This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1283
Commission Decision (EU) 2026/1283 of 9 June 2026 establishing the Battery Booster Facility and serving as financing decision for 2026
Cinneadh (AE) 2026/1283 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2026 lena mbunaítear an tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí agus lena ndéantar cinneadh maoiniúcháin le haghaidh 2026
Cinneadh (AE) 2026/1283 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2026 lena mbunaítear an tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí agus lena ndéantar cinneadh maoiniúcháin le haghaidh 2026
C/2026/3828
IO L, 2026/1283, 11.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1283/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1283 |
11.6.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1283 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Meitheamh 2026
lena mbunaítear an tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí agus lena ndéantar cinneadh maoiniúcháin le haghaidh 2026
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10a(8) de,
Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmiú an Chiste don Nuálaíocht (2), agus go háirithe Airteagal 4 agus Airteagal 15 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (3), agus go háirithe Airteagal 110(1), agus Airteagail 212 agus 219 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá an tAontas tiomanta aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 (5), leagtar béim ar an ngá atá leis an iomaíochas tionsclaíoch a ailíniú leis an uaillmhian aeráide, lena n-áiritheofar go mbeidh an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach cóir agus athléimneach ó thaobh an gheilleagair de araon. Chuige sin, tá gá le hearnáil ceallraí Eorpach atá láidir agus iomaíoch. |
|
(2) |
Tá dúshláin struchtúracha ann faoi láthair roimh an earnáil ceallraí Eorpach chun an scála iomaíoch is gá a bhaint amach i gcomhthéacs ró-acmhainneacht dhomhanda ar fud an tslabhra luacha ceallraí, go háirithe le linn na céime borrtha. Thairis sin, tá monaróirí ceallraí de chuid na hEorpa in iomaíocht i gcomhthéacs domhanda ina ndéantar cothrom na Féinne a shaobhadh le fóirdheontais neamh-AE. |
|
(3) |
I bhfianaise chuspóir Rialachán an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), lena mbunaítear creat beart chun earnáil mhonaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus chun tacú le teicneolaíochtaí glana a imscaradh, is gá bearta airgeadais spriocdhírithe a sholáthar chun tacú le forbairt reatha tionscadal san Aontas, chun tuilleadh infheistíochta ón earnáil phríobháideach a spreagadh agus chun borradh a chur faoi shlándáil sholáthar na dtionscal gluaisteán agus stórála fuinnimh. |
|
(4) |
Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht (7) an 16 Nollaig 2025 lena leagtar amach straitéis um threisiú leis an tionscal ceallraí. Leis an straitéis sin, tacaítear le hearnáil ceallraí athléimneach agus inbhuanaithe san Aontas agus feabhsaítear iomaíochas costais i dtáirgeadh ceallraí an Aontais, lena gcuirtear le tionscnaimh amhail Rialachán (AE) 2024/1735, an Plean Gníomhaíochta Tionsclaíoch um an tionscal gluaisteán Eorpach a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 (8) agus an Plean um Ghníomhaíocht Straitéiseach maidir le Ceallraí a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2018 (9). Tugtar tuairisc sa Straitéis um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí ar staid infheistíochta fho-optamach na hearnála monaraíochta ceallraí, go háirithe le linn chéim bhorrtha na dtionscadal, rud a léiríonn an géarghá atá le tacú le táirgeadh ceallraí san Aontas mar fhreagairt ar na dúshláin phráinneacha idirnáisiúnta agus ar na deacrachtaí atá roimh an tionscal maidir le táirgeadh a uas-scálú. Áirítear freisin sa Straitéis um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí bearta beartais spriocdhírithe lena neartófar tionscal ceallraí an Aontais, lena n-áirítear Saoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí a bhunú chun tacú le hinfheistíochtaí. |
|
(5) |
Tá gá ar leith leis an tacaíocht sin le linn chéim bhorrtha na dtionscadal monaraíochta ceallraí, lena mbaineann aistriú go monaraíocht ardchruinnis ardtoirte agus cothromaíocht á haimsiú idir táirgeacht íseal, costais arda ábhair, agus diancheanglais cháilíochta. Tagann an chéim bhorrtha tar éis na saoráidí táirgeachta a thógáil agus a shuiteáil. Cuirtear gach córas, trealamh, agus próiseas i mbun tástála, bailíochtú, agus mionchoigeartú forleathan le linn na céime sin chun oibríochtaí éifeachtúla agus éifeachtacha a áirithiú. Bíonn ardrátaí fuíll ina saintréith di, rud a fhágann go mbíonn sé deacair brabúsacht a bhaint amach agus dianchaighdeáin cháilíochta a chomhlíonadh atá ina cheanglas ag an earnáil mótarfheithiclí. Dá bhrí sin, ba cheart don tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh na céime deacra casta sin sa phróiseas. Ba cheart an tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí a bheith ina tacaíocht ón gCiste don Nuálaíocht arna bhunú de bhun Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE i bhfoirm ionstraimí airgeadais faoi bhainistíocht dhíreach. |
|
(6) |
Agus aitheantas á thabhairt don ríthábhacht a bhaineann le tacaíocht airgeadais éifeachtach le linn chéim bhorrtha an táirgthe ceallraí, tá buntáistí ar leith ag baint le hiasachtaí seachas deontais sa chomhthéacs sin. Le hiasachtaí spreagtar bainistiú éifeachtúil caipitil agus bítear ag teacht le sprioc an fháis inbhuanaithe chuntasaigh faoi tháirgeadh ceallraí. Spreagtar cuideachtaí chun inmharthanacht tráchtála a bhaint amach níos tapúla leo agus, dá bhrí sin, tá siad níos oiriúnaí do scálú agus do thráchtálú an táirgthe. Thairis sin, comhlántar agus mealltar tuilleadh infheistíochta ón earnáil phríobháideach leo, rud a chuireann creat láidir airgeadais ar fáil chun an tionscal san Aontas a chobhsú. Dá réir sin, ba cheart don tacaíocht ón tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí a bheith i bhfoirm iasachtaí mar an ionstraim is fearr a thacaíonn le cuideachtaí le linn na céime borrtha. |
|
(7) |
Chun tacú le céim bhorrtha an táirgthe ceallraí ó thaobh airgeadais de, is gá na hiasachtaí ón tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí a chur in oiriúint do cheanglais shonracha na céime borrtha. Ba cheart go n-áireofar leis sin eilimintí lamháltais amhail iasachtaí a dheonú saor ón ús. |
|
(8) |
De bhun Airteagal 15(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856, is gá uasmhéid na tacaíochta ón gCiste don Nuálaíocht atá ar fáil don tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí a leagan síos, agus rialacha maidir le tionscadail a roghnú agus maidir leis an tacaíocht a íocadh amach. |
|
(9) |
Maidir le monaróirí ceall ceallra a bhfuil taithí dhíreach nó indíreach acu cheana féin ar thionscadail lántráchtála a fhorbairt, is féidir a mheas go bhfuil fios a ngnó faighte acu cheana féin maidir leis an gcéim bhorrtha a thabhairt chun críche agus dá bhrí sin, ba cheart a mheas nach bhfuil siad incháilithe don tacaíocht faoin tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí. |
|
(10) |
Sa chomhaontú iasachta a eascraíonn as tacaíocht a dhámhachtain faoin tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí, ba cheart sceideal aisíocaíochta a leagan amach a bheidh iomchuí le haghaidh tionscadail aibí agus struchtúir airgeadais na dtionscadal atá ann cheana féin á gcur san áireamh freisin. Chun bheith in ann oiriúnú do réaltacht tráchtála tháirgeadh na gceallraí agus leanúnachas na tacaíochta á áirithiú, ba cheart tionscadail a bheith in ann sceideal aisíocaíochta a chur siar faoi réir ráta úis, ar ráta é ba cheart a shonrú sa chomhaontú iasachta. Ba cheart leigheasanna conarthacha iomchuí a bheith ina bpionós ar ghníomhaíochtaí monaraíochta ceallraí a athlonnú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) tar éis an tacaíocht a fháil ón tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí, chun tionchar marthanach ar iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa a áirithiú. |
|
(11) |
Chun cur chun feidhme na Saoráide maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí a áirithiú, is gá cinneadh maoiniúcháin bliantúil a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (‘an Rialachán Airgeadais’). |
|
(12) |
Éascófar forbairt monaraíochta ceall ceallra san Eoraip leis an tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí. Oibríonn monaraíocht ceall ceallra san Eoraip faoi dhálaí dúshlánacha margaidh, faoi mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí, agus dá bhrí sin d’aithin an Coimisiún Eorpach go bhfuil gá aige le réiteach cistiúcháin sealadach. Díríonn an tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí ar thionscadail a bhfuil acmhainneacht ard le haghaidh ratha ag baint leo in áit ar bith i LEE, rud a fhágann gur dóchúla go n-éascófar forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche leis an tacaíocht. Leis an tacaíocht a dheonófar faoin tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí, éascófar do mhonaróirí ceall ceallra borradh a chur faoin táirgeadh trí rannchuidiú le riachtanais mhaoiniúcháin na céime sin. Leis na critéir incháilitheachta agus dhámhachtana atá leagtha síos agus le téarmaí eile na Saoráide maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí, cruthaítear bonn don Choimisiún chun a áirithiú go bhfuil an tacaíocht, i bhfoirm iasachtaí inaisíoctha saor ón ús, go bhfuil sí sin riachtanach, iomchuí, comhréireach agus trédhearcach. Agus gach ceann de na gnéithe thuasluaite á gcur san áireamh, measann an Coimisiún go bhfuil an tacaíocht atá le deonú faoin tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí comhsheasmhach leis na rialacha maidir leis an státchabhair, de réir bhrí Airteagal 212(2), pointe (c), den Rialachán Airgeadais. |
|
(13) |
De bhun Airteagal 10f de Threoir 2003/87/CE, ba cheart don tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí tacú le tionscadail lena gcomhlíontar an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú leis an bpróiseas roghnúcháin go gcomhlíonfaidh tionscadail na híoscheanglais chomhshaoil agus nach ndéanann siad dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) |
|
(14) |
Úsáidfear aisíocaíochtaí agus athshreabha a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais arna soláthar ón tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí chun tacú leis an nuálaíocht i dteicnící, próisis agus teicneolaíochtaí ísealcharbóin agus saor ó charbón i gcomhréir le hAirteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE. |
|
(15) |
Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an gcinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856. |
|
(16) |
Mar gheall ar an ngéarghá atá ann an tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí a imscaradh agus eagrú an ghlao ar thograí a chumasú, tá sé beartaithe go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
1. Leis an gCinneadh seo, bunaítear an tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí (‘an tSaoráid’) agus leagtar amach an méid tacaíochta atá ar fáil ón gCiste don Nuálaíocht le híoc amach faoin tSaoráid, chomh maith leis na rialacha is infheidhme maidir lena chur chun feidhme, roghnúchán na dtionscadal agus íocaíocht amach na tacaíochta sin, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856.
2. Leis an gCinneadh seo, déantar freisin cinneadh maoiniúcháin le haghaidh na bliana 2026 i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (‘an Rialachán Airgeadais’).
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘ceallra’ ceallra mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11); |
|
(b) |
ciallaíonn ‘cill ceallra’ cill ceallra mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (4), de Rialachán (AE) 2023/1542; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘ceallra feithicle leictrí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (14), de Rialachán (AE) 2023/1542; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘an chéim bhorrtha’ idirthréimhse láithreáin táirgeachta le haghaidh ceall ceallraí feithicle leictrí, nó codanna díobh, a thosaíonn le tosach phas táirgthe an C-sampla réamhshraithe agus a chríochnaíonn nuair a bhaintear amach oibríocht tráchtála iomlán. Beidh oibríocht tráchtála iomlán ann ag an bpointe a mbainfidh an tsaoráid mhonaraíochta ceallraí aschur táirgthe marthanach amach atá cothrom le 95 % den acmhainneacht táirgeachta ainmniúil ar a laghad; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘céim an C-sampla’ an tráth a dhéantar dearadh na cille ceallra a thabhairt chun críche ar bhealach substaintiúil agus a bhailíochtú trí bhíthin fréamhshamhlacha arna monarú trí phróisis agus trealamh amhail ar leibhéal tionsclaíoch a úsáid, rud a fhágann go bhfuil siad ullamh chun críoch chéim cháilitheacht an tomhaltóra. |
Airteagal 3
Cuspóir
Is é is aidhm don tSaoráid tacú le tionscadail a bhaineann le cealla ceallraí feithicle leictrí a mhonarú i láithreáin táirgeachta atá ina gcéim bhorrtha.
Airteagal 4
Ranníocaíocht ón Aontas
Socraítear uasmhéid thacaíocht an Chiste don Nuálaíocht le haghaidh cur chun feidhme na Saoráide in 2026 ar EUR 1 500 000 000, agus maoineofar é ón ioncam a chruthófar ó na lámhaltais atá beartaithe le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht a cheantáil, faoi mar a cuireadh ar an líne bhuiséid: 16.03.01 Ciste don Nuálaíocht (CN) — Caiteachas oibríochtúil ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh mar ioncam sannta seachtrach.
Airteagal 5
Modhanna cur chun feidhme agus cineálacha tacaíochta
1. Is ionstraim airgeadais i gcomhréir le Teideal X den Rialachán Airgeadais a bheidh sa tSaoráid agus cuirfear chun feidhme í faoi bhainistíocht dhíreach de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais.
2. Is i bhfoirm iasachtaí gan ús a bheidh an tacaíocht faoin tSaoráid le haghaidh tionscadail a bhaineann le saoráidí monaraíochta ceall ceallraí a oireann d’úsáidí feithiclí leictreacha agus atá sa chéim bhorrtha den oibríocht.
3. Féadfar í a chur freisin le tacaíocht ó chláir eile ón Aontas nó le tacaíocht náisiúnta poiblí, ar choinníoll nach bhfágfaidh sé sin gur mó an tacaíocht iomlán ná méid iomlán na gcostas incháilithe arna sainmhíniú i mír 5 agus go gcomhlíontar rialacha maidir leis an státchabhair i gcás inarb infheidhme.
4. Ní shárófar le méid na tacaíochta a bhronnfar faoin tSaoráid an méid is ísle as na méideanna seo a leanas: (i) 60 % de na costais incháilithe, arna sainmhíniú i mír 5, nó (ii) méid ainmniúil atá ar EUR 500 milliún in aghaidh an tairbhí deiridh.
5. Beidh na costais incháilithe teoranta do chostais arna dtabhú:
|
(a) |
i ndáil go heisiach leis an gcéim bhorrtha; |
|
(b) |
tar éis dáta oscailte an ghlao ar thograí agus go ceann 48 mí tar éis an comhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a shíniú. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith sna costais incháilithe; costais foirne, costais chun ábhair a fháil agus a phróiseáil, fuinneamh agus soláthairtí, saothair agus seirbhísí faoi chonradh, agus caiteachais chaipitiúla mar chuid den tionscadal. |
6. Ní bheidh an méid seo a leanas sna costais incháilithe;
|
(a) |
méideanna lena ndéantar cúiteamh ar iasachtaí eile, lena n-áirítear ó bhainc iasachta nó idirghabhálaithe airgeadais eile; |
|
(b) |
íocaíochtaí díbhinne; |
|
(c) |
íocaíochtaí luacha saothair inathraithe nó cineálacha cúitimh inchomparáide eile. |
Airteagal 6
Incháilitheacht
1. Beidh tairbhithe deiridh atá incháilithe do thacaíocht faoin tSaoráid bunaithe i LEE.
2. Beidh tionscadal incháilithe do thacaíocht ón tSaoráid (‘tionscadal incháilithe’) má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
Baineann an tionscadal le láithreán táirgthe monaraithe ceall ceallra atá i mbun a chéime borrtha ar dháta oscailte an ghlao ar thograí; |
|
(b) |
Ní mór an teicneolaíocht chille ceallra a bheith oiriúnach dá húsáid i bhfeithiclí leictreacha, d’ainneoin gur féidir ceannaitheoirí a bheith ag an tionscadal a úsáidfidh na cealla ceallra chun críoch eile; |
|
(c) |
Is féidir gníomhaíochtaí a bhaineann le monaraíocht na módúl ceallraí a bheith sna tionscadail (12), fad agus go mbaineann príomhghníomhaíocht an tionscadail le monarú na cille ceallra. Ní mheasfar tionscadail a bheith incháilithe nach ndéantar ach comhpháirteanna nó cairn na gceall ceallraí a chóimeáil, gan trasfhoirmiú substainteach ar na príomh-chomhpháirteanna sin; |
|
(d) |
Tá suíomh fisiceach an tionscadail i LEE; |
|
(e) |
Is é an acmhainneacht táirgeachta bheartaithe ainmniúil bhliantúil 10 GWh ar a laghad ag an láithreán táirgeachta, faoi dhálaí oibríochtúla nuair a ghlactar leis gurb í éifeachtacht an trealaimh 100 %; |
|
(f) |
Tráth an iarratais, is é an tionscadal an chéad tionscadal táirgeachta ceall ceallraí feithicle leictrí ar scála tráchtálach, ar leibhéal domhanda, de chuid an tairbhí deiridh; |
|
(g) |
Ní bheidh tionchar cinntitheach ag mór-scairshealbhóir an tairbhí deiridh ar tháirgeadh tráchtálach iomlán ceall ceallraí feithicle leictrí atá i seirbhís cheana féin ar leibhéil domhanda, amhail an cumas cinntí straitéiseacha agus oibríochtúla a stiúradh de bharr sealúchais tromlaigh ar scairchaipiteal nó ar chearta vótála go háirithe; |
|
(h) |
Comhlíonfar an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ leis an tionscadal, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 10f de Threoir 2003/87/CE. |
Airteagal 7
Glao ar thograí
1. Eagróidh an Coimisiún roghnúchán oscailte trédhearcach ar na tairbhithe deiridh trí bhíthin glao ar thograí.
2. Beidh an fhaisnéis is gá chun an méid seo a leanas a léiriú ar a laghad sna tograí:
|
(a) |
iarrann tairbhithe deiridh incháilithe tacaíocht le haghaidh tionscadal incháilithe; |
|
(b) |
tá éifeacht dreasachta le haghaidh an tionscadail ag an gcistiú a iarrtar; |
|
(c) |
tá an tairbhí deiridh inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de; |
|
(d) |
is mó iomlán an mhaoinithe slógtha ó fhoinsí príobháideacha le haghaidh an láithreáin táirgthe monaraíochta ná an ranníocaíocht ón Aontas; |
|
(e) |
tá an acmhainn oibríochtúil is gá chun an tionscadal a chur i gcrích ag an tairbhí deiridh a chuireann an togra isteach. |
3. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sna tograí freisin:
|
(a) |
cur síos ar an tionscadal, lena n-áireofar gnéithe den dearadh agus den phlean cur chun feidhme; |
|
(b) |
meastachán ar na costais incháilithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5, agus méid na hiasachta a iarrfar; |
|
(c) |
plean airgeadais agus gnó, lena n-áireofar na riachtanais mhaoiniúcháin lena dtabharfar údar leis an tSaoráid; |
|
(d) |
garspriocanna a mholfar le haghaidh na híocaíochta amach, lena n-áireofar na méideanna a íocfar amach ach garsprioc a bhaint amach. |
4. Féadfaidh an Coimisiún sonraíochtaí breise a chur san áireamh leis an nGlao ar Thograí lena gcomhlántar an Cinneadh seo, i gcás inar gá.
Airteagal 8
Critéir dhámhachtana
1. Déanfaidh an Coimisiún na tograí a rangú ar bhonn na gcritéar dámhachtana seo a leanas:
|
(a) |
aibíocht airgeadais an tionscadail agus inmharthanacht an tairbhithe deiridh ó thaobh na heacnamaíochta de, lena léireofar an cumas cloí leis an sceideal aisíocaíochta a leagtar amach sa chomhaontú iasachta ar bhonn an plean gnó a chur i gcrích go rathúil. Is gá do na tionscadail éifeacht dreasachta na tacaíochta a iarrfar a léiriú agus gur mó ná an ranníocaíocht ón Aontas iomlán an mhaoinithe slógtha ó fhoinsí príobháideacha le haghaidh an láithreáin táirgthe monaraíochta; |
|
(b) |
aibíocht theicniúil an tionscadail, lena léireofar an cumas acmhainn oibríochtúil iomlán a bhaint amach laistigh den tráthchlár a ceanglaíodh bunaithe ar dhearadh agus plean cur chun feidhme iontaofa; |
|
(c) |
rannchuidiú agus breisluach do gheilleagar na hEorpa, lena n-áirítear athléimneacht an tslabhra soláthair sa lá atá inniu ann agus amach anseo, go háirithe i ndáil le comhpháirteanna agus trealamh monaraíochta, chomh maith le hamhábhair chriticiúla a ídiú, cearta maoine intleachtúla, idirphlé le páirtithe leasmhara agus ionaid taighde Eorpacha, lucht saothair oilte, agus soláthar d’earnálacha iartheachtacha Eorpacha. |
2. Féadfaidh an Coimisiún an tacaíocht ón tSaoráid a bhronnadh laistigh de shrianta an bhuiséid atá ar fáil i gcomhréir leis an rangú seo.
Airteagal 9
Comhaontú iasachta
1. Féadfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta a shocrú le tairbhí deiridh na tacaíochta arna roghnú faoin tSaoráid (‘an comhaontú’) tar éis meastóireacht a dhéanamh ar na tograí, i gcomhréir le hAirteagal 8. Leis an gcomhaontú, leagfar síos cearta agus oibleagáidí an tairbhí deiridh agus an Choimisiúin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa ghlao ar thograí.
2. Leagfar síos leis an gcomhaontú an méid seo a leanas, ar a laghad:
|
(a) |
garspriocanna a bhaineann le cur chun feidhme agus dul chun cinn an tionscadail, uasaibíocht na hiasachta, sceideal aisíocaíochtaí, coinníollacha rangú na hiasachta (socraíochtaí tánaistithe nó sinsearachta, mar shampla), agus leigheasanna conarthacha is infheidhme i gcás an neamhchomhlíonta; |
|
(b) |
sainsocraíochtaí maidir le cistí dá bhforáiltear faoin tSaoráid a bhainistiú, a thuairisciú agus a iniúchadh, lena n-áirítear ceanglais maidir le tuairisciú tráthrialta don Choimisiún ag an tairbhí deiridh ar dhul chun cinn an tionscadail, chomh maith le ceanglais chun foinse na gcistí a aithint; |
|
(c) |
ceanglais maidir le neamhrialtachtaí, an chalaois, an t-éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a cheartú. |
3. Áiritheofar leis an gcomhaontú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.
4. Thairis sin, leagfar amach i bhforálacha an chomhaontaithe dá dtagraítear i Mír 2 an méid seo a leanas, ar a laghad:
|
(a) |
beidh réamhchoinníoll ar íocaíocht amach na n-iasachtaí i ngarspriocanna ag baint le dul chun cinn chur chun feidhme an phlean gnó; |
|
(b) |
10 mbliana tar éis an comhaontú a shíniú a bheidh in uasaibíocht na hiasachta. Féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur le huasaibíocht na hiasachta thar 10 mbliana trí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhaontú iasachta i gcomhthéacs athstructhúrú airgeadais an tionscadail; |
|
(c) |
cuirfear tús leis na haisíocaíochtaí tráth nach déanaí ná deireadh na céime borrtha nó 48 mí tar éis shíniú an chomhaontaithe iasachta, cibé acu is túisce a tharlóidh; |
|
(d) |
déanfar aisíocaíochtaí ina méideanna comhionanna, ar bhonn bliantúil, thar thréimhse 6 bliana. Mar sin féin, mar chuid den chomhaontú iasachta, féadfaidh tairbhí deiridh roghnú an sceideal aisíocaíochtaí aonaracha a chur siar laistigh den uasaibíocht fhoriomlán 10 mbliana. Beidh na hiarchuir sin faoi réir ráta úis margaidh, faoi mar a shaineofar sa chomhaontú iasachta; |
|
(e) |
féadfaidh an Coimisiún agus an tairbhí deiridh leibhéil sinsearachta na hiasachta a chomhaontú le linn ullmhúchán an chomhaontaithe chun oiriúnú don struchtúr airgeadais atá ann le haghaidh gach tionscadal; |
|
(f) |
beidh feidhm ag leigheasanna conartha iomchuí i gcás ina scoireann an tairbhí deiridh den tionscadal a tháirgeadh agus go dtosaíonn sé ar chealla ceallraí a tháirgeadh ar shuíomh lasmuigh de LEE laistigh de 12 mhí tar éis scor den táirgeadh. |
Airteagal 10
Tuairisciú agus faireachán
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide, agus béim á díriú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, agus ábharthacht na dtionscadal lena dtacófar.
2. Tuairisceoidh an Coimisiún do na Ballstáit, mar chuid den tuarascáil bhliantúil ar an gCiste don Nuálaíocht, ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Saoráide. Beidh miondealú mionsonraithe ar na cistí a íocfaidh an tSaoráid amach agus dul chun cinn a dhéanfar maidir le cuspóir na Saoráide.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.
(2) IO L 140, 28.5.2019, lch. 6., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/856/oj.
(3) IO L, 2024/2509, 26.9.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.
(4) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999, (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(5) Féach COM(2025) 85 final an 26 Feabhra 2025 maidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú.
(6) Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).
(7) Communication from the Commission of 16 December 2025 on a Battery booster strategy [Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2025 maidir le straitéis um Treisiú leis an Tionscal Ceallraí] (COM(2025) 8950 final).
(8) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún an 5 Márta 2025 maidir le Plean Gníomhaíochta Tionsclaíoch um an tionscal gluaisteán Eorpach (COM(2025) 95 final).
(9) Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions of 17 May 2018 on Europe on the Move: Sustainable Mobility for Europe: safe, connected, and clean [ Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 17 Bealtaine 2018 maidir leis an bPacáiste Soghluaiseachta: An Eoraip ag gluaiseacht. Soghluaisteacht inbhuanaithe don Eoraip: sábháilte, nasctha agus glan](COM(2018) 293 final).
(10) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).
(11) Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1542/oj).
(12) Mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/1542.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1283/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)