This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1313
Commission Implementing Decision (EU) 2026/1313 of 15 June 2026 amending Implementing Decision (EU) 2021/1195 as regards the harmonised standard for symbols to be used with information to be supplied by the manufacturer
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1313 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1195 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe i ndáil le siombailí atá le húsáid leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag an monaróir
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1313 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1195 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe i ndáil le siombailí atá le húsáid leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag an monaróir
C/2026/4022
IO L, 2026/1313, 17.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1313/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1313 |
17.6.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1313 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Meitheamh 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1195 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe i ndáil le siombailí atá le húsáid leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag an monaróir
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), feistí atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó leis na codanna ábhartha de na caighdeáin sin, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna díobh a leagtar amach sa Rialachán sin. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406 (3), d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro, caighdeáin a forbraíodh chun tacú le Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (‘an iarraidh’). |
|
(3) |
Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN agus CENELEC athbhreithniú ar an gcaighdeán comhchuibhithe EN ISO 15223-1:2021 i ndáil le siombailí atá le húsáid leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag an mónaróir, caighdeán ar foilsíodh a thagairt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746, arbh athbhreithniú é chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch is déanaí a chur san áireamh. |
|
(4) |
Is é an toradh a bhí ar an athbhreithniú ar an gcaighdeán sin gur glacadh an leasú EN ISO 15223-1:2021/A1:2025 maidir le téarma sainithe a chur isteach le haghaidh ionadaí údaraithe agus siombail mhodhnaithe EC REP nach mbaineann go sonrach le tír ar leith ná le réigiún ar leith (‘an leasú’). |
|
(5) |
In éineacht le CEN agus CENELEC, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún i dtaobh an gcomhlíontar an iarraidh leis an leasú. |
|
(6) |
Comhlíonann an leasú na ceanglais a bhfuil sé d'aidhm aige a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/746. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1195 ón gCoimisiún (5), liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746. |
|
(8) |
Ós rud é gur leasaíodh an caighdeán comhchuibhithe EN ISO 15223-1:2021, ba cheart an tagairt don leagan de a bhí ann roimhe seo a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1195. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1195 a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile oiriúnú a dhéanamh ar a bpróisis agus a bhfeistí a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe EN ISO 15223-1:2021, is gá tarraingt siar na tagartha don chaighdeán comhchuibhithe sin a chur siar, chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse 5 bliana, ós rud é go léirítear le faisnéis arna soláthar ag na páirtithe leasmhara earnála san Fhoghrúpa maidir le Caighdeáin den Ghrúpa Comhordaithe maidir le Feistí Leighis an tionchar mór ar oibreoirí eacnamaíocha i dtéarmaí costas agus uainiú chun athruithe ar lipéadú a chur chun feidhme i monaraíocht agus i ndáileadh feistí, agus na próisis lena mbaineann á gcur san áireamh, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon (6). |
|
(11) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na riachtanais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1195 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe (1) den Iarscríbhinn ón 17 Meitheamh 2031.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/746/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le feistí leighis chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus le feistí leighis diagnóiseacha in vitro chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (https://ec.europa.eu/growth/tools-databases/enorm/mandate/575_en).
(4) Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IO L 331, 7.12.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/79/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1195 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2021 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le feistí leighis diagnóiseacha in vitro a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 258, 20.7.2021, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1195/oj).
(6) Féach na doiciméid a bhaineann le cruinniú den Fhoghrúpa maidir le Caighdeáin den Ghrúpa Comhordaithe maidir le Feistí Leighis, a reáchtáladh an 4 Feabhra 2026: https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/meetings/consult?lang=ga&meetingId=69791.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1195 mar a leanas:
|
(1) |
scriostar iontráil Uimh. 8; |
|
(2) |
cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1313/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)