This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1080
Council Decision (EU) 2026/1080 of 21 April 2026 on the conclusion, on behalf of the European Union, of the Council of Europe Framework Convention on Artificial Intelligence and Human Rights, Democracy and the Rule of Law
Cinneadh (AE) 2026/1080 ón gComhairle an 21 Aibreán 2026 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta
Cinneadh (AE) 2026/1080 ón gComhairle an 21 Aibreán 2026 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta
ST/11361/2025/INIT
IO L, 2026/1080, 13.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1080/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1080/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1080 |
13.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1080 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Aibreán 2026
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/2218 ón gComhairle (2), síníodh Creat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta (‘an Coinbhinsiún’) an 5 Meán Fómhair 2024 thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
|
(2) |
Leis an gCoinbhinsiún, leagtar síos na prionsabail ghinearálta agus na hoibleagáidí ba cheart do na Páirtithe sa Choinbhinsiún a urramú chun cosaint chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta a áirithiú i ndáil leis na gníomhaíochtaí a dhéantar le linn shaolré na gcóras intleachta saorga (IS). |
|
(3) |
An 13 Meitheamh 2024, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ar bhonn Airteagail 16 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), Rialachán ina bhfuil rialacha atá comhchuibhithe, bunaithe go ginearálta ar chomhchuibhiú iomlán, lena rialaítear córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas. Tá na rialacha sin infheidhme go díreach sna Ballstáit, mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite leis an Rialachán sin. Cuirfear an Coinbhinsiún chun feidhme san Aontas go heisiach trí Rialachán (AE) 2024/1689 agus trí acquis ábhartha eile de chuid an Aontais, i gcás inarb infheidhme. |
|
(4) |
Eisiatar gníomhaíochtaí a dhéantar le linn shaolré na gcóras intleachta saorga a bhaineann le leasanna slándála náisiúnta a chosaint ó raon feidhme an Choinbhinsiúin. Ina theannta sin, déantar córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh, a chuirtear i mbun seirbhíse, nó a úsáidtear le modhnú nó gan mhodhnú go heisiach chun críoch slándála náisiúnta, agus aschur córas intleachta saorga a úsáidtear san Aontas go heisiach chun na gcríoch sin, a eisiamh ó Rialachán (AE) 2024/1689, arb é príomhghníomh dlí an Aontais lena gcuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin. Thairis sin, fanfaidh an tslándáil náisiúnta ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin, dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Dá bhrí sin, ba cheart na teorainneacha a leagtar amach thuas a urramú leis an seasamh ón Aontas a cuireadh in iúl i gComhdháil na bPáirtithe, a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún staonadh ó phlé nó aon seasamh a ghlacadh maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar le linn shaolré na gcóras intleachta saorga a bhaineann le leasanna slándála náisiúnta a chosaint sna cruinnithe a bhíonn ag Comhdháil na bPáirtithe. |
|
(5) |
Ós rud é go bhfuil raon feidhme pearsanta agus ábhartha an Choinbhinsiúin, agus forálacha substainteacha an Choinbhinsiúin ag teacht den chuid is mó le Rialachán (AE) 2024/1689, a chomhlánaítear le acquis ábhartha eile de chuid an Aontais, d’fhéadfadh tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin difear a dhéanamh do rialacha coiteanna an Aontais nó a raon feidhme a athrú de réir bhrí Airteagal 3(2) de CFAE. Áirítear ar acquis ábhartha eile de chuid an Aontais gníomhartha dlí arb é is aidhm dóibh cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, mar shampla reachtaíocht an Aontais maidir le neamh-idirdhealú, lena n-áirítear Treoir 2000/43/CE ón gComhairle (4) agus Treoir 2000/78/CE ón gComhairle (5); acquis an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2016/679 (6) agus (AE) 2022/2065 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arb é is aidhm dóibh timpeallacht shábháilte intuartha iontaofa ar líne a áirithiú ina n-urramaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun faisnéis a fháil agus a thabhairt; Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8); agus reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí agus reachtaíocht maidir leis an dliteanas i leith táirgí lochtacha, lena n-áirítear Treoir 85/374/CEE ón gComhairle (9). Dá bhrí sin, tá inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas chun an Coinbhinsiún a thabhairt i gcrích. Dá bharr sin, níor cheart ach an tAontas a bheith ina Pháirtí sa Choinbhinsiún. |
|
(6) |
Beidh ról tábhachtach ag Comhdháil na bPáirtithe i gcur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin, lena n-áirítear trí mholtaí sonracha a dhéanamh maidir lena léirmhíniú agus lena chur i bhfeidhm. Féachfaidh Comhdháil na bPáirtithe freisin ar leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún. I gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE, ba cheart don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinntí a ghlacadh lena mbunófar na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gComhdháil na bPáirtithe nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, go háirithe Rialacha Nós Imeachta Chomhdháil na bPáirtithe. Agus na Rialacha Nós Imeachta sin á gcaibidliú, rialacha atá le glacadh de chomhthoil laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin, beidh an tAontas ag iarraidh a áirithiú go dtabharfar 27 vóta dó, ar léiriú é ar líon a Bhallstát. I gcás ina dtabharfar na 27 vóta don Aontas, ba cheart don Choimisiún, agus ionadaíocht á déanamh aige thar ceann an Aontais, a áirithiú go mbeidh comhordú níos fearr ann leis na Ballstáit chun seasaimh aonfhoirmeacha a chur in iúl laistigh de Chomhdháil na bPáirtithe agus a cheart vótála a fheidhmiú thar ceann an Aontais. Tá comhordú níos fearr den sórt sin an-ábhartha ós rud é comhaltaí de Chomhairle na hEorpa iad na Ballstáit uile freisin agus ag féachaint don intleacht shaorga a bhíonn ag athrú go tapa, chomh maith lena riachtanaí atá creat comhleanúnach is infheidhme ar fud an domhain i réimse na hintleachta saorga. Chun a áirithiú go gcuirfear feabhas ar an gcomhordú, ba cheart don Chomhairle a bheith rannpháirteach agus aon seasamh á cheapadh, gan beann ar an gcineál seasaimh a bheidh i gceist, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar Airteagal 16(1) CAE agus Airteagal 218(9) CFAE. Mura n-éireoidh leis an Aontas 27 vóta a bhaint amach, in ainneoin a dhícheall, chun a áirithiú go mbeidh líon vótaí ag an Aontas a léiríonn a thábhacht i gComhairle na hEorpa agus a chuirfidh ar a chumas a leasanna a chosaint go hiomchuí, ba cheart don Choimisiún a mholadh go dtabharfaí de chumhacht do na Ballstáit, faoi Airteagal 2(1) CFAE agus le lánurraim d’inniúlacht eisiach an Aontais, aontú don Choinbhinsiún in éineacht leis an Aontas. |
|
(7) |
Iarrfaidh an Coimisiún ar gach Ballstát ionadaí amháin a chur i dteannta ionadaí an Choimisiúin mar chuid de thoscaireacht an Aontais chuig cruinnithe Chomhdháil na bPáirtithe. Tá prionsabal an chomhair dhílis le hurramú. |
|
(8) |
Maidir le haon chomhaontú eile a d’fhéadfaí a thabhairt i gcrích amach anseo faoi choimirce Chomhairle na hEorpa nó i bhfóraim idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear i réimse na hintleachta saorga, agus maidir le haon leasú ar an gCoinbhinsiún, ba cheart roinnt na n-inniúlachtaí seachtracha idir an tAontas agus na Ballstáit a mheas i bhfianaise ghnéithe sonracha gach ionstraime mar sin. Tá sé ríthábhachtach go bhféadfaidh an tAontas agus a Bhallstáit leanúint dá ról díreach gníomhach a imirt agus guth an Aontais á chur in iúl agus a leasanna á gcosaint, ar bhealach comhsheasmhach comhordaithe, i gcomhréir go hiomlán leis na Conarthaí. |
|
(9) |
Ba cheart an Coinbhinsiún agus na Dearbhuithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo a fhormheas thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar Creat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta (‘an Coinbhinsiún’) a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh (10).
Airteagal 2
Leis seo, déantar na Dearbhuithe atá le cur faoi bhráid Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, atá i gceangal leis an gCinneadh seo, a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Cuirfear an Coinbhinsiún chun feidhme san Aontas go heisiach trí Rialachán (AE) 2024/1689 agus acquis ábhartha eile de chuid an Aontais, i gcás inarb infheidhme.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Aibreán 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Toiliú ón 11 Márta 2026.
(2) Cinneadh (AE) 2024/2218 ón gComhairle an 28 Lúnasa 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga agus Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht reachta (IO L, 2024/2218, 4.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2218/oj).
(3) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga), IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).
(4) Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/43/oj).
(5) Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/78/oj).
(6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(7) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).
(8) Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).
(9) Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1985/374/oj)
(10) Foilsítear téacs an Choinbhinsiúin in IO L, 2026/1081, 13.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2026/1081/oj.
IARSCRÍBHINN
Dearbhuithe ón Aontas Eorpach
1. Dearbhú ón Aontas Eorpach maidir leis an Raon Feidhme a mhéid a bhaineann le gníomhaithe príobháideacha de bhun Airteagal 3, mír 1, fomhír b den Choinbhinsiún
Ag meabhrú dó an oibleagáid faoi Airteagal 3, mír 1, fomhír b den Choinbhinsiún chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus tionchair a eascraíonn as gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga a dhéanann gníomhaithe príobháideacha a mhéid nach gcumhdaítear i bhfomhír a den fhoráil sin ar bhealach atá i gcomhréir le cuspóir agus críoch an Choinbhinsiúin, dearbhaíonn an tAontas go gcuirfidh sé i bhfeidhm na prionsabail agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidlí II go VI den Choinbhinsiún i leith gníomhaíochtaí gníomhaithe príobháideacha a dhéanann córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur ar fáil agus a úsáid san Aontas Eorpach trí chur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga). Féadfaidh feidhm a bheith ag acquis ábhartha eile de chuid an Aontais freisin maidir leis na gníomhaíochtaí sin agus féadfaidh sin rannchuidiú le cur chun feidhme phrionsabail agus oibleagáidí an Choinbhinsiúin.
2. Dearbhú ón Aontas Eorpach maidir leis an Raon Feidhme Críochach de bhun Airteagal 32, mír 1 den Choinbhinsiún
De bhun Airteagal 32, mír 1 den Choinbhinsiún, dearbhaíonn an tAontas, a mhéid a bhaineann le hinniúlacht an Aontais, go bhfuil feidhm le bheith ag an gCreat-Choinbhinsiún maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta maidir leis na críocha ina gcuirtear Conarthaí an Aontais i bhfeidhm de bhun Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus faoi na coinníollacha a leagtar síos, inter alia, in Airteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1080/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)