Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0925

Cinneadh (CBES) 2026/925 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 21 Aibreán 2026 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (EUAM Iraq/1/2026)

ST/8106/2026/INIT

IO L, 2026/925, 27.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/925/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/925/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/925

27.4.2026

CINNEADH (CBES) 2026/925 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 21 Aibreán 2026

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (EUAM Iraq/1/2026)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/1869 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 9(1) de Chinneadh (CBES) 2017/1869, údaraítear don Choiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a dhéanamh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(2)

An 8 Iúil 2025, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2025/1394 (2), lena gceaptar Ralf SCHRÖDER ina Cheann Misin EUAM Iraq ón 16 Lúnasa 2025 go dtí an 30 Aibreán 2026.

(3)

An 30 Márta 2026, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála síneadh a chur le sainordú Ralf SCHRÖDER mar Cheann Misin EUAM Iraq ón 1 Bealtaine 2026 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.

(4)

An 21 Aibreán 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2026/902 (3), lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1869 agus lena gcuirtear síneadh le sainordú EUAM Iraq ón 1 Bealtaine 2026 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear síneadh le sainordú Ralf SCHRÖDER mar Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) ón 1 Bealtaine 2026 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

An Cathaoirleach

L. MANDEL VENSILD


(1)   IO L 266, 17.10.2017, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1869/oj.

(2)  Cinneadh (CBES) 2025/1394 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 8 Iúil 2025 maidir le Ceann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh a cheapadh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (EUAM Iraq/2/2025) (IO L, 2025/1394, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1394/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2026/902 ón gComhairle an 21 Aibreán 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1869 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (IO L, 2026/902, 22.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/902/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/925/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top