This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0873
Commission Implementing Decision (EU) 2026/873 of 21 April 2026 fixing the definitive allocation of Union aid to Member States for school fruit and vegetables and for school milk for the period from 1 August 2026 to 31 July 2027 and amending Implementing Decision (EU) 2025/680 (notified under document C(2026) 2543)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/873 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2026 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2026 go dtí an 31 Iúil 2027 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/680 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2543)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/873 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2026 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2026 go dtí an 31 Iúil 2027 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/680 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2543)
C/2026/2543
IO L, 2026/873, 23.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/873/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/873 |
23.4.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/873 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Aibreán 2026
lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2026 go dtí an 31 Iúil 2027 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/680
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 2543)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta i dtaca le cabhracha agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 5(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún (2), na Ballstáit ar mian leo a bheith páirteach i scéim cabhrach an Aontais chun torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna a sholáthar i bhforais oideachas (‘an scéim scoile’), tá siad lena n-iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an gcéad scoilbhliain eile a chur faoi bhráid an Choimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain agus, más infheidhme, an iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an scoilbhliain reatha a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(2) |
Chun cur chun feidhme éifeachtach na scéime scoile a áirithiú, ba cheart leithdháileadh na cabhrach ón Aontas i measc na mBallstát atá rannpháirteach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna a shocrú ar bhonn na méideanna a léirítear san iarraidh ar chabhair ón Aontas ó na Ballstáit sin agus na haistrithe idir leithdháiltí táscacha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 23a(4), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á gcur san áireamh (3). |
|
(3) |
Thug na Ballstáit uile fógra don Choimisiún maidir lena n-iarraidh ar chabhair ón Aontas le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2026 go dtí an 31 Iúil 2027, fógra lenar sonraíodh an méid cabhrach a iarradh le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna. I gcás na Beilge, Mhálta agus na hÍsiltíre, cuireadh na haistrithe idir na leithdháiltí táscacha san áireamh sna méideanna a iarradh. |
|
(4) |
Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht iomlán na gcistí atá ar fáil, ba cheart an chabhair a fhágtar gan iarraidh a ath-leithdháileadh ar na Ballstáit sin atá páirteach sa scéim scoile agus a léiríonn, ina n-iarraidh ar chabhair ón Aontas, a dtoilteanas méid is mó ná an leithdháileadh táscach atá acu a úsáid, i gcás ina bhfuil acmhainní breise ar fáil. |
|
(5) |
Chuir na Ballstáit seo a leanas a dtoilteanas in iúl méid is mó ná an leithdháileadh táscach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna a úsáid: an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Spáinn, an Chróit, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. Mar sin féin, níor lorg aon Bhallstát méid is lú ná an leithdháileadh táscach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna. Chuir na Ballstáit seo a leanas a dtoilteanas in iúl méid is mó ná an leithdháileadh táscach le haghaidh bainne do scoileanna a úsáid: an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Spáinn, an Chróit, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. Mar sin féin, níor lorg aon Bhallstát méid is lú ná an leithdháileadh táscach le haghaidh bainne do scoileanna. |
|
(6) |
Ar bhonn na faisnéise atá curtha in iúl ag na Ballstáit, ba cheart leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2026 go dtí an 31 Iúil 2027 a shocrú. |
|
(7) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/680 ón gCoimisiún (4), socraíodh leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna i measc na mBallstát ar mian leo a bheith páirteach sa scéim scoile le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2025 go dtí an 31 Iúil 2026. |
|
(8) |
Rinne roinnt Ballstát a n-iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an scoilbhliain 2025/2026 a thabhairt cothrom le dáta: Thug an Ghearmáin agus an Ungáir fógra faoi aistrithe idir an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna. Lorg an Spáinn méid is lú ná an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna. Chuir na Ballstáit seo a leanas a dtoilteanas in iúl méid is mó ná an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna a úsáid: an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Rómáin agus an tSlóvaic. Lorg an Spáinn agus an Ísiltír méid is lú ná an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna. Chuir na Ballstáit seo a leanas a dtoilteanas in iúl méid is mó ná an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna a úsáid: an tSeicia, an Eastóin, Éire, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, agus an tSlóvaic. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/680 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinn I leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna i measc na mBallstát atá rannpháirteach sa scéim scoile le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2026 go dtí an 31 Iúil 2027.
Airteagal 2
Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/680.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Christophe HANSEN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 346, 20.12.2013, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1370/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 maidir le rialacha i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/39/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/680 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2025 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2025 go dtí an 31 Iúil 2026 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/845 (IO L, 2025/680, 10.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/680/oj).
IARSCRÍBHINN I
SCOILBHLIAIN 2026/2027
|
Ballstát |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna in EUR |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna in EUR |
|
an Bheilg |
3 866 136 |
1 383 066 |
|
an Bhulgáir |
2 110 411 |
1 800 090 |
|
an tSeicia |
3 349 886 |
3 048 057 |
|
an Danmhairg |
1 671 583 |
1 632 431 |
|
an Ghearmáin |
20 373 277 |
8 910 720 |
|
an Eastóin |
396 340 |
754 955 |
|
Éire |
1 889 775 |
826 537 |
|
an Ghréig |
3 149 503 |
1 464 086 |
|
an Spáinn |
13 407 407 |
6 023 462 |
|
an Fhrainc |
22 720 501 |
9 979 209 |
|
an Chróit |
1 278 964 |
610 533 |
|
an Iodáil |
15 293 816 |
6 910 347 |
|
an Chipir |
290 000 |
252 652 |
|
an Laitvia |
649 309 |
868 581 |
|
an Liotuáin |
891 870 |
1 236 781 |
|
Lucsamburg |
290 000 |
193 000 |
|
an Ungáir |
2 894 429 |
2 970 122 |
|
Málta |
326 670 |
156 330 |
|
an Ísiltír |
5 521 523 |
1 632 699 |
|
an Ostair |
2 320 736 |
1 015 027 |
|
an Pholainn |
12 138 186 |
12 791 591 |
|
an Phortaingéil |
2 804 412 |
1 301 261 |
|
an Rómáin |
6 178 236 |
11 303 390 |
|
an tSlóivéin |
665 306 |
305 638 |
|
an tSlóvaic |
1 851 325 |
1 659 402 |
|
an Fhionlainn |
1 672 943 |
2 731 455 |
|
an tSualainn |
3 404 234 |
7 635 935 |
|
Iomlán |
131 406 778 |
89 397 357 |
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN I
SCOILBHLIAIN 2025/2026
|
Ballstát |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna in EUR |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna in EUR |
|
an Bheilg |
3 866 136 |
1 383 066 |
|
an Bhulgáir |
2 110 411 |
1 800 090 |
|
an tSeicia |
3 361 945 |
3 243 396 |
|
an Danmhairg |
1 671 583 |
1 632 431 |
|
an Ghearmáin |
20 614 467 |
8 752 890 |
|
an Eastóin |
397 898 |
780 197 |
|
Éire |
1 897 095 |
945 113 |
|
an Ghréig |
3 149 503 |
1 464 086 |
|
an Spáinn |
13 260 378 |
5 323 213 |
|
an Fhrainc |
22 720 501 |
9 979 209 |
|
an Chróit |
1 278 964 |
610 533 |
|
an Iodáil |
15 293 816 |
6 910 347 |
|
an Chipir |
290 000 |
252 652 |
|
an Laitvia |
651 559 |
905 035 |
|
an Liotuáin |
894 972 |
1 287 028 |
|
Lucsamburg |
290 740 |
204 992 |
|
an Ungáir |
3 488 453 |
2 376 098 |
|
Málta |
326 670 |
156 330 |
|
an Ísiltír |
5 521 523 |
1 282 699 |
|
an Ostair |
2 329 952 |
1 035 027 |
|
an Pholainn |
12 138 186 |
12 791 591 |
|
an Phortaingéil |
2 804 412 |
1 449 419 |
|
an Rómáin |
6 199 573 |
11 649 031 |
|
an tSlóivéin |
665 306 |
305 638 |
|
an tSlóvaic |
1 857 412 |
1 758 002 |
|
an Fhionlainn |
1 672 943 |
2 731 455 |
|
an tSualainn |
3 404 234 |
7 635 935 |
|
Iomlán |
132 158 632 |
88 645 503 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/873/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)