This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1182
Commission Implementing Decision (EU) 2026/1182 of 26 May 2026 concerning the extension of the action taken by the Hungarian National Center for Public Health and Pharmacy permitting the making available on the market and use of the biocidal product Biobor JF in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council (notified under document C(2026) 3295)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1182 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2026 maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Ionad Náisiúnta na hUngáire um Shláinte Phoiblí agus Cógaisíocht lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 3295)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1182 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2026 maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Ionad Náisiúnta na hUngáire um Shláinte Phoiblí agus Cógaisíocht lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 3295)
C/2026/3295
IO L, 2026/1182, 28.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1182/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1182 |
28.5.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1182 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Bealtaine 2026
maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Ionad Náisiúnta na hUngáire um Shláinte Phoiblí agus Cógaisíocht lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 3295)
(Is é an téacs Ungáirise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 55(1), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Deireadh Fómhair 2025, ghlac Ionad Náisiúnta na hUngáire um Shláinte Phoiblí agus Cógaisíocht (‘údarás inniúil na hUngáire’) cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, lena gceadófaí an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla, chun cóireáil fhrithmhiocróbach a dhéanamh ar umair bhreosla aerárthaí agus ar chórais bhreosla aerárthaí go dtí an 25 Aibreán 2026 (‘an ghníomhaíocht’). Chuir údarás inniúil na hUngáire an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht agus faoin údar a bhí léi, i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an dara fomhír, den Rialachán sin. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a sholáthair údarás inniúil na hUngáire, bhí gá leis an ngníomhaíocht chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Miocrorgánaigh, amhail baictéir, múscán agus giosta, a fhásann i mbodharuisce agus a chothaíonn iad féin ar hidreacarbóin sa bhreosla a fhaightear ag an gcomhéadan breosla le huisce, is iad is cúis le héilliú miocróbach umar breosla aerárthaí agus córas breosla aerárthaí. I gcás nach ndéantar cóireáil ar éilliú miocróbach umar breosla aerárthaí agus córas breosla aerárthaí, d’fhéadfadh mífheidhmeanna ó thaobh inneall an aerárthaigh de teacht chun cinn agus aeracmhainneacht an aerárthaigh a chur i mbaol, rud a chuirfeadh sábháilteacht paisinéirí agus criúnna i mbaol. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach éilliú miocróbach a bhrath, a chosc, agus a chóireáil chun fadhbanna oibríochtúla in aerárthaí a sheachaint. |
|
(3) |
Tá mais imoibriúcháin 2,2'-[(1-meitiolprópán-1,3-dé-il)bios(ocsa)]bios[4-meitil-1,3,2-dé-ocsabóranán] agus 2,2'-ocsaibios(4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsabóranán) in Biobor JF mar shubstaint ghníomhach. Is táirge bithicídeach de chineál táirge 6 é Biobor JF (leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Níl meastóireacht déanta ar mhais imoibriúcháin 2,2'-[(1-meitiolprópán-1,3-dé-il)bios(ocsa)]bios[4-meitil-1,3,2-dé-ocsabóranán] agus 2,2'-ocsaibios(4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsabóranán) i ndáil lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6. Ós rud é nach raibh an tsubstaint sin liostaithe i measc na dteaglamaí de shubstaintí/cineálacha táirgí a chuimsítear sa chlár athbhreithnithe an 17 Márta 2022, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), ní chuimsítear í sa chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Airteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 lena gceadaítear do na Ballstáit leanúint dá gcóras nó dá gcleachtas reatha a chur i bhfeidhm maidir le táirge bithicídeach ar leith a chur ar fáil ar an margadh nó a úsáid, níl feidhm aige dá bhrí sin maidir leis an tsubstaint ghníomhach sin, substaint nach mór a mheasúnú agus a fhormheas sular féidir táirgí bithicídeacha ina bhfuil an tsubstaint sin a údarú ar an leibhéal náisiúnta freisin. |
|
(4) |
An 12 Samhain 2025 fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil na hUngáire chun síneadh a cheadú don ghníomhaíocht i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh an iarraidh réasúnaithe ar bhonn na himní atá ann go bhféadfadh sábháilteacht an aeriompair a bheith fós i mbaol ó éilliú miocróbach umar breosla aerárthaí agus córas breosla aerárthaí, agus ar bhonn na hargóinte gur gá Biobor JF chun an t-éilliú miocróbach sin a rialú. |
|
(5) |
De réir na faisnéise a sholáthair údarás inniúil na hUngáire, an t-aon táirge bithicídeach malartach amháin a mholann monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall aerárthaí maidir le héilliú miocróbach a chóireáil, is é sin Kathon™ FP 1.5, tarraingíodh siar ón margadh é i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar aimhrialtachtaí tromchúiseacha in innill aerárthaí a tugadh faoi deara tar éis a gcóireála leis an táirge sin. Dá bhrí sin, is é Biobor JF an t-aon táirge amháin atá ar fáil a mholann monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall aerárthaí le haghaidh na húsáide sin. |
|
(6) |
Mar atá curtha in iúl ag údarás inniúil na hUngáire, ní féidir i gcónaí cóireáil mheicniúil a dhéanamh ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí agus, de réir na nósanna imeachta a mholann monaróirí inneall, tá gá le cóireáil le táirge bithicídeach fiú nuair atá glanadh meicniúil indéanta. Thairis sin, le cóireáil mheicniúil chuirfí na hoibrithe i dteagmháil le gáis thocsaineacha agus dá bhrí sin ba cheart í a sheachaint. |
|
(7) |
Tá bearta déanta ag monaróir Biobor JF chun údarú an táirge a lorg. Cuireadh iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí atá in Biobor JF faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán i mí an Mheithimh 2025. Formheas na substainte gníomhaí agus údarú an táirge bhithicídigh, is réiteach buan a bheadh sa mhéid sin, ach tá gá le méid suntasach ama le haghaidh chur i gcrích na nósanna imeachta údaraithe agus formheasa sin. |
|
(8) |
An easpa rialaithe ar éilliú miocróbach umar breosla aerárthaí agus córas breosla aerárthaí, d’fhéadfadh sé sin sábháilteacht an aeriompair a chur i mbaol, agus ní féidir an baol sin a rialú go leordhóthanach trí tháirge bithicídeach eile a úsáid ná ar aon mhodh eile. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt d’údarás inniúil na hUngáire síneadh a chur leis an ngníomhaíocht tar éis an 25 Aibreán 2026. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an ngníomhaíocht lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí gairmiúla agus lena gceadaítear d’úsáideoirí gairmiúla í a úsáid chun cóireáil fhrithmhiocróbach a dhéanamh ar umair bhreosla aerárthaí agus ar chórais bhreosla aerárthaí, féadfaidh Ionad Náisiúnta na hUngáire um Shláinte Phoiblí agus Cógaisíocht síneadh a chur leis an ngníomhaíocht sin go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2027.
Airteagal 2
Is chuig Ionad Náisiúnta na hUngáire um Shláinte Phoiblí agus Cógaisíocht a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/1062/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1182/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)