This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1551
Commission Implementing Decision (EU) 2026/1551 of 9 July 2026 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2024/1789 of the European Parliament and of the Council as regards the renewal of the temporary exclusion of offers of hydrogen supplies originating in the Russian Federation or the Republic of Belarus from being collected through the mechanism to support the market development of hydrogen
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1551 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2026 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathnuachan an eisiata shealadaigh ar thairiscintí soláthairtí hidrigine de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise a bhailiú tríd an sásra chun tacú le forbairt margaidh hidrigine
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1551 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2026 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathnuachan an eisiata shealadaigh ar thairiscintí soláthairtí hidrigine de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise a bhailiú tríd an sásra chun tacú le forbairt margaidh hidrigine
C/2026/4675
IO L, 2026/1551, 10.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1551/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 30/07/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1551 |
10.7.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1551 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Iúil 2026
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathnuachan an eisiata shealadaigh ar thairiscintí soláthairtí hidrigine de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise a bhailiú tríd an sásra chun tacú le forbairt margaidh hidrigine
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigin, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938, (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (1), agus go háirithe Airteagal 54(1) agus (2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bhunaigh an Coimisiún an Sásra Hidrigine (‘an sásra’) chun tacú le forbairt margaidh hidrigine dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2024/1789 atá le cur chun feidhme faoi ghníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Hidrigine (2). Seoladh an sásra i mí Iúil 2025. Is é is aidhm don sásra méadú a dhéanamh ar thrédhearcacht an éilimh, an tsoláthair, na sreafaí agus na bpraghsanna hidrigine. Tá ról comhordúcháin aige, trí fhaisnéis maidir le héileamh agus soláthar hidrigine agus díorthach hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin a nascadh, a phróiseáil agus rochtain a thabhairt uirthi, ar faisnéis í arna cur isteach ag: ceannaitheoirí atá bunaithe san Aontas; Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh; agus soláthróirí intíre agus idirnáisiúnta. Tá an sásra le cur chun feidhme agus le hoibriú i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
|
(2) |
Tagraíonn soláthar hidrigine do dhíol hidrigine le custaiméirí, agus athdhíol san áireamh, lena n-áirítear hidrigin i bhfoirm iompróirí hidrigine orgánaí leachtaí nó hidrigin leachtach agus díorthaigh hidrigine lena n-áirítear amóinia nó meatánól (3). |
|
(3) |
Táirgeann an Rúis agus an Bhealarúis méideanna móra hidrigine agus díorthach atá bunaithe ar bhreosla iontaise (amhail amóinia). Chomh maith leis sin, tá acmhainneacht ann maidir le díolacháin agus soláthairtí móra de hidrigin agus de dhíorthaigh hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin de thionscnamh na Rúise agus na Bealarúise. Ní chuirtear as an áireamh go n-onnmhaireofaí cuid de na méideanna díorthach hidrigine agus hidrigine sin chuig an Aontas freisin. |
|
(4) |
Is léir ón taithí a fuarthas ar sholáthairtí fuinnimh ón Rúis agus ón mBealarúis gur bhain an Rúis leas as spleáchas an Aontais ar a honnmhairí fuinnimh chuig an Aontas mar mhodh ionramhálacha agus chun comhéigean a dhéanamh. Bhain an Rúis mí-úsáid chórasach as spleáchais chun dochair do gheilleagar agus do shlándáil eacnamaíoch an Aontais agus bhain sí úsáid as caidrimh soláthair fuinnimh le comhpháirtithe san Aontas chun margaí a chúbláil agus chun slándáil soláthair an Aontais a lagú. |
|
(5) |
Tá an baol ann go ndéanfadh an Rúis agus an Bhealarúis iarracht caidrimh ghnó agus spleáchais chomhchosúla a bhunú maidir le honnmhairithe hidrigine agus díorthach hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin chuig an Aontas a d’fhéadfaí a úsáid chun margaí a chúbláil. |
|
(6) |
Dá gceadófaí soláthairtí de thionscnamh na Rúise nó na Bealarúise a thairiscint tríd an sásra, d’fhéadfaí ligean don Rúis agus don Bhealarúis bonn suntasach a bhaint amach i margadh an Aontais, rud a d’éascódh iarrachtaí an margadh hidrigine nuaghinte a chúbláil. |
|
(7) |
Ós rud é gur minic a úsáideann custaiméirí tionsclaíocha móra hidrigin, agus ós rud é nach bhfuil an margadh hidrigine chomh leachtach céanna leis an margadh le haghaidh gás nádúrtha, dá mbunófaí spleáchais soláthair nua ar an Rúis nó ar an mBealarúis d’fhéadfaí é a chur ar a gcumas do na tíortha sin leanúint dá straitéis i leith an Aontais chun slándáil an tsoláthair a chur i mbaol trí mhargaí a chúbláil, trí chur isteach ar sholáthairtí, nó trí aon slí eile chun soláthairtí fuinnimh a úsáid mar uirlis troda. |
|
(8) |
Cé go bhfuil na rioscaí sin ann fiú i gcás sciartha níos lú de na méideanna foriomlána, d’fhéadfaí cur go mór le ról agus infheictheacht na Rúise agus na Bealarúise ar mhargadh hidrigine an Aontais trí thairiscintí soláthair hidrigine ón Rúis agus ón mBealarúis a bhailiú tríd an sásra chun tacú le forbairt an mhargaidh hidrigine. Chuirfeadh sé sin i gcoinne iarrachtaí an Aontais deireadh a chur de réir a chéile lena spleáchas ar allmhairí fuinnimh ón Rúis (4) agus spleáchais nua ar sholáthairtí fuinnimh ó na tíortha sin a sheachaint (5). |
|
(9) |
An 22 Iúil 2025, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1486 (6) lena ndearna sé tairiscintí soláthairtí hidrigine de thionscnamh na Rúise nó na Bealarúise a eisiamh ar feadh tréimhse bliana óna mbailiú tríd an sásra. |
|
(10) |
I bhfianaise na staide geopholaitiúla sin, agus é á chur san áireamh gurb ann i gcónaí do na rioscaí a bhaineann le seachadtaí fuinnimh ón Rúis agus ón mBealarúis, is gá athnuachan a dhéanamh ar an eisiamh sealadach ar thairiscintí soláthairtí hidrigine de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó na Bealarúise a bhailiú tríd an sásra chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais agus slándáil an tsoláthair a chosaint. |
|
(11) |
Ní chuirfeadh athnuachan an eisiata shealadaigh isteach go míchuí ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh hidrigine ná ní bhainfeadh sé an bonn de shlándáil soláthair an Aontais nó Ballstáit, go háirithe toisc go bhfuil margadh hidrigine an Aontais fós nuaghinte agus nach bhfuil air ach soláthairtí an-teoranta ón Rúis agus ón mBealarúis. Thairis sin, le hathnuachan an eisiata shealadaigh urramaítear prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh (7), toisc go nglactar é chun leas an Aontais maidir leis an sásra, gan tionchair mhíchuí a bheith aige ar chearta na mBallstát ná ar chearta a n-oibreoirí eacnamaíocha hidrigin, lena n-áirítear hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin, ná a díorthaigh a thrádáil le tríú tíortha lasmuigh den sásra deonach. Thairis sin, glactar an Cinneadh seo i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí an Aontais nó na mBallstát maidir le tríú tíortha. |
|
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (AE) 2024/1789, chuir an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí faoina mheasúnú, agus féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí an Cinneadh sin a athnuachan freisin, má tá údar cuí leis, d’fhonn an beart a ailíniú le beartais eile de chuid an Aontais, amhail Treochlár RePowerEU (8), arb é is aidhm dó neamhspleáchas an Aontais ar fhuinneamh na Rúise a chur chun cinn a thuilleadh trí bhíthin bearta chun tacú le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh gáis, allmhairí fuinnimh núicléacha agus allmhairí fuinnimh ola chun laghdú ar na rioscaí go n-úsáidfí soláthairtí fuinnimh mar uirlis troda, agus Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar tairiscintí soláthairtí hidrigine de thionscnamh na Rúise nó na Bealarúise a eisiamh óna mbailiú tríd an Sásra Hidrigine chun tacú le forbairt margaidh hidrigine go dtí an 30 Iúil 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj.
(2) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an mBanc Hidrigine Eorpach, COM(2023)156 final, 16.3.2023.
(3) Airteagal 2, pointe (28), de Threoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj).
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean REPowerEU, COM(2022) 230 final, 18.5.2022.
(5) Aithris 71 de Rialachán (AE) 2024/1789.
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1486 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tairiscintí soláthairtí hidrigine de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó na Bealarúise a eisiamh go sealadach óna mbailiú tríd an sásra chun tacú le forbairt margaidh hidrigine (IO L, 2025/1486, 23.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1486/oj).
(7) Féach breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn, C-848/19 P, ECLI:EU:C:2021:598, mír 71.
(8) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Treochlár i dtreo deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh na Rúise, COM(2025) 440 final/2, 12.5.2025.
(9) Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Eanáir 2026 maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis agus ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí ola ón Rúis, feabhas a chur ar an bhfaireachán ar spleáchais fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 (IO L, 2026/261, 2.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/261/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1551/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)