This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1347
Council Decision (EU) 2026/1347 of 4 June 2026 on the conclusion, on behalf of the European Union, of the United Nations Convention against Cybercrime; Strengthening International Cooperation for Combating Certain Crimes Committed by Means of Information and Communications Technology Systems and for the Sharing of Evidence in Electronic Form of Serious Crimes
Cinneadh (AE) 2026/1347 ón gComhairle an 4 Meitheamh 2026 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach
Cinneadh (AE) 2026/1347 ón gComhairle an 4 Meitheamh 2026 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach
ST/14941/2025/INIT
IO L, 2026/1347, 19.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1347/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1347/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1347 |
19.6.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1347 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Meitheamh 2026
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1) agus (2), Airteagal 83(1) agus Airteagal 87(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2025/2307 ón gComhairle (2), síníodh Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach (‘an Coinbhinsiún’), thar ceann an Aontais, in Hanoi, Viet Nam, an 25 Deireadh Fómhair 2025, faoi réir thabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin sin. |
|
(2) |
Tá an Coinbhinsiún i gcomhréir le cuspóirí slándála an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is é sin ardleibhéal slándála a áirithiú trí bhearta chun an choireacht a chosc agus a chomhrac agus trí bhearta maidir le comhordú agus comhar idir údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile, agus trí dhlíthe coiriúla a chomhfhogasú. |
|
(3) |
Tá feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir le himscrúduithe coiriúla sonracha nó imeachtaí coiriúla sonracha a bhaineann le cionta coiriúla arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún chomh maith le malartú fianaise i bhfoirm leictreonach a bhaineann le coireanna tromchúiseacha (cionta is inphionóis le cailleadh saoirse uasta ceithre bliana, ar a laghad, nó pionós níos tromchúisí), agus ní cheadaítear leis ach malartú faisnéise chun na gcríoch sin. |
|
(4) |
Leis an gCoinbhinsiún, comhchuibhítear tacar teoranta cionta atá sainithe go soiléir agus, an tráth céanna, ceadaítear an tsolúbthacht is gá do na Stáit is Páirtithe chun róchoiriúlú iompair dhlisteanaigh a sheachaint. |
|
(5) |
Ní bhunaítear leis an gCoinbhinsiún ach rialacha íosta maidir le dliteanas daoine dlítheanacha i leith rannpháirtíocht sna cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún. Ní cheanglaítear leis ar Stáit is Páirtithe cibé bearta is gá a ghlacadh chun dliteanas daoine dlítheanacha a bhunú ar bhealach a bheadh ar neamhréir lena bprionsabail dhlíthiúla. |
|
(6) |
Tá an Coinbhinsiún i gcomhréir freisin le cuspóirí an Aontais maidir le sonraí pearsanta, príobháideachas agus cearta bunúsacha a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 16 CFAE agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). |
|
(7) |
Foráiltear leis an gCoinbhinsiún do choinníollacha agus coimircí láidre i réimse chearta an duine, ar cuid iad d’aidhm agus de chuspóir an Choinbhinsiúin agus a bhfuil dlúthbhaint acu leis na cumhachtaí agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an gCoinbhinsiún. Dá réir sin, ní féidir na coinníollacha agus na coimircí sin a bheith faoi réir forchoimeádas. Eisiatar leis an gCoinbhinsiún aon léirmhíniú as a dtiocfadh cur faoi chois chearta an duine nó saoirsí bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse coinsiasa, saoirse tuairimíochta, saoirse reiligiúin nó saoirse creidimh, saoirse comhthionóil shíochánta agus saoirse comhlachais. Áirithítear leis na coimircí sin freisin gur féidir comhar idirnáisiúnta a dhiúltú dá mbeadh an comhar idirnáisiúnta sin contrártha do dhlíthe náisiúnta na Stát is Páirtithe nó dá mbeadh gá leis an diúltú sin chun aon chineál idirdhealaithe a sheachaint. |
|
(8) |
Maidir leis na cumhachtaí agus na nósanna imeachta ar an leibhéal intíre agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon, déantar foráil sa Choinbhinsiún maidir le coinníollacha cothrománacha agus coimircí cothrománacha lena n-áirithítear cosaint chearta an duine, i gcomhréir le hoibleagáidí na Stát is Páirtithe faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine. Tá na Stáit is Páirtithe le prionsabal na comhréireachta a ionchorprú ina ndlí náisiúnta freisin. Sna coinníollacha agus coimircí sin, áireofar, inter alia, athbhreithniú breithiúnach nó athbhreithniú neamhspleách eile, an ceart ar leigheas éifeachtach, na forais lena dtugtar údar le cur i bhfeidhm agus teorannú raon feidhme agus ré na gcumhachtaí agus na nósanna imeachta sin. |
|
(9) |
Áirítear sa Choinbhinsiún foráil thiomnaithe maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirithítear go gcuirtear i bhfeidhm prionsabail thábhachtacha maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, comhréireacht agus riachtanas, i gcomhréir leis an gCairt, sular féidir aon sonraí pearsanta a sholáthar do Stát is Páirtí eile. |
|
(10) |
Lena rannpháirtíocht sa chaibidlíocht, thar ceann an Aontais, d’áirithigh an Coimisiún comhoiriúnacht an Choinbhinsiúin le rialacha ábhartha an Aontais. |
|
(11) |
Tá roinnt forchoimeádas ábhartha chun comhoiriúnacht an Choinbhinsiúin le dlí agus beartais an Aontais a áirithiú, chomh maith le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Choinbhinsiúin i measc na mBallstát ina gcaidreamh le Stáit is Páirtithe nach bhfuil san Aontas, agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Choinbhinsiúin. |
|
(12) |
Tá na forchoimeádais gan dochar d’aon fhorchoimeádas eile is mian leis na Ballstáit a dhéanamh ina n-aonar i gcás inar incheadaithe. |
|
(13) |
Ós rud é go ndéantar foráil sa Choinbhinsiún maidir le nósanna imeachta lena bhfeabhsaítear rochtain trasteorann ar fhianaise i bhfoirm leictreonach agus ardleibhéal coimircí, trí bheith ina pháirtí sa Choinbhinsiún cuirfear comhsheasmhacht chun cinn in iarrachtaí an Aontais an chibearchoireacht agus cineálacha eile coireachta a chomhrac ar an leibhéal domhanda. Éascóidh sé comhar idir na Stáit is Páirtithe ar Ballstáit den Aontas iad agus na Stáit is Páirtithe nach Ballstáit den Aontas iad agus ardleibhéal cosanta do dhaoine aonair á áirithiú an tráth céanna. |
|
(14) |
Ina theannta sin, áiritheofar le tabhairt i gcrích tapa an Choinbhinsiúin ag an Aontas go mbeidh guth fiúntach ag an Aontas go luath i gcur chun feidhme an chreata nua dhomhanda seo maidir leis an gcomhrac in aghaidh na cibearchoireachta. |
|
(15) |
De bhun Airteagal 64(3) de, tá an Coinbhinsiún faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheas ag Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch, amhail an tAontas. |
|
(16) |
Ba cheart an tAontas a bheith ina pháirtí sa Choinbhinsiún in éineacht lena Bhallstáit, ós rud é go bhfuil inniúlachtaí ag an Aontas agus ag na Ballstáit araon sna réimsí a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún. Tá tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin ag an Aontas gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir leis an gCoinbhinsiún a dhaingniú, a ghlacadh nó a fhormheas, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha. Ba cheart an Coinbhinsiún a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais a mhéid a d’fhéadfadh an Coinbhinsiún difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna nó a raon feidhme a athrú. I réimse na n-inniúlachtaí comhroinnte, coinníonn na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach ndéanann an Coinbhinsiún difear do rialacha comhchoiteanna ná nach n-athraíonn sé a raon feidhme. |
|
(17) |
I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún, tá an tAontas, ina ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, formheasa nó aontachais, le raon a inniúlachta a dhearbhú i leith na n-ábhar atá faoi rialú ag an gCoinbhinsiún. Shainigh an tAontas raon a inniúlachta maidir leis na hábhair a rialaítear leis an gCoinbhinsiún i nDearbhú Inniúlachta an Aontais Eorpaigh arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 64(3) agus (4) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach (‘an Dearbhú Inniúlachta’). |
|
(18) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug sé tuairim uaidh an 4 Meán Fómhair 2025. |
|
(19) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(20) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(21) |
Ba cheart an Coinbhinsiún, na forchoimeádais atá i gceangal agus an Dearbhú inniúlachta a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach (4) (‘an Coinbhinsiún’).
Airteagal 2
Formheastar leis seo an Dearbhú inniúlachta arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 64(3) agus (4) den Choinbhinsiún thar ceann an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Formheastar leis seo na forchoimeádais thar ceann an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha (5).
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 4 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. FITIRIS
(1) Toiliú ón 20 Bealtaine 2026.
(2) Cinneadh (AE) 2025/2307 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach (IO L, 2025/2307, 11.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2307/oj).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(4) IO L, 2026/1348, 19.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2026/1348/oj.
(5) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Forchoimeádais
1.
Gníomhóidh an tAontas agus a Bhallstáit i gcomhréir leis na tásca seo a leanas a mhéid a bhaineann le forchoimeádais a mhéid a baineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach (‘an Coinbhinsiún’).
2.
Níl foráil ar leith maidir le forchoimeádais sa Choinbhinsiún. Ina ionad sin, ceadaítear go sainráite do Stát is Páirtí a dhearbhú go mbaineann sé leas as forchoimeádas dá bhforáiltear i roinnt d’Airteagail an Choinbhinsiúin: Airteagal 11(3); Airteagal 23(3), pointe (a); Airteagal 23(3), pointe (b), an dara fomhír; Airteagal 42(5); Airteagal 63(3) agus (4). Leis an gCoinbhinsiún ceadaítear freisin, go hintuigthe, forchoimeádais eile ar choinníoll go bhfuil na forchoimeádais sin i gcomhréir le hAirteagal 19, fomhír (c), de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí arna dhéanamh i Vín an 23 Bealtaine 1969 agus le dlí idirnáisiúnta an ghnáis agus nach bhfuil siad ar neamhréir le cuspóir an Choinbhinsiúin.
3.
Déanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit forchoimeádas bunaithe ar Airteagal 63(3) ina léireofar nach measann siad go bhfuil siad faoi cheangal ag Airteagal 63(2) maidir le díospóidí a bhaineann le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais a réiteach ná maidir le díospóidí idir na Ballstáit nó idir an tAontas agus Ballstát a réiteach.
4.
Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh ag na Ballstáit ar a bhforchoimeádais féin a dhéanamh, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas roimh ré.
5.
Na coinníollacha agus na coimircí maidir le cearta an duine a aithnítear agus dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún, lena n-áirítear iad siúd in Airteagal 6, Airteagal 21(4), Airteagal 24, Airteagal 36, Airteagal 37(15), agus Airteagal 40(22), is cuid de chuspóir an Choinbhinsiúin iad. Dá bhrí sin, ní fhoirmeoidh an tAontas agus a Bhallstáit forchoimeádais maidir leis na hAirteagail sin. Aon fhorchoimeádas ag Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún nach Ballstáit den Aontas iad a mheastar a bheith ar neamhréir le cuspóir an Choinbhinsiúin, ba cheart don Aontas agóid a dhéanamh ina choinne, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit an agóid chéanna a dhéanamh ar bhealach comhordaithe.
Dearbhú inniúlachta an Aontais Eorpaigh arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 64(3) agus (4) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach
1.
I gcomhréir le hAirteagal 64(3) agus (4) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach (‘an Coinbhinsiún’), tíolacann an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) an dearbhú seo a leanas i leith ábhair atá faoi rialú an Choinbhinsiúin.
2.
Is iad Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne Ballstáit an Aontais.
3.
De bhun Airteagail 3 agus 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá inniúlacht eisiach ag an Aontas maidir le roinnt ábhar agus comhroinntear an inniúlacht idir an tAontas agus a Bhallstáit maidir le hábhair eile. De bhun Airteagal 4(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí, fanann siad ag na Ballstáit.
4.
I ndáil leis sin, dearbhaíonn an tAontas, ar an gcéad dul síos, go bhfuil sé inniúil ar chomhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh, agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn astu a chur chun feidhme, ar oibleagáidí iad a bhaineann leis an réimse saoirse, slándála agus ceartais, inniúlacht atá comhroinnte leis na Ballstáit, de bhun Airteagal 4, pointe (j), CFAE. Baineann sé sin leis na réimsí seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 67(3), Airteagal 82(1) agus (2) agus Airteagail 83(1) agus 87(2) CFAE:|
(a) |
ardleibhéal slándála a áirithiú trí bhearta chun an choireacht, an ciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac agus trí bhearta um chomhordú agus um chomhar idir na húdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile, chomh maith le trí bhreithiúnais a aithint go frithpháirteach in ábhair choiriúla, agus, más gá, trí na dlíthe coiriúla a chomhfhogasú; |
|
(b) |
comhar breithiúnach in ábhair choiriúla san Aontas bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha, lena n-áirítear dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú i réimsí sonracha den dlí coiriúil nós imeachta agus substainteach, lena n-áirítear bearta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(c) |
comhar póilíneachta agus breithiúnach a éascú in ábhair choiriúla a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo trí rialacha íosta a shuí maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(d) |
rialacha íosta a shuí maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú i réimsí na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo. Is iad seo a leanas na réimsí coireachta: an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus an teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí, an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí, an gháinneáil aindleathach ar airm, sciúradh airgid, an éillitheacht, góchumadh modhanna íocaíochta, coireacht ríomhairí agus an choireacht eagraithe; |
|
(e) |
comhar póilíneachta a bhunú a mbeidh baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leis, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú; chun na gcríoch sin, féadfaidh an tAontas bearta a shuí maidir leis an méid seo a leanas:
|
5.
Ar an dara dul síos, dearbhaíonn an tAontas, i gcomhréir le hAirteagal 16(2) CFAE, go bhfuil an tAontas inniúil chun na rialacha a leagan síos a bhaineann le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
6.
Go háirithe, níor cheart a thuiscint as an Dearbhú seo gur féidir leis an Aontas an deis a thapú a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir leis na réimsí a chumhdaítear faoin gCoinbhinsiún a thagann faoin inniúlacht chomhroinnte sa mhéid nár fheidhmigh an tAontas an inniúlacht sin go hinmheánach fós. I réimse na n-inniúlachtaí comhroinnte coinníonn na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach ndéanann an Coinbhinsiún difear do rialacha comhchoiteanna nó nach n-athraíonn sé a raon feidhme, lena n-áirítear an fhorbairt a dhéanfar orthu san am atá le teacht. Dá réir sin, ní mór raon inniúlachta an Aontais a mheasúnú ar bhonn anailís chuimsitheach mhionsonraithe ar an ngaol atá ann idir an Coinbhinsiún agus forálacha beachta gach birt de dhlí an Aontais, de réir an cháis. Tá raon feidhme agus fheidhmiú inniúlachtaí an Aontais, de réir a gcineáil, faoi réir forbairt leanúnach.
7.
Dá bhrí sin, tá an tAontas agus a Bhallstáit inniúil ar an gCoinbhinsiún a thabhairt i gcrích. Maidir leis an gCoinbhinsiúin a bheith á thabhairt i gcrích ag an Aontas, ní dochar é sin d’inniúlacht na mBallstát a mhéid a bhaineann leis an gCoinbhinsiún a dhaingniú, a ghlacadh nó a fhormheas, nó aontú dó.
8.
De bhun Airteagal 64(3) agus (4) den Choinbhinsiún, tá an tAontas leis an taisceánach a chur ar an eolas faoi aon mhodhnú ábhartha ar raon a inniúlachta.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1347/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)