Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1199

Cinneadh (AE) 2026/1199 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2026 maidir le leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó a fhormheas

ST/15258/2025/INIT

IO L, 2026/1199, 15.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1199/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1199/oj

Related international agreement
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1199

15.6.2026

CINNEADH (AE) 2026/1199 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2026

maidir le leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó a fhormheas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(3) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010 (‘an Comhaontú’) a fhormheas an 25 Meitheamh 2010 ag an gcomhdháil chaibidlíochta a bunaíodh faoi choimirce Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt chun teacht in ionad Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2001. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 1 Deireadh Fómhair 2012 ar feadh tréimhse deich mbliana, go dtí an 30 Meán Fómhair 2022, agus cuireadh síneadh leis ina dhiaidh sin go dtí an 30 Meán Fómhair 2026.

(2)

Údaraíodh síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais Eorpaigh trí bhíthin Chinneadh 2011/634/AE ón gComhairle (2) agus Cinneadh 2012/189/AE ón gComhairle (3), faoi seach. Dá bhrí sin, tá an tAontas Eorpach ina pháirtí i gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010 agus ina Chomhalta den Eagraíocht Idirnáisiúnta Cócó.

(3)

Tá gá le páirt-athbhreithniú chun an Comhaontú a athchóiriú chun forbairtí i margadh cócó an domhain ó 2010 i leith a chur san áireamh. Tá athbhreithniú den sórt sin chun leas an Aontais freisin.

(4)

Trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/675 (4) ón gComhairle, údaraíodh don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, chun an Comhaontú a leasú i gcomhthéacs a pháirt-athbhreithnithe.

(5)

D’fhormheas an Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó téacs an Chomhaontaithe, arna leasú (‘an Comhaontú leasaithe’), ag an 106ú seisiún rialta a bhí aici ón 27 go dtí an 29 Meán Fómhair 2022.

(6)

Tagann cuspóirí an Chomhaontaithe leasaithe faoin gcomhbheartas tráchtála fós.

(7)

I bhfianaise aidhm agus ábhar an pháirt-athbhreithnithe ar an gComhaontú, ba cheart na leasuithe ar an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Cócó a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh (5).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Toiliú ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2011/634/AE ón gComhairle an 17 Bealtaine 2011 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010 agus maidir lena chur i bhfeidhm sealadach (IO L 259, 4.10.2011, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/634/oj).

(3)  Cinneadh 2012/189/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010 (IO L 102, 12.4.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/189(1)/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2021/675 ón gComhairle an 20 Aibreán 2021 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht chun Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010 a leasú (IO L 144, 27.4.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/675/oj).

(5)  Foilsítear téacs Chomhaontú Idirnáisiúnta Cócó 2010, arna leasú in 2022, in IO L, 2026/1198, 15.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2026/1198/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1199/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top