This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1345
Council Decision (CFSP) 2026/1345 of 15 June 2026 amending Decision (CFSP) 2025/2379 on an assistance measure under the European Peace Facility to support the Armed Forces of Chad
Cinneadh (CBES) 2026/1345 ón gComhairle an 15 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2025/2379 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Shead
Cinneadh (CBES) 2026/1345 ón gComhairle an 15 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2025/2379 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Shead
ST/9398/2026/INIT
IO L, 2026/1345, 16.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1345/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1345 |
16.6.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/1345 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Meitheamh 2026
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2025/2379 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Shead
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 24 Samhain 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/2379 (1) lenar bunaíodh beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Shead (‘an beart cúnaimh’). |
|
(2) |
An 15 Eanáir 2026, fuair an tAontas iarraidh ó Shead chun raon feidhme geografach an bhirt cúnaimh a leasú tar éis athlonnú École nationale des sous-officiers d’active ó Koundoul go Kalait. |
|
(3) |
D’éirigh leis an ngníomhaí cur chun feidhme ainmnithe, Économat des Armées, an próiseas measúnaithe colúin a chur i gcrích agus is féidir cur chun feidhme an bhirt cúnaimh i mbainistíocht indíreach a chur de chúram air. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2025/2379 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2025/2379 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Chun an beart a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt, agus na soláthairtí agus na seirbhísí seo a leanas, lena n-áirítear oiliúint theicniúil, i gcás inar gá:
|
|
(2) |
in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Is é Economat des Armées a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Chinneadh seo a chur chun feidhme.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 15 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2025/2379 ón gComhairle an 24 Samhain 2025 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Shead (IO L, 2025/2379, 25.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2379/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1345/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)