This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0894
Council Decision (CFSP) 2026/894 of 21 April 2026 on a European Union Partnership Mission in Armenia (EUPM Armenia)
Cinneadh (CBES) 2026/894 ón gComhairle an 21 Aibreán 2026 maidir le Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUPM Armenia)
Cinneadh (CBES) 2026/894 ón gComhairle an 21 Aibreán 2026 maidir le Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUPM Armenia)
ST/7734/2026/INIT
IO L, 2026/894, 22.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/894/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/894 |
22.4.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/894 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Aibreán 2026
maidir le Misean Comhpháirtíochta de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUPM Armenia)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 14 Iúil 2025, bhuail Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh le Príomh-Aire Phoblacht na hAirméine chun an chomhpháirtíocht mhéadaitheach idir an tAontas agus an Airméin a athdhearbhú agus a chur chun cinn. |
|
(2) |
An 2 Nollaig 2025, d’fhormhuinigh an Chomhairle Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Airméin Clár Oibre Straitéiseach nua don Chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Airméin. Ag tógáil ar bhunchloch an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh Fheabhsaithe idir an tAontas agus an Airméin, is céim shuntasach chun cinn é an Clár Oibre Straitéiseach maidir leis an gcaidreamh a dhoimhniú i raon leathan réimsí, lena n-áirítear i réimse na slándála agus na cosanta. |
|
(3) |
I litir chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar dáta an 12 Nollaig 2025, d’iarr Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na hAirméine ar an Aontas misean sibhialtach a imscaradh san Airméin faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC). |
|
(4) |
An 5 Márta 2026, d’fhormhuinigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála Creat Polaitiúil maidir le Bainistiú Géarchéime i bPoblacht na hAirméine. |
|
(5) |
An 9 Aibreán 2026, d’fhormheas an Chomhairle Coincheap Bainistithe Géarchéime do mhisean sibhialtach CBSC a d’fhéadfaí a dhéanamh i bPoblacht na Moldóive. Ba cheart, dá bhrí sin, misean CBSC a bhunú. |
|
(6) |
Cuirfear an misean CBSC i bPoblacht na hAirméine i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Misean
Bunaíonn an tAontas, leis seo, Misean Comhpháirtíochta sibhialtach de chuid an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAirméine (EUPM Armenia) faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta.
Airteagal 2
Sainordú
1. Cuirfidh EUPM Armenia feabhas ar athléimneacht na hAirméine i réimse na mbagairtí hibrideacha trí chomhairle straitéiseach a thabhairt chomh maith le comhairle agus tacaíocht ar an leibhéal oibríochtúil do ghníomhaireachtaí ábhartha na hearnála slándála, i gcomhréir le cur chuige uile-rialtais agus i ndlúthchomhar le gníomhaithe eile a bhfuil an dearcadh céanna acu.
2. Chuige sin, déanfaidh EUPM Armenia an méid seo a leanas:
|
(a) |
cúnamh a thabhairt do na haireachtaí agus na gníomhaireachtaí ábhartha chun athléimneacht i leith bagairtí hibrideacha a fheabhsú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(b) |
na gníomhaíochtaí thuasluaite a chomhlánú trí chomhairle ar an leibhéal oibríochtúil a thabhairt d’aireachtaí agus do ghníomhaireachtaí ábhartha i réimsí sonracha a bhaineann le bagairtí hibrideacha, agus tacaíocht a fháil trí bhíthin aonad tionscadail a chuireann tacaíocht oibríochtúil spriocdhírithe ar fáil, i gcomhréir leis an gCur Chuige Comhtháite i ndáil le Coinbhleachtaí agus Géarchéimeanna Seachtracha agus, a mhéid is féidir, i ndlúthchomhar le gníomhaithe eile a bhfuil an dearcadh céanna acu. |
3. Déanfar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, cearta an duine agus prionsabal an chomhionannais inscne, cosaint na sibhialtach agus na cláir oibre faoi Rúin 1325 (2000) maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, 2250 (2015) maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil agus 1612 (2005) maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhtháthú go hiomlán agus a phríomhshruthú go réamhghníomhach i bpleanáil straitéiseach agus oibríochtúil, i ngníomhaíochtaí agus i dtuairisciú EUPM Armenia.
Airteagal 3
Slabhra ceannais agus struchtúr
1. Beidh slabhra ceannais aontaithe ag EUPM Armenia ós oibríocht bainistithe géarchéime é faoi rialú polaitiúil agus faoi stiúradh straitéiseach an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus údarás foriomlán an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’).
2. Is san Airméin a bheidh Ceanncheathrú EUPM Armenia.
3. Déanfar EUPM Armenia a struchtúrú i gcomhréir lena dhoiciméid phleanála.
Airteagal 4
Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha
1. Is é an Stiúrthóir Bainistíochta den Cheanncheathrú Oibríochtaí Sibhialtacha a bheidh ina Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha ar EUPM Armenia. Beidh an Ceanncheathrú Oibríochtaí Sibhialtacha ar fáil don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha chun EUPM ARMENIA a phleanáil agus a chur i gcrích.
2. Is é an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha, faoi rialú polaitiúil agus faoi stiúradh straitéiseach an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus údarás foriomlán an Ardionadaí, a bheidh i gceannas ar EUPM Armenia agus a rialóidh é ar an leibhéal straitéiseach.
3. Áiritheoidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha go gcuirfear na cinntí ón gComhairle agus ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála chun feidhme go cuí agus go héifeachtach maidir le hoibríochtaí a chur i gcrích, lena n-áirítear trí threoracha a eisiúint chuig an gCeann Misin agus trí chomhairle agus tacaíocht theicniúil a thabhairt don Cheann Misin.
4. Tuairisceoidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha don Chomhairle tríd an Ardionadaí.
5. Maidir leis an bhfoireann uile ar iasacht, fanfaidh sí faoi cheannas iomlán údaráis náisiúnta an Stáit tionscnaimh, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, na hinstitiúide de chuid an Aontais lena mbaineann nó na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), faoi seach. Aistreoidh na húdaráis sin Rialú Oibríochtúil a bhfoirne chuig an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha.
6. Beidh sé de fhreagracht fhoriomlán ar an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha a áirithiú go gcomhlíonfar dualgas cúraim an Aontais mar is ceart.
7. Rachaidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an Airméin i gcomhairle le chéile de réir mar is gá.
Airteagal 5
Ceann Misin
1. Glacfaidh an Ceann Misin freagracht as EUPM Armenia agus beidh sé nó sí i gceannas air agus rialóidh sé nó sí é, ar leibhéal láthair na n-oibríochtaí. Beidh an Ceann Misin freagrach go díreach don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus gníomhóidh an Ceann Misin i gcomhréir leis na treoracha a fhaightear uaidh nó uaithi.
2. Is é an Ceann Misin ionadaí EUPM Armenia ina réimse freagrachta.
3. Is ar an gCeann Misin a bheidh freagracht riaracháin agus lóistíochta EUPM Armenia, lena n-áirítear freagracht as na sócmhainní, na hacmhainní agus an fhaisnéis a cuireadh ar fáil d’EUPM Armenia. Féadfaidh an Ceann Misin cúraimí bainistíochta i gcúrsaí foirne agus airgeadais a tharmligean chuig baill foirne EUPM Armenia, faoina fhreagracht fhoriomlán féin nó faoina freagracht fhoriomlán féin.
4. Eiseoidh an Ceann Misin treoracha maidir le cur i gcrích éifeachtach EUPM Armenia ar an láthair, agus comhordú agus bainistiú laethúil an mhisin á nglacadh air nó uirthi féin, de réir threoracha an Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha.
5. Is é an Ceann Misin a bheidh freagrach as rialú araíonachta ar fhoireann EUPM Armenia. Maidir leis an bhfoireann ar iasacht, is iad údaráis náisiúnta an Stáit tionscnaimh i gcomhréir le rialacha náisiúnta, an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais nó SEGS, faoi seach, a fheidhmeoidh caingean araíonachta.
6. Gan dochar don slabhra ceannais, gheobhaidh an Ceann Misin treoir pholaitiúil áitiúil ó Cheann Thoscaireacht an Aontais chuig an Airméin.
Airteagal 6
Foireann
1. Is foireann ar iasacht ó na Ballstáit, ó institiúidí an Aontais nó ó SEGS a bheidh go príomha i bhfoireann EUPM Armenia. Íocfaidh gach Ballstát, gach institiúid de chuid an Aontais, agus SEGS na costais a bhaineann le haon duine den fhoireann a bheidh ar iasacht aige, lena n-áirítear speansais taistil chuig áit an imscartha agus uaithi, tuarastail, cumhdach leighis agus liúntais seachas na liúntais laethúla is infheidhme.
2. Is iad an Ballstát, an institiúid de chuid an Aontais, nó SEGS, faoi seach, a bheidh freagrach as aon éilimh a bhaineann leis an iasacht a fhreagairt a fhaightear ó na baill foirne a thug siad ar iasacht nó a bhaineann leo, agus as aon chaingean a thionscnamh i gcoinne na ndaoine sin.
3. Féadfaidh EUPM Armenia baill foirne idirnáisiúnta agus áitiúla a earcú ar bhonn conarthach mura féidir le pearsanra ar iasacht ó na Ballstáit na feidhmeanna is gá a chur ar fáil. Go heisceachtúil, i gcásanna cuí-réasúnaithe, nuair nach bhfuil aon iarratasóirí cáilithe ó na Ballstáit ar fáil, féadfar náisiúnaigh ó thríú Stáit rannpháirteacha a earcú ar bhonn conarthach, mar is iomchuí.
4. Leagfar síos coinníollacha fostaíochta agus cearta agus oibleagáidí na mball foirne idirnáisiúnta agus áitiúla sna conarthaí idir EUPM Armenia agus an ball foirne lena mbaineann.
Airteagal 7
Stádas EUPM Armenia agus a fhoirne
Beidh stádas EUPM Armenia agus a fhoirne, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá chun EUPM Armenia a chomhlánú agus a fheidhmiú go rianúil, ina n-ábhar do chomhaontú arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 37 CAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 8
Rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach
1. Déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála rialú polaitiúil ar EUPM Armenia agus tabharfaidh sé treoir straitéiseach dó faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí. Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh chun na críche sin i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 CAE. Áireofar san údarú sin na cumhachtaí chun Ceann Misin a cheapadh, ar thogra ón Ardionadaí, agus an Plean Oibríochtaí a leasú. Leanfaidh na cumhachtaí cinnteoireachta maidir le cuspóirí agus foirceannadh EUPM Armenia de bheith dílsithe don Chomhairle. Foilseofar na cinntí a dhéanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála maidir le ceapadh an Chinn Misin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Tuairisceoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála don Chomhairle go tráthrialta.
3. Gheobhaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála, ar bhonn rialta agus de réir mar is gá, tuarascálacha ón gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus ón gCeann Misin maidir le saincheisteanna laistigh dá réimsí freagrachta.
Airteagal 9
Rannpháirtíocht tríú Stáit
1. Gan dochar do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais agus dá chreat institiúideach aonair, féadfar a iarraidh ar thríú Stáit rannchuidiú le EUPM Armenia, ar choinníoll go seasfaidh siad costas na foirne a thabharfaidh siad ar iasacht, lena n-áirítear tuarastail, gach cumhdach árachais riosca, gach liúntas cothaithe laethúil agus gach speansas taistil chuig an Airméin agus uaithi, agus go rannchuideoidh siad le costais reatha EUPM Armenia, de réir mar is iomchuí.
2. Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ó thaobh bhainistiú laethúil EUPM Armenia ag tríú Stáit a rannchuidíonn le EUPM Armenia agus atá ag na Ballstáit.
3. Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a ghlacadh maidir leis na ranníocaíochtaí beartaithe a ghlacadh agus Coiste Ranníocóirí a bhunú.
4. Cumhdófar socruithe mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht tríú Stáit le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 37 CAE agus le socruithe teicniúla breise de réir mar is gá. I gcás ina dtabharfaidh an tAontas agus tríú Stát comhaontú i gcrích lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht an tríú Stát sin in oibríochtaí bainistithe géarchéime de chuid an Aontais, nó i gcás ina mbeidh comhaontú tugtha i gcrích acu cheana, beidh feidhm ag forálacha an chomhaontaithe sin i gcomhthéacs EUPM Armenia.
Airteagal 10
An tSlándáil
1. Stiúrfaidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha an phleanáil arna déanamh ag an gCeann Misin maidir le bearta slándála agus áiritheoidh sé go gcuirfidh EUPM Armenia na bearta sin chun feidhme go cuí agus go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 4.
2. Beidh an Ceann Misin freagrach as an dualgas cúraim in EUPM Armenia a chomhall agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme maidir le EUPM Armenia, i gcomhréir leis an mBeartas Slándála agus Dualgais Cúraim do Mhisin Shibhialtacha CBSC, agus lena ionstraimí tacaíochta.
3. Tabharfaidh Oifigeach Slándála Misin cúnamh don Cheann Misin, agus tuairisceoidh an t-oifigeach sin don Cheann Misin agus beidh dlúthchaidreamh feidhmiúil aige le SEGS.
4. Cuirfear oiliúint slándála éigeantach ar fhoireann an Mhisin sula rachaidh siad i mbun a gcuid dualgas, i gcomhréir leis an bPlean Oibríochtaí. Gheobhaidh siad oiliúint athnuachana rialta ar láthair na n-oibríochtaí freisin, rud a eagróidh an tOifigeach Slándála Misin.
5. Áiritheoidh an Ceann Misin go ndéanfar faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (1).
Airteagal 11
Cumas Faire
Déanfar an Cumas Faire a ghníomhachtú le haghaidh EUPM Armenia.
Airteagal 12
Socruithe dlíthiúla
Beidh sé d’acmhainn ag EUPM Armenia seirbhísí agus soláthairtí a fháil, conarthaí agus socruithe riaracháin a dhéanamh, foireann a fhostú, cuntais bhainc a shealbhú, sócmhainní a fháil agus a dhiúscairt agus a dhliteanais a urscaoileadh, agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla, de réir mar is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme.
Airteagal 13
Socruithe airgeadais
1. EUR 2 678 230,39 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le EUPM Armenia a chumhdach ar feadh 4 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais d’aon tréimhse ina dhiaidh sin.
2. Bainisteofar an caiteachas uile i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais. Beidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha in ann páirt a ghlacadh gan srian i ndámhachtain conarthaí soláthair arna déanamh ag EUPM Armenia. Thairis sin, ní bheidh feidhm ag aon riail tionscnaimh maidir leis na hearraí arna gceannach ag EUPM Armenia. Faoi réir fhormheas an Choimisiúin, féadfaidh EUPM Armenia socruithe teicniúla a thabhairt i gcrích leis na Ballstáit, leis an Stát óstach, le tríú Stáit rannpháirteacha agus le gníomhaithe idirnáisiúnta eile maidir le trealamh, seirbhísí agus áitribh a sholáthar d’EUPM Armenia.
3. Beidh EUPM Armenia freagrach as a bhuiséad a chur chun feidhme. Chun na críche sin, síneoidh EUPM Armenia comhaontú leis an gCoimisiún. Urramóidh na socruithe airgeadais an slabhra ceannais dá bhforáiltear in Airteagail 3, 4 agus 5 agus riachtanais oibríochtúla EUPM Armenia.
4. Tuairisceoidh EUPM Armenia go hiomlán don Choimisiún, agus déanfaidh an Coimisiún maoirseacht air, maidir leis na gníomhaíochtaí airgeadais arna ndéanamh faoi chuimsiú an chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 3.
5. Beidh an caiteachas a bhaineann le EUPM Armenia incháilithe amhail ón dáta a nglacfar an Cinneadh seo.
Airteagal 14
Aonad tionscadail
1. Beidh Aonad Tionscadail ag EUPM Armenia chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcomhairle straitéiseach a thabharfar i gcomhréir lena shainordú mar a leagtar amach in Airteagal 2 é. Maidir leis na tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit atá faoina gcúram i réimsí a bhaineann le EUPM Armenia, déanfaidh EUPM Armenia na tionscadail sin a éascú agus cuirfidh sé comhairle ar fáil i dtaca leo, de réir mar is iomchuí, chun tacú lena chuspóirí.
2. Faoi réir mhír 3, údarófar EUPM Armenia le dul i muinín ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit nó ó na tríú Stáit chun tionscadail a chur chun feidhme a shainaithnítear mar thionscadail lena gcomhlánófar gníomhaíochtaí eile EUPM Armenia ar bhealach comhsheasmhach, más rud é:
|
(a) |
go bhforáiltear do na tionscadail sa ráiteas airgeadais a bhaineann leis an gCinneadh seo; nó |
|
(b) |
go ndéantar an tionscadal a chomhtháthú le linn an tsainordaithe trí bhíthin leasú a dhéanamh ar an ráiteas airgeadais arna iarraidh ag an gCeann Misin. |
Tabharfaidh EUPM Armenia socrú i gcrích leis na Stáit is ranníocóirí, socrú lena gcumhdófar na nósanna imeachta sonracha chun déileáil le haon ghearán ó thríú páirtithe a bhaineann le damáiste arna dhéanamh mar thoradh ar ghníomhartha nó ar neamhghníomhartha de chuid EUPM Armenia maidir le húsáid na gcistí arna soláthar ag na Stáit sin. Ní dhéanfaidh na Stáit is ranníocóirí iad in imthosca ar bith an tAontas ná an tArdionadaí a chur faoi dhliteanas as gníomhartha nó as neamhghníomhartha arna ndéanamh ag EUPM Armenia agus na cistí arna soláthar ag na Stáit sin á n-úsáid acu.
3. Is faoi réir ghlacadh an Choiste Pholaitiúil agus Slándála a thabharfaidh tríú Stáit ranníocaíochtaí airgeadais don Aonad Tionscadail.
Airteagal 15
Comhsheasmhacht fhreagairt agus chomhordú an Aontais
1. Áiritheoidh an tArdionadaí comhsheasmhacht chur chun feidhme an Chinnidh seo le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais ina hiomláine, lena n-áirítear cláir chúnaimh an Aontais.
2. Gan dochar don slabhra ceannais, déanfaidh Ceann Thoscaireacht an Aontais chuig an Airméin treoir pholaitiúil áitiúil a chur ar fáil don Cheann Misin.
3. Áiritheoidh an Ceann Misin an dlúthchomhar le hionadaithe na mBallstát agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta i bPoblacht na hAirméine.
Airteagal 16
Scaoileadh faisnéise
1. Údarófar an tArdionadaí le faisnéis rúnaicmithe AE go dtí an leibhéal ‘CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL’, arna giniúint chun críocha EUPM Armenia, a scaoileadh leis na tríú Stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le riachtanais EUPM Armenia, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE.
2. I gcás ina mbeidh gá oibríochtúil sonrach agus láithreach ann, beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon fhaisnéis rúnaicmithe AE go dtí an leibhéal ‘RESTREINT UE/EU RESTRICTED’ arna giniúint chun críocha EUPM Armenia a scaoileadh chuig an Stát óstach, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE. Déanfar socruithe idir an tArdionadaí agus údaráis inniúla an Stáit óstaigh a tharraingt suas chun na críche sin.
3. Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon doiciméid neamh-rúnaicmithe AE atá bainteach le plé na Comhairle i ndáil le EUPM Armenia agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 6(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a scaoileadh le tríú stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo (2).
4. Féadfaidh an tArdionadaí na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3, agus an cumas na socruithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt i gcrích, a tharmligean chuig daoine a chuirtear faoi údarás an Ardionadaí, chuig an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus chuig an gCeann Misin, i gcomhréir le Roinn VII d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE.
Airteagal 17
Seoladh EUPM Armenia
1. Seolfar EUPM Armenia ag an tráth iomchuí le Cinneadh ón gComhairle tar éis dó a chumas oibriúcháin tosaigh a bhaint amach, bunaithe ar mholadh ó Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha EUPM Armenia.
2. Déanfaidh foireann lárnach EUPM Armenia na hullmhúcháin is gá chun go mbeidh EUPM Armenia in ann a chumas oibriúcháin tosaigh a bhaint amach.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm agus fad
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Beidh feidhm aige ar feadh tréimhse 2 bhliain ón dáta a sheolfar EUPM Armenia.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Aibreán 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/488/oj).
(2) Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/937/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/894/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)