Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D1025

Cinneadh (AE) 2026/1025 ón gComhairle an 20 Eanáir 2026 maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann san Fhionlainn

ST/5093/2026/INIT

IO L, 2026/1025, 6.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1025/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1025/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1025

6.5.2026

CINNEADH (AE) 2026/1025 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Eanáir 2026

maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann san Fhionlainn

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 126(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint do na barúlacha a thug an Fhionlainn,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 126(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.

(2)

Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta agus inbhuanaithe mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás cuimsitheach inbhuanaithe láidir a mbeidh cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca faoi, rud a thacóidh le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú.

(3)

Leis an nós imeachta um easnamh iomarcach faoi Airteagal 126 CFAE, mar a soiléiríodh le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach (1) agus soiléiriú a dhéanamh air, ar cuid den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis é, déantar foráil maidir le cinneadh i ndáil le heasnamh iomarcach a bheith ann. I bPrótacal Uimh. 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagtar amach forálacha breise a bhaineann le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach. Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 (2) ón gComhairle rialacha agus sainmhínithe mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin. Áirítear i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle, lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. Leis an athchóiriú, coinníodh rialacha an nós imeachta um easnamh iomarcach mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh gan athrú tríd is tríd, ach i gcás na mBallstát a bhfuil cóimheas fiachais rialtais os cionn 60 % de OTI acu, díreofar leis an nós imeachta um easnamh iomarcach mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir fiachais ar dhiallais ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais a mholtar (3), ar uasrátaí iad a shocraigh an Chomhairle faoi Airteagal 17 nó Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/1263 (4). De réir Airteagal 22(6) de Rialachán (AE) 2024/1263, déantar diallais a ríomh ar bhonn sonraí olltoraidh. Is é 2025 bliain tosaigh na n-uasrátaí fáis glanchaiteachais bliantúla agus carnacha a mhol an Chomhairle don Fhionlainn. Ní féidir an measúnú ar chomhlíonadh an chritéir fiachais a dhéanamh go dtí go mbeidh na sonraí olltoraidh le haghaidh 2025 ar fáil, rud a bheidh ann in earrach 2026.

Dá bhrí sin, baineann an Cinneadh seo ón gComhairle le barrachas an chóimheasa idir an t-easnamh rialtais ghinearálta agus OTI i ndáil leis an luach tagartha 3 % de OTI.

(4)

De réir Airteagal 126(5) CFAE, má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach ann i mBallstát nó go bhféadfadh easnamh iomarcach a bheith ann i mBallstát, ní mór dó tuairim a dhíriú chuig an mBallstát lena mbaineann agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas dá réir sin. Tar éis dó a thuarascáil arna glacadh de bhun Airteagal 126(3) CFAE a chur san áireamh agus ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais an 4 Nollaig 2025 arna glacadh de bhun Airteagal 126(4) CFAE, chinn an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach ann san Fhionlainn. Dá bhrí sin, an 12 Nollaig 2025 chuir an Coimisiún an tuairim sin faoi bhráid na Fionlainne agus chuir sé an Chomhairle ar an eolas dá réir sin (5).

(5)

Le hAirteagal 126(6) CFAE, foráiltear go bhfuil an Chomhairle le haon bharúil a bhreithniú, ar barúlacha iad is mian leis an mBallstát lena mbaineann a thabhairt, sula gcinnfidh sí, tar éis measúnú foriomlán a dhéanamh, an ann d’easnamh iomarcach. I gcás na Fionlainne, is iad na conclúidí a leagtar amach thíos a eascraíonn as an measúnú foriomlán.

(6)

De réir na sonraí a sholáthair Eurostat an 21 Deireadh Fómhair 2025 (6), bhain easnamh rialtais ghinearálta san Fhionlainn 4,4 % de OTI amach in 2024, agus ba é 82,5 % de OTI a bhí san fhiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2024. In 2025, tá sé beartaithe go sroichfidh easnamh rialtais ghinearálta na Fionlainne 4,3 % de OTI (7). Tá an t-easnamh rialtais iarbhír in 2024 agus an t-easnamh atá beartaithe le haghaidh 2025 os cionn luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, agus níl siad gar dó, agus ní mheastar gur easnaimh shealadacha iad na heasnaimh atá os cionn an luacha tagartha. Ar bhonn Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún (8), réamh-mheastar go bhfanfaidh an t-easnamh rialtais ghinearálta os cionn 3 % de OTI in 2025, 2026 agus 2027. Measadh sa tuarascáil ón gCoimisiún faoi Airteagal 126(3) CFAE gur eisceachtúil na heasnaimh atá de bhreis ar an luach tagartha in 2024 agus 2025, mar gheall ar thionchar forbairtí maicreacnamaíocha díobhálacha agus tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an airgeadas poiblí.

(7)

I gcomhréir le ceanglais Airteagal 126(3) CFAE, rinne an Coimisiún anailís freisin ar na tosca ábhartha uile ina thuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE. Mar a leagtar síos in Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht ar bhonn an chritéir easnaimh, má sháraíonn an cóimheas idir an fiachas rialtais ghinearálta agus OTI an luach tagartha, ní chuirfear tosca ábhartha san áireamh sna céimeanna a leanann an tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE agus as a dtiocfaidh an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann ach amháin más rud é – sula gcuirtear na tosca ábhartha sin san áireamh – go bhfanann an t-easnamh rialtais ghinearálta gar don luach tagartha agus go bhfuil a fharasbarr thar an luach tagartha sealadach. I gcás na Fionlainne, ní chomhlíontar an coinníoll dúbailte. Dá bhrí sin, ní chuirtear tosca ábhartha san áireamh.

(8)

Dá bhrí sin, níor comhlíonadh an critéar easnaimh mar a shainítear é sa Chonradh agus i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

(9)

An 8 Iúil 2025, ghníomhachtaigh an Chomhairle clásal éalaithe náisiúnta chun méadú ar chaiteachas cosanta a éascú san Fhionlainn (9), le linn na tréimhse 2025-2028. Leagtar síos le hAirteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1467/97, má ghníomhachtaítear clásal éalaithe náisiúnta, go bhféadfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle a chinneadh gan teacht ar chonclúid maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann. Mar sin féin, ar bhonn Réamhaisnéis an Fhómhair 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar gurb é 3,4 % de OTI a bheidh san easnamh in 2025 le haghaidh na Fionlainne gan an méadú ar chaiteachas cosanta ó bhí 2021 ann. Dá bhrí sin, ní féidir an t-easnamh atá de bhreis ar an luach tagartha san Fhionlainn in 2025 a mhíniú go hiomlán le méadú ar chaiteachas cosanta ó bhí an bhliain tagartha 2021 ann. Mar thoradh air sin, níl feidhm ag Airteagal 2(5).

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Fágann measúnú foriomlán go bhfuil easnamh iomarcach ann san Fhionlainn mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na Fionlainne a dhírítear an cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KERAVNOS


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1467/oj) arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 145, 10.6.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/479/oj) arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 220/2014 ón gCoimisiún an 7 Márta 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tagairtí don chóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 69, 8.3.2014, lch. 101, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/220/oj).

(3)  De réir Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2024/1263, ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar chaiteachas úis, ar bhearta lánroghnacha ioncaim, ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna mheaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, ar eilimintí timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.

(4)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

(5)  Is féidir teacht ar na doiciméid uile a bhaineann leis an nós imeachta um easnamh iomarcach le haghaidh na Fionlainne ag an suíomh seo a leanas: https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/stability-and-growth-pact/corrective-arm-excessive-deficit-procedure/excessive-deficit-procedures-overview/finland_ga.

(6)  Táscairí Euro Eurostat a foilsíodh an 21 Deireadh Fómhair 2025 (https://ec.europa.eu/eurostat/en/web/products-euro-indicators/w/2-21102025-AP), i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle.

(7)  Easnamh beartaithe mar a tuairiscíodh do Eurostat i gcomhthéacs fhógra fioscach an Fhómhair 2025. Féach: https://ec.europa.eu/eurostat/web/government-finance-statistics/excessive-deficit-procedure/edp-notification-tables.

(8)  Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa - Fómhar 2025, European Economy-Institiutional Paper, Uimh. 327, an 17 Samhain 2025.

(9)  Moladh ón gComhairle an 8 Iúil 2025 lena gceadaítear don Fhionlainn imeacht ón gconair ghlanchaiteachais mholta agus í a shárú (Gníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta), (IO C, C/2025/3966, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3966/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1025/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top