This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1728
Council Implementing Decision (EU) 2026/1728 of 10 July 2026 amending Implementing Decision (EU) 2017/784 authorising the Italian Republic to apply a special measure derogating from Articles 206 and 226 of Directive 2006/112/EC on the common system of value added tax
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1728 ón gComhairle an 10 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 lena n-údaraítear Poblacht na hIodáile le beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1728 ón gComhairle an 10 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 lena n-údaraítear Poblacht na hIodáile le beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
ST/10872/2026/INIT
IO L, 2026/1728, 15.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1728/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1728 |
15.7.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1728 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Iúil 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 lena n-údaraítear Poblacht na hIodáile le beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1401 ón gComhairle (2), údaraíodh an Iodáil, go dtí an 31 Nollaig 2017, le ceangal a chur go mbeadh cáin bhreisluacha (CBL) a bhí dlite ar sholáthairtí d’údaráis phoiblí le híoc ag na húdaráis sin isteach i gcuntas bainc leithleach blocáilte de chuid na n-údarás cánach (‘an beart speisialta’). Is éard a bhí sa bheart speisialta maolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE i ndáil le rialacha um íoc agus sonrascadh CBL. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 ón gComhairle (3), údaraíodh an Iodáil leis an mbeart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2020, agus leathnaíodh a raon feidhme chun go gcuirfí san áireamh soláthairtí do chuideachtaí áirithe arna rialú ag údaráis phoiblí agus do chuideachtaí a liostaítear ar an stocmhalartán agus a áirítear in innéacs in Milano Indice di Borsa, stocmhalartán de chuid Financial Times Stock Exchange. Cuireadh síneadh breise leis an mbeart speisialta go dtí an 30 Meitheamh 2023 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1105 ón gComhairle (4), agus ina dhiaidh sin go dtí an 30 Meitheamh 2026 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1552 ón gComhairle (5). Faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1552, rinneadh cuideachtaí a liostaítear ar an stocmhalartán a eisiamh ó raon feidhme an bhirt speisialta ón 1 Iúil 2025. |
|
(3) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2025, d’iarr an Iodáil údarú, i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE, chun leanúint de chur i bhfeidhm na mbeart speisialta go dtí an 31 Nollaig 2029 (‘an iarraidh’). |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 27 Aibreán 2026. Le litir dar dáta an 28 Aibreán 2026, thug an Coimisiún fógra don Iodáil go raibh an fhaisnéis uile aige ba ghá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
|
(5) |
Tá an beart speisialta mar chuid de phacáiste beart a thug an Iodáil isteach chun calaois chánach agus imghabháil cánach a chomhrac. An pacáiste beart sin, lena n-áirítear an ríomhshonrascadh éigeantach a údaraítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 ón gComhairle (6), cuireadh in ionad bearta rialaithe eile é agus cuireann sé ar a gcumas d’údaráis chánach na hIodáile na hidirbhearta éagsúla arna ndearbhú ag daoine inchánach a chros-seiceáil agus faireachán a dhéanamh ar a gcuid íocaíochtaí CBL. |
|
(6) |
Breithníonn an Iodáil go ngiorraíonn an ríomhshonrascadh éigeantach, i gcomhthéacs an phacáiste beart a cuireadh chun feidhme, an t-am a theastaíonn ón údaráis chánach chun teacht ar an eolas go bhfuil cás ann arbh fhéidir gur cás calaoise nó imghabhála cánach atá ann. Mar sin féin, measann an Iodáil freisin, in éagmais an tsásra íocaíochta deighilte a tugadh isteach leis an mbeart speisialta, go bhféadfadh sé a bheith dodhéanta méideanna CBL atá dlite ó dhaoine inchánach atá i mbun na calaoise cánach nó na himghabhála cánach a aisghabháil tar éis don chros-seiceáil a bheith déanta toisc, idir an dá linn, go bhféadfadh na daoine inchánach sin a bheith dócmhainneach. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil an sásra íocaíochta deighilte, mar bheart ex ante, an-éifeachtach agus go gcomhlánaíonn sé an ríomhshonrascadh éigeantach, atá ina bheart ex post. |
|
(7) |
Is é ceann d’éifeachtaí an bhirt speisialta nach féidir le soláthróirí, ar daoine inchánach iad, an CBL a íocadh ar a n-ionchur a fhritháireamh in aghaidh an CBL a fuarthas ar a soláthairtí. Is féidir le soláthróirí den sórt sin a bheith de shíor i suíomh creidmheasa agus d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu iarratas a dhéanamh ar na húdaráis cánach an CBL a íocadh ar a n-ionchur a aisíoc leo iarbhír. De réir na faisnéise a sholáthair an Iodáil, daoine inchánach a dhéanann idirbhearta atá faoi réir an bhirt speisialta, tá siad i dteideal íocaíocht na gcreidmheasanna CBL ábhartha a fháil mar thosaíocht, laistigh de theorainn an chreidmheasa a eascraíonn as na hidirbhearta sin. Tugtar le tuiscint leis an gcleachtas sin go bpróiseáiltear mar thosaíocht iarrataí ar aisíocaíocht a bhaineann leis an mbeart speisialta, agus go ndéantar amhlaidh ní hamháin le linn na céime réamh-imscrúdaithe ach freisin nuair a íoctar na méideanna atá dlite ó aisíocaíochtaí neamhthosaíochta. |
|
(8) |
San am a chuaigh thart, thug an Iodáil gealltanas arís agus arís eile nach n-iarrfadh sí an beart speisialta a athnuachan ón uair a bheadh an pacáiste beart a bhí beartaithe aici a chur i bhfeidhm curtha chun feidhme go hiomlán. Mar sin féin, measann an Iodáil, i bhfianaise éifeachtacht an bhirt speisialta agus na sineirgí atá aige le bearta eile a chuirtear i bhfeidhm, go háirithe an ríomhshonrascadh éigeantach, gur cheart síneadh a chur leis an mbeart speisialta chun nach dtitfí ar gcúl sna hiarrachtaí a rinneadh chun an an difríocht fhoriomlán idir an t-ioncam CBL a bhfuil coinne leis agus an méid a bhailítear go hiarbhír san Iodáil a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh go dtí an 30 Meitheamh 2029 a chur, leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm. Déanta na fírinne, i ndáil le húdaruithe maidir le bearta speisialta ar maolú iad ar na rialacha ginearálta CBL, ós rud é nach dtéitear i muinín na n-údaruithe sin ach amháin mura bhfuil an dara rogha ann, ba cheart don Iodáil neartú a dhéanamh ar a gnáthmhodhanna chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus a chosc, i gcás inarb iomchuí, modhanna nua a thabhairt isteach suas go dtí an pointe nach mbeadh gá a thuilleadh le síneadh breise ar an mbeart speisialta. |
|
(9) |
Chun a áirithiú go ndéanfar an obair leantach is gá maidir leis an mbeart speisialta agus go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar aisíocaíochtaí CBL le daoine inchánach a chumhdaítear leis an mbeart speisialta, ba cheart don Iodáil tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi mhí Mheán Fómhair 2027. Leis an tuarascáil sin ba cheart aghaidh a thabhairt ar an staid fhoriomlán ó thaobh aisíocaíochtaí CBL le daoine inchánach de, agus go háirithe maidir leis an meántréimhse is gá chun na haisíocaíochtaí sin a phróiseáil, agus maidir le héifeachtacht an bhirt speisialta agus aon bheart eile arna gcur chun feidhme ag an Iodáil arbh aidhm dó calaois agus imghabháil cánach sna hearnálacha lena mbaineann a chomhrac. Ba cheart liosta de na bearta éagsúla sin, mar aon le dáta a dteacht i bhfeidhm, a bheith sa tuarascáil sin. |
|
(10) |
Tá an beart speisialta comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil teorainn ama leis agus go bhfuil sé teorannaithe d’earnálacha a bhfuil rioscaí móra ag baint leo maidir le calaois agus imghabháil cánach. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí calaois agus imghabháil cánach go dtí earnálacha eile laistigh den Iodáil nó go dtí Ballstáit eile. |
|
(11) |
Ní bheidh tionchar diúltach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais dheiridh, ná ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL. |
|
(12) |
D’fhonn a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí arna saothrú leis an mbeart speisialta, lena n-áirítear go gcuirfear an beart speisialta i bhfeidhm gan bhriseadh, agus lena soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an tréimhse chánach, is iomchuí údarú a dheonú chun síneadh a chur leis an mbeart speisialta le héifeacht ón 1 Iúil 2026. Ós rud é gur iarr an Iodáil údarú an 9 Deireadh Fómhair 2025 chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm agus go bhfuil an córas dlí a bunaíodh faoina dlí náisiúnta á chur i bhfeidhm ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 ón 1 Iúil 2026, urramaítear ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar is cuí, |
|
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 ón gComhairle mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, an dara mír, cuirtear an dáta ‘30 Meán Fómhair 2027’ in ionad an dáta ‘30 Meán Fómhair 2024’; |
|
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an dáta ‘30 Meitheamh 2029’ in ionad an dáta ‘30 Meitheamh 2026’. |
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na hIodáile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. HARRIS
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1401 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 lena n-údaraítear an Iodáil le beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 217, 18.8.2015, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2015/1401/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 lena n-údaraítear Poblacht na hIodáile le beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1401 (IO L 118, 6.5.2017, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/784/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1105 ón gComhairle an 24 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 lena n-údaraítear Poblacht na hIodáile le beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 242, 28.7.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2020/1105/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1552 ón gComhairle an 25 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 a mhéid a bhaineann le tréimhse údaraithe, agus le raon feidhme, an bhirt speisialta arna dhéanamh ag an Iodáil de mhaolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 188, 27.7.2023, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1552/oj).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 ón gComhairle an 16 Aibreán 2018 lena n-údaraítear Poblacht na hIodáile le beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 99, 19.4.2018, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/593/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1728/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)