Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1722

Cinneadh (CBES) 2026/1722 ón gComhairle an 13 Iúil 2026 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na nOileán Filipíneach

ST/10534/2026/INIT

IO L, 2026/1722, 14.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1722/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1722/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1722

14.7.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1722 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2026

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na nOileán Filipíneach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú i ndáil le cúrsaí míleata agus cosanta.

(2)

Is saintréith den chaidreamh idir an tAontas agus na hOileáin Fhilipíneacha é an rannpháirtíocht atá ag éirí níos dlúithe le himeacht ama i réimsí na slándála agus na cosanta. I mí an Mheithimh 2025, i Mainile, d’aithin an dá pháirtí go bhfuil na dúshláin slándála ag éirí níos casta agus chomhaontaigh siad an comhar a neartú trí dhul i mbun Idirphlé Slándála agus Cosanta. Ina dhiaidh sin, tháinig an Fochoiste um Chomhar Muirí idir an tAontas agus na hOileáin Fhilipíneacha le chéile sa Bhruiséil i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus tionóladh an chéad Idirphlé Slándála agus Cosanta idir an tAontas agus na hOileáin Fhilipíneacha i mí na Samhna 2025, agus mar sin, cuireadh struchtúr níos fearr ar na malartuithe déthaobhacha sna réimsí sin agus bhí siad níos comhdhlúite.

(3)

An 6 Deireadh Fómhair 2025, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó na hOileáin Fhilipíneacha inar lorgaíodh cúnamh ón Aontas d’Fhórsaí Armtha na nOileán Filipíneach, go háirithe Cabhlach na nOileán Filipíneach, i dtaca le trealamh ríthábhachtach a fháil chun feabhas a chur ar fheasacht ar an réimse muirí agus ar chumais maidir le feasacht ar dhálaí.

(4)

Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(5)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe na nOileán Filipíneach (‘an tairbhí’) agus atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (‘an beart cúnaimh’).

2.   Is iad seo a leanas cuspóirí an bhirt cúnaimh:

(a)

an comhar idir an tAontas agus na hOileáin Fhilipíneacha a neartú i réimse na slándála agus na cosanta;

(b)

cumais fhoriomlána Fhórsaí Armtha na nOileán Filipíneach a neartú, go háirithe i ndáil le feasacht ar an réimse muirí;

(c)

rannchuidiú leis an gcobhsaíocht agus leis an tslándáil réigiúnach;

(d)

feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar don phobal sibhialta, go háirithe i limistéir chósta agus mhuirí ina bhfuil níos mó rioscaí slándála.

3.   Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt:

(a)

córais radair cois cósta;

(b)

córais faireachais leictrea-optúla agus infridhearga;

(c)

bearta tacaíochta radair leictreonaigh.

Maoineofar soláthairtí agus seirbhísí gaolmhara leis an mbeart cúnaimh chomh maith, oiliúint theicniúil san áireamh, i gcás inar gá.

4.   Mairfidh an beart cúnaimh 36 mhí ón dáta a ghlacfar an Cinneadh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 15 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha na nOileán Filipíneach dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is é Défense Conseil International (Grúpa DCI) a chuirfidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) chun feidhme.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar leis na sáruithe sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha na nOileán Filipíneach dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta na Saoráide Eorpaí Síochána a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar na gníomhaíochtaí, trína ndéanfaidh an tairbhí tuairisciú gach bliain maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh leis an trealamh a sholáthraítear faoin mbeart cúnaimh go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn an tuairisciú sin a thuilleadh;

(c)

cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí na Saoráide Eorpaí Síochána chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí na Saoráide Eorpaí Síochána a dhéanamh, arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh tráth a bheidh an beart cúnaimh tugtha chun críche chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go rialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1722/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top