This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0882
Council Decision (CFSP) 2026/882 of 21 April 2026 amending Decision (CFSP) 2022/667 on an assistance measure taking the form of a general programme for support to the African Union under the European Peace Facility for the period 2022-2024
Cinneadh (CBES) 2026/882 ón gComhairle an 21 Aibreán 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022-2024
Cinneadh (CBES) 2026/882 ón gComhairle an 21 Aibreán 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022-2024
ST/7702/2026/INIT
IO L, 2026/882, 22.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/882/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/882 |
22.4.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/882 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Aibreán 2026
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022-2024
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 21 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/667 (1) lenar bunaíodh beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024 (‘an beart cúnaimh’). Leis an mbeart cúnaimh, cumasaítear maoiniú gníomhaíochtaí atá mar thaca leis an Aontas Afracach arna bhformheas ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála faoin 31 Nollaig 2025. |
|
(2) |
An méid tagartha airgeadais a bhí beartaithe chun caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach, níor slógadh go hiomlán é faoin 31 Nollaig 2025. |
|
(3) |
I bhfianaise na riachtanas leanúnach, chuir an tAontas Afracach in iúl gur spéis leis leanúint de thairbhe a bhaint as an mbeart cúnaimh. |
|
(4) |
Chun an tacaíocht don Aontas Afracach a uasmhéadú, ba cheart go maoineofaí leis an mbeart cúnaimh gníomhaíochtaí a bheidh le formheas ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála faoin 30 Aibreán 2026. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/667 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2022/667, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach, atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an Beart Cúnaimh”). Leis an mBeart Cúnaimh, maoineofar gníomhaíochtaí arna bhformheas ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála faoin 30 Aibreán 2026.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Aibreán 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2022/667 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024 (IO L 121, 22.4.2022, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/667/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/882/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)