Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1419

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1419 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2026 lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 4402)

C/2026/4402

IO L, 2026/1419, 3.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1419/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1419/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1419

3.7.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1419 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2026

lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 4402)

(Is é an téacs Ollainnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) agus Airteagal 23(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/696 ón gCoimisiún (2) údaraíodh bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti. Cumhdaíodh le raon feidhme an údaraithe sin freisin táirgí, seachas bia agus beatha, a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 nó atá comhdhéanta di, le haghaidh na n-úsáidí céanna atá ag pónaire shoighe d’aon chineál eile, cé is moite de shaothrú.

(2)

An 8 Márta 2024 rinne Bayer Agriculture BV, atá lonnaithe sa Bheilg,, thar ceann Bayer CropScience LP, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe (‘an t-iarratasóir’) iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an t-údarú sin a athnuachan.

(3)

An 12 Eanáir 2026 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch (3) fhabhrach maidir le pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Tháinig sé ar an gconclúid nach raibh fianaise san iarratas ar athnuachan maidir le haon ghuais nua, teagmháil mhodhnaithe nó éiginnteacht eolaíoch nua a d’athródh conclúidí an mheasúnaithe riosca bunaidh ar pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705, measúnú a ghlac an tÚdarás in 2012 (4) agus 2013 (5).

(4)

Rinne an tÚdarás breithniú, sa tuairim eolaíoch uaidh, ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(5)

An plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil a chuir an t-iarratasóir isteach, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí.

(6)

Ina theannta sin, mhol an tÚdarás sa tuairim eolaíoch uaidh plean faireacháin iarmhargaidh le haghaidh bia agus mheas sé nach bhfuil gá le plean den sórt sin le haghaidh beatha, i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ó EFSA agus leis an ráiteas comhlántach a glacadh, in 2012 agus 2013, faoi seach, rud atá comhsheasmhach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/696.

(7)

Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir leis an údarú chun bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705, atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti, agus chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 nó atá comhdhéanta di, le haghaidh úsáidí seachas bia nó beatha, cé is moite de shaothrú, ba cheart an t-údarú sin a athnuachan.

(8)

I litir dar dáta an 19 Eanáir 2026, chuir Bayer Agriculture BV, atá lonnaithe sa Bheilg, an Coimisiún ar an eolas gur athraigh Bayer CropScience LP a fhoirm dhlíthiúil agus gur athraigh sé a ainm go Bayer CropScience LLC ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

(9)

Tá aitheantóir uathúil sannta do phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (6), i gcomhthéacs an údaraithe tosaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/696. Ba cheart leanúint den aitheantóir uathúil sin a úsáid.

(10)

Bia, comhábhair bhia agus beatha ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti, ba cheart iad a lipéadú i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(11)

Agus an tuairim ón Údarás lena ndeimhnítear go bhfuil athrú tagtha ar chomhdhéanamh aigéid shailligh na síolta pónaire soighe MON 87705 agus ar chomhdhéanamh aigéid shailligh na hola a dhíorthaítear astu i ndáil leis an macasamhail thraidisiúnta, agus in éagmais faisnéis nua ón iarratasóir chun an measúnú tosaigh a athrú, is dócha go bhfuil gá le lipéadú sonrach, ina luaitear na focail chéanna agus atá i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/696, i gcomhréir le hAirteagail 13(2)(a) agus 25(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(12)

Chun a áirithiú go n-úsáidfear na táirgí laistigh de theorainneacha an údaraithe dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo, ba cheart a shonrú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí ina bhfuil an OGM a n-iarrtar údarú ina leith, nó atá comhdhéanta de, cé is moite de tháirgí bia, nár cheart na táirgí i gceist a úsáid le haghaidh saothrú.

(13)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) leagtar síos ceanglais lipéadaithe in Airteagal 4(6) le haghaidh táirgí ina bhfuil OGManna nó atá comhdhéanta díobh. Leagtar síos ceanglais inrianaitheachta le haghaidh táirgí ina bhfuil OGManna, nó atá comhdhéanta díobh, i míreanna 1 go 5 d’Airteagal 4 agus leagtar síos ceanglais inrianaitheachta le haghaidh bia agus beatha a tháirgtear as OGManna in Airteagal 5 den Rialachán sin.

(14)

Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireachán um éifeachtaí comhshaoil agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (8).

(15)

Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach freisin maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin iarmhargaidh.

(16)

Leis an tuairim ón Údarás ní thugtar údar le coinníollacha nó srianta sonracha eile a fhorchur maidir le pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 a chur ar an margadh, a úsáid agus a láimhseáil, ná maidir le héiceachórais/comhshaol agus/nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e), agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(17)

An fhaisnéis ábhartha uile maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(18)

Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do Pháirtithe Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(19)

Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Bhuanchoiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é chun go ndéanfaí tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil

Maidir le pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe (Glycine max (L.) Merr.) MON 87705, a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, sanntar an t-aitheantóir uathúil MON-877Ø5-6 dó, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.

Airteagal 2

Athnuachan an údaraithe

An t-údarú maidir leis na táirgí seo a leanas a chur ar an margadh, déantar é a athnuachan a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti;

(b)

beatha ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti;

(c)

táirgí ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 nó atá comhdhéanta di le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú.

Airteagal 3

Lipéadú

(1)   Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘pónaire shoighe’ ainm an orgánaigh.

(2)   Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(2)(a) agus Airteagal 25(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, beidh na focail ‘le cion méadaithe saille monai-neamhsháithithe agus cion laghdaithe saille polai-neamhsháithithe’ i ndiaidh ainm an orgánaigh ar an lipéad nó, más iomchuí, sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí.

(3)   Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta di, dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(a).

Airteagal 4

Modh braite

Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 a bhrath.

Airteagal 5

Faireachán ar éifeachtaí comhshaoil

1.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2.   Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.

Airteagal 6

Faireachán iarmhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 6(5)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003

1.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin iarmhargaidh maidir le hola pónaire soighe MON-877Ø5-6, mar a leagtar amach i bpointe (g) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2.   Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin iarmhargaidh agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i rith na tréimhse údaraithe.

Airteagal 7

An clár Comhphobail

An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, iontrálfar í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Airteagal 8

Sealbhóir an údaraithe

Is é Bayer CropScience LLC, na Stáit Aontaithe, atá á ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture BV, an Bheilg, sealbhóir an údaraithe.

Airteagal 9

Bailíocht

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra faoi.

Airteagal 10

Seolaí

Is chuig Bayer CropScience LLC, 800 N. Lindbergh Boulevard, St. Louis, Missouri 63167, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture BV, Scheldelaan 460, 2040 Antuairp, an Bheilg, a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj).

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/696 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 (MON-877Ø5-6), atá comhdhéanta di, nó a tháirgtear aisti a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 112, 30.4.2015, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2015/696/2021-02-16).

(3)  Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2026. Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú ar phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 i ndáil lena údarú a athnuachan faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas GMFF-2023-21236). EFSA Journal [Iris EFSA] 2026; 24:e9846. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2026.9846.

(4)  Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), (2012). Tuairim Eolaíoch maidir le hiarratas EFSA-GMO-NL-2010-78 ar phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON 87705 luibhicídfhulangach ina bhfuil cion méadaithe aigéid oiléach a chur ar an margadh, lena húsáid i mbia agus i mbeatha, lena hallmhairiú agus lena próiseáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Monsanto. EFSA Journal [Iris EFSA], 10(10), 2909. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2012.2909.

(5)  Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), (2013). Ráiteas lena gcomhlánaítear an tuairim eolaíoch maidir le hiarratas EFSA-GMO-NL-2010-78 chun sábháilteacht ola pónaire soighe MON 87705 le haghaidh friochadh tráchtála a chumhdach. EFSA Journal [Iris EFSA], 11(12), 3507. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2013.3507.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/65/oj).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1830/oj).

(8)  2009/770/EC: Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe maidir le cur i láthair na dtorthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/770/oj).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1946/oj).


IARSCRÍBHINN

(a)

An t-iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:

Ainm

:

Bayer CropScience LLC

Seoladh

:

800 N. Lindbergh Boulevard, St Louis, Missouri 63167, na Stáit Aontaithe

arna ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture B.V., Scheldelaan 460, 2040 Antuairp, an Bheilg.

(b)

Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:

(1)

bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti;

(2)

beatha ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6, nó atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti;

(3)

táirgí ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 nó atá comhdhéanta di le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú.

An phónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6, tá léiriú laghdaithe ag gabháil léi maidir leis na heinsímí Δ12-díshátaráis (FAD2) aigéid shailligh agus tia-eistearáis próitéine iompróra aicile palmatóile (FATB), rud a fhágann go bhfuil méadú tagtha ar an bpróifíl aigéid oiléach agus laghdú ar an bpróifíl aigéid líonoiléach atá aici agus léiríonn sí an phróitéin CP4 EPSPS, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí atá bunaithe ar ghliofosáit.

(c)

Lipéadú:

(1)

Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘pónaire shoighe’ ainm an orgánaigh.

(2)

Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(2)(a) agus Airteagal 25(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, beidh na focail ‘le cion méadaithe saille monai-neamhsháithithe agus cion laghdaithe saille polai-neamhsháithithe’ i ndiaidh ainm an orgánaigh ar an lipéad nó, más iomchuí, sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí.

(3)

Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 nó atá comhdhéanta di, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1).

(d)

Modh braite:

(1)

Modh teagmhas-shonrach atá bunaithe ar ISP (imoibriú slabhrúil polaiméaráise) fíor-ama chun pónaire shoighe ghéinmhodhnaithe MON-877Ø5-6 a chainníochtú;

(2)

bailíochtaithe ag Saotharlann Tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna bhfoilsiú ag https://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/method-validations;

(3)

ábhar tagartha: tá rochtain ar AOCS 0210-A2 (le haghaidh MON-877Ø5-6) agus AOCS 0906-A (le haghaidh na contrapháirte nach bhfuil géinmhodhnaithe) tríd an American Oil Chemists Society (AOCS), ag https://www.aocs.org/

(e)

Aitheantóir uathúil:

MON-877Ø5-6

(f)

Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch:

[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a thugtar fógra faoi].

(g)

Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:

Faireachán iarmhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 6(5)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003

1.

Baileoidh sealbhóir an údaraithe an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

cainníochtaí d’ola pónaire soighe MON-877Ø5-6 agus de phónairí soighe MON-877Ø5-6 le haghaidh eastóscadh ola, arna n-allmhairiú isteach san Aontas lena gcur ar an margadh i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí le haghaidh bia;

(ii)

i gcás allmhairiú táirgí a luaitear faoi (i), torthaí cuardach bunachair sonraí i mbunachar FAOSTAT maidir leis na cainníochtaí ola plandúla a thomhlaítear de réir an Bhallstáit, lena n-áirítear aistrithe maidir le cainníochtaí na gcineálacha éagsúla olaí a thomhlaítear.

2.

Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhaileofar agus a thuairisceofar, déanfaidh sealbhóir an údaraithe athbhreithniú ar an measúnú cothaitheach a rinneadh mar chuid den mheasúnú riosca.

(h)

Plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil:

Plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

*[Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]

Tabhair faoi deara:

d’fhéadfadh sé gur ghá naisc chuig na doiciméid ábhartha a mhodhnú le himeacht ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.

(*1)  Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1419/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top