This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1087
Council Decision (EU) 2026/1087 of 11 May 2026 repealing Decision 2011/523/EU partially suspending the application of the Cooperation Agreement between the European Economic Community and the Syrian Arab Republic
Cinneadh (AE) 2026/1087 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2026 lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/523/AE lena gcuirtear cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhair idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht Arabach na Siria ar fionraí go páirteach
Cinneadh (AE) 2026/1087 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2026 lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/523/AE lena gcuirtear cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhair idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht Arabach na Siria ar fionraí go páirteach
ST/8546/2026/INIT
IO L, 2026/1087, 12.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1087/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 11/05/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1087 |
12.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1087 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Bealtaine 2026
lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/523/AE lena gcuirtear cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhair idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht Arabach na Siria ar fionraí go páirteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Eanáir 1977, tugadh Comhaontú Comhair idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht Arabach na Siria (1) (an Comhaontú Comhair) i gcrích chun comhar foriomlán a chur chun cinn d’fhonn an caidreamh idir na páirtithe a neartú. |
|
(2) |
Le Cinneadh 2011/523/AE ón gComhairle (2), cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhair ar fionraí go páirteach tar éis an fheachtais bhrúidiúil a rinne Bashar al-Assad agus a réimeas in aghaidh a muintire féin. |
|
(3) |
Bhí gá le hAirteagail 12, 14 agus 15 den Chomhaontú Comhair a chur ar fionraí, a mhéid a bhain le hallmhairí amhola agus táirgí peitriliam isteach san Aontas ón tSiria, chun toirmeasc a chur ar allmhairí den sórt sin agus chun Cinneadh 2011/522/CBES ón gComhairle (3) a chur chun feidhme. |
|
(4) |
Le Cinneadh 2012/123/CBES ón gComhairle (4), leathnaíodh cur ar fionraí páirteach chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhair chun allmhairí óir, miotal lómhar agus diamant isteach san Aontas ón tSiria a chumhdach. Bhí gá le Cinneadh 2012/123/CBES a ghlacadh chun na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/782/CBES ón gComhairle (5) a chur chun feidhme. |
|
(5) |
Ó mhí na Nollag 2024 i leith, tá athrú ó bhonn tagtha ar thírdhreach polaitiúil na Siria mar gheall ar thitim réimeas Bashar al-Assad, rud a fhágann go bhfuil na forais bhunaidh le cur ar fionraí páirteach an Chomhaontaithe Comhair imithe i léig. |
|
(6) |
Sna conclúidí uaithi an 23 Meitheamh 2025, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá aistriú síochánta cuimsitheach sa tSiria, saor ó chur isteach eachtrach díobhálach, agus a thábhachtaí atá sé cearta mhuintir na Siria ó gach cúlra eitneach agus reiligiúnach a chosaint gan idirdhealú. Chuir an Chomhairle i dtreis freisin go dtacaíonn sí leis na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag institiúidí idirnáisiúnta airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais na Siria agus d’iarr sí ar an mBanc Eorpach Infheistíochta dul i mbun gníomhaíochta arís sa tSiria. D’iarr sí ar an gcomhphobal idirnáisiúnta téarnamh eacnamaíoch na Siria a éascú agus obair a dhéanamh chun í a ath-imeascadh sa chóras idirnáisiúnta airgeadais. |
|
(7) |
Le Cinntí (CBES) 2025/406 (6) agus (CBES) 2025/1096 (7) ón gComhairle, leasaíodh Cinneadh 2013/255/CBES (8) chun deireadh a chur leis na bearta sriantacha eacnamaíocha uile a bhí á bhforchur ar an tSiria, cé is moite díobh siúd atá bunaithe ar fhorais slándála, chun tacú le téarnamh socheacnamaíoch na tíre. |
|
(8) |
I gcomhréir le Cinneadh 2013/255/CBES, agus leis an gcuspóir gnáthchaidreamh trádála leis an tSiria a athbhunú agus tacú le téarnamh socheacnamaíoch na tíre, ba cheart cur ar fionraí páirteach chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhair dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/523/AE a fhoirceannadh. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2011/523/AE a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Cinneadh 2011/523/AE.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 269, 27.9.1978, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1978/2216/oj.
(2) Cinneadh 2011/523/AE ón gComhairle an 2 Meán Fómhair 2011 lena gcuirtear cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhair idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht Arabach na Siria ar fionraí go páirteach (IO L 228, 3.9.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/523/oj).
(3) Cinneadh 2011/522/CBES ón gComhairle an 2 Meán Fómhair 2011 lena leasaítear Cinneadh 2011/273/CBES maidir le bearta sriantacha in aghaidh na Siria (IO L 228, 3.9.2011, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/522/oj).
(4) Cinneadh 2012/123/CBES ón gComhairle an 27 Feabhra 2012 lena leasaítear Cinneadh 2011/523/AE lena gcuirtear cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhair idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht Arabach na Siria ar fionraí go páirteach (IO L 54, 28.2.2012, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/123(1)/oj).
(5) Cinneadh 2011/782/CBES an 1 Nollaig 2011 maidir le bearta sriantacha in aghaidh na Siria agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/273/CBES (IO L 319, 2.12.2011, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/782/oj).
(6) Cinneadh (CBES) 2025/406 ón gComhairle an 24 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2025/406, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/406/oj).
(7) Cinneadh (CBES) 2025/1096 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2025/1096, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1096/oj).
(8) Cinneadh 2013/255/CBES an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/255/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1087/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)