This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1054
Council Decision (EU) 2026/1054 of 5 May 2026 appointing a member, proposed by the Italian Republic, of the Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2026/1054 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2026 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún
Cinneadh (AE) 2026/1054 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2026 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún
ST/8384/2026/INIT
IO L, 2026/1054, 11.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1054/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1054 |
11.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1054 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Bealtaine 2026
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na hIodáile,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Roberto CIAMBETTI a cheapadh. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na hIodáile Luca ZAIA, ar ionadaí é do chomhlacht réigiúnach a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Consigliere regionale del Consiglio regionale del Veneto (Comhairleoir Réigiúnach ar Chomhairle Réigiúnach Veneto), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Luca ZAIA, ar ionadaí é do chomhlacht réigiúnach a bhfuil aige sainordú toghchánach, Consigliere regionale del Consiglio regionale del Veneto (Comhairleoir Réigiúnach ar Chomhairle Réigiúnach Veneto), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. KERAVNOS
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1054/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)