This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1816
Council Implementing Decision (CFSP) 2026/1816 of 23 July 2026 implementing Decision 2012/642/CFSP concerning restrictive measures in view of the situation in Belarus and the involvement of Belarus in the Russian aggression against Ukraine
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1816 ón gComhairle an 23 Iúil 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1816 ón gComhairle an 23 Iúil 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
ST/9966/2026/INIT
IO L, 2026/1816, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1816/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1816 |
23.7.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2026/1816 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Iúil 2026
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES. |
|
(2) |
I bhfianaise thromchúis na staide, ba cheart beirt daoine dlítheanacha a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES. Ina theannta sin, is iomchuí ceithre eintiteas nua a chur le liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES, is é sin liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir srianta maidir le húdaruithe chun earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, agus earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise, nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cé is moite de na leasuithe ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES, a thiocfaidh i bhfeidhm an lá tar éis lá foilsithe an Chinnidh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) IO L 285, 17.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/642/oj.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)’:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear na heintitis seo a leanas isteach ar liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2c(7), 2d(7) agus 2da: ‘CHIP AND DIP LLC OJSC Rogachev Plant Diaprojector DISPLAY DESIGN BUREAU JSC CJSC “Hull Products Plant”.’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1816/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)