachta tráthúla, trédhearcacha, comhréireacha agus simplí um nascadh leis an eangach a áirithiú, i gcomhréir leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001, (AE) 2019/944, (AE) 2024/1788 a mhéid a bhaineann le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna (20), trí chead a thabhairt an taisce ráthaíochta airgeadais a aisghabháil nó a laghdú má chomhlíontar critéir aibíochta, trí thráthchláir shonracha a bhunú chun pobail fuinnimh agus custaiméirí deiridh a chur ar an eolas faoi nósanna imeachta, costais agus formheasanna, trí chúnamh nó treoir thiomnaithe a sholáthar le haghaidh iarratas agus trí cheanglais riaracháin agus theicniúla a éascú i gcás inar féidir, agus láimhseáil neamh-idirdhealaitheach chomhréireach á cur i bhfeidhm i gcomhréir le creat an Aontais is infheidhme. |
|
11. |
a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eangaí an fás agus an tionchar a mheastar a bheidh ag oibríochtaí uath-ídithe leictreachais agus oibríochtaí pobail fuinnimh san áireamh ina bpleananna forbartha eangaí chun foráil a dhéanamh maidir le hinfheistíochtaí réamh-mheasta. |
|
12. |
i gcás nach ann d’acmhainneacht eangaí leordhóthanach agus i gcás inar féidir go teicniúil, a áirithiú gur féidir le pobail fuinnimh agus custaiméirí deiridh atá rannpháirteach i scéimeanna comhroinnte fuinnimh comhaontú solúbtha nasctha eangaí a dhéanamh le hoibreoirí córais agus saoráidí stórála á n-oibriú acu nó ardleibhéil féintomhaltais áitiúil á mbaint amach acu, i gcomhréir le hAirteagal 6a de Threoir (AE) 2019/944. |
|
13. |
é a chur ar a gcumas do phobail fuinnimh saoránach eangacha dáileacháin iata a bhainistiú, i gcomhréir le hAirteagal 16, mír (4), agus Airteagal 38, mír (2), de Threoir (AE) 2019/944, agus do phobail fuinnimh in-athnuaite gréasáin téimh agus fuaraithe in-athnuaite a fhorbairt agus a oibriú ina limistéar oibriúcháin. |
Cur Chuige Caighdeánaithe maidir le Comhroinnt Fuinnimh
|
14. |
an fhéidearthacht a sholáthar le haghaidh comhroinnt fuinnimh laistigh den chrios tairisceana céanna nó laistigh de limistéar geografach níos teoranta agus údaráis rialála náisiúnta a spreagadh chun measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht solúbthachta a bhaineann le comhroinnt fuinnimh áitiúil, i gcomhréir le toipeolaíocht eangaí, agus an fhaisnéis sin a úsáid agus muirir ghréasáin chostléiritheacha á gcur i bhfeidhm. |
|
15. |
a áirithiú nach mbeidh custaiméirí deiridh a bhíonn ag gabháil do chomhroinnt fuinnimh ná pobail fuinnimh faoi réir nósanna imeachta, ceanglais ná oibleagáidí soláthróra atá díréireach idirdhealaitheach, i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16 de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagail 21 agus 22 de Threoir (AE) 2018/2001. |
|
16. |
Na coinníollacha a sholáthar chun ligean do na húdaráis rialála náisiúnta faireachán a dhéanamh ar chúraimí maidir le deireadh a chur le muirir soláthróra neamhspleácha atá seasta agus a sháraíonn na costais dhíreacha a thabhaítear mar gheall ar an gcomhroinnt fuinnimh. |
|
17. |
údarás inniúil náisiúnta a ainmniú chun faisnéis a sholáthar maidir leis an gcomhroinnt fuinnimh, lena n-áirítear deasc chabhrach, liosta d’eagraithe oibríochtúla comhroinnte fuinnimh, conarthaí teimpléid deonacha, agus faisnéis theicniúil, dhlíthiúil, eacnamaíoch agus phraiticiúil. |
|
18. |
a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla próisis chlárúcháin shimplí thrédhearcacha dhigiteacha i bhfeidhm le haghaidh socruithe comhroinnte fuinnimh, agus nuair a bheidh líon na gcustaiméirí deiridh atá ag gabháil don chomhroinnt fuinnimh os cionn líon áirithe, go mbeidh sé éigeantach é sin a ainmniú mar chomhroinnt inmheánach fuinnimh chun cuidiú leis an bpróiseas cumarsáide agus clárúcháin a chuíchóiriú. |
|
19. |
cur chuige idir-inoibritheach slán caighdeánaithe a ghlacadh maidir le bainistiú agus malartú sonraí chun an chomhroinnt fuinnimh a oibríochtú. |
|
20. |
a áirithiú go gcuirfear sonraí méadraithe ábhartha ar fáil gar d’fhíor-am (21) , a bheidh ar a laghad chomh gearr leis an tréimhse réitigh míchothromaíochtaí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(15) den Rialachán maidir leis an Margadh Fuinnimh (22) , agus go gcuirfear uirlisí bogearraí ar fáil do na páirtithe ábhartha uile, lena n-áirítear custaiméirí deiridh, soláthróirí agus, i gcás inarb ábhartha, eagraithe comhroinnte fuinnimh agus pobail fuinnimh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh chun tacú leis an gcomhroinnt fuinnimh agus le seirbhísí solúbthachta. |
|
21. |
a áirithiú gur féidir eochracha comhroinnte fuinnimh stataigh (23) a athbhreithniú go tréimhsiúil, go gcuirfear ar fáil do chustaiméirí deiridh iad agus go n-éascófar an t-aistriú de réir a chéile ó eochracha comhroinnte fuinnimh stataigh go heochracha comhroinnte fuinnimh dhinimiciúil chun luach a bharrfheabhsú le haghaidh an chórais fuinnimh agus rannpháirtithe comhroinnte fuinnimh araon. |
|
22. |
é a chur ar a gcumas d’údaráis rialála náisiúnta boscaí gainimh rialála a chur chun feidhme chun triail a bhaint as leithdháileadh agus méadrú i méadair agus i suíomhanna iomadúla, as modhanna leithdháilte, as dearadh taraifí, as freagracht as cothromú, as malartú agus socrú sonraí, agus as cosaint tomhaltóirí agus cánachas. |
Luach saothair chun Luach an Fhéintomhaltais a Uasmhéadú
|
23. |
dlús a chur le cur in úsáid méadar cliste laistigh de thréimhse ama réasúnta, agus córais malartaithe sonraí idir-inoibritheacha a chur i bhfeidhm chun gur féidir an féintomhaltas a thomhas, a bhilleáil agus a bharrfheabhsú go cruinn. |
|
24. |
a áirithiú gur féidir barrachas leictreachais nach ndéantar a fhéintomhailt taobh thiar den mhéadar nó a chomhroinnt a chúiteamh go cothrom ar bhonn comharthaí margaidh, rud a léiríonn a luach do thomhaltóirí agus don chóras araon. |
|
25. |
agus scéimeanna tacaíochta oibríochtúla á gceapadh le haghaidh leictreachas féinghinte a instealltar san eangach, machnamh a dhéanamh ar phréimheanna margaidh a thabhairt isteach lena ndreasaítear barrfheabhsú an fhéintomhaltais, lena n-áirítear é sin a dhéanamh tríd an gcomhroinnt fuinnimh. |
Rochtain ar Mhargaí Fuinnimh Ábhartha
|
26. |
córais cheadúnúcháin sholúbtha a chur chun feidhme lena gceadaítear do phobail fuinnimh, i gcomhar le páirtí atá freagrach as cothromú, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Rialachán (AE) 2019/943, fuinneamh nó seirbhísí solúbthachta a sholáthar do chustaiméirí deiridh. |
|
27. |
comhar le soláthróirí agus comhbhailitheoirí a chur chun cinn, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19) de Threoir (AE) 2019/944 chun trádáil fuinnimh nó solúbthachta a éascú thar ceann pobail fuinnimh nó custaiméirí deiridh a dhéanann comhaontuithe ceannaigh cumhachta, socruithe trádála idir piaraí, nó conarthaí seirbhíse solúbthachta, agus é á áirithiú an tráth céanna go gcuirfear clásail choimirce i bhfeidhm lena gcosnaítear pobail fuinnimh, custaiméirí gníomhacha agus féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ar mhí-úsáidí arna ndéanamh ag gníomhaithe margaidh níos cumhachtaí. |
|
28. |
a áirithiú go ndéantar foráil le híosmhéideanna tairisceana, fad conarthaí, samhlacha rochtana ar an margadh, agus ceanglais réamhcháiliúcháin le haghaidh margaí seirbhísí fuinnimh áitiúla maidir le sócmhainní comhiomlánaithe níos lú arna mbainistiú ag pobail fuinnimh nó ag grúpaí comhroinnte fuinnimh a bheith rannpháirteach go díreach nó trí chomhbhailitheoir agus boscaí gainimh rialála a bhunú chun gnéithe de dhearadh margaidh den sórt sin a thástáil agus a oiriúnú i dtimpeallacht rialaithe. |
Rochtain ar Mhaoiniú Poiblí agus ar Chistiú Príobháideach
|
29. |
tacaíocht infheistíochta a sholáthar do chórais chomhtháite lena n-áirítear suiteálacha fótavoltacha gréine ar mionscála, stóráil nó córais téimh agus fuaraithe in-athnuaite, lena n-áirítear iad a bheith ina gcuid de chláir athchóirithe foirgneamh lena ndírítear ar phobail leochaileacha. |
|
30. |
machnamh a dhéanamh ar a indéanta atá sé rátaí laghdaithe CBL nó díolúintí a chur i bhfeidhm maidir le córais shonracha téimh ghlain atá an-éifeachtúil, chomh maith le painéil ghréine, i gcomhréir le Treoir CBL 2006/112/CE (24) arna leasú le Treoir (AE) 2022/542 ón gComhairle (25) maidir le rátaí cánach breisluacha. |
|
31. |
leas iomlán a bhaint as na Cistí Comhtháthaithe atá ann cheana agus as cistiú ábhartha eile de chuid an Aontais atá ar fáil faoi chlárthréimhse 2021-2027 agus as ionstraimí maoiniúcháin eile chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do phobail fuinnimh agus do scéimeanna féintomhaltais i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon agus i réigiúin ghuail i réigiúin trasdula nó i réigiúin eile a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar dícharbónaithe difear mór dóibh. |
|
32. |
na háiteanna a shainaithint ina bhfuil bearnaí cistiúcháin nó maoiniúcháin le haghaidh na gcéimeanna éagsúla sa tsaolré agus cláir chistiúcháin agus ionstraimí maoiniúcháin tiomnaithe a chur i bhfeidhm le haghaidh pobail fuinnimh, go háirithe síolchistiú ag an gcéim (réamh)f(h)orbartha. |
|
33. |
a áirithiú go mbeidh creataí sonracha lena n-éascófar inrochtaineacht do phobail fuinnimh (26), go háirithe trí bhíthin cónaidhmeanna pobal fuinnimh, ag gabháil le cláir chistiúcháin ghinearálta agus le hionstraimí maoinithe ginearálta le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus éifeachtúlachta fuinnimh. |
Ardú Feasachta agus Tacaíocht le haghaidh Fothú Acmhainneachta
|
34. |
cuimsiú ábhair a bhaineann le fuinneamh pobail agus leis an gcomhroinnt fuinnimh a chur chun cinn san oideachas agus san oiliúint, lena n-áirítear curaclaim ghairme, go háirithe trí chomhar le hollscoileanna, institiúidí gairmiúla agus teicniúla agus cláir phrintíseachta a fhaigheann tacaíocht ó Erasmus+, ón gComhshocrú um Scileanna agus óna Chomhpháirtíochtaí Scileanna ar Mórscála i bhfuinneamh in-athnuaite, agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus. |
|
35. |
tacú le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí maidir le rannpháirtíocht na hóige agus an phobail lena mbaineann ionadaithe pobal tuaithe agus pobal iargúlta chun feasacht a mhúscailt, athrú iompraíochta a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na saoránach i bpobail fuinnimh, san fhéintomhaltas agus sa chomhroinnt fuinnimh a chothú. |
|
36. |
athruithe atá ar na bacáin ar struchtúir taraifí agus ar shásraí luacha saothair a chur in iúl go soiléir agus go leordhóthanach roimh ré, mar aon le hidirthréimhsí agus treoraíocht do thomhaltóirí maidir le tionchair agus deiseanna. |
|
37. |
struchtúir ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla atá ann cheana a ghiaráil nó a chur ar bun chun comhéadan aonair ar líne agus, más féidir, comhéadan fisiceach a sholáthar do phobail fuinnimh agus do thomhaltóirí le comhairle, treoracha, treoirlínte agus ábhair theicniúla, dhlíthiúla, riaracháin, eacnamaíocha agus airgeadais atá cuimsitheach agus soláimhsithe don úsáideoir, amhail teimpléid, agus an rogha ann iarratais a chur isteach agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn ceadanna, ceadúnas agus scéimeanna tacaíochta. |
|
38. |
treoirlínte, deiseanna comhroinnte eolais, treoraíocht theicniúil agus oiliúint bainistithe tionscadal a sholáthar d’údaráis áitiúla chun cur lena rannpháirtíocht i dtionscadail comhroinnte fuinnimh agus i dtionscadail pobail fuinnimh a bhaineann le teaghlaigh fhuinneamhbhochta agus lena dtacaíocht dóibh, chomh maith le tionscadail atá dian ar bhonneagar a fhorbairt amhail téamh agus fuarú faoi stiúir an phobail. |
|
39. |
cónaidhmeanna agus struchtúir thánaisteacha pobal fuinnimh a chur chun cinn agus tacú le fothú acmhainneachta chun go mbeidh siad in ann seirbhísí a bhaineann le fuinneamh a sholáthar agus rochtain ar mhaoiniú agus ar sheirbhísí cúnaimh theicniúil a éascú do phobail fuinnimh áitiúla. |
Comhar Réigiúnach agus Trasteorann
|
40. |
rannpháirtíocht trasteorann i bpobail fuinnimh saoránach agus i bpobail fuinnimh in-athnuaite a chumasú agus féachaint ar dheiseanna do phobail fuinnimh trasteorann, go háirithe i réigiúin teorann, agus deireadh a chur le bacainní dlíthiúla nó riaracháin lena gcuirtear cosc ar infheistíocht chomhpháirteach, úsáid chomhroinnte eangaí nó comhroinnt fuinnimh thar theorainneacha. |
|
41. |
machnamh a dhéanamh ar phobail fuinnimh a chomhtháthú i straitéisí macrairéigiúnacha atá ann cheana agus i bpleananna gníomhaíochta ábhartha, le tacaíocht ó ionstraimí an bheartais comhtháthaithe agus ó chistí an Aontais. |
Cuimsiú Sóisialta
|
42. |
sainmhíniú leormhaith a thabhairt ar na coincheapa ‘rialú éifeachtach’, ‘uathriail’, agus ‘tairbhí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil’ mar a luaitear sa sainmhíniú ar phobail fuinnimh in-athnuaite in Airteagal 2, pointe (16), de Threoir (AE) 2018/2001 agus sa sainmhíniú ar phobail fuinnimh saoránach in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/944, chun a áirithiú go n-úsáidfidh an pobal an coincheap agus go n-úsáidfear le haghaidh an phobail é, chun an riarachán a laghdú agus pobal fuinnimh á bhunú agus chun feabhas a chur ar an muinín as an gcoincheap. |
|
43. |
samhlacha maoiniúcháin tríú páirtí agus comhchoiteanna a chur chun cinn le haghaidh na comhroinnte fuinnimh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí phobail fuinnimh chun an féintomhaltas a dhéanamh inrochtana do thionóntaí, do theaghlaigh ar ioncam íseal agus do theaghlaigh leochaileacha. |
|
44. |
samhlacha rannpháirtíochta ar bheagán bacainní a chur chun cinn, lena n-áirítear roghanna gan costas tosaigh, tacaíocht airgeadais agus riaracháin spriocdhírithe theicniúil do dhaoine atá bocht ó thaobh fuinnimh de, do thionóntaí agus cónaitheoirí i dtithíocht shóisialta agus do dhaoine faoi mhíchumas (27) agus bealaí inrochtana neamhdhigiteacha clárúcháin agus tacaíochta. |
|
45. |
critéir roghnúcháin chomhréireacha chuimsitheacha a áireamh lena gcuirtear ar a gcumas do phobail fuinnimh tairiscint a dhéanamh, chomh maith le critéir incháilitheachta shóisialta agus mheastóireachta i gceantanna poiblí le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, scéimeanna tacaíochta agus soláthar poiblí nó lamháltais chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid. |
|
46. |
measúnú a dhéanamh ar na tionchair dháileacháin chun a áirithiú go gcomhroinnfear costais agus tairbhí an chomhphobail fuinnimh agus na scéimeanna comhroinnte fuinnimh go cothrom agus nach gcuirfear tomhaltóirí a roghnaíonn gan bheith rannpháirteach faoi mhíbhuntáiste leo. |
|
47. |
a áirithiú go mbeidh faisnéis atá beartaithe don phobal inrochtana freisin ag daoine faoi mhíchumas i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (28). |
Digiteáil agus Nuálaíocht
|
48. |
a áirithiú go mbeidh rochtain ag pobail fuinnimh agus ag custaiméirí deiridh ar shonraí ábhartha córais fuinnimh agus tomhaltais i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí agus idir-inoibritheacht, go háirithe na ceanglais sin a bhunaítear faoi Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/944. |
|
49. |
forbairt agus úsáid ardán digiteach foinse oscailte, uirlisí bogearraí inrochtana iomchuí (29) agus comhéadan caighdeánaithe a chur chun cinn lena gcumasaítear comhroinnt fuinnimh, réamhaisnéis éilimh agus seirbhísí solúbthachta ag custaiméirí deiridh agus ag pobail fuinnimh, chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil chun pobal fuinnimh a phleanáil agus an chibearshlándáil agus an chosaint sonraí á n-áirithiú an tráth céanna. |
|
50. |
comhpháirtíochtaí nuálaíochta agus comhar poiblí-príobháideach a spreagadh lena ndéantar réitigh eangaí dhigiteacha, IS-bhunaithe agus chliste a thástáil laistigh de phobail fuinnimh agus de ghrúpaí comhroinnte fuinnimh faoi bhoscaí gainimh rialála nó scéimeanna píolótacha lena gcumasaítear foghlaim trí ghníomhaíocht. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Dan JØRGENSEN
Comhalta den Choimisiún
(1) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).
(2) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj).
(3) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún: Plean REPowerEU, COM(2022) 230 final.
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh, COM(2022) 221 final.
(5) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj).
(6) Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/955/oj).
(7) Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L, 2023/2407, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2407/oj).
(8) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne Leas a bhaint as fíorluach ár nAontais Fuinnimh chun fuinneamh glan éifeachtúil inacmhainne a sholáthar do mhuintir uile na hEorpa, COM(2025) 79 final, an Bhruiséil, 26.2.2025.
(9) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú, COM/2025/85 final.
(10) COM/2026/115 final.
(11) Féach moltaí uimh. 9 agus 10 ón bPainéal Saoránach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, An Painéal maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh - Ardán um Rannpháirtíocht Saoránach.
(12) Mar a shainítear i dTreoir (AE) 2018/2001.
(13) I gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir (AE) 2018/2001.
(14) I gcomhréir le hAirteagal 15a de Threoir (AE) 2019/944.
(15) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Threoir (AE) 2018/2001.
(16) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/944.
(17) Treoir (AE) 2024/1711 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (IO L, 2024/1711, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1711/oj).
(18) Treoir (AE) 2019/944, agus Airteagal 2, pointe (8), pointe (10a) agus pointe (11), Airteagal 15 agus 15a agus Airteagal 16 de go háirithe, agus Treoir (AE) 2018/2001, agus Airteagal 2, pointe (16), agus Airteagail 21 agus 22 de go háirithe.
(19) Féach freisin an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001, (AE) 2019/944 agus (AE) 2024/1788 a mhéid a bhaineann le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna, COM(2025) 1007 final.
(20) COM(2025) 1007 final.
(21) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (26), de Threoir (AE) 2019/944.
(22) Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/943/oj).
(23) Agus tionscnamh comhroinnte fuinnimh á chur ar bun, ní mór foirmle speisialta a ghlacadh lena gcinnfear conas a chuirfear an táirgeadh comhroinnte san áireamh i mbillí fuinnimh áirithe na rannpháirtithe sa chomhroinnt fuinnimh. Tugtar an chomhéifeacht chomhroinnte nó an eochair chomhroinnte air sin.
(24) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).
(25) Treoir (AE) 2022/542 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Treoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/285 a mhéid a bhaineann le rátaí cánach breisluacha (IO L 107, 6.4.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/542/oj).
(26) e.g. trí chistiú ar mionscála, múscailt feasachta nó tacaíocht d’iarratais a chur san áireamh.
(27) i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.
(28) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).
(29) Ba cheart na comhéadain atá beartaithe don phobal a bheith inrochtana ag daoine faoi mhíchumas i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.
IARSCRÍBHINN
Plean Gníomhaíochta na gComhphobal Fuinnimh
Lena Theachtaireacht maidir le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach COM(2026)115, leag an Coimisiún síos cuspóir cur leis an toilleadh fuinnimh in-athnuaite arna shuiteáil ag pobail fuinnimh go dtí suas le 90 GW. Chun bacainní teicniúla agus airgeadais ar phobail fuinnimh a bhaint agus chun tacú leis na Ballstáit an Moladh seo a chur chun feidhme, tugtar aghaidh sa phlean gníomhaíochta seo ar chúig réimse:
|
1. |
Creataí cumasúcháin éifeachtacha |
|
2. |
Rochtain ar mhaoiniú |
|
3. |
Ardú feasachta agus fothú acmhainní |
|
4. |
Cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht phoiblí |
|
5. |
Nuálaíocht dhigiteach agus comhtháthú córas |
Chun an dul chun cinn faoin bplean gníomhaíochta seo a rianú, dea-chleachtais a mhalartú agus comhpháirtíochtaí idir údaráis phoiblí, pobail agus an tionscal a neartú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
sraith táscairí uile-Aontais a fhorbairt chun éabhlóid agus tionchar na bpobal fuinnimh a rianú mar chuid de Mhol Comhairleach Fuinnimh na Saoránach, agus |
|
— |
idirphlé maidir le fuinneamh na saoránach a eagrú i gcomhar leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus le líonraí na bpáirtithe leasmhara in 2028. |
1. Creataí cumasúcháin éifeachtacha
Chun dul i ngleic le héiginnteacht rialála mar gheall ar thrasuí neamhiomlán nó moillithe Threoracha an Aontais lena sainítear pobail fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh na saoránach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
Measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le sainmhínithe an Aontais a shimpliú agus a ailíniú a thuilleadh. |
|
— |
Leanúint de bheith i dteagmháil le Ballstáit an Aontais, le rialtóirí fuinnimh náisiúnta, le hoibreoirí córais dáileacháin agus le heagraíochtaí ionadaíocha pobal fuinnimh maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais agus an Mholta maidir le pobail fuinnimh agus féintomhaltas i gcomhthéacs Fhóram Fuinnimh bliantúil na Saoránach agus an Chruinnithe Comhchéime Rialála maidir le Beartas Fuinnimh le haghaidh Tomhaltóirí. |
|
— |
Faireachán a dhéanamh ar bhacainní náisiúnta, ar dhea-chleachtais agus ar chreataí cumasúcháin faoi Mhol Comhairleach Fuinnimh na Saoránach agus faoi thionscnaimh eile. |
|
— |
Imscrúdú a dhéanamh ar mhaímh gurb ann do chleachtais mhargaíochta éagóracha maidir le pobail fuinnimh nó comhroinnt fuinnimh. |
2. Rochtain ar mhaoiniú
Chun feabhas a chur ar rochtain pobal fuinnimh ar mhaoiniú inacmhainne iontaofa, feasacht a mhúscailt i measc idirghabhálaithe airgeadais agus údaráis bhainistíochta faoi ráthaíochtaí agus cistí an Aontais atá ar fáil chun tacú le pobail fuinnimh, agus leanúint de thacaíocht deontais luathchéime a sholáthar trí Shaoráid na gComhphobal Fuinnimh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
Feasacht a mhúscailt i measc idirghabhálaithe airgeadais agus pobail fuinnimh maidir le húsáid ráthaíochtaí InvestEU chun iasachtaí inacmhainne a scaoileadh, i gcomhar leis an gCiste Eorpach Infheistíochta, trí Ardán na Tairsí Glaise (uirlis deisce cabhrach, cumarsáid leictreonach, seimineár gréasáin) chun a ghlacadh a uasmhéadú (2026). |
|
— |
Bosca uirlisí maoiniúcháin maidir le fuinneamh pobail a fhoilsiú, trí Mhol Comhairleach Fuinnimh na Saoránach, chun pobail a threorú trí shamhlacha agus roghanna maoiniúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun seirbhísí solúbthachta agus comhroinnte fuinnimh atá faoi stiúir an phobail agus atá comhtháite sa mhargadh a chur ar fáil (2026). |
|
— |
Meitheal um phobail fuinnimh a bhunú faoi Líonra na nÚdarás Fuinnimh agus Bainistíochta, tar éis measúnú tosaigh a dhéanamh ar riachtanais agus ar chomhthoil na gcomhaltaí maidir lena bhunú, chun glacadh na gCistí Comhtháthaithe (2026) a neartú. |
|
— |
Saoráid na gComhphobal Fuinnimh a athmhaoiniú tar éis 2027 chun síolchistiú a chur ar fáil do bhreis agus 140 pobal fuinnimh chun pleananna gnó a fhorbairt ag an gcéim réamhfhorbartha (2027). |
3. Ardú feasachta agus fothú acmhainní
Tá rochtain ar eolas fuinnimh, scileanna eacnamaíocha agus fiontraíochta, saineolas teicniúil agus dlíthiúil agus fothú acmhainneachta ríthábhachtach chun go mbeidh pobail fuinnimh in ann fás, scálú agus gairmiúlú. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
saoránaigh, údaráis áitiúla agus daoine eile amhail feirmeoirí agus úinéirí gnólachtaí beaga a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina ndeiseanna chun pobail fuinnimh a bhunú nó chun tacú leo, trí Chúnant na Méaraí agus trí fheachtas cumarsáide tiomnaithe maidir le cearta tomhaltóirí (2026). |
|
— |
cúnamh teicniúil a chur ar fáil trí Mhol Comhairleach Fuinnimh na Saoránach do phobail fuinnimh chun tionscadail stórála, éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt (2026). |
|
— |
Cistiú le haghaidh an Aistrithe chuig Fuinneamh Glan de chuid Chlár LIFE a shlógadh chun cuidiú le pobail fuinnimh tionscadail agus seirbhísí fuinnimh in-athnuaite a fhás, a ghairmiúlú agus a scálú, go háirithe trí ghníomhaíochtaí foghlama idir piaraí agus trí struchtúir thánaisteacha (2026). |
4. Cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht phoiblí
Is féidir le pobail fuinnimh rannchuidiú leis an bpobal a shlógadh, lena n-áirítear teaghlaigh leochaileacha agus lena gcosnaítear iad, agus le laghdú a dhéanamh ar an líon teaghlach a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, rud a dhéanann difear díréireach freisin do mhná agus do ghrúpaí eile a bhíonn i mbaol idirdhealaithe. Chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
Cúnamh teicniúil a chur ar fáil d’údaráis áitiúla chun cuidiú le teaghlaigh leochaileacha agus teaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh a dhéanamh rannpháirteach i bpobail fuinnimh tríd an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht (EPAH) (2026). |
|
— |
‘Pobal cleachtais’ a bhunú mar chuid d’Ardán na gCeannaitheoirí Poiblí chun critéir maidir leis an gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn sa soláthar poiblí agus sna lamháltais (2026). |
|
— |
Treoir cur chun feidhme maidir le rannpháirtíocht na saoránach a fhoilsiú, trí Mhol Comhairleach Fuinnimh na Saoránach agus EPAH, chun tacú le lucht ceaptha beartas pobail fuinnimh atá cuimsitheach go sóisialta agus faoi stiúir na saoránach a shainaithint agus tacú leo (2026). |
|
— |
Tacú le deiseanna foghlama idir piaraí trí oiliúint ar an láthair a chur ar fáil idir réigiúin ghuail, mhóna nó scealla ola maidir le pobail fuinnimh tríd an tionscnamh ‘Réigiúin Ghuail i mbun Aistrithe’ agus trí ardáin ábhartha eile (2027). |
|
— |
Conradh eiseamláireach caighdeánaithe a fhoilsiú le haghaidh comhar idir forbróirí tionscadal fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh (2027). |
5. Nuálaíocht dhigiteach agus comhtháthú córas
Trí leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí digiteacha, na spásanna sonraí, na stórála, an chomhtháthaithe córais, agus na réiteach eangaí cliste, is féidir le pobail fuinnimh a bheith ina gcuid lárnach den chóras fuinnimh nua-aimseartha agus billí fuinnimh a laghdú. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
Cistiú le haghaidh an Aistrithe chuig Fuinneamh Glan de chuid Chlár LIFE a shlógadh chun tacú le cathracha agus le comhpháirtithe áitiúla amhail pobail fuinnimh réitigh chliste a rolladh amach (amhail ceallraí comharsanachta, bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha, córais bainistithe fuinnimh etc.) a chuidíonn le comhroinnt fuinnimh áitiúil a bharrfheabhsú agus solúbthacht a scaoileadh (2026). |
|
— |
Comhtháthú pobal fuinnimh sa phleanáil fuinnimh áitiúil a chur chun cinn i measc shínitheoirí Chúnant na Méaraí agus trí idirphlé fuinnimh le saoránaigh áitiúla a eagraítear faoi Mhol Comhairleach Fuinnimh na Saoránach (2026). |
|
— |
Cistiú ón gclár Fís Eorpach a chur ar fáil chun tacú le micrea-eangacha faoi stiúir an phobail agus le líonraí áitiúla téimh in-athnuaite mar chuid de Mhisean na gCathracha (2026-2027). 12 mhilliún i gcistiú an chláir Fís Eorpach a sholáthar chun tacú le halgartaim réamhaisnéise IS-bhunaithe a fhorbairt chun luach na comhroinnte fuinnimh a bharrfheabhsú le haghaidh an chórais agus na bpobal (2026). |
|
— |
Féachaint ar an gcaoi a bhféadfaí margaí áitiúla fuinnimh ar scála na heangaí dáileacháin a chomhtháthú don mhargadh mórdhíola ar bhealach caighdeánaithe chun a áirithiú gur féidir le córais bheaga dháilte fuinnimh oibriú go héifeachtúil agus solúbthacht inscálaithe a chumasú (2027). |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2026/1007/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)