This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D2048
Commission Implementing Decision (EU) 2026/2048 of 14 September 2026 on the harmonised standard for batteries drafted in support of Regulation (EU) 2023/1542
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2048 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2026 maidir leis an gcaighdeán comhchuibhithe le haghaidh ceallraí a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2023/1542
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2048 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2026 maidir leis an gcaighdeán comhchuibhithe le haghaidh ceallraí a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2023/1542
C/2026/6231
IO L, 2026/2048, 16.9.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/2048/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2048 |
16.9.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/2048 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Meán Fómhair 2026
maidir leis an gcaighdeán comhchuibhithe le haghaidh ceallraí a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2023/1542
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ceallraí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, agus ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 12, 13, 14 agus 78 den Rialachán sin a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó le codanna díobh. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021)8614 ón gCoimisiún (3) an 7 Nollaig 2021, d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2023/1542 (‘an iarraidh’). |
|
(3) |
Ar bhonn na hiarrata sin, dhréachtaigh CEN caighdeán EN 18060: 2025 maidir le feidhmíocht agus marthanacht modúl agus ceallraí feithiclí leictreacha alcaile-Ian, Pb, NiMH agus ceimicí comhcheangailte atá beartaithe lena n-úsáid i gceallraí in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu le haghaidh feithiclí bóthair. |
|
(4) |
Rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhar le CEN, féachaint an gcomhlíonann caighdeán EN 18060: 2025 an iarraidh. |
|
(5) |
Comhlíonann EN 18060: 2025 na ceanglais is aidhm dó a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/1542. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tagairt don chaighdeán comhchuibhithe le haghaidh ceallraí a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2023/1542, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear leis seo í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE ( IO L 191, 28.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1542/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021)8614 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a mhéid a bhaineann le ceanglais feidhmíochta, sábháilteachta agus inbhuanaitheachta le haghaidh ceallraí.
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
Uimhir thagartha an chaighdeáin |
|
1. |
EN 18060:2025 Feithiclí bóthair- Ceallraí in-athluchtaithe a bhfuil stóras fuinnimh inmheánach acu- Feidhmíocht agus marthanacht modúl agus ceallraí feithiclí leictreacha alcaile-Ian (Li-Ion, Na-Ion), Pb, NiMH agus ceimicí comhcheangailte. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/2048/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)