Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1921

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1921 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2026 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Stop Killing The Internet: No Digital ID & No Age Verification [Coimeádaimis an tIdirlíon ina Bheatha: Bíodh sé gan Sainaithint Dhigiteach gan Fíorú Aoise] de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 5137)

C/2026/5137

IO L, 2026/1921, 5.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1921/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1921/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1921

5.8.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1921 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Iúil 2026

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Stop Killing The Internet: No Digital ID & No Age Verification’ [Coimeádaimis an tIdirlíon ina Bheatha: Bíodh sé gan Sainaithint Dhigiteach gan Fíorú Aoise] de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 5137)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Meitheamh 2026 rinneadh iarraidh ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Stop Killing The Internet: No Digital ID & No Age Verification’ a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(2)

Is é is cuspóir an tionscnaimh mar a chuir na heagraithe in iúl é, ‘a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh lena gcinnteofar maidir le córais céannachta digití agus dearbhaithe aoise a úsáidtear chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne san Aontas, go leanfaidh na córais sin de bheith deonach neamh-idirdhealaitheach, agus den phríobháideachas a chosaint’. Measann na heagraithe ‘nach gá iallach a chur ar shaoránaigh a chur in iúl cé hiad féin chun rochtain a fháil ar ábhar dleathach nó ar sheirbhísí dleathacha ar líne mura bhfuil géarghá leis, mura bhfuil sé comhréireach, agus mura ndearnadh foráil dlí ina thaobh. Leis an reachtaíocht sin, ba cheart na nithe seo a leanas a éileamh - cruthúnas aoise anaithnid nó faoi ainm bréige, íoslaghdú sonraí, nochtadh roghnaitheach, cur chun feidhme foinse oscailte, iniúchtaí slándála neamhspleácha, toirmeasc a bheith ar pháirtithe is úsáideoirí rianú tras-seirbhíse a dhéanamh, agus roghanna malartacha coibhéiseacha le haghaidh saoránaigh nach n-úsáideann tiachóg dhigiteach’. In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tá tuilleadh sonraí maidir lena chúlra, leis an ábhar atá ann agus leis na cuspóirí a bhaineann leis.

(3)

Measann an Coimisiún, bunaithe ar Airteagail 16 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go bhféadfadh sé reachtaíocht a mholadh lena gcinnteofar maidir le córais céannachta digití agus dearbhaithe aoise a úsáidtear chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne san Aontas, go leanfaidh na córais sin de bheith deonach neamh-idirdhealaitheach, agus den phríobháideachas a chosaint, ionas nach mbeadh ar shaoránaigh a chur in iúl cé hiad féin chun rochtain a fháil ar ábhar dleathach nó ar sheirbhísí dleathacha ar líne mura bhfuil géarghá leis, mura bhfuil sé comhréireach, agus mura ndearnadh foráil dlí ina thaobh.

(4)

Ar an gcúis sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(5)

Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha ba ghá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha.

(6)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa d’eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin.

(7)

Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘Stop Killing The Internet: No Digital ID & No Age Verification’ a chlárú.

(9)

An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní thugann sí le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil inneachar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is iad an grúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh, agus iadsan amháin, atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann inneachar an tionscnaimh in iúl ach tuairimí an ghrúpa d’eagraithe, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Stop Killing The Internet: No Digital ID & No Age Verification’.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo dírithe ar an ngrúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Stop Killing The Internet: No Digital ID & No Age Verification’, grúpa a bhfuil Paul DIEGEL agus Daniel MÖNCH ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Maroš ŠEFČOVIČ

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1921/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top