|
(1)
|
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas léi faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Ráiteas ar chúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘88.
|
Elena Gennadyevna BAGUDINA
(Rúisis: Елена Геннадьевна БАГУДИНА)
|
Post: Ard-Stiúrthóir Communication Platform LLC
Dáta breithe: 11.3.1954
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Is í Elena Bagudina Ard-Stiúrthóir Communication Platform LLC, ar fochuideachta é de chuid VK (ar a dtugtaí VKontakte roimhe seo) agus arb í forbróir agus bainisteoir an fheidhmchláir fón póca Max í, feidhmchlár a fhaigheann tacaíocht ón stát. Ina post mar Ard-Stiúrthóir, tá sí freagrach as feidhmchlár Max a fhorbairt agus a bhainistiú. Rinne an tSeirbhís Slándála Cónaidhme (FSB) maoirseacht ar fhorbairt fheidhmchlár Max, lenar bunaíodh na ceanglais nár mhór d’fhorbróirí fheidhmchlár Max a chomhlíonadh. Ní mór feidhmchlár Max a réamhshuiteáil ar gach fón póca agus táibléad a dhíoltar sa Rúis, agus tá sé comhtháite leis an tseirbhís Gosuslugi.
De réir go leor saineolaithe, tá gnéithe fairsinge faireachais ag feidhmchlár Max agus is féidir leis faireachán a dhéanamh ar chumarsáid, lena n-áirítear úsáid líonraí príobháideacha fíorúla (VPNanna), sonraí a bhailiú maidir le feidhmchláir eile atá suiteáilte ar fhóin, faireachán a dhéanamh ar leabhair seoltaí, suíomh na n-úsáideoirí a shainaithint agus nuashonruithe uathrialacha a shuiteáil. In éineacht le tabhairt isteach agus cur chun cinn fheidhmchlár Max ag stát na Rúise, rinneadh cniogbheartaíocht ar fheidhmchláir neamhspleácha eile agus cuireadh bac orthu, feidhmchláir amhail WhatsApp agus Telegram, chomh maith le feachtas chun teorainn a chur le húsáid VPNanna, rud a chuir ar chumas úsáideoirí rochtain a fháil ar ábhar ar cuireadh bac air sa Rúis.
Bhí faisnéis a bhailigh údaráis na Rúise trí fheidhmchlár Max mar bhonn chun fíneáil a ghearradh ar shaoránach Rúiseach as ábhar a postáladh ar an bhfeidhmchlár.
Dá bhrí sin, tá tacaíocht theicniúil á cur ar fáil ag Elena Bagudina chun cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt chun gníomhartha den chineál sin a dhéanamh agus chun iad a éascú.
|
13.7.2026
|
|
89.
|
Dmitry Valerianovich GACHKO
(Rúisis: Дмитрий Валерьянович ГАЧКО)
|
Post: Ard-Stiúrthóir agus úinéir tairbhiúil VAS Experts
Dáta breithe: 16.8.1976
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Dmitry Gachko Ard-Stiúrthóir agus úinéir tairbhiúil na cuideachta faoi dhliteanas teoranta VAS Experts, a mhonaraíonn, a fhorbraíonn agus a dhíolann crua-earraí agus bogearraí a bhaineann leis an gCóras um Bearta Imscrúdaitheacha Oibriúcháin (SORM), mar a thugtar air. Ina phost mar Ard-Stiúrthóir agus úinéir tairbhiúil, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí VAS Experts a bhaineann le crua-earraí agus bogearraí a bhaineann le SORM a mhonarú agus a sholáthar.
Is córas faireachais é SORM a úsáidtear ó bhí lár na 1990idí ann chun cumarsáid idirlín agus cumarsáid mhóibíleach sa Rúis a rialú, is é sin faireachán a dhéanamh ar ghlaonna gutháin, ríomhphoist, úsáid an idirlín, teachtaireachtaí téacs, agus líonraí sóisialta. Tá ceangal dlíthiúil ar sholáthraithe fón póca agus idirlín SORM a shuiteáil. Tá sé suiteáilte i ngach lárionad sonraí Rúiseach agus ag gach pointe malartaithe idirlín agus i mórinnill chuardaigh. Déantar trácht úsáideoirí a chóipeáil chuig freastalaí ar leith nó chuig lárionad sonraí atá ar fáil don tSeirbhís Slándála Cónaidhme (FSB).
Bailíonn SORM faisnéis faoi shuíomh fisiceach úsáideoirí, patrúin ghníomhaíochta úsáideoirí, am úsáide an gléas, iompraíocht úsáideoirí agus úsáid cártaí SIM éagsúla i ngléas amháin nó níos mó. Is féidir é a úsáid go cúlghabhálach agus i ngan fhios don soláthraí.
Baineadh úsáid as SORM chun díriú ar iriseoirí, ar dhaoine ón bhfreasúra, ar ghrúpaí mionlaigh agus ar ghnáthshaoránaigh. Baineadh úsáid as freisin chun lucht tacaíochta fhreasúra na Rúise, ceannairí amhail Alexei Navalny, eagraithe agóidí, daoine aonair a reáchtáil cuntais idirlín a cháin údaráis na Rúise nó a chuir tuarascálacha ar fáil maidir leis an staid pholaitiúil agus gníomhaithe a chuir i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin a ionchúiseamh. Baineadh úsáid as SORM freisin chun daoine aonair a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad i mbun gníomhaíochtaí frithrialtais a choinneáil roimh ré. Bhí tionchar mór ag SORM ar chumas shaoránaigh na Rúise rochtain a fháil ar fhaisnéis neamhchlaonta faoin gcogadh foghach ar an Úcráin. Baineadh úsáid as freisin chun bac a chur ar thrácht ó na mílte suíomh gréasáin agus seirbhísí san Iarthar agus chun bac a chur ar rochtain orthu.
Tá baint ag VAS Experts le SORM a fhorbairt, a sholáthar agus a chothabháil, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí atá comhtháite i líonraí teileachumarsáide, rud a chuireann ar chumas gníomhaireachtaí faisnéise rochtain a fháil ar an trácht ar fad. Is príomhsholáthróir de chuid SORM é VAS Experts a chomhlíonann ceanglais idircheaptha arna sainordú ag FSB agus a thacaíonn le hoibriú bhonneagar faireachais cumarsáide na Rúise. Feidhmíonn VAS Experts laistigh de chreat arna bhunú agus arna mhaoirsiú ag údaráis na Rúise. Formheasann na húdaráis sin ceanglais theicniúla maidir le himscaradh SORM, ceanglaíonn siad ar oibreoirí pleananna cur chun feidhme a chomhordú, maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh, agus úsáid a bhaint as an trealamh le haghaidh gníomhaíochtaí idircheaptha dhírigh. Dá bhrí sin, forbraíonn agus soláthraíonn VAS Experts trealamh atá deartha go sonrach chun ceanglais faireachais arna mbunú ag FSB a chomhlíonadh.
Dá bhrí sin, tá Dmitry Gachko ag tabhairt tacaíocht ábhartha chun sháruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine agus mí-úsáidí tromchúiseacha a bhaint astu agus chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.
|
13.7.2026
|
|
90.
|
Sergey Anatolevich OVCHINNIKOV
(Rúisis: Сергей Анатольевич ОВЧИННИКОВ)
|
Post: Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus úinéir tairbhiúil Closed Joint-Stock Company “Norsi-Trans”
Dáta breithe: 5.5.1955
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Sergey Ovchinnikov Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus úinéir tairbhiúil Closed Joint-Stock Company “Norsi-Trans”, a mhonaraíonn, a fhorbraíonn agus a dhíolann crua-earraí agus bogearraí a bhaineann leis an gCóras um Bearta Imscrúdaitheacha Oibriúcháin (SORM), mar a thugtar air. Ina phost mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus mar úinéir tairbhiúil, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí “Norsi-Trans” a bhaineann le crua-earraí agus bogearraí a bhaineann le SORM a mhonarú agus a sholáthar.
Is córas faireachais é SORM a úsáideadh ó bhí lár na 1990idí ann chun cumarsáid idirlín agus cumarsáid mhóibíleach sa Rúis a rialú, is é sin faireachán a dhéanamh ar ghlaonna gutháin, ríomhphoist, úsáid an idirlín, teachtaireachtaí téacs, agus líonraí sóisialta. Tá ceangal dlíthiúil ar sholáthraithe fón póca agus idirlín SORM a shuiteáil. Tá sé suiteáilte i ngach lárionad sonraí Rúiseach agus ag gach pointe malartaithe idirlín, agus i mórinnill chuardaigh. Déantar trácht úsáideoirí a chóipeáil chuig freastalaí ar leith nó chuig lárionad sonraí atá ar fáil don tSeirbhís Slándála Cónaidhme (FSB).
Bailíonn SORM faisnéis faoi shuíomh fisiceach úsáideoirí, patrúin ghníomhaíochta úsáideoirí, am úsáide an ghléis, iompraíocht úsáideoirí agus úsáid cártaí SIM éagsúla i ngléas amháin nó níos mó. Is féidir é a úsáid go cúlghabhálach agus i ngan fhios don soláthraí.
Baineadh úsáid as SORM chun díriú ar iriseoirí, ar dhaoine ón bhfreasúra, ar ghrúpaí mionlaigh agus ar ghnáthshaoránaigh. Baineadh úsáid as freisin chun lucht tacaíochta fhreasúra na Rúise, ceannairí amhail Alexei Navalny, eagraithe agóidí, daoine aonair a reáchtáil cuntais idirlín a cháin údaráis na Rúise nó a chuir tuarascálacha ar fáil maidir leis an staid pholaitiúil agus gníomhaithe a chuir i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin a ionchúiseamh. Baineadh úsáid as SORM freisin chun daoine aonair a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad i mbun gníomhaíochtaí frithrialtais a choinneáil roimh ré. Bhí tionchar mór ag SORM ar chumas na Rúise rochtain a fháil ar fhaisnéis neamhchlaonta faoin gcogadh foghach ar an Úcráin. Baineadh úsáid as chun bac a chur ar thrácht ó na mílte suíomh gréasáin agus seirbhísí san Iarthar agus chun bac a chur ar rochtain orthu.
Tá baint ag Norsi-Trans le SORM a fhorbairt, a sholáthar agus a chothabháil, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí atá comhtháite i líonraí teileachumarsáide, agus dá bhrí sin, a chuireann ar chumas gníomhaireachtaí faisnéise rochtain a fháil ar an trácht ar fad. Áirítear le SORM trealamh faireacháin a shuiteáiltear i saoráidí soláthraithe teileachumarsáide. Soláthraíonn an trealamh faireacháin sin faisnéis chuig gníomhaireacht faisnéise rialtas na Rúise, lena n-áirítear ar ghlaonna gutháin, teachtaireachtaí téacs, ríomhphoist agus trácht idirlín. Le SORM, éascaítear freisin rochtain ar shonraí cumarsáide a bhaineann le feidhmchlár teachtaireachtaí, meiteashonraí, uimhreacha móibíleacha, aitheantóirí teileafóin, geoshuíomh, ainmneacha, seoltaí ríomhphoist agus seoltaí IP.
Is príomhsholáthróir de chuid SORM é Norsi-Trans a chomhlíonann ceanglais idircheaptha arna sainordú ag FSB agus a thacaíonn le hoibriú bhonneagar faireachais cumarsáide na Rúise. Feidhmíonn Norsi-Trans laistigh de chreat arna bhunú agus arna mhaoirsiú ag údaráis na Rúise. Formheasann na húdaráis sin ceanglais theicniúla maidir le himscaradh SORM, ceanglaíonn siad ar oibreoirí pleananna cur chun feidhme a chomhordú, maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh, agus úsáid a bhaint as an trealamh le haghaidh gníomhaíochtaí idircheaptha dhírigh. Dá bhrí sin, forbraíonn agus soláthraíonn Norsi-Trans trealamh atá deartha go sonrach chun ceanglais faireachais arna sainiú ag FSB a chomhlíonadh.
Dá bhrí sin, tá Sergey Ovchinnikov ag tabhairt tacaíocht ábhartha chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine agus mí-úsáidí tromchúiseacha a bhaint astu agus chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.
|
13.7.2026
|
|
91.
|
Mikhail Mikhailovich FOMIN
(Rúisis: Михаил Михайлович ФОМИН)
|
Post: Stiúrthóir Feidhmiúcháin LLC Citadel
Dáta breithe: 22.3.1981
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Mikhail Fomin Stiúrthóir Feidhmiúcháin LLC Citadel.
Feidhmíonn LLC Citadel i Moscó agus in Nizhny Novgorod agus déanann siad bogearraí agus crua-earraí a fhorbairt, a chur chun feidhme agus tugann siad tacaíocht dóibh le haghaidh an Chórais um Bearta Imscrúdaitheacha Oibriúcháin (SORM), mar a thugtar air. Is é LLC Citadel an monaróir is mó agus tuairiscítear gurb é an soláthróir crua-earraí agus bogearraí SORM is tábhachtaí sa Rúis é. Ina phost mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí LLC Citadel a bhaineann le crua-earraí agus bogearraí a bhaineann le SORM a mhonarú agus a sholáthar.
Is córas faireachais é SORM a úsáideadh ó bhí lár na 1990idí ann chun cumarsáid idirlín agus cumarsáid mhóibíleach sa Rúis a rialú, is é sin faireachán a dhéanamh ar ghlaonna gutháin, ríomhphoist, úsáid an idirlín, teachtaireachtaí téacs, agus líonraí sóisialta. Tá ceangal dlíthiúil ar sholáthraithe fón póca agus idirlín SORM a shuiteáil. Tá sé suiteáilte i ngach lárionad sonraí Rúiseach agus ag gach pointe malartaithe idirlín agus i mórinnill chuardaigh. Déantar trácht úsáideoirí a chóipeáil chuig freastalaí ar leith nó chuig lárionad sonraí atá ar fáil don tSeirbhís Slándála Cónaidhme (FSB).
Bailíonn SORM faisnéis faoi shuíomh fisiceach úsáideoirí, patrúin ghníomhaíochta úsáideoirí, am úsáide an ghléis, iompraíocht úsáideoirí agus úsáid cártaí SIM éagsúla i ngléas amháin nó níos mó. Is féidir é a úsáid go cúlghabhálach agus i ngan fhios don soláthraí.
Baineadh úsáid as SORM chun díriú ar iriseoirí, ar dhaoine ón bhfreasúra, ar ghrúpaí mionlaigh agus ar ghnáthshaoránaigh. Baineadh úsáid as freisin chun lucht tacaíochta fhreasúra na Rúise, ceannairí amhail Alexei Navalny, eagraithe agóidí, daoine aonair a reáchtáil cuntais idirlín a cháin údaráis na Rúise nó a chuir tuarascálacha ar fáil maidir leis an staid pholaitiúil agus gníomhaithe a chuir i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin a ionchúiseamh. Baineadh úsáid as SORM freisin chun daoine aonair a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad i mbun gníomhaíochtaí frithrialtais a choinneáil roimh ré. Bhí tionchar mór ag SORM ar chumas shaoránaigh na Rúise rochtain a fháil ar fhaisnéis neamhchlaonta faoin gcogadh foghach ar an Úcráin. Baineadh úsáid as freisin chun bac a chur ar thrácht ó na mílte suíomh gréasáin agus seirbhísí san Iarthar agus chun bac a chur ar rochtain orthu.
Tá baint ag LLC Citadel le SORM a fhorbairt, a sholáthar agus a chothabháil, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí atá comhtháite i líonraí teileachumarsáide, agus dá bhrí sin, a chuireann ar chumas gníomhaireachtaí faisnéise rochtain a fháil ar an trácht ar fad. Áirítear le SORM trealamh faireacháin a shuiteáiltear i saoráidí soláthraithe teileachumarsáide. Soláthraíonn an trealamh faireacháin sin faisnéis chuig gníomhaireacht faisnéise rialtas na Rúise, lena n-áirítear ar ghlaonna gutháin, teachtaireachtaí téacs, ríomhphoist agus trácht idirlín. Éascaítear le SORM freisin rochtain ar shonraí cumarsáide a bhaineann le feidhmchlár teachtaireachtaí, meiteashonraí, uimhreacha móibíleacha, aitheantóirí teileafóin, geoshuíomh, ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist agus seoltaí IP.
Is príomhsholáthróir de chuid SORM é LLC Citadel a chomhlíonann ceanglais idircheaptha arna sainordú ag FSB agus a thacaíonn le hoibriú bhonneagar faireachais cumarsáide na Rúise. Feidhmíonn LLC Citadel laistigh de chreat arna bhunú agus arna mhaoirsiú ag údaráis na Rúise. Formheasann na húdaráis sin ceanglais theicniúla maidir le himscaradh SORM, ceanglaíonn siad ar oibreoirí pleananna cur chun feidhme a chomhordú, maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh, agus úsáid a bhaint as an trealamh le haghaidh gníomhaíochtaí idircheaptha dhírigh. Dá bhrí sin, forbraíonn agus soláthraíonn LLC Citadel trealamh atá deartha go sonrach chun ceanglais faireachais arna sainiú ag FSB a chomhlíonadh.
Dá bhrí sin, tá Mikhail Fomin ag tabhairt tacaíocht ábhartha chun sháruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine agus mí-úsáidí tromchúiseacha a bhaint astu agus chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.
|
13.7.2026
|
|
92.
|
Alexander Vladimirovich GNUTOV
(Rúisis: Александр Владимирович ГНУТОВ)
|
Post: Ceann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10 (ó 2024 i leith);
Iar-Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10 (ó 2022 go 2024)
Dáta breithe: 9.8.1980
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 6100202615
|
Is é Alexander Gnutov Ceann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10 atá suite i sráidbhaile Udarny i gCeantar Zubovo-Polyansky i bPoblacht na Mordóive. Sa phost sin, déanann sé maoirseacht dhíreach ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10 agus tá sé freagrach astu, agus theip air cosaint chearta agus sábháilteacht na ndaoine atá á gcoinneáil agus caomhnú an oird phoiblí ann a chinntiú. Dá bhrí sin, tá Alexander Gnutov freagrach as an mí-úsáid a bhaineann na baill foirne as na príosúnaigh i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10.
Tá na céadta Úcránach, idir phríosúnaigh chogaidh agus sibhialtaigh, a gabhadh ar chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil á gcoinneáil i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10. Labhraíonn iar-chimí ar an íde mhídhaonna tháireach agus ar an gcéasadh a dhéantar inti lena n-áirítear turraingí leictreacha, greadadh, staidiúirí struis agus na hothrais thrófacha is toradh dóibh, foréigean gnéasach, básuithe bréige agus diúltú cúraim leighis. Caitear le sibhialtaigh ar an gcaoi chéanna agus a chaitear leis na príosúnaigh cogaidh agus coinnítear gan triail gan stádas iad. Tá tuairisc tugtha ag cosantóirí i réimse chearta an duine ó 2012 i leith faoi na dálaí mídhaonna agus an céasadh a dhéantar i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10, i gcás príosúnaigh Rúiseacha chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Alexander Gnutov freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
|
13.7.2026
|
|
93.
|
Alexei Vladimirovich ANASHKIN
(Rúisis: Алексей Владимирович АНАШКИН)
|
Post: Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10
Dáta breithe: 9.6.1978
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 8902524698
|
Is é Alexei Anashkin Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10, atá suite i sráidbhaile Udarny i gCeantar Zubovo-Polyansky i bPoblacht na Mordóive. Sa phost sin, déanann sé maoirseacht dhíreach ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10 agus tá sé freagrach astu agus theip air cosaint chearta agus sábháilteacht na ndaoine atá á gcoinneáil agus caomhnú an oird phoiblí a chinntiú ann. Dá bhrí sin, tá Alexei Anashkin freagrach as an mí-úsáid a bhaineann na baill foirne as na príosúnaigh i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10.
Tá na céadta Úcránach, idir phríosúnaigh chogaidh agus sibhialtaigh, a gabhadh ar chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, á gcoinneáil i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10. Labhraíonn iar-chimí ar an íde mhídhaonna tháireach agus ar an gcéasadh a dhéantar inti lena n-áirítear turraingí leictreacha, greadadh, staidiúirí struis agus na hothrais thrófacha is toradh dóibh, foréigean gnéasach, básuithe bréige agus diúltú cúraim leighis. Caitear le sibhialtaigh ar an gcaoi chéanna agus a chaitear leis na príosúnaigh cogaidh agus coinnítear gan triail gan stádas iad. Tá tuairisc tugtha ag cosantóirí i réimse chearta an duine ó 2012 i leith faoi na dálaí mídhaonna agus an céasadh a dhéantar sa tsaoráid sin, i gcás príosúnaigh Rúiseacha chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Alexei Anashkin freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
|
13.7.2026
|
|
94.
|
Egor Viktorovich AVERKIN
(Rúisis: Егор Викторович АВЕРКИН)
|
Post: Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10
Dáta breithe: 8.10.1992
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 8912267789
|
Is é Ivan Egor Averkin Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10 atá suite i sráidbhaile Udarny i gCeantar Zubovo-Polyansky i bPoblacht na Mordóive. Sa phost sin, déanann sé maoirseacht dhíreach ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10 agus tá sé freagrach astu agus theip air cosaint chearta agus sábháilteacht na ndaoine atá á gcoinneáil agus caomhnú an oird phoiblí a chinntiú ann. Dá bhrí sin, tá Egor Averkin freagrach as an mí-úsáid a bhaineann na baill foirne as na príosúnaigh i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10.
Tá na céadta Úcránach, idir phríosúnaigh chogaidh agus sibhialtaigh, a gabhadh ar chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, á gcoinneáil i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10. Labhraíonn iar-chimí ar an íde mhídhaonna tháireach agus ar an gcéasadh a dhéantar inti lena n-áirítear turraingí leictreacha, greadadh, staidiúirí struis agus na hothrais thrófacha is toradh dóibh, foréigean gnéasach, básuithe bréige agus diúltú cúraim leighis. Caitear le sibhialtaigh ar an gcaoi chéanna agus a chaitear leis na príosúnaigh cogaidh agus coinnítear gan triail gan stádas iad. Tá tuairisc tugtha ag cosantóirí i réimse chearta an duine ó 2012 i leith faoi na dálaí mídhaonna agus an céasadh a dhéantar sa tsaoráid sin, i gcás príosúnaigh Rúiseacha chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Egor Averkin freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
|
13.7.2026
|
|
95.
|
Alexander Anatolevich GRISHANIN
(Rúisis: Александр Анатольевич ГРИШАНИН)
|
Post: Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10
Dáta breithe: 6.10.1991
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 8911222216
|
Is é Alexander Grishanin Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10, atá suite i sráidbhaile Udarny i gCeantar Zubovo-Polyansky i bPoblacht na Mordóive. Sa phost sin, déanann sé maoirseacht dhíreach ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10 agus tá sé freagrach astu agus theip air cosaint chearta agus sábháilteacht na ndaoine atá á gcoinneáil agus caomhnú an oird phoiblí a chinntiú ann. Dá bhrí sin, tá Alexander Grishanin freagrach as an mí-úsáid a bhaineann na baill foirne as na príosúnaigh i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10.
Tá na céadta Úcránach, idir phríosúnaigh chogaidh agus sibhialtaigh, a gabhadh ar chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, á gcoinneáil i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10. Labhraíonn iar-chimí ar an íde mhídhaonna tháireach agus ar an gcéasadh a dhéantar inti lena n-áirítear turraingí leictreacha, greadadh, staidiúirí struis agus na hothrais thrófacha is toradh dóibh, foréigean gnéasach, básuithe bréige agus diúltú cúraim leighis. Caitear le sibhialtaigh ar an gcaoi chéanna agus a chaitear leis na príosúnaigh cogaidh agus coinnítear gan triail gan stádas iad. Tá tuairisc tugtha ag cosantóirí i réimse chearta an duine ó 2012 i leith faoi na dálaí mídhaonna agus an céasadh a dhéantar sa tsaoráid sin, i gcás príosúnaigh Rúiseacha chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Alexander Grishanin freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
|
13.7.2026
|
|
96.
|
Semyon Viktorovich KUZNETSOV
(Rúisis: Семен Викторович КУЗНЕЦОВ)
|
Post: Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10
Dáta breithe: 18.11.1982
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 79271857062
|
Is é Semyon Kuznetsov Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10, atá suite i sráidbhaile Udarny i gCeantar Zubovo-Polyansky i bPoblacht na Mordóive. Sa phost sin, déanann sé maoirseacht dhíreach ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10 agus tá sé freagrach astu agus theip air cosaint chearta agus sábháilteacht na ndaoine atá á gcoinneáil agus caomhnú an oird phoiblí a chinntiú ann. Dá bhrí sin, tá Semyon Kuznetsov freagrach as an mí-úsáid a bhaineann na baill foirne as na príosúnaigh i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10.
Tá na céadta Úcránach, idir phríosúnaigh chogaidh agus sibhialtaigh, a gabhadh ar chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, á gcoinneáil i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10. Labhraíonn iar-chimí ar an íde mhídhaonna tháireach agus ar an gcéasadh a dhéantar inti lena n-áirítear turraingí leictreacha, greadadh, staidiúirí struis agus na hothrais thrófacha is toradh dóibh, foréigean gnéasach, básuithe bréige agus diúltú cúraim leighis. Caitear le sibhialtaigh ar an gcaoi chéanna agus a chaitear leis na príosúnaigh cogaidh agus coinnítear gan triail gan stádas iad. Tá tuairisc tugtha ag cosantóirí i réimse chearta an duine ó 2012 i leith faoi na dálaí mídhaonna agus an céasadh a dhéantar sa tsaoráid sin, i gcás príosúnaigh Rúiseacha chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Semyon Kuznetsov freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
|
13.7.2026
|
|
97.
|
Ivan Vasilyevich VESHKIN
(Rúisis: Иван Васильевич ВЕШКИН)
|
Post: Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10
Dáta breithe: 22.12.1991
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 8903739994
|
Is é Ivan Veshkin Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 10, atá suite i sráidbhaile Udarny i gCeantar Zubovo-Polyansky i bPoblacht na Mordóive. Sa phost sin, déanann sé maoirseacht dhíreach ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10 agus tá sé freagrach astu agus theip air cosaint chearta agus sábháilteacht na ndaoine atá á gcoinneáil agus caomhnú an oird phoiblí a chinntiú ann. Dá bhrí sin, tá Ivan Veshkin freagrach as an mí-úsáid a bhaineann na baill foirne as na príosúnaigh i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10.
Tá na céadta Úcránach, idir phríosúnaigh chogaidh agus sibhialtaigh, a gabhadh ar chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, á gcoinneáil i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10. Labhraíonn iar-chimí ar an íde mhídhaonna tháireach agus ar an gcéasadh a dhéantar inti lena n-áirítear turraingí leictreacha, greadadh, staidiúirí struis agus na hothrais thrófacha is toradh dóibh, foréigean gnéasach, básuithe bréige agus diúltú cúraim leighis. Caitear le sibhialtaigh ar an gcaoi chéanna agus a chaitear leis na príosúnaigh cogaidh agus coinnítear gan triail gan stádas iad. Tá tuairisc tugtha ag cosantóirí i réimse chearta an duine ó 2012 i leith faoi na dálaí mídhaonna agus an céasadh a dhéantar sa tsaoráid sin, i gcás príosúnaigh Rúiseacha chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Ivan Veshkin freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
|
13.7.2026
|
|
98.
|
Galina Vasilievna MOKSHANOVA
(Rúisis: Галина Васильевна МОКШАНОВА)
|
Post: Ceann Aonad Leighis Uimh. 13, Coilíneacht Phionósach Uimh. 10
Dáta breithe: 16.1.1966
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
Pasuimhir: 8910200628
|
Is é Galina Mokshanova Ceann Aonad Leighis Uimh. 13 i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10 atá suite i sráidbhaile Udarny i gCeantar Zubovo-Polyansky i bPoblacht na Mordóive. Sa phost sin, tá gníomhaíochtaí a dhéantar i seirbhísí leighis Choilíneacht Phionósach Uimh. 10 á bpleanáil, á stiúradh, á n-ordú agus á n-éascú aici. Dá bhrí sin, tá Galina Mokshanova freagrach as an mí-úsáid a bhaineann na baill foirne as na príosúnaigh i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10.
Tá na céadta Úcránach, idir phríosúnaigh chogaidh agus sibhialtaigh, a gabhadh ar chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, á gcoinneáil i gCoilíneacht Phionósach Uimh. 10. Labhraíonn iar-chimí ar an íde mhídhaonna tháireach agus ar an gcéasadh a dhéantar inti lena n-áirítear turraingí leictreacha, greadadh, staidiúirí struis agus na hothrais thrófacha is toradh dóibh, foréigean gnéasach, básuithe bréige agus diúltú cúraim leighis. Caitear le sibhialtaigh ar an gcaoi chéanna agus a chaitear leis na príosúnaigh cogaidh agus coinnítear gan triail gan stádas iad. Tá tuairisc tugtha ag cosantóirí i réimse chearta an duine ó 2012 i leith faoi na dálaí mídhaonna agus an céasadh a dhéantar sa tsaoráid sin, i gcás príosúnaigh Rúiseacha chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Galina Mokshanova freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
|
13.7.2026’.
|
|