Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0922

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/922 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2026 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2813)

C/2026/2813

IO L, 2026/922, 29.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/922/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/922/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/922

29.4.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/922 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Aibreán 2026

lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2813)

(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar tógálach veicteoir-iompartha é ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhíonn ar bhó-ainmhithe. D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach freisin ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas, agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar bó-ainmhithe go háirithe mar gheall ar a phríomh-mhodh tarchurtha trí veicteoirí.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 déantar foráil maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm sa chrios srianta sin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta ar a laghad crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil. Le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 déantar foráil maidir le criosanna srianta a bhunú san Iodáil, ar criosanna srianta iad lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus maidir le crios vacsaínithe a bhunú i gcomhréir le Cuid 1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún (5). Ina theannta sin, le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais sin, chomh maith leis na criosanna vacsaínithe, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus go gcuirfear i bhfeidhm na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna sin ar a laghad go dtí na dátaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin.

(4)

Ó rinneadh an leasú deireanach ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/190 ón gCoimisiún (6), thug an Iodáil fógra don Choimisiún faoi 3 ráig nua d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe i mbardais Muravera agus Villaputzu, i réigiún Sarrabus na Sairdíne, ráigeanna a tuairiscíodh idir an 15 agus an 17 Aibreán 2026. Mar fhreagairt ar na ráigeanna sin, bhunaigh an Iodáil criosanna cosanta agus faireachais i mbardais Muravera agus Villaputzu, i réigiún Sarrabus na Sairdíne, criosanna ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(5)

Maidir le méid na limistéar a shonraítear mar chriosanna cosanta agus faireachais in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, arna leasú leis an gCinneadh seo, agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na limistéir sin, bunaítear na nithe sin ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid na gcriosanna cosanta agus faireachais, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, cuimsítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar thosca eipidéimeolaíocha eile lena n-áirítear paraiméadair gheografacha agus an riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair i bhfianaise láithreacht veicteoirfheithidí. Cuireadh san áireamh freisin caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe agus fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo á chinneadh (7).

(6)

Le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 cuirtear toirmeasc ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na criosanna cosanta agus faireachais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin chuig cinn scríbe lasmuigh d’imlíne sheachtrach na gcriosanna sin san Iodáil nó lasmuigh den Bhallstát sin go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin. I bhfianaise an chreasa shrianta atá ann faoi láthair i réigiún na Sairdíne, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin fós sna criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, arna leasú leis an gCinneadh seo.

(7)

Tá gá fós leis na criosanna vacsaínithe a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, agus ba cheart leanúint den vacsaíniú i gcomhréir le plean oifigiúil vacsaínithe na hIodáile dar dáta an 1 Iúil 2025, a cuireadh isteach de bhun Airteagal 6(4), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 a leasú dá réir sin.

(9)

I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche san Iodáil, ba cheart feidhm a bheith ag na leasaithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 leis an gcinneadh seo a luaithe is féidir chun cosc a chur ar leathadh breise an ghalair laistigh den Iodáil, chuig na Ballstáit eile, nó chuig tríú tíortha, agus chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas nó bacainní gan údar ar thrádáil le tríú tíortha a sheachaint.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1318 (IO L, 2025/1582, 1.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1582/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 52, 20.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/361/oj).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/190 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2026 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil (IO L, 2026/190, 26.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/190/oj).

(7)   https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe

Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, ar cuid iad den chrios srianta dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Sardinia region

IT-LSD-2026-00001

IT-LSD-2026-00002

IT-LSD-2026-00003

Protection zone:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 39.33943, Long. 9.566 (2026/1), Lat. 39.347847, Long. 9.577812 (2026/2); Lat. 39.428312, Long. 9.613409 (2026/3)

29.5.2026

Surveillance zone:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 39.33943, Long. 9.566 (2026/1), Lat. 39.347847, Long. 9.577812 (2026/2); Lat. 39.428312, Long. 9.613409 (2026/3)

30.5.2026 - 15.6.2026

Surveillance zone:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 50 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 39.33943, Long. 9.566 (2026/1), Lat. 39.347847, Long. 9.577812 (2026/2), Lat. 39.428312, Long. 9.613409 (2026/3) excluding the areas included in the protection zone.

15.6.2026

IARSCRÍBHINN II

Cuid A:   Crios vacsaínithe II

Críoch iomlán:

réigiún na Sairdíne go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe, dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361.

Cuid B:   Crios vacsaínithe I

Críoch iomlán:

réigiún Valle D’Aosta go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe, dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/922/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top