Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1079

Cinneadh (CBES) 2026/1079 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

ST/7281/2026/INIT

IO L, 2026/1079, 12.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1079/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1079/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1079

12.5.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1079 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2026

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/797 (1).

(2)

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/797 go dtí an 18 Bealtaine 2028.

(3)

Ar bhonn athbhreithniú a rinneadh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/797, ba cheart síneadh a chur, go dtí an 18 Bealtaine 2027, le cur i bhfeidhm na mbeart a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 den Chinneadh sin a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin. Thairis sin, ba cheart na cúiseanna sna hiontrálacha le ceathrar agus le heintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir mbearta sriantach a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/797 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 18 Bealtaine 2028 agus déanfar athbhreithniú leanúnach air. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 a mhéid a bhaineann leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn go dtí an 18 Bealtaine 2027.’

;

(2)

déantar an Iarscríbhinn a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/797/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/797 mar a leanas:

(1)

faoin gceannteideal ‘A. Daoine Nádúrtha’, cuirtear na hiontrálacha comhfhreagracha seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 2, 13 agus 14:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1.

GAO Qiang

Dáta breithe: an 4 Deireadh Fómhair 1983

Áit bhreithe: Cúige Shandong, an tSín

Seoladh: Room 1102, Guanfu Mansion, 46 Xinkai Road, Hedong District, Tianjin, an tSín

Náisiúntacht: Síneach

Inscne: fireann

Tá Gao Qiang nasctha leis an scáthghrúpa “APT10” (“Ardbhagairt Sheasmhach 10”) (ar a dtugtar freisin “Red Apollo”, “CVNX”, “Stone Panda”, “MenuPass” agus “Potassium”), agus bhí baint aige le “Operation Cloud Hopper”, sraith cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu, a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit, agus sraith cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu i gcoinne tríú Stáit.

Dhírigh “Operation Cloud Hopper” ar chórais faisnéise chuideachtaí ilnáisiúnta i sé mhór-roinn, lena n-áirítear cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas, agus d’éirigh leis rochtain neamhúdaraithe a fháil ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca.

Tá Gao Qiang bainteach le bonneagar ceannais agus rialaithe APT10. Thairis sin, bhí Gao Qiang fostaithe ag Huaying Haitai, cuideachta atá á úsáid ag APT10 agus atá ainmnithe mar gheall ar thacaíocht a thabhairt do “Operation Cloud Hopper” agus é a éascú. Tá baint aige freisin le Zhang Shilong, a raibh nasc aige le APT10 agus a bhí fostaithe ag Huaying Haitai freisin.

30.7.2020

2.

ZHANG Shilong

Dáta breithe: an 10 Meán Fómhair 1981

Áit bhreithe: an tSín

Seoladh: Hedong, Yuyang Road No 121, Tianjin, an tSín

Náisiúntacht: Síneach

Inscne: fireann

Tá Zhang Shilong nasctha leis an scáthghrúpa “APT10” (“Ardbhagairt Sheasmhach 10”) (ar a dtugtar freisin “Red Apollo”, “CVNX”, “Stone Panda”, “MenuPass” agus “Potassium”), agus bhí baint aige le “Operation Cloud Hopper”, sraith cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu, a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit, agus sraith cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu i gcoinne tríú Stáit.

Dhírigh “Operation Cloud Hopper” ar chórais faisnéise chuideachtaí ilnáisiúnta i sé mhór-roinn, lena n-áirítear cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas, agus d’éirigh leis rochtain neamhúdaraithe a fháil ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca.

Tá fianaise ann go bhfuil baint ag Zhang Shilong le APT10, lena n-áirítear trí na bogearraí mailíseacha a d’fhorbair sé agus a thástáil sé i ndáil leis na cibirionsaithe a rinne APT10.

Thairis sin, bhí Zhang Shilong fostaithe ag Huaying Haitai, cuideachta atá á úsáid ag ABS10 agus atá ainmnithe mar gheall ar thacaíocht a thabhairt do “Operation Cloud Hopper” agus é a éascú.

Tá baint aige freisin le Gao Qiang, a raibh nasc aige le ABS10 agus a bhí fostaithe ag Huaying Haitai freisin.

30.7.2020

13.

Mikhail Mikhailovich TSAREV

Михаил Михайлович ЦАРЕВ

Dáta breithe: 20.4.1989

Áit bhreithe: Serpukhov, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Seoladh: Serpukhov

Inscne: fireann

Bhí Mikhail Mikhailovich Tsarev páirteach i gcibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

Maidir le Mikhail Mikhailovich Tsarev, a bhfuil aige freisin na leasainmneacha ar líne “Mango”, “Alexander Grachev”, “Super Misha”, “Ivanov Mixail”, “Misha Krutysha”, agus “Nikita Andreevich Tsarev”, is príomhimreoir in imscaradh cláir bogearraí mailíseacha “Conti” agus “Trickbot” é, agus tá sé páirteach sa ghrúpa bagartha “Wizard Spider” atá bunaithe sa Rúis. Leanann Wizard Spider dá chuid oibríochtaí a fhorbairt agus a threisiú.

Cruthaigh agus d’fhorbair Wizard Spider cláir bogearraí mailíseacha Conti agus Trickbot. Rinne Wizard Spider feachtais bogearraí éirice in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear seirbhísí riachtanacha amhail sláinte agus baincéireacht.

Rinne an grúpa ríomhairí a ionfhabhtú ar fud an domhain agus tá a gcuid bogearraí mailíseacha forbartha ina sraith bogearraí mailíseacha an-mhodúlach. Tá feachtais le Wizard Spider, a úsáideann bogearraí mailíseacha amhail Conti, “Ryuk” TrickBot nó Black Basta, freagrach as damáiste suntasach eacnamaíoch san Aontas Eorpach.

Dá bhrí sin, tá Mikhail Mikhailovich Tsarev páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

24.6.2024

14.

Maksim Sergeevich GALOCHKIN

Максим Сергеевич ГАЛОЧКИН

Dáta breithe: 19.5.1982

Áit bhreithe: Abakan, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Maksim Galochkin páirteach i gcibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar Bhallstáit an Aontais.

Tá na leasainmneacha seo ar líne ag Maksim Galochkin freisin, “Benalen”, “Bentley”, “Volhvb”, “volhvb”, “manuel”, “Max17” agus “Crypt”. Is príomhimreoir é Galochkin in imscaradh cláir bogearraí mailíseacha “Conti” agus “Trickbot”, agus tá sé páirteach sa ghrúpa bagartha “Wizard Spider” atá bunaithe sa Rúis. Tá sé i gceannas ar ghrúpa tástálaithe, a bhfuil freagrachtaí orthu maidir le tástálacha a fhorbairt, a mhaoirsiú agus a chur chun feidhme do bhogearra mailíseach TrickBot, arna chruthú agus arna imscaradh ag Wizard Spider. Leanann Wizard Spider dá chuid oibríochtaí a fhorbairt agus a threisiú.

Rinne Wizard Spider feachtais bogearraí éirice in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear seirbhísí riachtanacha amhail sláinte agus baincéireacht. Tá ríomhairí ionfhabhtaithe ag an ngrúpa ar fud an domhain agus tá a gcuid bogearraí mailíseacha forbartha ina shraith bogearraí mailíseacha atá thar a bheith modúlach. Feachtais de chuid Wizard Spider ina n-úsáidtear bogearraí mailíseacha amhail Conti, “Ryuk” TrickBot nó Black Basta is cúis le damáiste suntasach eacnamaíoch san Aontas Eorpach.

Dá bhrí sin, tá Maksim Galochkin páirteach i gcibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

24.6.2024’;

(2)

faoin gceannteideal ‘A. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1.

Tianjin Huaying Haitai Science and Technology Development Co Ltd (Huaying Haitai)

ar a dtugtar freisin: Haitai Technology Development Co. Ltd

Suíomh: Tianjin, an tSín

Thug Huaying Haitai tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha do “Operation Cloud Hopper”, agus rinne éascaíocht don oibríocht sin, arb é a bhí ann sraith cibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas, agus ar bhagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit, agus a rinne mórdhíobháil freisin do thríú Stáit.

Dhírigh “Operation Cloud Hopper” ar chórais faisnéise chuideachtaí ilnáisiúnta i sé mhór-roinn, lena n-áirítear cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas, agus d’éirigh leis rochtain neamhúdaraithe a fháil ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca.

Is é an gníomhaí “APT10” (“Ardbhagairt Sheasmhach 10”) (a.k.a. “Red Apollo”, “CVNX”, “Stone Panda”, “MenuPass” agus “Potassium”), mar a thugtar air go poiblí, a chuir “Operation Cloud Hopper” i gcrích.

Tá fianaise ann go bhfuil ceangal idir Huaying Haitai agus APT10. Thairis sin, d’fhostaigh Huaying Haitai Gao Qiang agus Zhang Shilong, beirt atá luaite le “Operation Cloud Hopper”. Tá ceangal freisin, dá bhrí sin, idir Huaying Haitai agus Gao Qiang agus Zhang Shilong.

30.7.2020’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1079/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top