Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0812

Cinneadh (AE) 2026/812 ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Márta 2026 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1743 maidir le luach saothair sealúchas cúlchistí barrachais agus taiscí áirithe (BCE/2019/31) (BCE/2026/10)

ECB/2026/10

IO L, 2026/812, 10.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/812/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/812/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/812

10.4.2026

CINNEADH (AE) 2026/812 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 26 Márta 2026

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1743 maidir le luach saothair sealúchas cúlchistí barrachais agus taiscí áirithe (BCE/2019/31) (BCE/2026/10)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 3.1 agus Airteagail 17 agus 19 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe an luach saothair ar shealúchais cúlchistí uile na n-institiúidí nó ar chuid díobh ag bainc cheannais an Eurochórais a choigeartú. An 11 Nollaig 2025, chinn an Chomhairle Rialaithe luach saothair cúlchistí barrachais a shimpliú faoi Airteagal 1(1) de Chinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/31) (1). Ní bhaineann an cinneadh sin ón gComhairle Rialaithe a rinneadh le déanaí ach le cúlchistí barrachais arna sealbhú ina gcuntais chúlchiste ag an mbanc ceannais náisiúnta ábhartha (BCN) ag institiúidí ar contrapháirtithe incháilithe iad in oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais i gcomhréir le hAirteagal 55 de Threoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (2) (dá ngairtear ‘contrapháirtithe incháilithe’ anseo feasta) agus a chomhlíonann na coinníollacha rochtana ar shaoráid taisce an Eurochórais i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60). I gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle Rialaithe, ba cheart na cúlchistí barrachais sin a íoc ag an ráta saoráide taisce, ní hamháin nuair a bhíonn an ráta sin diúltach, ach freisin nuair a bhíonn sé nialas faoin gcéad nó deimhneach.

(2)

Tá sé beartaithe leis an mbeart seo éifeachtúlachtaí oibríochtúla agus riosca a fheabhsú don Eurochóras agus do na contrapháirtithe beartais airgeadaíochta incháilithe araon tríd an ualach oibre oibríochtúil agus an riosca a bhaineann le haistrithe laethúla cistí chuig saoráid taisce an Eurochórais a laghdú, tionchar theagmhais TARGET ag deireadh lá gnó TARGET a laghdú, agus aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm na n-íoscheanglas cúlchiste (3). Thairis sin, tacóidh an beart le feidhmiú rianúil na gcóras íocaíochta agus le socraíocht íocaíochtaí meandracha i gcomhthéacs an ghá mhéadaithe atá le cistí atá ar fáil le haghaidh socraíochta ar ardán Shocraíocht Íocaíochta Meandraí TARGET (TIPS) chun méideanna méadaitheacha íocaíochtaí meandracha a shocrú tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/886 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Trí luach saothair na gcúlchistí barrachais a ailíniú le ráta luacha saothair na saoráide taisce, meastar go laghdófar aistrithe móra laethúla ó chuntais reatha na gcontrapháirtithe incháilithe chuig saoráid taisce an Eurochórais, arb é is aidhm dóibh tairbhe a bhaint as luach saothair ar an ráta saoráide taisce.

(3)

Ní bhaineann an beart ach le cúlchistí barrachais na gcontrapháirtithe incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha rochtana ar an tsaoráid taisce, toisc gurb iad na contrapháirtithe sin amháin a fhéadfaidh cistí a aistriú chuig an tsaoráid taisce. Is iomchuí, dá bhrí sin, idirdhealú a dhéanamh idir luach saothair na gcúlchistí barrachais ar leis na contrapháirtithe sin iad agus luach saothair na n-institiúidí nach contrapháirtithe incháilithe iad nó nach gcomhlíonann na coinníollacha rochtana ar an tsaoráid taisce. Tá oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais ar fáil do raon leathan contrapháirtithe, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 55 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60). Dá bhrí sin, chun comhsheasmhacht agus sláine chreat contrapháirtí an Eurochórais a áirithiú, níor cheart ach do chontrapháirtithe incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha rochtana ar an tsaoráid taisce tairbhe a bhaint as luach saothair cúlchistí barrachais ag an ráta saoráide taisce.

(4)

Ar an gcaoi chéanna, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir luach saothair cúlchistí barrachais ar le contrapháirtithe incháilithe iad a chomhlíonann na coinníollacha rochtana ar an tsaoráid taisce agus iad siúd ar le contrapháirtithe incháilithe iad a chomhlíonann na coinníollacha sin ach atá faoi réir bearta lánroghnacha i gcomhréir le hAirteagal 158 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60), nach bhféadfaidh cistí a aistriú gan srian chuig an tsaoráid taisce. I gcás ina ndearnadh rochtain contrapháirtí incháilithe ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais, lena n-áirítear an tsaoráid taisce, a theorannú, a chur ar fionraí nó a eisiamh, ní fhéadfaidh luach saothair sealúchas saoráide taisce tarlú ach amháin suas go dtí an teorainn a leagtar amach sna bearta lánroghnacha, nó ní fhéadfar é a dhéanamh ar chor ar bith i gcás fionraí nó eisiaimh. Chun an creat lánroghnach sin a choinneáil ar bun, níor cheart luach saothair deimhneach ar shealúchais saoráidí taisce agus cúlchistí barrachais a choimeádtar i gcuntais chúlchiste a bheith incheadaithe ach suas go dtí an teorainn sin, nó níor cheart é a bheith incheadaithe ar chor ar bith i gcásanna fionraíochtaí agus eisiaimh.

(5)

Chun dóthain ama a thabhairt chun an beart a oibríochtú agus chun go mbeidh contrapháirtithe incháilithe in ann a bpróisis a choigeartú chun a gcúlchistí arna sealbhú ag BCNanna an Eurochórais a bhainistiú, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó thús na tréimhse cothabhála dar tús an 17 Meitheamh 2026.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Íocfar sealúchais cúlchistí institiúidí atá faoi réir Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2021/1) (*1) atá á sealbhú ar chuntais chúlchiste na n-institiúidí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), den Rialachán sin, a sháraíonn na cúlchistí is gá de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 ón gComhairle (*2) agus Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1) (dá ngairtear “cúlchistí iomarcacha” anseo feasta) mar a leanas:

(a)

le haghaidh institiúidí ar contrapháirtithe incháilithe iad in oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais i gcomhréir le hAirteagal 55 de Threoirlíne an Bhainc Ceannais Eorpaigh (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) (*3):

(i)

ag an ráta saoráide taisce, má chomhlíonann siad na coinníollacha rochtana ar an tsaoráid taisce a leagtar síos in Airteagal 22 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60); agus

(ii)

ag nialas faoin gcéad nó ar an ráta saoráide taisce, cibé acu is ísle, mura gcomhlíonann siad na coinníollacha rochtana ar an tsaoráid taisce a leagtar síos in Airteagal 22 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60);

(b)

i gcás institiúidí ar contrapháirtithe incháilithe iad in oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais i gcomhréir le hAirteagal 55 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) a bhfuil a rochtain ar shaoráid taisce an Eurochórais teoranta, curtha ar fionraí nó eisiata mar gheall ar bhearta lánroghnacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 158 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60):

(i)

de réir an ráta saoráide taisce, don mhéid comhcheangailte a shealbhaítear sa tsaoráid taisce agus mar chúlchistí barrachais nach mó ná an teorainn mar a leagtar amach sna bearta lánroghnach; agus

(ii)

nialas faoin gcéad nó an ráta saoráide taisce, cibé acu is ísle, i leith an mhéid a sháraíonn an teorainn, agus i gcás fionraí nó eisiaimh;

(c)

i gcás institiúidí nach contrapháirtithe incháilithe iad in oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais i gcomhréir le hAirteagal 55 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60), ag nialas faoin gcéad nó ar an ráta saoráide taisce, cibé acu is ísle.

Cistí atá eisiata ó chúlchistí íosta de bhun Airteagal 3(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1), íocfaidh an BCN ábhartha iad i gcomhréir lena dtéarmaí. Más rud é go ndearnadh cistí ba cheart a eisiamh de bhun Airteagal 3(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1) a áireamh go neamhaireach i sealúchais cúlchistí íosta agus go ndéantar iad a eisiamh ina dhiaidh sin ó na cúlchistí íosta sin de bhun na forála sin, ní mheasfar gur cúlchistí barrachais iad don tréimhse inar áiríodh iad agus íocfaidh an BCN ábhartha iad i gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Rialachán sin. Íocfaidh an BCN ábhartha cistí nach sealbhaítear ar chuntais chúlchiste na n-institiúidí ná ar an tsaoráid taisce i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le taiscí beartais neamhairgeadaíochta mar a leagtar amach in Airteagal 2(1), pointe (c), nó Airteagal 2(3), pointe (b), de Chinneadh (AE) 2024/1209 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/11) (*4), de réir mar is infheidhme.

(*1)  Rialachán (AE). 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le cúlchistí íosta (BCE/2021/1) (IO L 73, 3.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/378/oj)."

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cúlchistí íosta a chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1998/2531/oj)."

(*3)  Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2015/510/oj)."

(*4)  (***) Cinneadh (AE) 2024/1209 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2024 maidir le luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta arna sealbhú le bainc cheannais náisiúnta agus leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/11) (IO L 2024/1290, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1209/oj).’;"

(b)

i míreanna 2 agus 4, cuirtear tagairtí do ‘Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1)’ in ionad tagairtí do ‘Airteagail 1 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1745/2003 (BCE/2003/9)’;

(c)

i mír 4, cuirtear tagairtí do ‘Airteagal 10 nó 11 de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1)’ in ionad tagairtí do ‘Airteagal 10 nó 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1745/2003 (BCE/2003/9)’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   I gcás briseadh fada TARGET thar roinnt laethanta gnó, dá dtagraítear in Airteagal 187a de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60), beidh feidhm ag míreanna 1 go 4.’

;

(2)

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfoclaíochta tosaigh:

‘1.   Cuirfidh BCE na rátaí luacha saothair a leagtar amach in Airteagal 2(4) de Chinneadh (AE) 2024/1209 (BCE/2024/11) i bhfeidhm maidir le taiscí áirithe atá i seilbh BCE mar a leanas:’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 17 Meitheamh 2026.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 26 Márta 2026.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  Cinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le sealúchais cúlchistí farasbairr agus taiscí áirithe a íoc (BCE/2019/31) (IO L 267, 21.10.2019, lch. 12 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/1743/oj).

(2)  Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2015/510/oj).

(3)  Rialachán (AE). 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le cúlchistí íosta (BCE/2021/1) (IO L 73, 3.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/378/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/886 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 260/2012 agus (AE) 2021/1230 agus Treoracha 98/26/CE agus (AE) 2015/2366 a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa meandracha in euro (IO L, 2024/886, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/886/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/812/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top