This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1443
Commission Implementing Decision (EU) 2026/1443 of 29 June 2026 authorising the placing on the market of products containing, consisting of or produced from genetically modified maize DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 and its sub-combinations DP202216 x NK603, DP202216 x DAS-40278-9, pursuant to Regulation (EC) No 1829/2003 of the European Parliament and of the Council (notified under document C(2026) 4403)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1443 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2026 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 agus a fho-chumaisc DP202216 x NK603, DP202216 x DAS-40278-9, nó atá comhdhéanta díobh, nó a thairgtear astu a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 4403)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1443 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2026 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 agus a fho-chumaisc DP202216 x NK603, DP202216 x DAS-40278-9, nó atá comhdhéanta díobh, nó a thairgtear astu a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 4403)
C/2026/4403
IO L, 2026/1443, 3.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1443/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1443 |
3.7.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1443 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Meitheamh 2026
lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 agus a fho-chumaisc DP202216 x NK603, DP202216 x DAS-40278-9, nó atá comhdhéanta díobh, nó a thairgtear astu a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 4403)
(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) agus Airteagal 19(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 10 Márta 2023 chuir Corteva Agriscience Belgium B.V., atá lonnaithe sa Bheilg, thar ceann Corteva Agriscience LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe (‘an t-iarratasóir’), iarratas faoi bhráid údaráis inniúil náisiúnta na hÍsiltíre maidir le bianna, comhábhair bhia agus beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (‘an t-iarratas’). Cumhdaíodh san iarratas freisin táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9, nó atá comhdhéanta de, a chur ar an margadh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú. |
|
(2) |
Ina theannta sin, cumhdaíodh san iarratas cur ar an margadh táirgí ina bhfuil, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as trí fho-chumasc de na teagmhais trasfhoirmithe arb é atá iontu arbhar Indiach DP202216 x NK603 x DAS-40278-9, DP202216 x NK603, DP202216 x DAS-40278-9, NK603 x DAS-40278-9. Maidir le fo-chumasc amháin atá san iarratas, NK603 × DAS-40278-9, tá sé údaraithe cheana féin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2085 ón gCoimisiún (2). |
|
(3) |
Cumhdaítear leis an gCinneadh seo arbhar Indiach DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 agus na fo-chumaisc atá fágtha DP202216 x NK603 agus DP202216 x DAS-40278-9. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 5(5) agus Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, cuimsíodh san iarratas faisnéis agus conclúidí maidir leis an measúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Cuimsíodh ann freisin an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin mar aon le plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(5) |
An 5 Nollaig 2025 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (4). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 agus a fho-chumaisc, mar a thuairiscítear san iarratas, go bhfuil siad chomh sábháilte céanna lena macasamhail thraidisiúnta agus leis na cineálacha tagartha arbhair Indiaigh neamh-ghéinmhodhnaithe a ndearnadh tástáil orthu, a mhéid a bhaineann leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach ábhar imní cothaithe i gcás daoine ná i gcás ainmhithe é tomhaltas bia agus beatha ó arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 agus a fho-chumaisc. |
|
(6) |
Rinne an tÚdarás breithniú, sa tuairim eolaíoch uaidh, ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(7) |
Maidir leis an bplean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil a chuir an t-iarratasóir isteach, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go raibh an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí. |
|
(8) |
Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir le táirgí ina bhfuil, nó atá comhdhéanta de nó a thairgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 agus na fo-chumasic DP202216 x NK603 agus DP202216 x DAS-40278-9, ba cheart údarú a thabhairt na táirgí sin a chur ar an margadh le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear san iarratas. |
|
(9) |
Ba cheart aitheantóir uathúil a shannadh d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 agus dá fho-chumaisc DP202216 x NK603 agus DP202216 x DAS-40278-9, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (5). |
|
(10) |
I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach bhfuil gá le haon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí sin laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí sin, cé is moite de bhianna agus comhábhair bhia, nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú. |
|
(11) |
Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireachán um éifeachtaí comhshaoil agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (7). |
|
(12) |
Leis an tuairim ón Údarás ní thugtar údar le coinníollacha nó srianta sonracha eile a fhorchur maidir le bia agus beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9 agus a fho-chumaisc, nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as a chur ar an margadh le haghaidh úsáide agus láimhseála, ná maidir le héiceachórais/comhshaol agus/nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e), agus Airteagal 18(5), pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(13) |
An fhaisnéis ábhartha uile maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(14) |
Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do Pháirtithe Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(15) |
Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Bhuanchoiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é chun go ndéanfaí tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil
Maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.), a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, sanntar na haitheantóirí uathúla seo a leanas dó, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004:
|
(a) |
an t-aitheantóir uathúil DP-2Ø2216-6 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603 x DAS-40278-9; |
|
(b) |
an t-aitheantóir uathúil DP-2Ø2216-6 x MON-ØØ6Ø3-6 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x NK603; |
|
(c) |
an t-aitheantóir uathúil DP-2Ø2216-6 × DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 x DAS-40278-9. |
Airteagal 2
Údarú
Údaraítear na táirgí seo a leanas chun críocha Airteagal 4(2) agus Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:
|
(a) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1, nó atá comhdhéanta díobh, nó a tháirgtear astu; |
|
(b) |
beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1, nó atá comhdhéanta díobh, nó a tháirgtear astu; |
|
(c) |
táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1 le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú. |
Airteagal 3
Lipéadú
1. Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ ainm an orgánaigh.
2. Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil nó atá comhdhéanta d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc, dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, (a).
Airteagal 4
Modh braite
Beidh feidhm ag na modhanna a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1 a bhrath.
Airteagal 5
Plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil
1. Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
2. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.
Airteagal 6
An clár Comhphobail
An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, iontrálfar í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
Airteagal 7
Sealbhóir an údaraithe
Is é Corteva Agriscience LLC, atá á ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., a bheidh ina shealbhóir údaraithe.
Airteagal 8
Bailíocht
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra faoi.
Airteagal 9
Seolaí
Is chuig Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana, 46268-1054, na Stáit Aontaithe, atá á ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., Rue Montoyer 25, 1000 an Bhruiséil, an Bheilg, a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj).
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2085 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603 × DAS-40278-9 agus fo-chumaisc MON 89034 × NK603 × DAS-40278-9, 1507 × NK603 × DAS-40278-9 agus NK603 × DAS-40278-9, nó atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 6.12.2019, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/2085/oj).
(3) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).
(4) Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2025. Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP202216 × NK603 × DAS-40278-9 (iarratas GMFF-2022-6232). EFSA Journal [Iris EFSA] 2025; 23(12):9746; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9746.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/65/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1830/oj).
(7) Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe maidir le cur i láthair na dtorthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/770/oj).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1946/oj).
IARSCRÍBHINN
|
(a) |
An t-iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:
arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., Rue Montoyer 25, 1000 an Bhruiséil, an Bheilg. |
|
(b) |
Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:
Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-2Ø2216-6 an ghéin mo-pat lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí ina bhfuil amóiniam glúfosanáite, chomh maith leis an ngéin zmm28 lena leathnaítear agus lena méadaítear léiriú na próitéine inginiúla ZMM28, rud a thugann deis d’fheabhsú táirgeachta faoi fhíorchoinníollacha. An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØ6Ø3-6, léiríonn sé an ghéin cp4 epsps, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí atá bunaithe ar an ngliofosáit. An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe DAS-4Ø278-9, léiríonn sé an ghéin aad-1, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh aigéad 2, 4-déchlóraifeanocsaicéiteach (2,4-D) agus luibhicídí airiolocsaifeanocsaprópianáite (AOPP). |
|
(c) |
Lipéadú:
|
|
(d) |
Modh braite:
|
|
(e) |
Aitheantóirí uathúla: DP-2Ø2216-6 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9 DP-2Ø2216-6 × MON-ØØ6Ø3-6 DP-2Ø2216-6 × DAS-4Ø278-9 |
|
(f) |
Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch: [Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú sa chlár de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a thugtar fógra faoi]. |
|
(g) |
Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil: ní gá. |
|
(h) |
Plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil: Plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE. [Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]. |
|
(i) |
Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine: ní gá. |
|
Tabhair faoi deara: |
d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig doiciméid ábhartha a mhodhnú le himeacht ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1443/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)