Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1912

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1912 ón gComhairle an 30 Iúil 2026 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382

ST/11946/2026/INIT

IO L, 2026/1912, 4.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1912/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1912/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1912

4.8.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1912 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2026

lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit ó thaobh na daoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin (1), agus go háirithe Airteagail 4(2) agus 5(3), pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (2) lena mbunaítear gur ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2001/55/CE, bhí feidhm ag an gcosaint shealadach i dtús báire ar feadh tréimhse tosaigh bliana, go dtí an 4 Márta 2023, agus ansin cuireadh síneadh bliana breise léi go huathoibríoch go dtí an 4 Márta 2024.

(3)

An 19 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 (3) lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, agus ar cuireadh síneadh leis le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409, go dtí an 4 Márta 2025. An 25 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 (4) lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2026. An 15 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1460 (5) lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, agus ar cuireadh síneadh leis le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 agus (AE) 2024/1836, go dtí an 4 Márta 2027.

(4)

I gcomhthéacs ghníomhachtú na cosanta sealadaí faoi Threoir 2001/55/CE, chomhaontaigh na Ballstáit d’aon toil i ráiteas a rinneadh an 4 Márta 2022 gan Airteagal 11 den Treoir sin a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach acu i mBallstát ar leith i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus a aistríonn go Ballstát eile gan údarú, ach amháin má chomhaontaíonn na Ballstáit a mhalairt ar bhonn déthaobhach.

(5)

Ós rud é nach féidir le duine tairbhiú de na cearta a bhaineann le cosaint shealadach ach in aon Bhallstát amháin ag aon am amháin, chun a áirithiú go n-urramaítear an prionsabal sin, agus chun ilchlárúcháin le haghaidh cosaint shealadach a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit iarrataí ar chead cónaithe arna ndéanamh ar bhonn Airteagal 8(1) de Threoir 2001/55/CE a dhiúltú nuair is léir go bhfuil cead cónaithe faighte cheana féin ag an duine lena mbaineann ar an mbonn sin i mBallstát eile. Bheadh an méid sin comhleanúnach leis an mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-753/23 (6) agus go háirithe mír 30 de.

(6)

Sa chomhthéacs ginearálta sin, níor cheart aon ní a fhorléiriú mar ní a thugann le tuiscint go bhfuil oibleagáid ar Bhallstát cead cónaithe le haghaidh cosaint shealadach a eisiúint do dhuine a fuair cead cónaithe le haghaidh cosaint shealadach i mBallstát eile.

(7)

Chun léiriú staide cothrom le dáta chun críoch oibríochtúil, riar comhleanúnach agus formhaoirseacht ar eisiúint ceadanna cónaithe a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit sonraí cruinne tráthúla, lena n-áirítear sonraí maidir le clárúcháin neamhghníomhacha, a uaslódáil ar bhealach tráthrialta ar an Ardán um Chlárú le haghaidh Cosaint Shealadach.

(8)

Agus é á aithint nach ndéanann cosaint shealadach réamhbhreith ar acquis an Aontais maidir le cosaint idirnáisiúnta agus aitheantas do stádas dídeanaí faoi Choinbhinsiún na Ginéive dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), de Threoir 2001/55/CE, meabhraítear, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, nach meastar tréigean ná éalú ó choinscríobh, astu féin, a bheith ina bhforais le haghaidh cosaint idirnáisiúnta.

(9)

Faoi láthair, tá beagnach 4,4 milliún duine easáitithe ón Úcráin a thairbhíonn de chosaint shealadach san Aontas faoi láthair. Tá líon foriomlán na gclárúchán de dhaoine a bhfuil cosaint shealadach acu réasúnta cobhsaí fós: thart ar 4,3 milliún duine agus méadú beag air ar an iomlán, agus is beag duine a thuairiscigh go ndeachaigh sé abhaile chun na hÚcráine ar bhonn buan. Ní fhágann an staid san Úcráin gur féidir le formhór na ndaoine easáitithe filleadh ar an Úcráin faoi dhálaí sábháilte marthanacha. Mheas an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce go bhfuil 3 712 000 duine easáitithe ina dtír féin san Úcráin. Trí cheathrú (71 %) de na daoine easáitithe ina dtír féin, bhí siad easáitithe le breis agus 2 bhliain, agus bhí 82 % díobh easáitithe le breis agus bliain. Maidir le daoine easáitithe ina dtír féin le breis agus 2 bhliain, bhí an sciar is mó díobh ina gcónaí in Iarthar na tíre. Measann Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla go bhfuil cabhair dhaonnúil phráinneach ag teastáil ó thart ar 10,8 milliún duine san Úcráin in 2026.

(10)

Thairis sin, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfaidh mórphlódú daoine isteach ar mhórscála, mar gheall ar an gcruachás daonnúil, ar an míshocracht i gcoitinne agus ar éiginnteacht na staide san Úcráin de thoradh chogadh foghach na Rúise, lena n-áirítear aerionsaithe níos géire atá á ndéanamh go mion minic ar fud na tíre ar na sibhialtaigh. Tá baol ann fós go dtiocfaidh géarú ar an scéal. An tráth céanna, dá dtiocfadh deireadh go luath leis an gcosaint shealadach agus dá ndéanfadh na tairbhithe go léir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an tráth céanna, bheadh oibriú éifeachtúil na gcóras náisiúnta tearmainn i mbaol fós.

(11)

Ós rud é nach dócha go dtiocfaidh laghdú ar an líon ard daoine easáitithe san Aontas a thairbhíonn de chosaint shealadach fad a leanfaidh an cogadh in aghaidh na hÚcráine ar aghaidh, is gá síneadh a chur leis an gcosaint shealadach chun aghaidh a thabhairt ar chás na ndaoine sin a fhaigheann cosaint shealadach san Aontas faoi láthair nó a mbeidh an chosaint sin de dhíth orthu ón 5 Márta 2027 ar aghaidh, toisc go ndéantar foráil léi maidir le cosaint láithreach agus rochtain láithreach ar thacar comhchuibhithe ceart, agus foirmiúlachtaí á laghdú léi a mhéid is féidir i gcás insreabhadh ollmhór san Aontas. Trí shíneadh a chur leis an gcosaint shealadach, ba cheart cuidiú freisin lena áirithiú nach gclisfí ar chórais tearmainn na mBallstát mar gheall ar mhéadú mór a theacht ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a d’fhéadfadh daoine a thairbhíonn de chosaint shealadach go dtí an 4 Márta 2027 a chur isteach, dá dtiocfadh deireadh le cosaint shealadach faoin am sin, nó a d’fhéadfadh daoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a thiocfadh isteach san Aontas tar éis an dáta sin agus roimh an 4 Márta 2028 a chur isteach.

(12)

Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil na cúiseanna leis an gcosaint shealadach ann fós, ba cheart síneadh a chur leis an gcosaint shealadach i gcás na gcatagóirí daoine easáitithe dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2028.

(13)

D’ainneoin an ghá atá le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach ar feadh tréimhse shealadach bhreise dar fad bliain amháin, tá sé tábhachtach go gcuirfear riachtanais chosanta athraitheacha na hÚcráine san áireamh i gcur chuige coiteann de chuid an Aontais.

(14)

Sna conclúidí uaithi le déanaí, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an tacaíocht dhaingean leanúnach bhuanseasmhach a thugann sí don Úcráin i leith a neamhspleáchais, a ceannasachta agus a hiomláine críochaí laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus d’athdhearbhaigh sí tiomantas an Aontais leanúint de thacaíocht chuimsitheach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a sholáthar don Úcráin agus dá muintir. Thacaigh an Chomhairle Eorpach le síocháin chuimsitheach chóir mharthanach a bheith san Úcráin ar bhonn phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta agus ráthaíochtaí slándála láidre inchreidte don Úcráin mar bhonn taca léi. Tá sé criticiúil a áirithiú go mbeidh na hacmhainní buiséadacha agus míleata ag an Úcráin chun leanúint dá ceart bunúsach féinchosanta a fheidhmiú agus chun fogha na Rúise a chomhrac agus a dhíspreagadh.

(15)

De bhun Threoir 2001/55/CE, is é atá sa chosaint shealadach i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe nós imeachta de chineál eisceachtúil, a bhfuil feidhm léi maidir le catagóirí sonracha daoine dár thagair an Chomhairle, gan dochar d’Airteagal 7 den Treoir sin. Cinntear na catagóirí sonracha daoine ar bhonn critéir oibiachtúla a easraíonn as an dlí idirnáisiúnta, dhlí an Aontais agus cearta bunúsacha. Cuirtear na critéir sin i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 15 den Treoir sin, i gcás inarb infheidhme. Agus na catagóirí sonracha daoine a bhfuil feidhm ag cosaint shealadach maidir leo á gcinneadh aici, cuireann an Chomhairle san áireamh, inter alia, an staid i dtaca le mórphlódú isteach daoine easáitithe a bheith ann, lena n-áirítear an staid i dtír thionscnaimh na ndaoine sin.

(16)

Ní mór don Aontas tacaíocht iomlán a thabhairt do riachtanais mhíleata athraitheacha na hÚcráine chun í féin a chosaint ar chogadh foghach na Rúise agus go háirithe na hoibleagáidí coinscríofa arna sainiú go dlisteanach ag an Úcráin ina dlíchóras. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit na riachtanais sin a chur san áireamh go hiomlán agus tacaíocht iomlán a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin trí bhíthin cosaint shealadach. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go leanfadh an tAontas den chosaint shealadach a chur i bhfeidhm ar bhealach nach ndéanfadh difear diúltach, agus daoine easáitithe ag tairbhiú di, do chumas foriomlán na hÚcráine í féin a chosaint ar an mbealach is fearr ar chogadh foghach na Rúise agus cinneadh a dhéanamh gan bhac maidir le heagrú a fórsaí cosanta.

(17)

Chun na críche sin, gan dochar do dhlí an Aontais ná do na cearta bunúsacha, níor cheart cosaint shealadach le deonú ach do dhaoine aonair ar féidir leo cruthúnas a chur ar fáil d’údaráis na mBallstát, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil a n-oibleagáidí míleata comhlíonta acu. I bhfianaise nach mór na riachtanais chosanta atá ann faoi láthair agus mar atá chinnithe ag an Úcráin a chur san áireamh, agus gan difear a dhéanamh do staid na ndaoine a bhfuil cosaint shealadach acu cheana i mBallstát ar leith roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo nó ar an dáta sin agus an stádas sin á choinneáil acu sa Bhallstát sin go leanúnach tar éis an dáta sin, an ceanglas go soláthróidh daoine aonair cruthúnas go bhfuil a n-oibleagáidí míleata á gcomhlíonadh acu, ba cheart feidhm a bheith aige ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo atá le socrú an lá tar éis lá a fhoilsithe san Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(18)

Tá sé de cheart ag daoine leas a bhaint as cosaint shealadach láithreach bonn, a luaithe a bheidh sé suite ag an gComhairle gur ann do mhórphlódú isteach daoine easáitithe. Cé go bhféadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh foirmiúlachtaí áirithe a chomhlíonadh, amhail foirm chlárúcháin a chomhlánú agus cur i láthair na fianaise, dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 chun riarachán agus clárú cuí an duine aonair lena mbaineann a áirithiú, tá sé ar cheann de chuspóirí na cosanta sealadaí a áirithiú go gcuirfear próiseas atá mear agus éasca i bhfeidhm trí fhoirmiúlachtaí a laghdú a mhéid is féidir. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh údaráis na mBallstát in ann a fhíorú go pras go bhfuil na daoine aonair lena mbaineann ag fágáil chríoch na hÚcráine go dleathach, agus go háirithe, go bhfuil a oibleagáidí míleata comhlíonta aige. Sa chomhthéacs sin, bheadh fianaise ar an údarú sin trasnú dlíthiúil na teorann agus é ag fágáil chríoch na hÚcráine nó stampa imeachta ar an bpas. I gcásanna nach féidir an t-imeacht dlíthiúil sin a dhearbhú, ba cheart a cheangal ar an duine aonair lena mbaineann doiciméad oifigiúil atá infhíoraithe go héasca a thíolacadh d’údaráis na mBallstát, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, amhail san iarratas Reserv+, lena ndearbhaítear go bhfuil siad díolmhaithe ó oibleagáidí míleata, nó go bhfuil na hoibleagáidí sin comhlíonta acu. Ba cheart an dualgas cruthúnais a bheith ar an duine a iarrann cosaint shealadach.

(19)

Ar mhaithe le cur chuige comhordaithe, tabharfaidh an Coimisiún na Treoirlínte Oibríochtúla a leagtar amach i dteachtaireacht uaidh an 21 Márta 2021 dar teideal ‘Treoirlínte oibríochtúla maidir le cur chun feidhme Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach’, cothrom le dáta maidir leis na gnéithe éagsúla a bhaineann le cur chun feidhme an Chinnidh seo.

(20)

D’fhéadfadh oibleagáidí míleata a bheith ar náisiúnaigh Úcránacha nach bhfuil faoi réir coinscríobh, gan beann ar a n-aois ná ar a n-inscne, toisc dóibh liostáil nó ar shlí eile mar gheall ar fhreagrachtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata.

(21)

An 16 Meán Fómhair 2025 ghlac an Chomhairle an Moladh (7) uaithi maidir le cur chuige comhordaithe i leith an aistrithe amach as cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin. Tá an síneadh sin gan dochar de bheith ag leanúint de chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear sa Mholadh sin, tús áite a thabhairt dóibh i gcónaí. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur, ar bhealach comhordaithe, le haistriú daoine a bhfuil cosaint shealadach acu chuig stádais dhlíthiúla eile, chomh maith le filleadh deonach agus ath-imeascadh nuair is féidir sin.

(22)

Urramaíonn an Cinneadh seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(23)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil sí tiomanta tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá muintir fad agus is gá agus go dtacaíonn sí le síocháin chuimsitheach chóir mharthanach, ar bhonn phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus, má bhíonn sos cogaidh inbhuanaithe, tá an Chomhairle réidh le gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b), de Threoir 2001/55/CE.

(24)

Tá Éire faoi cheangal ag Treoir 2001/55/CE agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur chun feidhme an Chinnidh seo.

(25)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An chosaint shealadach a thugtar do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus ar cuireadh síneadh léi le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409, (AE) 2024/1836 agus (AE) 2025/1460, cuirtear síneadh dar fad bliain amháin eile léi, go dtí an 4 Márta 2028.

Airteagal 2

Gan dochar do dhlí an Aontais ná do chearta bunúsacha, an chosaint shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus arna shíneadh, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1460 nó le hAirteagal 1 den Chinneadh seo, ní dheonófar í ach dóibh siúd a chomhlíonann a n-oibleagáidí míleata san Úcráin, ar chruthúnas ina leith a chur i láthair, i gcás inarb infheidhme.

Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach acu i mBallstát ar leith roimh an 30 Iúil 2026 agus a bhfuil an stádas sin á choinneáil go leanúnach acu sa Bhallstát áirithe sin tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 5 Márta 2027, cé is moite d’Airteagal 2, a mbeidh feidhm aige ón 31 Iúil 2026..

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)   IO L 212, 7.8.2001, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/55/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/382/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2023/2409, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2409/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2024/1836, 3.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1836/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1460 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2025/1460, 24.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1460/oj).

(6)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 27 Feabhra 2025, A. N. v Ministerstvo vnitra, C-753/23, ECLI:EU:C:2025:133.

(7)  Moladh ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2025 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an aistrithe amach as cosaint shealadach do dhaoine easáitithe ón Úcráin, (IO C, C/2025/5129, 23.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5129/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1912/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top